26.3.11

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Áit: Ostán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
Dáta: Luan Cásca, 25 Aibreán 2011
Am: 10.30a.m. – 5.00p.m.

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, san Óstán Meadowlands, Trá Lí ar an Luan, 25 Aibreán 2011, 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.

Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe cloífear le deichniúr.
Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille).

N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé agat (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa, taighde staire nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 17 Aibreán, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.

Stiúrthóirí ceardlainne:
Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí,
Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí
Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe.
Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa,
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.
——◊——
Istoíche, 25 Aibreán, Óstán Meadowlands, 8.30pm
léifidh Mícheál Ó Ruairc,
úrscéalaí, gearrscéalaí, file, óna shaothar féin.
Fáilte roimh chách.

23.3.11

Scríbhneoirí Úra ar Ghearrliosta Chomórtas Uí Néill 2011

Comhghairdeas le Doireann Ní Ghríofa, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Proinsias Mac a’ Bhaird agus Fionnuala Ní Mhealláin agus an gearrliosta do Chomórtas Uí Néill bainte amach acu.

Is iad seo a leanas na filí ar fad a bhain amach an gearrliosta agus a bheidh ag léamh a gcuid dánta ag an gcraobh ceannais:

1. Sólas – Doireann Ní Ghríofa
2. Gort an Óir – Seán Breathnach
3. Ceangal na cúig gcaol – Seán Ó Muireagáin
4. Díosgán – Rody Gorman
5. Irrintiza – Ailbhe Ní Ghearbhuigh
6. Míol mór Bhreandáin – Proinsias Mac a’ Bhaird
7. Lúb ar lár – Máire Wren
8. Maidin Geimhridh – Fionnuala Ní Mhealláin

Beidh an Chraobh Ceannais den chomórtas filíochta ar siúl i mBaile Átha Cliath ar Déardaoin 7 Aibreán 2011 ag 8pm.

7.3.11

Eagrán an Earraigh

Tá an t-eagrán úr de An Gael ar fáil anois! Beidh sé ag http://www.litriocht.com/ sul i bhfad. Sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus sa RA, is féidir é a fháil ó http://www.magcloud.com/. Agus anois, ag magcloud, tá sé ar fáil mar pdf, freisin. Tá gach eagrán eile (nua-aimseartha) ar fáil i gcónaí, freisin.
San eagrán seo, tá scéal le Muiris Ó Bric, Dánta le hEoinDunford, alt faoin "Mittelalter Metal" le Séamas Ó Neachtan, alt faoi agus leagan nua de scéal ó Phádraig Feiritéar leis an Dr. Séamus Ó Diollúin, na colúin faoin seanchas agus ceol le Gearóid Ó Ceallaigh agus Lugh DePaor, agus sean-ábhar iontach ó An Gaodhal agus The Wolfe Tone Annual. Agus eagarfhocal is carún leis!
Bíonn fáilte roimh ábhar ó scríbhneoirí an chumainn seo am ar bith, dar ndóigh, má bhíonn an fonn sin ar éinne! Tá gach eolas ar http://www.angaelmagazine.com/.

An Fhéile Aye Write i nGlaschú

Beidh an file Caitríona Ní Chléirchín ag léamh a cuid filíochta mar chuid den fhéile Aye Write i nGlaschú ar an Chéadaoin an 9ú Márta. Tosóidh an léamh ar 6.30 sa Leabharlann Mitchell i nGlaschú. Beidh beirt fhilí úra Gaidhlige Daibhidh Eyre, Calum MacLeod ag léamh ina teannta, chomh maith leis an fhile Peter Mac Kay. Beidh Chris Agee ó Irish Pages i láthair ansin fosta, chun labhairt faoi na hiarrachtaí atá ar bun aige nascanna foislitheoireachta a chothú idir an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban.
Beidh an féile seo urraithe ag Comhairle na Leabhar Gàidhlige agus tá sonraí faoi imeachtaí na féile ar fáil ag: http://www.ayewrite.com/programme/events/Pages/Peter- MacKay.asp

6.3.11

Guthanna Úra ag Féile na Leabhar

Proinsias Mac a’ Bhaird, Caitríona Ní Chléirchín,
Kevin Power, Claire Kilroy agus Adam Kelly
ag Féile na Leabhar, Baile Átha Cliath, níos luaithe inniu.

