8.3.10

Aonach na Leabhar

Comhghairdeachas le Caitríona Ní Chléirchin agus Proinsias Mac a’ Bhaird ón gCumann s’againne, a ghlac páirt in Aonach na Leabhar i Halla na Cathrach ag an deireadh seachtaine.

D’éirigh go hiontach leo agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hAlan Hayes, stiúrthóir an aonaigh, agus leis an lucht féachana, gan amhras!

5.3.10

Macalla le Muiris Ó Meara

Macalla



Léann an múinteoir an nuachtán os ard sa rang gach lá. Míníonn sí é ansin’.


B’in a dúrt sí lena hathair nuair a d’fhiafraigh sé di cad a bhí foghlamtha aici ar scoil an mhaidin sin.


‘Mhuire mháthair!’


Baineann sclamh seanabhlastúil na cainte sin siar aisti.


‘Go maithí Dia dhom é' arsa a hathair "ach níl aon teora leis an éirí in airde atá uirthi féin ó fuair sí smut éigin scolaíochta. Ag míniú nuachtáin anois, mar dhea..."


Bhí an iníon dall ar éirim na cainte seo. Tuigeadh di blianta fada ina dhiaidh sin, áfach, nuair a bhí a cuimhne mhallaithe féin tar éis stór éigin a chruinniú, thuig sí ar chuma éigin go raibh beach chealgánta na cuimhne tar éis é a phriocadh go feirc.


'...agus déanfaidh an conamar léinn sin atá uirthi dóthain díobhála sa liomatáiste seo má cheadaítear di féin a bheith ag pápaireacht chugaibh’ ar sé agus a chaint in aon teannrith feirge uaidh anois.


‘Screatall na ngrást. Ní raibh san ná an diabhal leathscreataill féin ar a muintir riamh chomh fada lem’ thuairim. Ní mór sin, is dócha, seachas an diabhal éirí in airde agus an geanc móraíoch a théaltaíonn uirthi láithreach nuair a chíonn sí fir oibre na dúthaí an bóthar siar chuici. Abair óinseach cruthanta! Í ina lipín báite ansan le teann saothair ag sodar i ndiaidh bhoic mhóra an bhaile ... Agus cad d’imigh ar an diabhal bathalach ainspianta aimlithe san inar tógadh í féin. Cad a dhein sí leis?’


Ní raibh sí cinnte. Ní raibh an iníon cinnte an freagra a bhí uaidh nó.... Cén tigh? Ar cheart di bheith ag éisteacht leis? Fear ciúin séimh beagsách ab ea a hathair. De ghnáth. B’fhearr léi imeacht uaidh anois. Ach ... ach d’fhan sí. Cailín maith ab ea í.


‘Mullach a’ tí a tharrac anuas chun talún' arsa an t-athair go grod. 'An fothrach scriosta aici sarar leag sí méar coise sa dúthaigh seo thar n-ais tar éis di a cuid scolaíochta a chur di. Agus caidé nóisin bailithe isteach sa cheann mothaolach sin. B’fhearra léi sin nach mbeadh aon chuimhne againn gur tógadh í sa chró foirgthe san. Ach tá cuimhne agamsa agus ag daoine eile leis ar an líon tí ar maos ansan sa bhrocamas. Ní scriosfaidh do mhúinteoirín an scláta sin ormsa chomh saoráideach a chroí. Ná baol air.’


Ní rabhadar ar an iúl céanna. Thuig an t-athair sin. Nuair a scaoil sé scód lena theanga thuig sé nach gcuirfeadh an scéal seo aon mhairg uirthi. Corrabhuais... bheadh san uirthi cinnte. Ach níorbh aon bhaol di sin dar leis. Dhéanfadh sí dearúd ar an nimheadas seo nuair a thiocfadh an déanaí agus amárach...


‘...anois, ná cuirse aon nath inti sin a chroí agus ná bíodh do cheann badráltha lena cuid móraíochta nuair a thosaíonn sí ar an gcleatrálaíocht léitheoireachta sin sa rang ar maidin. Ní bhaineann nuachtáin le haosóga agus bí ag féachaint ar na ba an fhuinneog amach duit féinig nuair a thosaíonn sí ar a cuid seanmóintíochta.’


Tost ansin. Níl focal aisti ach braitheann sí nach bhfuil deireadh fós lena rabhait cainte.


‘Ach’ ar sé, agus déanann sé gáire diúid ansin chun a náire a cheilt, ‘ach ná habairse let’ mháthair go ndúrt sin leat.’


Go malltriallach sollúnta, mar a deintí os comhair an tsagairt, chlaon sí a cheann chuige d’fhonn is go dtuigfeadh sé gur cailín maith ab ea í. Ní bheadh gíocs aisti. Ardaíonn sí a ceann go béasach chuige ansin agus féachann cruinndíreach isteach ina shúile. Ba mhaith an mhaise uirthi nár thóg sí sceit is nár scréach. Níor faghairt dhamanta go dtí na súile sin. Siúd is nach n-aithneofá aon rian feirge ar a ghothaí anois, sceith na súile fírinne. B’in an chéad bhrath a bhí aici ar anam an duine á nochtadh féin sna súile.


Amhail macalla.


**************************************************************************


Ar a dtriall dóibh chun na scoile an mhaidin dar gcionn dúirt sí lena páirtí Sorcha go raibh sé beartaithe aici neamhaird a thabhairt ar chaint an mhúinteora ar scoil an lá sin,


“...puinn suime agamsa a thuilleadh sna scéalta nuachta sin a chailín” ar sí agus iarrachtín den phoimpéis ina glór.


“Deánta na fírinne, n’fheadarsa an raibh aon suim agam iontu riamh.” Níl míocs as Sorcha.


