29.4.11

Oíche cheoil is filíochta i Raghnallach

Beidh fáilte roimh chách go dtí an léamh filíochta seo le scríbhneoirí áitiúla: Celia de Fréine, Caitríona Ní Chléirchín, Aifric Mac Aodha, agus Ríona Nic Congáil
Ceol, Fíon is Comhrá chomh maith!
Ionad: Eatery 120, Raghnallach
Dáta: 11 Bealtaine
Am: 8 i.n.
Táille: €5
Á eagrú ag Cabairí Raghnallach

25.4.11

Ceardlann Scríbhneoireachta & Léirmheastóireachta

Beidh ceardlann scríbhneoireachta & léirmheastóireachta ar siúl ar an Satharn, 7 Bealtaine, i mBaile Átha Cliath. Tá an cheardlann seo á reáchtáil ag LeabhairCOMHAR, chun an deis a thabhairt do scríbhneoirí teacht le chéile, aithne a chur ar a chéile, agus a gcuid oibre a phlé.
Tá an cheardlann seo teoranta do 15 rannpháirtí, ionas go bpléifear saothair na ndaoine sin i gceart, agus mholfainn duit ríomhphost a chur chuig scribhneoiri.oga@gmail.com láithreach, má tá fonn ort páirt a ghlacadh sa cheardlann seo.

Beidh trí chuid i gceist leis an gceardlann seo:
10.00 – 1.00: Scileanna Léirmheastóireachta leis an Dr Aisling Ní Dhonnchadha
2:00-5:00: An Scríbhneoireacht Chruthaitheach (filíocht san áireamh) le Biddy Jenkinson
7:00-10:00: Seisiún ‘open mic’ i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, a thabharfaidh an deis do na rannpháirtithe a scríbhinní a léamh go poiblí.

Dáta: Dé Sathairn, 7 Bealtaine
Áit: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara
Am: 10 a.m. – 10 i.n.
Táille: 10 euro do mhic léinn / 20 euro do dhaoine atá ag obair

10.4.11

Dea-scéalta Dheirdre Ní Chonghaile

Le tacaíocht ón National Endowment for the Humanities Challenge Grant, tá Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach ag Ollscoil Notre Dame i ndiaidh Comhaltacht NEH Mhic Eochaidh 2011-12 a bhronnadh ar an Dr. Deirdre Ní Chonghaile. Fad is a bheidh sí ag Ollscoil Notre Dame, beidh Deirdre ag réiteach leabhair a bheidh bunaithe ar a tráchtas dochtúireachta, tráchtas dar teideal ‘Ag teacht le cuan’: Irish traditional music and the Aran Islands. I ngeall ar an saothar seo, bhronn An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann gradam uirthi, Duais Adele Dalsimer do Thráchtas Gradamach um an Léann Éireannach 2010. Tuilleadh eolais: http://nationalirelandgalway.academia.edu/deirdrenichonghaile

6.4.11

Duais Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge bronnta ar Ríona Nic Congáil

Bronnadh Duais Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge ar Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010) leis an Dr. Ríona Nic Congáil le déanaí. Bronnadh an duais ag an gCruinniú Idirnáisiúnta den Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann 2011, ag Ollscoil Wisconsin – Madison. Ghnóthaigh an leabhar seo duais cheana féin in Oireachtas na Bliana 2010. Beathaisnéis chriticiúil is ea Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach, a dhíríonn ar an mbean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na hathbheochana agus a dhéanann scagadh ar a ról mar ghníomhaí cultúrtha, mar dhuine acadúil, agus mar fheimineach a chuir smaointeachas an útóipeachais chun cinn.