25.3.10

Amharclann na Mainistreach: Ceardlann do scríbhneoirí drámaíochta

Tádeis á tabhairt do scríbhneoirí atá idir aois 18 agus 35
a bheith páirteach i gceardlann chun a gcuid scileanna
scríbhneoireachta drámaíochta a fhorbairt.
Is é atá á lorg go háirithe ábhar drámadóirí a bhfuil taithí scríbhneoireachta
acu sa Ghaeilge don stáitse nó do na scannáin nó taithí dá
leithéid i bhfoirmeacha liteartha eile.
Is é Paul Mercier, drámadóir agus stiúrthóir aitheanta agus
bunaitheoir an Passion Machine Theatre Company a bheidh
i mbun an cheardlann a threorú.
Níl aon táille le híoc as a bheith rannpháirteach ann,
ach is ar bhonn iarratais amháin a ghlacfar le daoine.
D’fhonn iarratas a dhéanamh ar áit sa cheardlann, seol an
fhaisnéis seo a leanas le do thoil chuig biagscriobh@abbeytheatre.ie
faoin Luan, 12 Aibreán 2010.
Sampla de do chuid scríbhneoireachta drámaíochta Gaeilge(radharc nach faide ná 10 leathanach)
Ráiteas pearsanta ina léiríonn tú cén fáth ar mian leat a bheith ag scríobh don amharclann i nGaeilge.
Tuairisc achomair ar an taithí scríbhneoireachta atá agat.

23.3.10

Tabhair tacaíocht do Raidió Fáilte 107.1 FM

Gabh chuig www.cityofquarters.com … Brú ar Conference Poll …Brú ar Raidió Fáilte


Caith vóta anois! Scaip an scéal!

16.3.10

Féile Pan-Cheilteach Chorca Dhuibhne 2010
6-11 Aibreán 2010
Seiminéar na Féile

Ról na Teicneolaíochta i gcur chun cinn agus i múineadh na Gaeilge

Cainteoirí:
Matt Mac Cárthaigh
Stiúrthóir Fios Feasa http://www.fiosfeasa.com/

Carmel Nic Eoin agus Caoimhe Ní Chuinn
Comhordnóir Náisiúnta agus Oifigeach Forbartha Réigiúnach, An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta http://www.gaeilge.slss.ie/

An Dr. Ciarán Dawson
Comheagraí Ríomhaireachta, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. http://www.ucc.ie/ucc/igl/
Dáta: Aoine 9ú Aibreán 2010 Áit: Díseart, Sr. an Doirín, An Daingean, Co. Chiarraí Am: 2 - 4pm

Cuirfear seirbhís aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ar fáil
+++++++++++++++++++++++++++++++++++++++

Féile Pan-Cheilteach Chorca Dhuibhne 2010
6-11 Aibreán 2010
Léacht na Féile / Festival Lecture
Forbairt Réigiún Mionteanga – Taithí na Gaeltachta
Development of Minority Language Regions – The Gaeltacht experience
Aoi-Chainteoir/Guest Speaker
Pádraig Ó hAoláin
Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
CEO of Údarás na Gaeltachta
Dáta/Date: Aoine 9ú Aibreán 2010/Friday 9th April 2010 Áit/Venue:
Díseart, Sr. an Doirín, An Daingean, Co. Chiarraí Am/Time: 11.30am
Cuirfear seirbhís aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ar fáil
Translation facilities from Irish to English will be available.
Arna eagrú ag Údarás na Gaeltachta mar chuid d’Féile Pan-Cheilteach Chorca Dhuibhne 2010
Tuilleadh eolais: Fionnán Ó hÓgáin 066-9150100 nó foh@udaras.ie
www.panceltic.ie

13.3.10

Léachtaí Cholm Cille XLI – ‘Filí INNTI go hIontach’