“Anois a chailín” ar sí arís, “tá deireadh na hóige ag déanamh suas orainn agus is gearr go mbeam araon ag teacht chun coinnlíochta”.


Ní thuigeann sí an focal sin ‘coinnlíocht’ ach ní ligeann sí faic uirthi. Ón múinteoir a sciob sí an nath agus tugann sé gravitas cuí dá cuid cainte dar léi.


“Agus neosfaidh mé rud amháin eile duit anois a chailín” ar sí “ach b’fhearra liomsa a bheith ag féachaint an fhuinneog amach ar na ba ag iníor sa ghort seachas a bheith ag cur suas lena cuid gaotaireachta istigh sa rang gach lá”.


Alpann sí siar an sméar mullaigh sin ach níl aon bheann ag Sorcha ar a cuid cainte. D’aithin sí sin láithreach nuair a bhí deireadh ráite aici. Braitheann sí anois ón ndeithneas fuadrach atá faoina páirtí chun na scoile gurb é is dóichí ná go bhfuil Sorcha i ngrá arís. Titeann sí i ngrá anois gach re seachtain geall leis! Ar mhala sléibhe a tógadh í. Ar fheirm bheagmhaitheasach. Ach níl aon tuiscint ag Sorcha ar bheagmhaitheas na feirme sin go fóill. Tá sí óg agus scláta na cuimhne fós ina bhán. I dteannta a chéilibh a théann an bheirt seo chun na scoile gach lá. Agus má bhíonn an tráthnóna breá chuige is deas leo dul ag jaingléireacht soir siar ó bhaile go baile dóibh féin ag caint is ag comhrá.


Ní rabhadar go maith ar scoil. B’in a dúradh leo an chéad lá nach mór...bheul nuair a thuig an múinteoir cérbh iad féin i gceart. Gúnaí, buachaillí, ceol, damhsa, pósadh, páistí agus... bheul pógadh... b’fhéidir. Sin uile a bhíonn ag dó na geirbe acu. Nó pé brus luaidreáin a bhíonn sciobtha ag Sorcha léi an tigh amach am dinnéir. Is maith an sás í Sorcha chuige sin. ‘Cluasa na clathacha’ a ghlaotaí uirthi age baile. Ní fhéadfá diabhal faic a rá ina gaobhar. Mura mbeadh ag an gcluasaí seo ach an chuid is caoile den scéal níor leasc le Sorcha seanachríonna bailchríoch ‘oiriúnach’ a chur ar an mbrobh sin agus gaoth an fhocail a dhathú de réir mar a mheas sí féin a bheadh cuí. Bhí féith na samhlaíochta go smior inti. Níor aithníodh sin riamh ar scoil... Bheul, níor admhaíodh é ar chuma éigin. Is dócha go raibh an réamhchinniúint Phrotastúnach suas sna bunscoileanna Caitliceacha um an dtaca sin mar a raibh do chinniúint ag brath ar speilp agus ollmhaithistí do thuistí.



“In ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spiorad Naomh, Amen. Suígí síos anois le bhur dtoil agus fanaíg socair” ars’ an múinteoir le rang a sé tar éis dóibh paidir na maidine a rá. “Ciúnas!”


Shuíodar ansan leis an ngleo agus leis an gciotrúntacht chosarálaíoch is dual do pháistí scoile agus ar an bhfeadh sin ligtear osna anseo, sraoth ansiúd ‘gus broim loránach nó dhó sa chúinne. Ag deireadh an ghearrthamaill seo agus gach duine dulta chun socrachta, gan siolla anála fiú le clos sa tseomra anois, ligeann an múinteoir “Ciúnas!” mór fadeireaballach eile aisti faoi mar a bheadh sí ag baisteadh suaimhneas maidiniúil an tseomra le puth a hanála.


“Tá fógra tábhachtach agam sa litir seo ón Moinsíneoir ars’ an múinteoir.


Tugann Sorcha cogar dá páirtí rothaíochta “...cad is brí le sin a Mháirín...leis an bhfocal Moinsíneoir?” ar sí faoina hanáil.


Ní fhreagraítear í. Braitheann Máirín sonc ceisteach isteach i dtaobh a chliabhraigh ansin ach labhrann an múinteoir arís sara mbíonn deis aici an sonc a fhreagairt.


“Anois más ea...”. Leagann an múinteoir clúdach na litreach go cáiréiseach ar an mbord sula gcasann sí ar a sáil, í ag déanamh ar thóin an tseomra anois mar a raibh na broimeanna réamhráite á n-ionlú féin san aer. Le teann anbhuaine, b’fhéidir, nó le barr diabhlaíochta, is dócha, tosaíonn Sorcha ag sciotaíl gáire agus tugann athshonc dá páirtí i nganfhiosaíocht dar léi.


“Ba dhóigh le duine, a Shorcha” ars’ an múinteoir sa tsiúil di, gan a ceann a iompú oiread na fríde ina treo, “ba dhóigh le duine go bhfuil sé thar am agatsa ciall a bheith agat agus tú tagtha chun coinnlíochta anois. Agus mura gcuireann tú uait an neamh-aistear sin láithreach gheobhair boiseog agus dhá bhoiseog fén gcluais uaim. An dtuigeann tú san, a chailín?”

Ní raibh aon oidhre ar ghrua Shorcha anois ach réiléan mór tine leis an gcochall náire a bhí uimpi.

“Is mór an onóir don scoil seo...” ars’ an múinteoir agus an litir tháscmhar crochta san aer aici ina láimh dheas, “...ní hea ach is rí-mhór an onóir é don scoil seo go bhfuil cuireadh faighte againn ón Moinsíneoir amhránaí amháin a sheoladh thar cheann na scoile go dtí an mórthaispeántas a bheidh ar siúl oíche Shathairn”.


