4.9.14

Nuacht faoi An Gael

Ní fógraítear gach eagrán ar an mblag seo, ach tá 22 eagrán i gcló go fóill, agus bíonn siad go léir ar fáil i gcónaí.  Leis sin, bíonn siad go léir ar fáil saor in aisce mar pdf (le fírinne, tá siad inléite ar an idirlíon féin).  Tá na treorach ar an suíomh againn.  Tá nasc ar an suíomh chuig ár leathanach Facebook freisin, agus tá breis is seacht gcéad duine dár leanúint um an dtaca seo.  An bhfuil tú féin ina measc?

Bíonn scríbhneoirí nua againn gach eagrán, agus seanchairde freisin.  Seo liosta díobh.  Agus tá innéacs againn ar an suíomh.  Is féidir gach saghas iniúchadh a dhéanamh leis.

Más mian leat cóip chrua a cheannach, tá gach eagrán ar fáil ó litriocht.com in Éirinn (agus ar fud an domhain), ó magcloud i Meiriceá, Ceanada agus an RA, agus uainne mura bhfuil teacht eile agat air, nó má tá mórán díobh le ceannach, nó síntiús le ceannach.  Tá gach eolas ar an suíomh.

Braitheann An Gael ar thacaíocht ár gcairde amháin.  Ní bhraithimid ar rialtas ar bith.  B'fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuilimid ann fós?