13.10.11

Scríbhneoir Úr ar an nGearrliosta do Ghradam Réics Carló

Tá leabhar dar teideal Hiúdaí Beag, scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair agus maisithe ag Olivia Golden, ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló). Cló Mhaigh Eo a d’fhoilsigh an leabhar seo.

Níor oibrigh Hiúdaí Beag oiread agus lá amháin riamh. Bhí sé lá i ndiaidh an lae sa bhaile go dtí gur caitheadh amach as an teach é. Tosaíonn an scéal agus Hiúdaí Beag ar tí tabhairt faoin domhan mór. Castar go leor daoine neamhghnácha leis amuigh sa saol agus mheasfá go bhfuil an t-ádh leis go dtí go gcastar Rí na gCat leis.
Comórtas liteartha faoi leith atá i gceist le Leabhar na Bliana trína ndírítear go háirithe ar shárchaighdeán foilsitheoireachta gan neamhaird a dhéanamh de ról suntasach an údair. Don chéad uair i mbliana, tugtar aitheantas chomh maith do ról an mhaisitheora i leabhair do pháistí. Foras na Gaeilge a chuireann ciste ar fáil don chomórtas agus Oireachtas na Gaeilge a dhéanann an riarachán ina leith.

29.9.11

Dea-scéal Phroinsias & Phádraig

Comhghairdeas le Proinsias Mac a’ Bhaird! Bhain úrscéal leis, Rún an Bhonnáin, an chéad duais d'fhicsean éadrom i gcomórtas liteartha an Oireachtais ag tús na seachtaine.
Mura bhfuil Rún an Bhonnáin léite agat, b’fhiú duit cóip a fháil láithreach. Sa scéal seo, tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Gunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?

Tuilleadh eolais: http://www.iriscomhar.com/


Ba mhaith linn tréaslú le Pádraig Mac Congáil freisin, a bhain duais an Oireachtais d’aiste a bhain le Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge.

19.9.11

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012


Le tamall anuas, tá go leor díospóireachta sna meáin chumarsáide maidir le stair, stádas agus cearta na n-óg in Éirinn. Ach céard faoi chultúr na n-óg sa tír seo agus céard faoi thionchar agus ról na Gaeilge mar chuid den chultúr sin?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil seo ar Litríocht & Chultúr na nÓg ardán a thabhairt d’oideachasóirí, do scoláirí, d’fhoilsitheoirí agus d’ealaíontóirí den uile chineál chun a dtuairimí maidir le litríocht agus cultúr Gaelach na n-óg a phlé. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; An Litearthacht i measc na nÓg; An Óige sa Bhéaloideas; Freastal na Meán Cumarsáide Gaeilge ar an Óige; Cartúin agus Cláir Ghaeilge do Pháistí; Amhráin agus Dánta do Pháistí; Drámaíocht agus na Taibhealaíona i measc na nÓg; An Óige & Gluaiseachtaí na Gaeilge.

Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com roimh an 19 Nollaig, 2011.
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com/

AN GAEILGEOIR GRÁMHAR le Alan Desmond

Is mór an t-athrú atá tagtha ar shaol Bhiddy Uí Laoghaire ó thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge beagnach dhá bhliain ó shin. Tá sí ina seanmháthair, tá sí pósta dara huair agus tá roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha aici. Ach tá athruithe eile i ndán di. Tagann an mac is sine léi, Eoin, abhaile ón Astráil agus fear eile ina theannta. Ach cén sórt gaoil atá eatarthu? Cuireann an tsuim atá ag Mánas, an múinteoir Gaeilge, i mná óga isteach go mór ar Bhiddy. Ach an éireoidh sí as an rang mar gheall ar iompar Mhánais? An éireoidh léi cailín a fháil d'Eoin?

