
Tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Gunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?
Buaiteoirí Dhuaiseanna Liteartha an Oireachtais:
Fáiltíonn Bord Stiúrtha COMHAR roimh iarratais don chúram
Comhghairdeas leis na scríbhneoirí úra uilig a ghnóthaigh duaiseanna in Oireachtas Liteartha na Gaeilge 2010. Ina measc, bhí Caitríona Ní Chléirchín, Doireann Ní Ghríofa, Órla Ní Chuilleanáin, Pádraig Mac Congáil, Proinsias Mac a’ Bhaird, Ríona Nic Congáil, agus Seán Ó Dubhchon. Agus níl anseo ach an tús…
Agus léann litríocht na n-óg ag teacht faoi bhláth go hidirnáisiúnta, feictear go dtugann an cineál litríochta seo léargas úr, nuálaíoch, ar litríocht agus ar chultúr na nGael. Tá sé mar aidhm ag an gCéad Chomhdháil ar Litríocht Ghaeilge na nÓg fóram plé a bhunú chun an lucht léinn, oideachasóirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, agus daoine eile a bhfuil dúil acu i litríocht na n-óg, a thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcineál litríochta seo, mar aon le gnéithe de stair agus de thodhchaí litríocht na n-óg a phlé.———◊———
Imeachtaí Éigse Fhilí Chiarraí, 1 agus 2 Deireadh Fómhair
• Aoine, 1 Deireadh Fómhair, 8p.m., Óstán Meadowlands,
Léacht ar logainmneacha cheantar Thrá Lí le Breándán Ó Cíobháin,
Seoladh leabhair le Pádraig Mac Fhearghusa ina dhiaidh.
• Satharn, 2 Deireadh Fómhair, 7.00.m., Turas Bus ón Óstán Meadowlands, Trá Lí, go dtí Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, mar a mbeidh oíche cheoil agus chaidrimh ag Óstán Cheann Sibéal.
(Ar ais i dTrá Lí ag 1.00a.m). Seolfaidh Breandán Mac Gearailt ‘Stádas na Gaeilge san Ardteist: Na Réasúin leis’ le Maolsheachlainn Ó Caollaí.
Éigse Fhilí Chiarraí
eagraithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí. feasta@eircom.net
Nóirín Uí Dhálaigh, rúnaí Chraobh Thrá Lí. nodalaigh@hotmail.com
Leaba agus bricfeasta ar fáil ag an Óstán Meadowlands, ionad na ceardlainne scríbhneoireachta, ar 65 euro (seomra singil), 45 euro (i bpáirt). Fón: 066-7180444 www.meadowlandshotel.com

Beidh sé ar fáil ag www.litriocht.com luath go leor, freisin.
Mura bhfuil tú sna Stáit, i gCeanada nó sa Ríocht aontaithe, fan go bhfaighfidh siad iad (faoi cheann coicíse, déarfainn) agus ceannaigh uathusan é, mar tá postas an daor go dtí na tíortha eile ag magcloud.
COMHAR - Meán Fómhair 2010Seacht mbliana ag iomramh atá IMRAM agus gan aon fhonn orainn na maidí rámha a ligean le sruth. Aistear síoraí atá romhainn i réimse na litríochta, idir shean is nua. Cúis mhórtais dúinn i mbliana breith an fhile mhóir Máirtín Ó Direáin a cheiliúradh. Beidh léacht agus díospóireacht againn faoina shaothar. Feicfear dánta de chuid an Direánaigh ar an DART ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh agus is i gcomhar le Poems on the Dart de chuid Iarnród Éireann an fiontar seo.
Comhoibriú agus comhpháirtíocht ar mana ón dtús againn agus arís i mbliana: d'eagraíomar Riverrun, oíche dhátheangach cheoil agus filíochta agus an teach lán mar chuid de Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath; bhí trí léamh againn don Oíche Chultúrtha, i gcomhar le hÉigse Éireann/Poetry Ireland; comhpháirtíocht nua le Leabharlanna Chathair Átha Cliath agus ClubLeabhar.com is ea Scéalta Átha Cliath.
Léiríonn IMRAM 2010 go bhfuilimid tiomanta don úire agus don nuálaíocht i gcónaí agus tá an-chaint ar siúl cheana féin mar gheall ar an dá thionscadal atá ag an bhfile turgnamhach Séamas Cain dúinn, Gaeltacht na bhFéarthailte/ The Prairie Gaeltacht agus tríd an gcoill. Beidh an litríocht á reic agus á plé, ceol le Muintir Uí Chonaola, Mo Hat Mo Gheansaí, MC Muipéid, Steve Cooney, Colm Ó Snodaigh agus tuilleadh nach iad; ceardlanna; drámaíocht, suiteáil físe & fuaime agus léargais eile ar cé chomh bríomhar is atá litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Bí linn.

Cuireann an chomhlacht foilsitheorachta
Coiscéim
fáilte romhat go
~Ionad Éireannach don Léann Daonna
(Humanities Institute of Ireland)
UCD, Belfield, Baile Átha Cliath 4. Ar an
Aoine, 3 Meán Fómhair @ 4.45 in
nuair a sheolfaidh
an Dr. Liam Mac Amhlaigh
an leabhar nua-fhoilsithe
Crithloinnir
Le
Caitríona Ní Chléircín
Beidh soláistí curtha ar fáil don ócáid