28.2.11

Guthanna Úra ag Aonach na Leabhar, Baile Átha Cliath


Beidh Aonach na Leabhar, Baile Átha Cliath, ag tosú an tseachtain seo. I measc na n-imeachtaí, beidh seisiún ann do scríbhneoirí úra na Gaeilge agus an Bhéarla agus gheofar an deis Caitríona Ní Chléirchín, Proinsias Mac a’ Bhaird, Claire Kilroy, agus Kevin Power a chloisteáil ag léamh as a saothair.

Fáilte roimh chách…

Am: 1:10 i.n.
Lá: Dé Domhnaigh, 6 Márta
Áit: Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath

25.2.11

Eagla

Ar Eagla na hEagla


Cad atá i ndán “d’Éirinn bhán” anois? Cé bheidh “i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gCAM” d’éis an olltoghcháin seo? Cuireann na ceisteanna seo eagla orainn uile i láthair na huaire, dealraíonn.



Tá feiniméan nua tagtha chun solais in iarthar na hEorpa le 25 bliain anuas dar leis an bhfealsamh Luc Ferry. ‘Prolaiféarú na nEaglaí’ a thugann Ferry ar an bhfeiniméan sin. Taibhsítear do Ferry go bhfuil eagla orainn roimh gach rud, nach mór, ar na saolta seo. Creideann sé go gcuireann cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí éiceolaíochta, gnéas, tobac, éin (fliú éanúil), otracht, clónáil, féinmharú, Wikileaks- cuireann na nithe seo uile eagla orainn, dar leis. Ní hamháin sin ach braitheann sé go bhfuil prolaiféarú ainrianta ag teacht ar líon na ‘nEaglaí’ seo bliain i ndiaidh bliana.



Anseo in Éirinn iarGhlas, braithim féin go bhfuil eagla ar Ghaelaibh roimh na hinimircigh, na heisimircigh, an sneachta, bánú na tuaithe, meath na Gaeilge, fás na Síne fada, na hÓglaigh, na hAostaigh, an CAI, An CIA, an ICA, an FCA agus breallóg sin na brille bhreaille, eadhon, Caoimhín Meidhreach. An mbaineann mo thuairimse le hábhar? N’fheadair... ach tá eagla orm go bhfuil breall orm.



An bhfuil an ceart ag Ferry? An feiniméan nua í an eagla? Shamhlófá go raibh aois Mhurchaidh is Mheanchair ag an eagla anois! Conas is féidir le Ferry a rá linn gur feiniméan comhaimseartha is ea í, más ea? Ní cheapann Ferry gur feinméan nua is ea an eagla per se. Tá athrú suaithinseach tagtha ar an bhfeidhm atá ag an eagla i ndioscúrsa poiblí an tsaoil chomhaimseartha, áfach. Tá an tuiscint atá suas ar an eagla anois bun os cionn leis an mbuntuiscint a bhí ceannasach in iarthar na hEorpa 25 bliain ó shin, dar leis. Cén tuiscint a bhí againn ar an eagla roimhe seo, más ea?



Tabharfaidh mé ‘eagla neamhréasúnach’ ar an tuiscint seo. Mothúchán diúltach ab ea an eagla seo aisti féin. Nuair a bhíodh eagla ort agus tú óg, mar shampla, bhíodh náire ort an eagla sin a adhmháil os comhair an tsaoil. Cúis náire ab ea í. Ar deireadh, áfach, thuismigh an ‘eagla neamhréasúnach’ sin neamhspléachas ionat. Conas? Thug sé ort smaoineamh asat féin go misniúil stuama agus gníomhú d’fhonn is go bhféadfá an eagla a shárú go héiritheach. Dúshlán is ea an eagla sa chiall seo. Mothúchán diúltach a éilíonn gníomh dearfach chun braighdeanas neamhréasúnta na heagla a scaoileadh.



A mhalairt de thuiscint atá suas inniu, ar shlí. Tabharfaidh mé ‘eagla réasúnach’ ar an tuiscint seo. Ní mothúchán diúltach í an eagla seo. Ní cúis náire í an eagla seo. Nuair a bhíonn fadhb ar bith againn sa saol poiblí san am i láthair, is é an chéad rud a dheineann na ‘saineolaithe’ ná eagla a léiriú i dtaca leis an bhfadhb. Samhlaítear eagla le gaois sa phróiseas seo agus creidtear coitianta gur chéim dhearfach fhorásach is ea í seo. Léiríonn an ‘eagla réasúnach’ seo sofaisticiúlacht smaointeoirechta na haoise seo, mar dhea.