Tá na freagraí go léir le fáil sa leabhar gairid soléite seo. Seo é an tríú húrscéal ag an údar don fhoghlaimeoir fásta tar éis An Foghlaimeoir Fásta (Comhar, 2006) agus Gaeilge agus Grá (Comhar, 2007). Agus scéal Bhiddy á leanúint aige is féidir leis an léitheoir eolas a chur ar fhocail agus nathanna cainte agus a chuid féin a dhéanamh díobh gan dua. Tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte deacra ag bun an leathanaigh, rud a chabhraíonn go mór leis an léitheoir an scéal a thuiscint agus a chuid Gaeilge a fheabhsú.

Údar
Rugadh agus tógadh Alan Desmond i gCorcaigh. Chaith sé seal ag teagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal sa Pholainn agus tá suim ar leith aige, go gairimiúil agus go léannta, i ngach ábhar dleathúil. Tá a chuid scríbhneoireachta foilsithe in Lá, Foinse, The Irish Times, The Sunday Business Post, Feasta, Comhar agus Beo i measc eile. Scríbhneoir é a bhuaigh duaiseanna i gComórtais Litríochta an Oireachtais dá shaothar agus fuarthas cabhair ó Fhoras na Gaeilge (Clár na Leabhar Gaeilge) le sparántacht ó Scéim na gCoimisiún i scríobh an leabhair seo.

Sonraí
Beidh an leabhar á sheoladh mar chuid de fhéile litríochta IMRAM 2011 i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an triú húrscéal déag sa tsraith d’fhoghlaimeoirí fásta na teanga. Go luath beidh podchraoltaí ándéanamh de na leabhair le fáil ón suíomh www.leabhaircomhar.com

12.8.11

Filí Úra páirteach i bhFéile Leabhar “Mountains to Sea” i nDún Laoghaire

Ar an 3 Meán Fómhair, beidh agallamh agus léamh poiblí le triúr filí óga ar siúl mar chuid den fhéile seo, mar atá: Caitríona Ní Chléirchín, Simon Ó Faoláin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Beidh Tristan Rosenstock ó chlár ealaíon TG4 IMEALL sa chathaoir.
Fáilte roimh chách.
Dáta: 3 Meán Fómhair
Am: 3:30 i.n.
Áit: County Hall
Táille: 10 euro
Tuilleadh eolais: http://www.mountainstosea.ie/

Scéim na nOidí 2011

Tá roinnt mhaith de na scríbhneoirí úra tar éis tabhairt faoin scéim seo le cúpla bliain anuas agus molaimid do scríbhneoirí eile triail a bhaint aisti. Is í aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta Gaeilge comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta Gaeilge (oidí)
Spriocdháta d’iarratais: 17:00, Dé Céadaoin, 31 Lúnasa 2011
Tuilleadh eolais & formeacha iarratais ó: Foras na Gaeilge, Ráth Chain, Baile Atha Buí, Co. na Mí
Rphost: leabhar@forasnagaeilge.ie Suíomh idirlín: http://www.leabhar.ie/

25.7.11

Éigse Fhilí Chiarraí & Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
Aoine 14 agus Satharn 15 Deireadh Fómhair 2011
Réamheolas
AOINE, 14 DEIR. FÓMHAIR , 8.00PM: Fáiltiú agus Léacht ón Dr Neil Buttimer, UCC, ar Sheán Ó Braonáin, File Chiarraí Thuaidh. Oíche cheoil agus chaidrimh dá éis.
SATHARN, 15 DEIR FÓMHAIR, 10.00AM GO DTÍ 1.00PM: Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge. Stiúrthóir Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí; Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
SATHARN, 3.00P.M.: nochtfar leacht ag Eanach, Cathair Uí Mhóráin, an reilig sheanda mar a bhfuil an grianghrafadóir cáiliúil, Tomás Ó Muircheartaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 1955 – 1959, curtha.
SATHARN, 9.00P.M.: Léamh próis agus filíochta, agus seoladh dhá leabhar ó Coiscéim ag an Óstán Meadowlands, Trá Lí.
LÓISTÍN AG AN ÓSTÁN MEADOWLANDS:
Is féidir lóistín a chur in áirithe ag an Óstán Meadowlands ach teagmháil a dhéanamh le 066 718 0444 agus info@meadowlands-hotel.com
Seomra, L & B: 63 euro. Ag roinnt 45 euro. (Ráta tráchtála).
2 oíche + 1 dinnéar, 99 euro (ag roinnt). Fiosraigh faoina mbíonn ar fáil.Justify Full
EOLAS DO RANNPHÁIRITHE CEARDLAINNE:
I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.
Beidh an líon rannpháirtithe teoranta do NAONÚR ar a mhéid.
Costas 20 euro. Lón an tsathairn agus imeachtaí uilig na hÉigse clúdaithe sa táille.