26-27 Márta 2010, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Cuirfear tús le Léachtaí Cholm Cille na bliana seo, an 31ú eagrán den ócáid iomráiteach léinn, ar an 26 Márta in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Éacht fhilí agus fhilíocht Innti a bheas mar théama ann. Tá an imeacht seo urraithe ag Foras na Gaeilge.
Gluaiseacht radacach litríochta ab ea Innti, “dream a bhí préamhaithe i gColáiste Ollscoile Chorcaí, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i flower power na seascaidí,” dar le Seán Ó Coileáin. Rinne glúin Innti, a n-áirítear scríbhneoirí ar nós Michael Davitt; Nuala Uí Dhomhnaill; Liam Uí Mhuirthile; Gabriel Rosenstock agus Louis de Paor ina measc, filíocht úr uirbeach a fháisceadh as traidisiún Gaelach agus ó chultúr réabhlóideach na linne.
Aithnítear Léachtaí Cholm Cille, atá ar an fhód anois le breis is tríocha bliain, mar mhórimeacht i bhféilire acadúil na Gaeilge, agus an tsraith léachtaí poiblí agus cnuasaigh foilsithe na n-aistí ag barr faobhair an léinn agus na scoláireachta i gcónaí.
I measc na gcainteoirí ag Léachtaí Cholm Cille XLI beidh an scríbhneoir Theo Dorgan, Tadhg Ó Dúshláine (OÉ Má Nuad), Pádraig de Paor (Trínóide), Caoimhín Mac Giolla Léith (COBÁC), Róisín Ní Ghairbhí (Coláiste Phádraig), Pádraigín Riggs (COC), agus Caitríona Ní Chléirchín (COBÁC).
Osclóidh an Msgr. Pádraig Ó Fiannachta sraith na bliana seo ag a 7.15 i.n. i Halla Renehan, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, ar an 26 Márta agus seolfar téacs léachtaí na bliana seo caite, Léachtaí Cholm Cille XL: Foinn agus Focail an oíche chéanna.
Clár na Léachtaí agus Eolas Breise ar fáil ag:
http://nuaghaeilge.nuim.ie/nuaiocht.shtml

An File agus Araile

Tá dara leabhar filíochta dhátheangach i gcló agam. Ar fáil anseo go fóill.




8.3.10

Scéim na nOidí Foras na Gaeilge

Is í aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne a fháil ó scríbhneoirí aitheanta (oidí). Reáchtálfar scéim printíseachta idir oide agus scríbhneoir, fearacht printíseacht cheirde, ar mhaithe le struchtúr foirmeálta tacaíochta a bhunú do scríbhneoir i dtús a ré scríbhneoireachta le go bhfaighidh sé/sí treoir maidir le saothar cruthaitheach atá idir lámha. Iarrfar ar an oide comhairle a chur ar an scríbhneoir ar bhonn rialta agus struchtúrtha féachaint le heispéireas liteartha an scríbhneora a fhorbairt.
Spriocdháta d’iarratais: 17:00, Dé Luain, 19 Aibreán 2010
Tuilleadh eolais:
www.leabhar.ie

Aonach na Leabhar

Comhghairdeachas le Caitríona Ní Chléirchin agus Proinsias Mac a’ Bhaird ón gCumann s’againne, a ghlac páirt in Aonach na Leabhar i Halla na Cathrach ag an deireadh seachtaine.

D’éirigh go hiontach leo agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hAlan Hayes, stiúrthóir an aonaigh, agus leis an lucht féachana, gan amhras!

5.3.10

Macalla le Muiris Ó Meara

Macalla



Léann an múinteoir an nuachtán os ard sa rang gach lá. Míníonn sí é ansin’.


B’in a dúrt sí lena hathair nuair a d’fhiafraigh sé di cad a bhí foghlamtha aici ar scoil an mhaidin sin.


‘Mhuire mháthair!’


Baineann sclamh seanabhlastúil na cainte sin siar aisti.


‘Go maithí Dia dhom é' arsa a hathair "ach níl aon teora leis an éirí in airde atá uirthi féin ó fuair sí smut éigin scolaíochta. Ag míniú nuachtáin anois, mar dhea..."


Bhí an iníon dall ar éirim na cainte seo. Tuigeadh di blianta fada ina dhiaidh sin, áfach, nuair a bhí a cuimhne mhallaithe féin tar éis stór éigin a chruinniú, thuig sí ar chuma éigin go raibh beach chealgánta na cuimhne tar éis é a phriocadh go feirc.


'...agus déanfaidh an conamar léinn sin atá uirthi dóthain díobhála sa liomatáiste seo má cheadaítear di féin a bheith ag pápaireacht chugaibh’ ar sé agus a chaint in aon teannrith feirge uaidh anois.


‘Screatall na ngrást. Ní raibh san ná an diabhal leathscreataill féin ar a muintir riamh chomh fada lem’ thuairim. Ní mór sin, is dócha, seachas an diabhal éirí in airde agus an geanc móraíoch a théaltaíonn uirthi láithreach nuair a chíonn sí fir oibre na dúthaí an bóthar siar chuici. Abair óinseach cruthanta! Í ina lipín báite ansan le teann saothair ag sodar i ndiaidh bhoic mhóra an bhaile ... Agus cad d’imigh ar an diabhal bathalach ainspianta aimlithe san inar tógadh í féin. Cad a dhein sí leis?’


