28.2.11

Guthanna Úra ag Aonach na Leabhar, Baile Átha Cliath


Beidh Aonach na Leabhar, Baile Átha Cliath, ag tosú an tseachtain seo. I measc na n-imeachtaí, beidh seisiún ann do scríbhneoirí úra na Gaeilge agus an Bhéarla agus gheofar an deis Caitríona Ní Chléirchín, Proinsias Mac a’ Bhaird, Claire Kilroy, agus Kevin Power a chloisteáil ag léamh as a saothair.

Fáilte roimh chách…

Am: 1:10 i.n.
Lá: Dé Domhnaigh, 6 Márta
Áit: Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath

25.2.11

Eagla

Ar Eagla na hEagla


Cad atá i ndán “d’Éirinn bhán” anois? Cé bheidh “i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gCAM” d’éis an olltoghcháin seo? Cuireann na ceisteanna seo eagla orainn uile i láthair na huaire, dealraíonn.



Tá feiniméan nua tagtha chun solais in iarthar na hEorpa le 25 bliain anuas dar leis an bhfealsamh Luc Ferry. ‘Prolaiféarú na nEaglaí’ a thugann Ferry ar an bhfeiniméan sin. Taibhsítear do Ferry go bhfuil eagla orainn roimh gach rud, nach mór, ar na saolta seo. Creideann sé go gcuireann cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí éiceolaíochta, gnéas, tobac, éin (fliú éanúil), otracht, clónáil, féinmharú, Wikileaks- cuireann na nithe seo uile eagla orainn, dar leis. Ní hamháin sin ach braitheann sé go bhfuil prolaiféarú ainrianta ag teacht ar líon na ‘nEaglaí’ seo bliain i ndiaidh bliana.



Anseo in Éirinn iarGhlas, braithim féin go bhfuil eagla ar Ghaelaibh roimh na hinimircigh, na heisimircigh, an sneachta, bánú na tuaithe, meath na Gaeilge, fás na Síne fada, na hÓglaigh, na hAostaigh, an CAI, An CIA, an ICA, an FCA agus breallóg sin na brille bhreaille, eadhon, Caoimhín Meidhreach. An mbaineann mo thuairimse le hábhar? N’fheadair... ach tá eagla orm go bhfuil breall orm.



An bhfuil an ceart ag Ferry? An feiniméan nua í an eagla? Shamhlófá go raibh aois Mhurchaidh is Mheanchair ag an eagla anois! Conas is féidir le Ferry a rá linn gur feiniméan comhaimseartha is ea í, más ea? Ní cheapann Ferry gur feinméan nua is ea an eagla per se. Tá athrú suaithinseach tagtha ar an bhfeidhm atá ag an eagla i ndioscúrsa poiblí an tsaoil chomhaimseartha, áfach. Tá an tuiscint atá suas ar an eagla anois bun os cionn leis an mbuntuiscint a bhí ceannasach in iarthar na hEorpa 25 bliain ó shin, dar leis. Cén tuiscint a bhí againn ar an eagla roimhe seo, más ea?



Tabharfaidh mé ‘eagla neamhréasúnach’ ar an tuiscint seo. Mothúchán diúltach ab ea an eagla seo aisti féin. Nuair a bhíodh eagla ort agus tú óg, mar shampla, bhíodh náire ort an eagla sin a adhmháil os comhair an tsaoil. Cúis náire ab ea í. Ar deireadh, áfach, thuismigh an ‘eagla neamhréasúnach’ sin neamhspléachas ionat. Conas? Thug sé ort smaoineamh asat féin go misniúil stuama agus gníomhú d’fhonn is go bhféadfá an eagla a shárú go héiritheach. Dúshlán is ea an eagla sa chiall seo. Mothúchán diúltach a éilíonn gníomh dearfach chun braighdeanas neamhréasúnta na heagla a scaoileadh.



A mhalairt de thuiscint atá suas inniu, ar shlí. Tabharfaidh mé ‘eagla réasúnach’ ar an tuiscint seo. Ní mothúchán diúltach í an eagla seo. Ní cúis náire í an eagla seo. Nuair a bhíonn fadhb ar bith againn sa saol poiblí san am i láthair, is é an chéad rud a dheineann na ‘saineolaithe’ ná eagla a léiriú i dtaca leis an bhfadhb. Samhlaítear eagla le gaois sa phróiseas seo agus creidtear coitianta gur chéim dhearfach fhorásach is ea í seo. Léiríonn an ‘eagla réasúnach’ seo sofaisticiúlacht smaointeoirechta na haoise seo, mar dhea.


Tá fadhb leis an tuiscint áirithe seo, dar liom. Má ghlactar leis gur rud maith ann féin is ea an ‘eagla réasunach’ seo, tuismíonn an tuiscint áirithe sin éighníomhaíocht pholaitiúil go mion minic. Conas? Ní dúshlán í an ‘eagla réasúnach’ seo a thuilleadh, dúshlán ar gá dúinn dul i ngleic leis agus a shárú, más féidir. Is geall le hortadocsacht chomhaimseartha anois í an tuiscint gur suáilce ghaoismhear is ea an ‘eagla réasúnach’ seo. ‘Tá eagla orainn faoi X, Y & Z”. Reitric bheagmhaitheasach, dar liom. Focail mhóra agus droch-chur leis. Focail mhóra agus mogaill fholmha. Téann

na focail le gaoth. Ní théann buile ar bith le cnámh. Plus ça change... bleá dí bleá dí bleá.



Áitíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil ‘eipidéim’ ag spré ar fud na hÉireann faoi láthair. Tá 300,000 páiste atá róthrom nó murtallach sa tír. Beidh 310,000 anseo an bhliain seo chugainn. Bhain na figiúirí seo siar asam. Cuireann an fhadhb seo ‘eagla’ ar dhochtúirí na hÉireann. Eagla?! Chuir eagla sin na ndochtúirí ionadh orm. Cad a chiallaíonn sé go díreach? An bhfuil dochtúirí na tíre sceimhlithe ina mbeatha go dtabharfaidh Augustus Ó Gloop agus na siotalaigh eile burdáil dóibh nuair a deirtear leo nach bhfuil cácaí Jaffacha sláintiúil don bhricfeast? B’fhéidir... ach ní dócha é. Is é oighear an scéil, ar ndóigh, go gcreidtear gur ‘gníomh’ dearfach ann féin is eagla sin na ndochtúirí. Tá eagla ar na dochtúirí ergo beidh gach rud go breá!



Cén toradh a bhí ar an ‘eagla réasúnach’ seo in Éirinn le blianta beaga anuas? Collphocú an tsaoil phoiblí. Amhail an collphoc bocht, bhí gannachúis báls in Éirinn. Tá mo leordhóthain de reitric na heagla agamsa. Gníomhaíocht mhisniúil atá de dhíth. Anois ar eagla na heagla agus in ainm Dé-Zeus... ná habairse leis na polaiteoirí go bhfuil eagla ort a thuilleadh!



Muiris Ó Meara

23.2.11

Foilsiúcháin dhigiteacha


Tá gach eagrán (nua-aimseartha) de An Gael ar fáil mar leagan digiteach anois. Agus gach leabhar de chuid Tí Trá Lí Media ar fáil, freisin.


20.2.11

Scéim Scríbhneoireachta ‘Cluas Cleite’

Reáchtálfar dhá chúrsa ar an Scríbhneoireacht Chruthaitheach – ceann do dhaoine fásta agus ceann eile do dhaltaí dara leibhéal – i nGaeltacht Mhúscraí an tEarrach seo.
Is faoi stiúir an scríbhneora dátheangaigh Ré Ó Laighléis a bheidh na cúrsaí.

Cúrsa 6 seisiún i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ do dhaoine fásta.
Gach Dé Luain idir 7.30 & 9.30
ag tosú @ 28ú Feabhra go dtí 4ú Aibreán
san Ionad Lae , Baile Mhúirne.


Is í is aidhm leis an gcúrsa sa dá chás go mbeidh tuiscint soiléir ag na rannpháirtithe ar
nádúr agus eilimintí an dá genre (gearrscéal agus úrscéal) agus ar an gcur chuige is gá len
iad a shaothrú go héifeachtach. Is dianchúrsa a bheidh i gceist, ina mbeidh spriocanna
seachtainiúla le baint amach ag na rannpháirtithe síos tríd.
In imeacht na gcúrsaí, tabharfar aghaidh agus léargas cuimsitheach ar bhun-eilimintí agus

scileanna riachtanacha na scríbhneoireachta cruthaithí, m.sh., struchtúr, plota, carachtracht, inseoireacht, comhrá agus stíl, agus é mar sprioc go mbeidh sé ar a gcumas ag na rannpháirtithe scéal ar ardchaighdeán a chruthú.

Cuirfear tús leis an gcúrsa do dhaoine fásta ar an Luan 28ú Feabhra san Ionad Lae
Nua i mBaile Mhúirne costas €50

Má thá suim ag éinne páirt a glacadh sna ceardlanna seo, ní mór teangmháil a dhéanamh láithreach le Bríd & Síle @ 026.45733

Tá an scéim seo, ‘Cluas Cleite’ faoi stiúir Ionad Cultúrtha agus maoinithe ag Ealaín na
Gaeltachta agus ag Coiste Gairmodeachais Chontae Chorcaí.

Ionad Cultúrtha
Baile Mhúirne
Co Chorcai
026.45733


eolas@ionadculturtha.ie
http://www.ionadculturtha.ie/

15.2.11

Comórtas Filíochta Uí Néill

Tá Comórtas Uí Néill 2011, oscailte anois d'iarratais, go dtí 16 Márta 2011. Is comórtas dátheangach é seo áit ar féidir le hiarratasóirí dán scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gaeilge na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chuir ar fáil chomh maith.
Níl aon chostas ag baint leis an gcomórtas seo ná níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de ach oiread.Beidh príomhdhuais de €500 á thairiscint don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach ar an irisleabhar Comhar, Gaelport.com agus sa nuachtlitir Eolas. Reáchtálfar craobh Chomórtas Uí Néill ar 7 Aibreán 2011, Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.Tá eolas ar rialacha an chomórtais mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ag na naisc thíos:
www.gaelport.com/comortasuineill

8.2.11

Tairseach le seoladh

Seolfar an ceathrú heagrán den iris Tairseach, iris Ghaeilge na mac léinn sa cheathrú bliain Iriseoireachta agus Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Déardaoin 10 Feabhra.
Is é Pádraig Ó Ciardha, leascheannasaí TG4 a dhéanfaidh an seoladh agus beidh sé ar siúl i Scoil na Meán, Sráid Áinséir, Déardaoin 10 Feabhra ar a 4.45in.
Beidh fíorchaoin fáilte roimh chách ag an ócáid.

6.2.11

Dea-scéal Chaitríona Ní Chléirchín

Comhghairdeas ó chroí le Caitríona Ní Chléirchín, a bhfuil leabhar nua léi, Crithloinnir, ar an ngearrliosta do Dhuais Rupert agus Eithne Strong, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Filíochta Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Léifidh Caitríona a cuid filíochta ag an bhFéile ar an Domhnach 27 Márta agus roghnófar an buaiteoir ag an ócáid sin.

Go n-éirí leat, a Chaitríona!