11.7.11

An Gael - Samhradh 2011 ar Fáil



Tá an t-eagrán is déanaí ar fáil in Éirinn agus ar fud an domhain ag litriocht.com. Tá sé ar fáil freisin (i Meiriceá, Ceanada agus an AE) ag angael.magcloud.com. Tá sé ar fáil mar pdf ansin, freisin, más mian leat é a léamh ar ríomhaire nó a leithéid sin. Bíonn na sean eagráin ar fáil, freisin.






Táthar ag bailiú ábhair don chéad eagrán eile. Bheadh suim againn i bhficsean go háirithe, má tá scéal agat. Féach angaelmagazine.com. Bí linn!






17.6.11

Résheoid Chorcaí



Comhghairdeas le Doireann Ní Ghríofa ar seoladh leabhar nua filíochta léi, Résheoid, i lárleabharlann na Cathrach, Corcaigh, le déanaí. Tá Doireann féin agus Biddy Jenkinson le feiceáil sna grianghraif seo.

24.5.11

Seoladh Leabhair

Résheoid le Doireann Ní Ghríofa
Dáta:10ú Meitheamh 2011
Am: 19:00
Áit: Lár-leabharlann na Cathrach – City Library, Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh

Fáilte roimh chách!



Sheol Ré Ó Laighléis Résheoid in Inis le déanaí.

17.5.11

Innéacs d'An Gael




Ar scríobh tú riamh don irisleabhar An Gael? An bhfuil tú fiosrach faoina mbíonn ann? Ar mhaith leat saothair na scríbhneoirí go léir a aimsiú? An bhfuil tú fiosrach faoi ábhair gach eagráin? Tá an t-eolas seo go léir ar fáil trí mheán innéacs nua.



Tá athruithe eile ar an suíomh. Agus an bhfuil a fhios agat go bhfuil An Gael ar fáil mar chomhad pdf anois, chomh mór le hirisleabhar clóite? Agus go bhfuil síntiúis ar fáil? Tá gach eolas anseo.



Beidh eagrán nua againn luath go leor. Agus bíonn gach eagrán de ar fáil i gcónaí. Bí linn!

14.5.11

Íomhánna na Seachtaine

Scríbhneoirí úra a d’fhreastail ar cheardlann léirmheastóireachta agus scríbhneoireachta Dé Sathairn seo caite (d’eagraigh Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge & LeabhairCOMHAR an ócáid seo). Ó chlé: Lydia Groszewski, Aifric Mac Aodha, Laoise Ní Chléirigh, Biddy Jenkinson (stiúrthóir), Beartla de Búrca agus Seán Ó Dubhchon.


Carolina, Aifric, Caitríona agus Celia ag an Oíche Cheoil agus Filíochta i Raghnallach, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin (buíochas le Maureen agus le Siobhán as an ócáid seo an eagrú).

11.5.11

Sealbhú an Traidisiúin: 20 Bealtaine 2011

Beidh comhdháil á reachtáil in Institiúid na hÉireann don Léann Daonna (HII) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, idir 9.15 r.n. - 4.30 i.n. Dé hAoine 20 Bealtaine. Léifear réimse leathan páipéar faoi ghnéithe éagsúla de sheachadadh thraidisiúin agus oidhreacht na Gaeilge, agus seolfaidh Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn, le Ciarán Ó Con Cheanainn (nach maireann) ag 5 i.n. i Seomra Caidrimh na Foirne (B104), Áras Newman.