Tosaíonn stumpa ‘madáin amháin atá suite ag barra an tseomra ag bualadh bos go fonnmhar agus ba dhóbair nár phléasc Sorcha bocht sna tríthi dubha ag gáire faoin ngligín sin. Féachann Sorcha trasna go scigshúileach ar a páirtí rothaíochta ach síothlaíonn an fonn fonóide uaithi mar a bhainfeá smeach as do mhéar. Sceoin bhuile a chonaic sí i gcuilithe shúil Mháirín.


“ ‘S í Máirín Ní Fhlatharta atá roghnaithe agam” ars’ an múinteoir ar deireadh“...toisc go bhfuil glór binn aici. Ach tuigeann gach uile duine dá bhfuil i láthair anseo inniu gur tabhartas is ea an glór seo a fuair Máirín ó Dhia gan saothrú. Nach dtuigeann?...”


Ní fhreagraítear a mhacasmhail de cheist ar scoil. Riamh. Tosaíonn an múinteoir ag treabhadh iomaire i ngort na cuimhne ansin.


“...anois dá mbeadh Máirín chomh cúramach céanna i mbun na leabhar, bheul ansan bheadh moladh nó creidiúint éigin ag dul di. Nach mbeadh? ... Ach tuigimid uile, faraor, nach dual dá leithéid bheith saothrach puinn agus tuigimidne leis gur droch-chríoch a bhíonn i ndán dá leithéid coitianta. Nach dtuigeann?”


Ní éisteann Sorcha le priocaireacht an chircín mná seo a thuilleadh agus an turas seo tosaíonn sí féin ar an mbualadh bos i dtreo is go mbíonn an rang go léir ar an iúl gliondrach céanna sara fada. Féachann Sorcha arís sna súile ar Mháirín agus chíonn sí goirme a súl ina léinseach dhrithleogach is an imir bheag mórtais ag cogarnaíl chuici ....


amhail sanas bithbhuan.


“Canfadh sí an Droimeann Donn Dílis oíche Shathairn” arsa Sorcha na seanchríonnachta.


Sciúráil den tslat a luach saothair. Abair freagra!


**********************************************************************************




4.3.10

Comórtas Uí Néill 2010

Anois teacht an Earraigh, beidh an lá dul chun síneadh, agus ní hamháin sin beidh ár gcáirde na filí Albanacha ag teacht chun cuairte againn arís go luath. Le dhá bhliain anuas reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comórtas filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann agus ní haon eiscíocht í 2010.
Tá Comórtas Uí Néill oscailte go hoifigiúil le haghaidh iarratas anois. Is comórtas dátheangach é seo áit ar féidir le hiarratasóirí dán scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.
Níl aon chostas ag baint le Comórtas Uí Néill ná níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama. Is é an spriocdháta a bhaineann leis an gcomórtas ná Déardaoin 8 Aibreán ag 5.00 i.n
Nuair a bheidh an spriocdháta istigh, roghnófar an t-ocht dán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an 23 Aibreán 2010.
Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar é san iris Comhar agus sa nuachtlitir Eolas
Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 08 Aibreán 2010 ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin ag sile@comhdháil.ie ar dtús.
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An Chuairt le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas seo, nó faoi imeachtaí An Chuairt, is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin ag 01 679 4780 nó sile@comhdhail.ie,

1.3.10

Aonach na Leabhar (BÁC) 6,7,8 Márta

IMEACHTAÍ NA GAEILGE & IMEACHTAÍ NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA
Dé Sathairn 6 Márta
12.30: LÉAMH LE DEIRDRE BRENNAN, PROINSIAS MAC A’ BHAIRD,
PÁDRAIG Ó GALLACHÓIR
2.00: ÚRSCÉALAÍOCHT NA GAEILGE: CEILIÚRADH 100 BLIAIN le Máirín Nic Eoin, Brian Ó Conchubhair, Sorcha de Brún
Dé Domhnaigh 7 Márta
12.30: TODHCHAÍ SCRÍBHNEOIREACHT NA GAEILGE: DEISEANNA AGUS DÚSHLÁINle Ríona Nic Congáil, Celia de Fréine, Caitríona Ní Chleirchin
5.00: SEOLADH “SCRÍBHNEOIRÍ FAOI CHAIBIDIL” (COIS LIFE) IN EAGAR AG
ALAN TITLEY
Féach www.dublinbookfestival.com
Beidh na himeachtaí ar fad lonnaithe i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, BÁC 2.
Fáilte roimh chách.

23.2.10

Fógra ó Ghaelport

Tá fógartha ag Torann na dTonn Teoranta, an comhfhiontar idir The Connacht Tribune Ltd agus Eo Teilifís, gurb é Ciarán Dunbar atá ceaptha mar eagarthóir ar an nuachtán seachtainiúil Gaeilge,Gaelscéal.


Táthar ag súil go bhfoilseofar an chéad eagrán roimh dheireadh na míosa seo chugainn. Bhronn Foras na Gaeilge conradh trí bliana ar luach €1.6 milliún ar an gcomhfhiontar anuraidh chun nuachtán seachtainiúil uile-oileánda a fhoilsiú i bhfoirm clóite agus leictreonach.

Is as Contae an Dúin ó dhúchais é agus taithí de bhlianta aige a bheith ag plé leis na meáin chlóite. Roimhe seo scríobh sé do Lá Nua, An tUltach, Comhar,Nuacht 24, The Irish News agus The Scotsman.

Tá tuairisceoireacht raidió déanta aige ar Raidió Fáilte agus ar an BBC.