Tá fadhb leis an tuiscint áirithe seo, dar liom. Má ghlactar leis gur rud maith ann féin is ea an ‘eagla réasunach’ seo, tuismíonn an tuiscint áirithe sin éighníomhaíocht pholaitiúil go mion minic. Conas? Ní dúshlán í an ‘eagla réasúnach’ seo a thuilleadh, dúshlán ar gá dúinn dul i ngleic leis agus a shárú, más féidir. Is geall le hortadocsacht chomhaimseartha anois í an tuiscint gur suáilce ghaoismhear is ea an ‘eagla réasúnach’ seo. ‘Tá eagla orainn faoi X, Y & Z”. Reitric bheagmhaitheasach, dar liom. Focail mhóra agus droch-chur leis. Focail mhóra agus mogaill fholmha. Téann

na focail le gaoth. Ní théann buile ar bith le cnámh. Plus ça change... bleá dí bleá dí bleá.



Áitíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil ‘eipidéim’ ag spré ar fud na hÉireann faoi láthair. Tá 300,000 páiste atá róthrom nó murtallach sa tír. Beidh 310,000 anseo an bhliain seo chugainn. Bhain na figiúirí seo siar asam. Cuireann an fhadhb seo ‘eagla’ ar dhochtúirí na hÉireann. Eagla?! Chuir eagla sin na ndochtúirí ionadh orm. Cad a chiallaíonn sé go díreach? An bhfuil dochtúirí na tíre sceimhlithe ina mbeatha go dtabharfaidh Augustus Ó Gloop agus na siotalaigh eile burdáil dóibh nuair a deirtear leo nach bhfuil cácaí Jaffacha sláintiúil don bhricfeast? B’fhéidir... ach ní dócha é. Is é oighear an scéil, ar ndóigh, go gcreidtear gur ‘gníomh’ dearfach ann féin is eagla sin na ndochtúirí. Tá eagla ar na dochtúirí ergo beidh gach rud go breá!



Cén toradh a bhí ar an ‘eagla réasúnach’ seo in Éirinn le blianta beaga anuas? Collphocú an tsaoil phoiblí. Amhail an collphoc bocht, bhí gannachúis báls in Éirinn. Tá mo leordhóthain de reitric na heagla agamsa. Gníomhaíocht mhisniúil atá de dhíth. Anois ar eagla na heagla agus in ainm Dé-Zeus... ná habairse leis na polaiteoirí go bhfuil eagla ort a thuilleadh!



Muiris Ó Meara

23.2.11

Foilsiúcháin dhigiteacha


Tá gach eagrán (nua-aimseartha) de An Gael ar fáil mar leagan digiteach anois. Agus gach leabhar de chuid Tí Trá Lí Media ar fáil, freisin.


20.2.11

Scéim Scríbhneoireachta ‘Cluas Cleite’

Reáchtálfar dhá chúrsa ar an Scríbhneoireacht Chruthaitheach – ceann do dhaoine fásta agus ceann eile do dhaltaí dara leibhéal – i nGaeltacht Mhúscraí an tEarrach seo.
Is faoi stiúir an scríbhneora dátheangaigh Ré Ó Laighléis a bheidh na cúrsaí.

Cúrsa 6 seisiún i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ do dhaoine fásta.
Gach Dé Luain idir 7.30 & 9.30
ag tosú @ 28ú Feabhra go dtí 4ú Aibreán
san Ionad Lae , Baile Mhúirne.


Is í is aidhm leis an gcúrsa sa dá chás go mbeidh tuiscint soiléir ag na rannpháirtithe ar
nádúr agus eilimintí an dá genre (gearrscéal agus úrscéal) agus ar an gcur chuige is gá len
iad a shaothrú go héifeachtach. Is dianchúrsa a bheidh i gceist, ina mbeidh spriocanna
seachtainiúla le baint amach ag na rannpháirtithe síos tríd.
In imeacht na gcúrsaí, tabharfar aghaidh agus léargas cuimsitheach ar bhun-eilimintí agus

scileanna riachtanacha na scríbhneoireachta cruthaithí, m.sh., struchtúr, plota, carachtracht, inseoireacht, comhrá agus stíl, agus é mar sprioc go mbeidh sé ar a gcumas ag na rannpháirtithe scéal ar ardchaighdeán a chruthú.