Ní raibh sí cinnte. Ní raibh an iníon cinnte an freagra a bhí uaidh nó.... Cén tigh? Ar cheart di bheith ag éisteacht leis? Fear ciúin séimh beagsách ab ea a hathair. De ghnáth. B’fhearr léi imeacht uaidh anois. Ach ... ach d’fhan sí. Cailín maith ab ea í.


‘Mullach a’ tí a tharrac anuas chun talún' arsa an t-athair go grod. 'An fothrach scriosta aici sarar leag sí méar coise sa dúthaigh seo thar n-ais tar éis di a cuid scolaíochta a chur di. Agus caidé nóisin bailithe isteach sa cheann mothaolach sin. B’fhearra léi sin nach mbeadh aon chuimhne againn gur tógadh í sa chró foirgthe san. Ach tá cuimhne agamsa agus ag daoine eile leis ar an líon tí ar maos ansan sa bhrocamas. Ní scriosfaidh do mhúinteoirín an scláta sin ormsa chomh saoráideach a chroí. Ná baol air.’


Ní rabhadar ar an iúl céanna. Thuig an t-athair sin. Nuair a scaoil sé scód lena theanga thuig sé nach gcuirfeadh an scéal seo aon mhairg uirthi. Corrabhuais... bheadh san uirthi cinnte. Ach níorbh aon bhaol di sin dar leis. Dhéanfadh sí dearúd ar an nimheadas seo nuair a thiocfadh an déanaí agus amárach...


‘...anois, ná cuirse aon nath inti sin a chroí agus ná bíodh do cheann badráltha lena cuid móraíochta nuair a thosaíonn sí ar an gcleatrálaíocht léitheoireachta sin sa rang ar maidin. Ní bhaineann nuachtáin le haosóga agus bí ag féachaint ar na ba an fhuinneog amach duit féinig nuair a thosaíonn sí ar a cuid seanmóintíochta.’


Tost ansin. Níl focal aisti ach braitheann sí nach bhfuil deireadh fós lena rabhait cainte.


‘Ach’ ar sé, agus déanann sé gáire diúid ansin chun a náire a cheilt, ‘ach ná habairse let’ mháthair go ndúrt sin leat.’


Go malltriallach sollúnta, mar a deintí os comhair an tsagairt, chlaon sí a cheann chuige d’fhonn is go dtuigfeadh sé gur cailín maith ab ea í. Ní bheadh gíocs aisti. Ardaíonn sí a ceann go béasach chuige ansin agus féachann cruinndíreach isteach ina shúile. Ba mhaith an mhaise uirthi nár thóg sí sceit is nár scréach. Níor faghairt dhamanta go dtí na súile sin. Siúd is nach n-aithneofá aon rian feirge ar a ghothaí anois, sceith na súile fírinne. B’in an chéad bhrath a bhí aici ar anam an duine á nochtadh féin sna súile.


Amhail macalla.


**************************************************************************


Ar a dtriall dóibh chun na scoile an mhaidin dar gcionn dúirt sí lena páirtí Sorcha go raibh sé beartaithe aici neamhaird a thabhairt ar chaint an mhúinteora ar scoil an lá sin,


“...puinn suime agamsa a thuilleadh sna scéalta nuachta sin a chailín” ar sí agus iarrachtín den phoimpéis ina glór.


“Deánta na fírinne, n’fheadarsa an raibh aon suim agam iontu riamh.” Níl míocs as Sorcha.


“Anois a chailín” ar sí arís, “tá deireadh na hóige ag déanamh suas orainn agus is gearr go mbeam araon ag teacht chun coinnlíochta”.


Ní thuigeann sí an focal sin ‘coinnlíocht’ ach ní ligeann sí faic uirthi. Ón múinteoir a sciob sí an nath agus tugann sé gravitas cuí dá cuid cainte dar léi.


“Agus neosfaidh mé rud amháin eile duit anois a chailín” ar sí “ach b’fhearra liomsa a bheith ag féachaint an fhuinneog amach ar na ba ag iníor sa ghort seachas a bheith ag cur suas lena cuid gaotaireachta istigh sa rang gach lá”.