Ag labhairt dó faoin a cheapachán agus faoin bhfís atá aige don nuachtán amach anseo dúirt sé: “Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán seo agus is cinnte liom gur féidir leis an fhoireann atá curtha le chéile againn páipéar den chéad scoth a chur ar fáil, páipéar a bheas ag cothú le forbairt phobal na Gaeilge ar fud an domhain”.

http://www.clubleabhar.com/

D’éirigh go breá le Clubanna leabhar i mBéarla, The Oprah Winfrey Book Club agus Club Leabhar Richard and Judy le tamall de bhlianta anuas daoine a spreagadh i dtreo na léitheoireachta. Anois, tá an comhlacht Gaelchultúr ag súil go gcuirfidh léitheoirí úra suim i leabhair Ghaeilge, idir leabhair nua-fhoilsithe agus clasaigh atá fós i gcló, mar chuid de thionscadail nua ar líne dar teideal Clubleabhar.com.


Tá suíomh nua do léitheoirí na Gaeilge ar an saol agus beidh na léitheoirí sin in ann na leabhair a phlé ar líne anois agus ag ócáidí éagsúla a reáchtálfar timpeall na tíre ar bhonn rialta.

Anuas air sin déanfar léirmheas ar leabhar na míosa ar an gclár Gaeilge ‘Splanc’ ar an stáisiún raidió Newstalk 106 agus beidh nasc chuig podchraoladh den chlár seo le fáil ar Clubleabhar.com.

Is é seo an chéad tionscadail dá leithéid a cuireadh ar bun ar líne as Gaeilge agus táthar ag súil go mbeidh léitheoirí ar fud an domhain in ann páirt a ghlacadh ann.

Níl aon táille i gceist leis ach oiread. “Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub ag www.clubleabhar.com ,” a deir Sara-Jane Ní Ghabhann ó Ghaelchultúr, “Beifear ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh.”

Ar an suíomh is féidir teacht ar liosta de na siopaí leabhair ina mbíonn leabhair Ghaeilge ar díol iontu chomh maith le naisc chuig láithreáin gréasáin ina mbíonn leabhair ar fáil.

Beidh tacaíocht ar fáil do léitheoirí chomh maith mar beidh Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bheidh á bplé agus nuair a bheidh leabhar na míosa á roghnú ag Clubleabhar.com beidh siad ag seachtaint ábhar trom acadúil. Dar le Sarah-Jane “Tá sé beartaithe againn leabhair a bheidh róchasta agus acadúil a sheachaint. Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh ghearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith.”

Is é an dara leabhar a roghnaíodh mar leabhar na míosa ag Clubleabhar.com ná Sobalsaol le Pádraig Standún atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta.

18.2.10

Eagrán nua de Smaointe ar Árainn (1902), scríofa ag Úna Ní Fhaircheallaigh

Is minic a ghlactar le The Aran Islands ó pheann John Millington Synge mar léiriú deifnídeach ar Oileáin Árann. Ach is beag duine atá ar an eolas faoi iníon léinn ollscoile darbh ainm Úna Ní Fhaircheallaigh a d’imigh ar cuairt go dtí na hoileáin i samhradh na bliana 1898. D’fhan sí sa teach iascaire a d’fhág Synge díreach roimpi, agus scríobh sí dialann taistil dar teideal Smaointe ar Árainn, faoin seal a chaith sí ar na hoileáin.
Is cáipéis shóisialta agus chultúrtha í seo, a bhaineann le hInis Meáin ach go háirithe agus a scríobhadh i ré idir dhá chultúr: nuair a bhí cultúr nua-aoiseach na míntíre ag teacht i dtír ar chultúr ársa Gaelach Árann.
Sa dialann seo, a dhíríonn ar mhná Árann go príomha, a ndéantar faillí orthu i scríbhinní eile go minic, léiríonn Ní Fhaircheallaigh modus operandi Chonradh na Gaeilge agus é ag déanamh iarrachta an cultúr Gaelach a chosaint agus a nuachóiriú ag an am céanna ag tús an fhichiú haois.

Úna Ní Fhaircheallaigh, Smaointe ar Árainn, eag. Ríona Nic Congáil (Gaillimh: Arlen House, 2010).

15.2.10

Aonach na Leabhar: 6-8 Márta 2010

Beidh Aonach na Leabhar ar siúl i mBaile Átha Cliath arís i mbliana, ón 6-8 Márta 2010 & beidh scríbhneoirí úra na Gaeilge páirteach sna himeachtaí: Proinsias Mac a’ Bhaird, Caitríona Ní Chléirchín agus Ríona Nic Congáil ina measc.

Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl i Halla na Cathrach agus beidh fáilte roimh chách.

Féach: www.dublinbookfestival.com/

11.2.10

An Gael, Eagrán an Gheimhridh ar Fáil

Tá an t-eagrán is déanaí de An Gael ar fáil ar fud na cruinne anois, ó litriocht.com in Éirinn. Tá sé ar díol ag an Siopa Gaeilge ag Oideas Gael, freisin, agus bíonn sé ar díol ag magcloud (sna Stáit, sa Ríocht Aontaithe agus i gCeanada). Más mian le héinne cóipeanna a fháil go díreach ó Chumann Carad na Gaeilge, is féidir sin, freisin. Scaip an scéal, mura miste leat! Déantar a lán oibre ar gach eagrán, agus is fiú iad go léir a léamh.