Cuirfear tús leis an gcúrsa do dhaoine fásta ar an Luan 28ú Feabhra san Ionad Lae
Nua i mBaile Mhúirne costas €50

Má thá suim ag éinne páirt a glacadh sna ceardlanna seo, ní mór teangmháil a dhéanamh láithreach le Bríd & Síle @ 026.45733

Tá an scéim seo, ‘Cluas Cleite’ faoi stiúir Ionad Cultúrtha agus maoinithe ag Ealaín na
Gaeltachta agus ag Coiste Gairmodeachais Chontae Chorcaí.

Ionad Cultúrtha
Baile Mhúirne
Co Chorcai
026.45733


eolas@ionadculturtha.ie
http://www.ionadculturtha.ie/

15.2.11

Comórtas Filíochta Uí Néill

Tá Comórtas Uí Néill 2011, oscailte anois d'iarratais, go dtí 16 Márta 2011. Is comórtas dátheangach é seo áit ar féidir le hiarratasóirí dán scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gaeilge na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chuir ar fáil chomh maith.
Níl aon chostas ag baint leis an gcomórtas seo ná níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de ach oiread.Beidh príomhdhuais de €500 á thairiscint don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach ar an irisleabhar Comhar, Gaelport.com agus sa nuachtlitir Eolas. Reáchtálfar craobh Chomórtas Uí Néill ar 7 Aibreán 2011, Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.Tá eolas ar rialacha an chomórtais mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ag na naisc thíos:
www.gaelport.com/comortasuineill

8.2.11

Tairseach le seoladh

Seolfar an ceathrú heagrán den iris Tairseach, iris Ghaeilge na mac léinn sa cheathrú bliain Iriseoireachta agus Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Déardaoin 10 Feabhra.
Is é Pádraig Ó Ciardha, leascheannasaí TG4 a dhéanfaidh an seoladh agus beidh sé ar siúl i Scoil na Meán, Sráid Áinséir, Déardaoin 10 Feabhra ar a 4.45in.
Beidh fíorchaoin fáilte roimh chách ag an ócáid.

6.2.11

Dea-scéal Chaitríona Ní Chléirchín

Comhghairdeas ó chroí le Caitríona Ní Chléirchín, a bhfuil leabhar nua léi, Crithloinnir, ar an ngearrliosta do Dhuais Rupert agus Eithne Strong, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Filíochta Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Léifidh Caitríona a cuid filíochta ag an bhFéile ar an Domhnach 27 Márta agus roghnófar an buaiteoir ag an ócáid sin.

Go n-éirí leat, a Chaitríona!

17.1.11

Ceardlann: Filíocht na Gaeilge san 21ú Aois

Fóram a bheidh sa cheardlann seo ina ndéanfar plé ar fhilíocht na Gaeilge san 21ú Aois. Spreagadh - giniúint shíol na filíochta san aigne. Plandáil - conas é a chur ar phár. Bláthú - saibhriú dáin, é a chur in eagar.
Is í Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bheidh mar áisitheoir ar an gceardlann. Déanfar cíoradh cáiréiseach ar dhánta na rannpháirtithe. Beir leat dán(ta) ar mian leat barr feabhais a chur orthu. Fáilte roimh chách.
Dáta: Dé Sathairn, 19 Feabhra 2011, 11:00-1:00
Uasmhéid rannpháirtithe: Ochtar
Táille: €30
Tuilleadh eolais: munsterlit@eircom.net

10.1.11

Duaiseanna Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí 2011

Tá sé in am arís ag filí na hÉireann agus na hAlban dul i mbun a gcuid saothar a sheoladh ag ceann de chomórtais mhóra na hEorpa. Cé gur i mbaile beag i gContae Ros Comáin atá an comórtas lonnaithe, bíonn filí an domhain mhóir istigh ar Chomórtas Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí. Duaiseanna 15,000 euro san iomlán a bhíonn i gceist, san áireamh 4,000 euro do bhuaiteoir an chomórtais Bhéarla, agus duais den mhéid céanna ar an dán Gaeilge is fearr (i nGaeilge na hÉireann, sa Gháidhlig nó sa Mhanannais). An t-eagras idir-Cheilteach Colmcille a dheineann urraíocht ar an duais deiridh seo, agus ar an dara agus ar an tríú duais de 2,000 agus 1,000 euro chomh maith; agus íoctar táille taistil agus léitheoireachta de 400 euro le triúr eile fós ar an ngearrliosta. Ná dearmadtar Duais Percy French, ar véarsaíocht ghrinn / aorach (i mBéarla nó i nGaeilge), ach oiread: cá bhfios cén duaiseoir a shleamhnófar ‘an clúdach donn’ chuige nó chuici an dreas seo!
Tuilleadh eolais ar fáil ar líne ag http://www.strokestownpoetry.org/ <http://www.strokestownpoetry.org/> agus is cóir iontrálacha, líon ar bith acu ar ábhar ar bith, ach gan a bheith níos faide ná 70 líne, a sheoladh isteach faoin 24 Eanáir 2011.

