20.12.09
Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn
Is leabhar taistil don aos óg é seo. Ar a shlí chun na Polainne atá Tarlach an uair seo in éineacht lena chara ón bPolainn. Bhí San Nioclás an-chineálta i mbliana nuair a thug sé dhá thicéad fillte chucu. Tá sé i gceist ag an mbeirt an Nollaig a chaitheamh sa Pholainn, agus a ghabháil ag sciáil agus ag spaisteoireacht. Tá Tarlach ag tnúth le bia na Polainne a bhlaiseadh, agus le dul i ngleic leis an bPolainnis freisin, ar ndóigh.
Bileog oibre & tuilleadh eolais ar fáil: www.agtaistealletarlach.com
10.12.09
An Gael - Tá Eagrán an Gheimhridh Ann!
Eagarfhocal
Turas go Gleann Cholm Cille le Gearóid Ó hAnnaidh
An Kevin Myers Sin le Séamas Ó Neachtain
Dánta le Bernard De Brún
Trasna na dTonnta – Dul Siar, Dul Siar le Liam Ó Cuinneagáin
Lámhscríbhínní Gaeilge i Meiriceá leis an Dr. Séamus Ó Diollúin
Dánta le James Lawless
I gCuimhne an tSiopadóra le hÁine Durkin
Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
Dánta le Séamas Ó Neachtain
Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor
Ar Ais Ar Scoil! le Seán Ó Riain
Ón AnallódTá gach rud ar magcloud.com ar lascaine faoi láthair. Bíonn na sean-eagráin ar fáil i gcónaí, freisin. Is féidir iad a fheiscint is a scrúdú (ach go bhfuil siad beag) ar an suíomh.
Scríobh chugainn ag angael@optonline.net mura bhfuil sé ar fáil mar a bhfuil tú.
Tá sé in am ábhar nua a bhailiú don chéad cheann eile, má tá an fonn ort scríobh! Seo treoracha dár scríbhneoirí.