Clár an Gheimhridh:
• Turas go Gleann Cholm Cille le Gearóid Ó hAnnaidh
• An Kevin Myers Sin, le Séamas ó Neachtain
• Dánta le Bernard De Brún
• Trasna na dTonnta – Dul Siar, Dul Siar le Liam Ó Cuinneagáin
• Lámhscríbhinní Gaeilge i Meiriceá leis an Dr. Séamus Ó Diollúin
• Dánta le James Lawless
• I gCuimhne an tSiopadóra le hÁine Durkin
• Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
• Dánta le Séamas Ó Neachtain
• Fonn an Phíobaire le Lugh dePaor
• Ar Ais Ar Scoil ! le Seán Ó Riain
• Ón Anallód - sean lámhscríbhinn ó Mheiriceá, srl.

Tá eagrán nua ar na bacáin againn, atá le teacht san earrach. Bíonn fáilte roimh ábhar ó na scríbhneoirí úra is óga i gcónaí!

26.1.10

Cliche le Muiris O Meara

Cliché


Dúirt Marie Collins le Sineád nach bpógfadh sí mé. Thosaigh sé an oíche sin. An chuimhne. Thosaíos ag caoineadh níos déanaí an oíche sin. Ach athrá is ea é sin agus ní scéalaí mé. Ní mé an ndúirt sí go mbeinn deas i gceann cúpla bliain? Collins. An oíche sin. Lem’ dheirfiúr Sineád. Bheinn deas a dúrt sí ach bhíos i bhfad ró-ghoiríneach di faoi láthair. B’shin adúirt Sineád liom adúrt Collins léi an oíche sin. Fág cúpla bliain eile é agus beidh sé deas ar sí.

Is cuimhin liom anois leis an bhean seo liom leat as Sasana a ghlaodh pustules orthu. Ní raibh aon aithne agam uirthi an uair sin agus mé im’ dhéagóir. Nach mé atá buíochánach anois go bhfuil an stáir sin uile imithe le sruth. Na déaga.

Bhíos i ngrá léi. Táim i ngrá léi fós. An Sasanach mná seo ar bhuaileamar léi ó chiannaibh. Bhí na goiríní imithe geall leis, bheul, nach mór nuair a bhuaileamar lena chéile an chéad lá. Bhíomar i ngrá riamh adúirt sí liom níos déanaí. Bhí Playtó léite aici (fair playdó) nuair a bhí sí óg. Bhí tuiscint dhoimhin aici orainne araon ... Nous ... bhí Fraincis Phroinsiasach aici agus cochall donnrua uirthi amhail céadghriain spéartha na maidine ar chiumhais na farraige móire agus dís bhád ag teacht béal an chuain isteach i Le Harve.

Nuair a chuireas aithne uirthi ar dtúis b’shin an chéad imprisean a dhein sí orm. D’fhág sin rian orm. Chuireamar nithe trí chéilibh agus chuireas aitheanta eile agus í féin ó mhaith. N’fheadair mé anois an raibh creideamh ar bith agam roimhe sin? Dhreapas in airde ar chrann na haithne an oíche sin ar thóir an tSearbháin Lochlannaigh agus bhuaileas an crann lem’ philibín déanta ag fógairt dos na boiceanna eile sa dúthaigh go raibh gníomh gaileghaisciúil déanta agam. Bhí meas ar an gcrann agus planc den úll im’ bhéal. Cheapas go raibh sí ana-chliste. An Sásánach seo. Caithfidhh go raibh sí i ngrá liomsa toisc go raibh sí ana-chliste. Nó b’fhéidir nach raibh sí cliste puinn nó in aon chor, ach bhíosa suite de agus cinnte dearfa go rabhasa i ngrá léi. Siúráltha glan. Ní féidir bheith cinnte riamh ach cuimhníonn tú ansan go bhfuil tú ag cuimhneamh it’ aonar agus deirtear gur leor sin. Is duine tú ansin a chruthaíonn daoine eile. Ná bí ag súil, áfach, go ndéanfar an chuimhne sin a chúiteamh leat. Tiocfaidh an caoineadh gan teip mar chríoch ar an uile ní agus osclóidh Doris deora dé ag geatairí na Flaithis.

Seo na críocha déanacha.

Prang...

Is cuimhin liom an focal sin uaithi leis. An Sasanach mná arís. Scaramar ó chéile tar éis na Nollag. Bhí deireadh ansin leis an ngrá agus leis an ngreim agus leis an gliú Playtóch a nasc sinn le chéile go doscartha ar feadh 6 mhí. Nó roimh na Nollag ... Ar scaramar roimh Nollaig? B’fhéidir, b’fhéidir é. Ní éagann grá choíche ach téann sé ar thóir ainm eile sa bhfásach. Dúirt sí liom go ndeachaigh sí go Londain. Ar maidin. An lá roimhe sin ar an dtraen. Ba bhreá léi Londain. Tá an ghráin agamsa ar an áit. Í suarach, feithideach agus is cuma liom má thiteann tú ar bhonn do bhaithis ansan ar thaobh an bhóthair mar táimse cúramach a mhiceó agus tánn tú i Londain anois ambaist. Bhuail sí le cara ansin. I Londain. Bhí gríos ar a thóin ar sí… an fear bocht. É suite san oifig gach lá ag freagairt an ghútháin gan chorraí. Oifig bhrocach dhorcha a shamhlaíos toisc an gríos seo ar an mbollacs sin agus tochas air. Bollacs críochnaithe. Tochas ina bhríste leis aige déarfainn. B’shin a dhein sí féin leis. Ag freagairt gutháin in oifig nach raibh dorcha agus ag tabhairt cúnaimh agus treorach agus misnigh agus cabhair fíorchaoinfháiltiúil dóibh siúd a bhí caillte ar bhóithre Sacsanacha. Cloisim a miongháire guthánach go minic nuair a chuimhním uirthi agus feicim a cuid gruaige ag damhsa sa ghaoith. Goirtín eornan faram im’ shuan. I mBaile Átha Cliath im’ dhúiseacht.