15.12.10

An tUltach in Uachtar

Má theastaíonn uait bheith ag coinneáil suas chun dáta le An tUltach, irisleabhar Chomhaltas Uladh, tá blag (www.antultach.wordpress.com/) agus leathanach facebook ag baint leis, agus is fiú go mór súil a chaitheamh orthu.
Agus má bhíonn tú díomhaoin i rith na Nollag, ní dhéanfadh sé aon dochar peann a chur le pár agus ábhar a sholáthar don irisleabhar seanbhunaithe seo. Glactar le hagallaimh, tuairimíocht, léirmheastóireacht, tuairiscí ar chúrsaí reatha, litríocht, stair, spórt, ceol, cultúr, na healaíona agus eile.

An Gael - Geimhreadh 2010


Tá an t-eagrán is nuaí de Iris Idirnáisiúnta na Gaeilge ar fáil. Beidh sé ag litriocht.com go luath (tá siad sa phost!) agus tá siad ar fáil cheana ag magcloud.com (ach tá postas ró-ard ann mura bhfuil tú i do chónaí sna Stáit, i gCeanada nó sa Ríocht Aontaithe). Is féidir súil a chaitheamh ar an taobh istigh anseo.

San eagrán seo, tá dánta le Eoin Dunford agus Doireann Ní Ghríofa, tá ficsean aistrithe ón Rúisis ag Mark Ó Fionntáin, agus ficsean eile le Lugh De Paor agus Séamas Ó Neachtain. Tá scéal eile le Muiris Ó Bric, colún Lugh De Paor faoin gceol, agus tá alt le Réamonn Ó Cléirigh faoin a chuid taighde ar an stair. Agus mar is iondúil, tá sean-stuif agus pictiúirí deasa ann freisin. Rud éigin do gach éinne!

COMHAR & LEABHAIRCOMHAR

Bhí an-oíche ag lucht tacaíochta COMHAR agus Leabhair COMHAR sa Leabharlann Náisiúnta ar an 13 Nollaig, nuair a seoladh iris mhí na Nollag agus an dá shuíomh idirlín nua http://www.iriscomhar.com/ agus http://www.leabhaircomhar.com/
Chomh maith leis sin, seoladh na leabhair seo a leanas: Rún an Bhonnáin (Proinsias Mac a' Bhaird), Uachtaráin na hÉireann (Eithne Nic Eoin), agus Samhradh an Chéasta (Catherine Foley).
D’fhógair Bord Stiúrtha COMHAR Teo. ceapachán Chathail Goan ina chathaoirleach ar an mBord ó 1 Eanáir; fógraíodh freisin go bhfuil Ian Ó Caoimh agus Aifric Mac Aodha ceapaithe ina eagarthóir agus ina heagarthóir liteartha faoi seach ar iris mhíosúil COMHAR, ag teacht i gcomharbacht ar Phól Ó Muirí.

6.12.10

Déjà vu: Leabhar nua Phroinsias Mhic a’ Bhaird le seoladh

*****De bharr na drochaimsire, beidh an seoladh seo ar siúl ar an 13 Nollaig*****
Ba mhór ag COMHAR agus LeabhairCOMHAR tú a bheith i láthair Dé Luain, 13 Nollaig ar 6:30in i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

nuair a sheolfaidh Cathal Goan, Uas. na leabhair nua-fhoilsithe:

Rún an Bhonnáin (Proinsias Mac a' Bhaird), Guth Nua
Uachtaráin na hÉireann (Eithne Nic Eoin), Doras Feasa
Samhradh an Chéasta (Catherine Foley), Foghlaimeoir Fásta
agus nuair a sheolfar COMHAR: Iris mhí na Nollag agus an dá shuíomh idirlín nua http://www.iriscomhar.com/ agus http://www.leabhaircomhar.com/

RSVP ag iriscomhar@gmail.com roimh an Aoine 10 Samhain