Alpann sí siar an sméar mullaigh sin ach níl aon bheann ag Sorcha ar a cuid cainte. D’aithin sí sin láithreach nuair a bhí deireadh ráite aici. Braitheann sí anois ón ndeithneas fuadrach atá faoina páirtí chun na scoile gurb é is dóichí ná go bhfuil Sorcha i ngrá arís. Titeann sí i ngrá anois gach re seachtain geall leis! Ar mhala sléibhe a tógadh í. Ar fheirm bheagmhaitheasach. Ach níl aon tuiscint ag Sorcha ar bheagmhaitheas na feirme sin go fóill. Tá sí óg agus scláta na cuimhne fós ina bhán. I dteannta a chéilibh a théann an bheirt seo chun na scoile gach lá. Agus má bhíonn an tráthnóna breá chuige is deas leo dul ag jaingléireacht soir siar ó bhaile go baile dóibh féin ag caint is ag comhrá.


Ní rabhadar go maith ar scoil. B’in a dúradh leo an chéad lá nach mór...bheul nuair a thuig an múinteoir cérbh iad féin i gceart. Gúnaí, buachaillí, ceol, damhsa, pósadh, páistí agus... bheul pógadh... b’fhéidir. Sin uile a bhíonn ag dó na geirbe acu. Nó pé brus luaidreáin a bhíonn sciobtha ag Sorcha léi an tigh amach am dinnéir. Is maith an sás í Sorcha chuige sin. ‘Cluasa na clathacha’ a ghlaotaí uirthi age baile. Ní fhéadfá diabhal faic a rá ina gaobhar. Mura mbeadh ag an gcluasaí seo ach an chuid is caoile den scéal níor leasc le Sorcha seanachríonna bailchríoch ‘oiriúnach’ a chur ar an mbrobh sin agus gaoth an fhocail a dhathú de réir mar a mheas sí féin a bheadh cuí. Bhí féith na samhlaíochta go smior inti. Níor aithníodh sin riamh ar scoil... Bheul, níor admhaíodh é ar chuma éigin. Is dócha go raibh an réamhchinniúint Phrotastúnach suas sna bunscoileanna Caitliceacha um an dtaca sin mar a raibh do chinniúint ag brath ar speilp agus ollmhaithistí do thuistí.



“In ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spiorad Naomh, Amen. Suígí síos anois le bhur dtoil agus fanaíg socair” ars’ an múinteoir le rang a sé tar éis dóibh paidir na maidine a rá. “Ciúnas!”


Shuíodar ansan leis an ngleo agus leis an gciotrúntacht chosarálaíoch is dual do pháistí scoile agus ar an bhfeadh sin ligtear osna anseo, sraoth ansiúd ‘gus broim loránach nó dhó sa chúinne. Ag deireadh an ghearrthamaill seo agus gach duine dulta chun socrachta, gan siolla anála fiú le clos sa tseomra anois, ligeann an múinteoir “Ciúnas!” mór fadeireaballach eile aisti faoi mar a bheadh sí ag baisteadh suaimhneas maidiniúil an tseomra le puth a hanála.


“Tá fógra tábhachtach agam sa litir seo ón Moinsíneoir ars’ an múinteoir.


Tugann Sorcha cogar dá páirtí rothaíochta “...cad is brí le sin a Mháirín...leis an bhfocal Moinsíneoir?” ar sí faoina hanáil.


Ní fhreagraítear í. Braitheann Máirín sonc ceisteach isteach i dtaobh a chliabhraigh ansin ach labhrann an múinteoir arís sara mbíonn deis aici an sonc a fhreagairt.


“Anois más ea...”. Leagann an múinteoir clúdach na litreach go cáiréiseach ar an mbord sula gcasann sí ar a sáil, í ag déanamh ar thóin an tseomra anois mar a raibh na broimeanna réamhráite á n-ionlú féin san aer. Le teann anbhuaine, b’fhéidir, nó le barr diabhlaíochta, is dócha, tosaíonn Sorcha ag sciotaíl gáire agus tugann athshonc dá páirtí i nganfhiosaíocht dar léi.


“Ba dhóigh le duine, a Shorcha” ars’ an múinteoir sa tsiúil di, gan a ceann a iompú oiread na fríde ina treo, “ba dhóigh le duine go bhfuil sé thar am agatsa ciall a bheith agat agus tú tagtha chun coinnlíochta anois. Agus mura gcuireann tú uait an neamh-aistear sin láithreach gheobhair boiseog agus dhá bhoiseog fén gcluais uaim. An dtuigeann tú san, a chailín?”

Ní raibh aon oidhre ar ghrua Shorcha anois ach réiléan mór tine leis an gcochall náire a bhí uimpi.

“Is mór an onóir don scoil seo...” ars’ an múinteoir agus an litir tháscmhar crochta san aer aici ina láimh dheas, “...ní hea ach is rí-mhór an onóir é don scoil seo go bhfuil cuireadh faighte againn ón Moinsíneoir amhránaí amháin a sheoladh thar cheann na scoile go dtí an mórthaispeántas a bheidh ar siúl oíche Shathairn”.