Bím uaigneach. Marach na grianghrafanna sin a thóg sí ní bheadh aon chuimhne agam uirthi. Bheul, ní bheadh fianaise ar bith agam go raibh sí ann. B’shin deireadh leis mar scéal más ea. Bhí gríos ar a thóin ag an gCocknaíoch thall. B’shin sin. Bhí sí curtha ó mhaith. Arís! Ag an mbollacs seo. Chaitheas seal ansin whittling away ar an ngríosghrua a bhí air an Londanach fir. Is deacair nós a bhriseadh agus is fusa go mór pus a smísteadh. Mhill sí ár n-anam. Thuig an teachtaire seo Aphrodite nuair a dhíscaoil sí an scéal sin chugam. Ainm anam.


Blianta roimhe sin gheall Marie Collins dom go bpósfadh sí mé. Bhíomar sa chúlghairdín ag spraoi. An bheirt againn. Mammies and daddies. Ní cuimhin liom cad a dúirt sí nó cad é go direach a dúrt féin. Tá an grianghraf sa bhaile agam i gcónaí. Bhí sí níos sine ná mé. Bhíosa cúig agus í féin, bhí sí cúig go leith. N’fheadair cá bhfuil sí anois. I measc na gcuimhní sí.



Táim i ngrá léi fós


6.1.10

Duais Cholmcille 2010

Duais Cholmcille 2010
€4,000 an duais don chéad áit,
€2,000 don dara áit,
€1,000 ar fáil don tríú áit.
(+ €400 x 3 eile)
Spriocdháta iontrála ná 5ú Feabhra 2010.


Le tacaíocht fhial arís ó Colmcille, tá áthas ar Fhéile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí a fhógairt go mbeifear ag tairiscint duaiseanna luachmhara arís eile ar dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban. Is é €4,000 an duais don chéad áit, €2,000 don dara áit, €1,000 ar fáil don tríú áit. Tá na duaiseanna seo ar chomh-mhéid leis an duaiseanna don chomórtas idirnaisiúnta Béarla. Fógrófar gearrliosta de sheisear, agus gheobhaidh gach file ar an ngearrliosta €400 ar a laghad, nuair a léann siad ag an bhFéile ( 30ú Aibreán go dtí 2ú Bealtaine 2010) i mBéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin, nuair a fhógrófar na buaiteoirí. Is iad na filí Paddy Bushe agus Aonghas MacNeacail na moltóirí.

Is fiú go maith d’aon fhile nó ábhar file ar bith, agus gan ach €5 / £5 mar tháille iontrála an dán, scata saothar a sheoladh isteach. Seoltar na céadta dréacht (70 líne an ceann ar a mhéid) go dtí Strokestown International Poetry Festival, Sráid an Bháin, Béal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin, Éire, nó is féidir foirmeacha / eolas a íoslódáil ag http://www.strokestownpoetry.org/

20.12.09

Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn

Comhghairdeachas le Laoise Ní Chomhraí, duine de na scríbhneoirí úra, a d’fhoilsigh a leabhar nua do pháistí, Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn, le déanaí.

Is leabhar taistil don aos óg é seo. Ar a shlí chun na Polainne atá Tarlach an uair seo in éineacht lena chara ón bPolainn. Bhí San Nioclás an-chineálta i mbliana nuair a thug sé dhá thicéad fillte chucu. Tá sé i gceist ag an mbeirt an Nollaig a chaitheamh sa Pholainn, agus a ghabháil ag sciáil agus ag spaisteoireacht. Tá Tarlach ag tnúth le bia na Polainne a bhlaiseadh, agus le dul i ngleic leis an bPolainnis freisin, ar ndóigh.

Bileog oibre & tuilleadh eolais ar fáil: www.agtaistealletarlach.com

10.12.09

An Gael - Tá Eagrán an Gheimhridh Ann!

Dírítear go háirithe ar Ghleann Cholm Cille agus Oideas Gael san eagrán seo. Tá lámhscríbhinn ann ón naoú haois déag agus tuairiscí ar na scoileanna Gaeilge sa tuaisceart ó na 1940í, freisin. Seo an clár:

Eagarfhocal
Turas go Gleann Cholm Cille le Gearóid Ó hAnnaidh
An Kevin Myers Sin le Séamas Ó Neachtain
Dánta le Bernard De Brún
Trasna na dTonnta – Dul Siar, Dul Siar le Liam Ó Cuinneagáin
Lámhscríbhínní Gaeilge i Meiriceá leis an Dr. Séamus Ó Diollúin
Dánta le James Lawless
I gCuimhne an tSiopadóra le hÁine Durkin
Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
Dánta le Séamas Ó Neachtain
Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor
Ar Ais Ar Scoil! le Seán Ó Riain
Ón Anallód

Tá gach rud ar magcloud.com ar lascaine faoi láthair. Bíonn na sean-eagráin ar fáil i gcónaí, freisin. Is féidir iad a fheiscint is a scrúdú (ach go bhfuil siad beag) ar an suíomh.

Scríobh chugainn ag angael@optonline.net mura bhfuil sé ar fáil mar a bhfuil tú.

Tá sé in am ábhar nua a bhailiú don chéad cheann eile, má tá an fonn ort scríobh! Seo treoracha dár scríbhneoirí.

12.11.09

Turais Samhlaíochta

Bígí linn ar an 25 Samhain
nuair a chuirfidh Nuala Ní Dhomhnaill
an Ghlúin Úr de Scríbhneoirí na Gaeilge
i láthair
i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.
Beidh Féile, Fonn agus Filíocht
mar chuid den ócáid mhór seo.

