24.5.10

Ceardlann Scríbhneoireachta

Ceardlann Scríbhneoireachta
Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aoine 11 go dtí Domhnach 13 Meitheamh 2010

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann deireadh seachtaine ar siúl
in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, le linn do Thionól na Mumhan
de chuid Dháil na Mumhan den Chonradh a bheith ar siúl.
Is féidir linne buntáiste a bhaint
as léachtanna agus imeachtaí eile an Tionóil sin (saor in aisce).

Seo iad amanna sheisiúin na ceardlainne scríbhneoireachta:
Aoine, 8.00 – 19.30; Sath., 10.00 go dtí 12.00; Domh., 11.00–13.00

Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar
scríbhneoireacht na rannpháirtithe, teorainneofar a líon do dheichniúr
(Tá 5 ionad le líonadh ag an neomat seo!).

Níl aon táille cláraithe an dreas seo! Is gá do rannpháirtithe
L&B a chur in áirithe dóibh féin ag Óstán Ghobnatan, 026-45324
(Euro40 L/B, Euro35 L/-) Luaigh an Tionól.

N.B. Seol cóipeanna den saothar atá le plé:
3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag feasta@eircom
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí,
Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith
leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart
ar na rannpháirtithe tamall maith (1 Meitheamh)
roimh lá na ceardlainne féin.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí
feasta@eircom

12.5.10

Seoladh Scáthán ’10



Sheol Pól Ó Muirí, eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Scáthán ‘10, iris Ghaeilge na mac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, inné. Ócáid mhór, thaitneamhach a bhí sa seoladh céanna, a thug deis do lucht an Choláiste ceiliúradh a dhéanamh ar chumas liteartha na mac léinn. Rinne Pól Ó Muirí cur síos ar a thaithí féin mar iriseoir ó laethanta a óige ar aghaidh agus luaigh sé tábhacht na scríbhneoireachta Gaeilge sa mhílaois úr.
Bronnadh duaiseanna liteartha ar Paula Melvin, ar Sheán Ó Dubhchon agus ar Michelle Ní Bhraonáin i rith na hócáide agus moladh saothar na mac léinn go hard. Chuir ceoltóirí an Choláiste go mór leis an ócáid fosta.

Sa ghrianghraf: Coiste Eagarthóireachta Scáthán ’10: Sarah Gannon, Caoimhín Ó Dochartaigh, Seán Ó Dubhchon, Ríona Nic Congáil, Pól Ó Muirí, Keith Smith, Michelle Ní Bhraonáin, Colm Ó Dónaill agus Niamh Ní Dhónaill.

9.5.10

Léamhanna Próis in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell

13/05/10, 7.30pm

Léamhanna Próis le Alan Titley, Anna Heussaff, Lorcán S. Ó Treasaigh agus Muiris Ó Meara

Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí, úrscéalaí (fear an tí)

Tuilleadh eolais: www.writerscentre.ie/html/gaeilge/imeachtai.html
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, BÁC 1.

7.5.10

Seoladh Scáthán ’10 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach


Ba mhór ag Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, tú a bheith i láthair ar an Máirt, an 11 Bealtaine ar 1 i.n., nuair a sheolfaidh eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Pól Ó Muirí, Scáthán ’10 (iris bhliantúil na mac léinn). Beidh an ócáid seo ar siúl i Seomra Caidrimh an Choláiste (seomra D110).
Fáilte roimh chách.