Tosaíonn stumpa ‘madáin amháin atá suite ag barra an tseomra ag bualadh bos go fonnmhar agus ba dhóbair nár phléasc Sorcha bocht sna tríthi dubha ag gáire faoin ngligín sin. Féachann Sorcha trasna go scigshúileach ar a páirtí rothaíochta ach síothlaíonn an fonn fonóide uaithi mar a bhainfeá smeach as do mhéar. Sceoin bhuile a chonaic sí i gcuilithe shúil Mháirín.


“ ‘S í Máirín Ní Fhlatharta atá roghnaithe agam” ars’ an múinteoir ar deireadh“...toisc go bhfuil glór binn aici. Ach tuigeann gach uile duine dá bhfuil i láthair anseo inniu gur tabhartas is ea an glór seo a fuair Máirín ó Dhia gan saothrú. Nach dtuigeann?...”


Ní fhreagraítear a mhacasmhail de cheist ar scoil. Riamh. Tosaíonn an múinteoir ag treabhadh iomaire i ngort na cuimhne ansin.


“...anois dá mbeadh Máirín chomh cúramach céanna i mbun na leabhar, bheul ansan bheadh moladh nó creidiúint éigin ag dul di. Nach mbeadh? ... Ach tuigimid uile, faraor, nach dual dá leithéid bheith saothrach puinn agus tuigimidne leis gur droch-chríoch a bhíonn i ndán dá leithéid coitianta. Nach dtuigeann?”


Ní éisteann Sorcha le priocaireacht an chircín mná seo a thuilleadh agus an turas seo tosaíonn sí féin ar an mbualadh bos i dtreo is go mbíonn an rang go léir ar an iúl gliondrach céanna sara fada. Féachann Sorcha arís sna súile ar Mháirín agus chíonn sí goirme a súl ina léinseach dhrithleogach is an imir bheag mórtais ag cogarnaíl chuici ....


amhail sanas bithbhuan.


“Canfadh sí an Droimeann Donn Dílis oíche Shathairn” arsa Sorcha na seanchríonnachta.


Sciúráil den tslat a luach saothair. Abair freagra!


**********************************************************************************




4.3.10

Comórtas Uí Néill 2010

Anois teacht an Earraigh, beidh an lá dul chun síneadh, agus ní hamháin sin beidh ár gcáirde na filí Albanacha ag teacht chun cuairte againn arís go luath. Le dhá bhliain anuas reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comórtas filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann agus ní haon eiscíocht í 2010.
Tá Comórtas Uí Néill oscailte go hoifigiúil le haghaidh iarratas anois. Is comórtas dátheangach é seo áit ar féidir le hiarratasóirí dán scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.
Níl aon chostas ag baint le Comórtas Uí Néill ná níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama. Is é an spriocdháta a bhaineann leis an gcomórtas ná Déardaoin 8 Aibreán ag 5.00 i.n
Nuair a bheidh an spriocdháta istigh, roghnófar an t-ocht dán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an 23 Aibreán 2010.
Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar é san iris Comhar agus sa nuachtlitir Eolas
Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 08 Aibreán 2010 ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin ag sile@comhdháil.ie ar dtús.
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An Chuairt le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas seo, nó faoi imeachtaí An Chuairt, is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin ag 01 679 4780 nó sile@comhdhail.ie,

1.3.10

Aonach na Leabhar (BÁC) 6,7,8 Márta

IMEACHTAÍ NA GAEILGE & IMEACHTAÍ NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA
Dé Sathairn 6 Márta
12.30: LÉAMH LE DEIRDRE BRENNAN, PROINSIAS MAC A’ BHAIRD,
PÁDRAIG Ó GALLACHÓIR
2.00: ÚRSCÉALAÍOCHT NA GAEILGE: CEILIÚRADH 100 BLIAIN le Máirín Nic Eoin, Brian Ó Conchubhair, Sorcha de Brún
Dé Domhnaigh 7 Márta
12.30: TODHCHAÍ SCRÍBHNEOIREACHT NA GAEILGE: DEISEANNA AGUS DÚSHLÁINle Ríona Nic Congáil, Celia de Fréine, Caitríona Ní Chleirchin
5.00: SEOLADH “SCRÍBHNEOIRÍ FAOI CHAIBIDIL” (COIS LIFE) IN EAGAR AG
ALAN TITLEY
Féach www.dublinbookfestival.com
Beidh na himeachtaí ar fad lonnaithe i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, BÁC 2.
Fáilte roimh chách.