Am: 6:30 i.n. - 9 i.n.
Dáta: 25 Samhain.
Áit: Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC.
Seomra: An Seomra Caidrimh, D110.
Fáilte roimh chách!

20.10.09

An Gael - Fomhar 2009

Tá an t-eagrán nua ar fáil ar fud an domhain (go háirithe in Éirinn) anois, ó litriocht.com.

Bíonn na sean-eagráin (nua) ar fáil uainne agus ag http://www.magcloud.com/.

Má tá suim ag éinne bheith ina dháileoir eile dúinn, tá lascaine 25% ar fáil ar 20 cóip.

Bímid ag lorg ábhair nua i gcónaí, agus táimid ag ullmhú an chéad eagrán eile. Seol rud ar bith chugainn ag angael@optonline.net. Seo na treoracha dár scríbhneoirí.

Tá fógraíocht le ceannach san iris, má tá suim ag éinne. Scríobh chugainn chun na sonraí a fháil.

Sea, táimid fós ann, ach ní neart go cur le chéile!

Seo clár an eagráin seo:

  • Eagarfhocal le Séamas Ó Neachtain
  • Tús Nua do An Gael le Tomás Ó Dubhagáin
  • Dánta le hÁine Durkin
  • M’Athair Mór le Proinsias Mac a’ Bhaird
  • Dánta le Séamas Ó Súilleabháin
  • Scairt na Réalta le Panu Petteri Höglund
  • Dánta le Tim Quinlan
  • Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor
  • Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
  • Dán le Réamonn Ó Cléirigh
  • Dán le Ciarán O’Rourke
  • Tuairisc Ó Cheanada
  • Dánta le Bernard DeBrún
  • I ndilchuimhne ar Ghearóid Tóibín
  • Ón Anallód

19.10.09

Ceardlann Scríbhneoireachta le Nuala Ní Dhomhnaill

Tá Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath ag reáchtáil gearrchúrsa i scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge idir phrós agus fhilíocht. Beidh an file mór le rá, Nuala Ní Dhomhnaill ag stiúradh na ceardlainne. Beidh an cúrsa seo dírithe ar dhaoine atá ag tabhairt faoin scríbhneoireacht don chéad uair.
Cuirfear tús leis an gcúrsa idir 16 Deireadh Fómhair agus leanfaidh sé go dtí 20 Samhain 2009.
Is idir a 1.30-3.00 p.m. a bheidh an cúrsa ar siúl gach Aoine sa tréimhse sin. Gearrfar táille €80 ar rannpháirtithe an chúrsa.
Ní gá go mbeadh ardlíofacht sa Ghaeilge ag rannpháirtithe ach go mbeadh Gaeilge scoile acu.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Áras na Scríbhneoirí: irishwriterscentre@gmail.com

15.10.09

Caith Vóta ar son na Gaeilge

Caith do Vóta ar son (nó i gcoinne) na Gaeilge @ http://www.irishtimes.com/polls/

Ceist:

Do you agree with the requirement to translate official and Government documents into Irish?

Is ceart an-bhunúsach ar fad é seo don uile Éireannach agus go háirithe do shaoránaigh na Poblachta Éireannaí. Tá áit shonraitheach ag an nGaeilge i mBunreacht na Poblachta agus más é an bunreacht bunchloch ídé-eolaíoch na tíre- téacs ina ndeintear coimriú ar phríomhluachanna phobal na tíre sin -bheul tá sé ar cheann de na cearta is bunúsaí ag saoránach ar bith sa Phoblacht go mbeadh sé d'oibleagáid ar an Stát doiciméid a chur ar fáil dó i nGaeilge nó i mBéarla. Tá an ceart sin dlite dúinn mar mhionphobal Éireannach a bhfuil tábhacht náisiúnta againn.

Má táthar tar éis na luachanna sin sa Bhunreacht (ar spriocanna náisiúnta iad) a athrú, bheul is léir nach bhfuil an Tíogar Ceilteach marbh ná baol air agus is léir leis gurbh í an oidhreacht is mó a d'fhág sé (nó sí ambaist) againn mar Éireannaigh ná na luachanna bunsifíneacha ar deineadh ceiliúradh orthu nuair a bhí an Tíogar céanna i mbarra sláinte agus réime : féinspéis agus dúspéis i gcruinniú maoine, easpa eitice sa tsaol poiblí, éidreoir beartasaíochta poiblí agus indibhidiúlacht gan indibhidiúlachas.

Seanargóint le meigeall uirthi is ea í seo faoin dtráth seo. Go bunúsach is í éirim na hargóna ná "cad is fiú an Ghaeilge?"

Ní foláir a bheachtú anseo gurbh é an t-airgeadra fiúntais a ndeintear tagairt dó (faoi cheilt) sa cheist seo ná an tslat tomhais eacnamaíoch .i. an fiú euro rua an Ghaeilge a chur chun cinn sa lá atá inniu ann?

Agus go bunúsach is é an freagra a sholáthraítear ar an gceist san ná nach fiú. Níl airgead ná brabús sa Ghaeilge. Ní earra idirnáisúnta í ar féidir díol leo siúd a cheannaíonn earraí ar an idirlíon mar shampla. Níl airgead sa Ghaeilge ergo níl fiúntas inti.

Ní fiú.

Q.E.D.

Nó rud éigin mar sin... ach nílim ró-chinnte mar is baolach nach raibh agamsa riamh mar shlat tomhais d'fhonn fiúntas na Gaeilge im' shaol pearsanta is poiblí a thomhas ná slat tomhais féiniúlachta.

Níl airgead ar bith sa bhféiniúlacht. Dealródh.

Ní fiú féiniúlacht.

Q.E.D.

Ach féach anois, nuair a thiteann an tóin amach as bríste ídé-eolaíocha na gCeltic Cubs agus go bhfeictear dóibh go rabhadar mícheart agus an cac ar fua na mias, ní féidir leo sin a admháil dubh , bán nó riabhach. Agus mar thoradh ar seo samhlaítear dóibh go gcaithfear tabhairt faoi na bunphrionsabal ar tógadh an Stát seo orthu an athuair d'fhonn éidreoir na halcyon cocaine days a cheilt.

Agus nach mbíonn an Ghaeilge i gcónaí oiriúnach acu chuige sin?


Tá rudaí níos buaine, áfach, ná maoin an tsaoil. Ar cheann de na rudaí sin is ea a lárnaí is a bhí is atá an Ghaeilge (mar ídéal agus mar sprioc) i saol poiblí na tíre seo ó thosach. Ídéal ab ea é seo atáthar ag cur i gcrích i gcónaí. Ídéal a samhlaíodh a bheadh mar mheá i gcoinne an chuid ba mheasa de luachanna an mhargaidh agus an saol a tháinig fairis.

Bunluach ar féidir linn tógaint air i gcónaí is ea an Ghaeilge, go háirithe anois nuair is léir nach raibh sa tógáil tógálach a thit amach (agus as a chéile) sa tír seo, ní raibh sa mhéid sin ach aisling mheabhail.

Ní féidir luachanna a dhíol. Ní fiú luachanna. Ní fiú an Ghaeilge.
Q.E.D.
R.I.P.


Muiris Ó Meara

Fógra ó Ghaelphort

Tá an Geimhreadh buailte linn faoi dheireadh agus táimid fad ag iarraidh éalú isteach ó fhuacht na n-oícheanta seo.

Tá ócáid dheas á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhair le Poetry Ireland ar an 16 Deireadh Fómhair áit a mbeidh duine ábalta a bheith te teolaí agus cultúrtha ag an am céanna. Beidh na filí Áine Ní Ghlinn agus Aifric Mac Aodha ag léamh a gcuid filíochta ag ‘Cois Teallaigh’ , Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an oíche úd ag 8i.n.
Is bean ghnóthach í Áine Ní Ghlinn a bhfuil am caite aici ag obair mar léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir i measc rudaí eile. Le cúpla bliain anuas theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus faoi láthair tá sí obair ar leabhair do pháistí agus ar chnuasaigh nua filíochta.

Oibríonn sí freisin mar scríbhneoir cónaithe le roinnt gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar scéim a bhunaigh sí féin agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Anois is arís déanann sí scripteanna a scríobh do Ros na Rún, TG4. Tá Aifric díreach fillte ar ais ar Éirinn ó bheith ar Thuras na bhfilí in Albain áit a raibh tóir mhór ar a cuid filíochta. Foilseofar an chéad chnuasach le Aifric go luath.
Tá dánta dá cuid i gcló in irisí go leor, Poetry Ireland, Innti agus Bliainiris ina measc. Is iomaí duais atá gnóthaithe aici as a cuid filíochta agus bronnadh dámhachtain de chuid na Comhairle Ealaíon uirthi le déanaí. Beidh an bheirt bhan mhisniúil seo le feiceáil ar an 16 Deireadh Fómhair ag 8i.n. ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Is oíche aoibhinn a bheidh anseo cois teallaigh.
Buailigí isteach!
Tuilleadh eolais: Síle Ní Chatháin, sile@comhdhail.ie, 016794780

Muiris Ó Meara
Dealraíonn sé go bhfuil TG4 tar éis comórtas nua do script teilifíse a fhógairt. Údar is teideal don gcomórtas nuafhógartha seo. Fuaireas ríomhphost an lá faoi dheireadh ó scríbhneoir aitheanta- Philip Cummings -agus b'é éirim a ríomhphoist ná nach raibh sa chomórtas seo trí chéile ach 'bréagchomórtas'.
Canathaobh? Ar an ábhar nach mbeidh íocaíocht ar bith ann don 6 script a roghnaítear. Dar le Cummings:

"Seo iarracht eile ó TG4 6 chlár teilfíse a fháil saor in aisce - .i. gan na scríbhneoirí a íoc.
Fiosraigh mé an scéal leo agus dúradh liom nach raibh airgead ar bith i gceist, ach comórtas a bhí ann le do script a fháil léirithe ar an teilifís. Whoopee- doo!


Cuimhnigh, má thoileann tú do shaothar a thabhairt do dhream ar bith saor in aisce, tá tú ag déanamh feall ar gach scríbhneoir gairmiúil atá ag iarraidh a bheatha a thabhairt isteach ar an scríbhneoireacht."

Go raibh maith agat as an dteachtaireacht seo a Philip. N'fheadair an aontaíonn na scríbhneoirí úra eile leat ach is cinnte go dtuigim agus go dtacaím lena bhfuil ráite agat thuas.

Muiris Ó Meara

12.10.09

Ceardlann Scríbhneoireachta

Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh
Satharn, 7 Samhain 2009
10.30a.m. – 5.00p.m.
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh an chéad cheardlann lae eile ar siúl in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ag na Scríbhneoirí Gaeilge, ar an Satharn, 7 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m. mar is gnách.
Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe, teorainneofar a líon do naonúr. (7 ionad fágtha faoin am seo).
Táille cláraithe 20 euro, mic léinn 5 euro, lón san áireamh sa táille, 1.00p.m. – 2.15p.m.
N.B. Cóipeanna den saothar atá le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí: 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag: feasta@eircom.net
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart ar na rannpháirtithe tamall maith roimh lá na ceardlainne féin.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí feasta@eircom.net