Coiste na Comhdhála:Niamh Ní Shiadhail, Meidhbhín Ní Úrdail, Ríonach Uí Ógáin.

9.5.11

Seoladh Leabhair

Ba mhaith le Coiscéim agus Doireann Ní Ghríofa cuireadh a thabhairt daoibh chuig seoladh an leabhair úir "Résheoid" in Inis ar an 14ú Bealtaine.
Am: 5.30 i.n.
Áit: Scéal Eile, An Margadh, Inis.
Léarscáil:
http://www.scealeilebooks.ie/Contact%20Us.html

Scoil Samhraidh i UCD

Beidh scoil samhraidh trí lá ar siúl i UCD idir 28-30 Iúil na bliana seo, ar théama an cheangail idir litríocht na Gaeilge agus an stair.
Scoil idirnáisiúnta a bheas ann, a phléifidh le litríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban, agus eagrófar í in ómós do Shomhairle MacGill-Eain, a rugadh céad bliain ó shin (cé nach é a shaothar siúd príomhábhar na scoile). Tabharfar turas leathlae ar Ghleann Maoiliúra i gCo Chill Mhantáin mar chuid den scoil. Áit í sin a bhfuil baint aici le filíocht thábhachtach ón 16ú agus ón 20ú haois. Bheadh an scoil seo an-fheilliúnach do mhic léinn iarchéime, d'fhochéimithe atá ag smaoineamh ar iarchéim sa Ghaeilge, nó dóibh siúd ar spéis leo litríocht na Gaeilge.
Tá eolas cuimsitheach faoin scoil ar fáil ag:
http://www.ucd.ie/icsifl/scoilsamhraidh.html
Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil, agus b'fhiú d'éinne a bhfuil spéis aige/aici ann rphost a chur chugainn a luaithe agus is féidir. Is cóir an táille (€20 i gcás na mac léinn) a chur chugainn faoi dheireadh mhí an Mheithimh.
Máire Ní Annracháin (
maire.niannrachain@ucd.ie)
Órla Ní Chuilleanáin (
orla.nichuilleanain@ucd.ie)

8.5.11

Ceardlann Scríbhneoireachta i mBaile Bhuirne: 10-12 Meitheamh

Beidh Ceardlann Scríbhneoirí faoi choimhirce Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl in Óstán Ghobnatan le linn Thionól na Mumhan

Amannta na Ceardlainne
18.00~19.30 Dé hAoine
10.00~12.00 Dé Sathairn
11.00~13.00 Dé Domhnaigh
Eolas ó Phádraig Mac Fhearghusa :
feasta@eircom.net ; 087 290 1154

29.4.11

Oíche cheoil is filíochta i Raghnallach

Beidh fáilte roimh chách go dtí an léamh filíochta seo le scríbhneoirí áitiúla: Celia de Fréine, Caitríona Ní Chléirchín, Aifric Mac Aodha, agus Ríona Nic Congáil
Ceol, Fíon is Comhrá chomh maith!
Ionad: Eatery 120, Raghnallach
Dáta: 11 Bealtaine
Am: 8 i.n.
Táille: €5
Á eagrú ag Cabairí Raghnallach

25.4.11

Ceardlann Scríbhneoireachta & Léirmheastóireachta

Beidh ceardlann scríbhneoireachta & léirmheastóireachta ar siúl ar an Satharn, 7 Bealtaine, i mBaile Átha Cliath. Tá an cheardlann seo á reáchtáil ag LeabhairCOMHAR, chun an deis a thabhairt do scríbhneoirí teacht le chéile, aithne a chur ar a chéile, agus a gcuid oibre a phlé.
Tá an cheardlann seo teoranta do 15 rannpháirtí, ionas go bpléifear saothair na ndaoine sin i gceart, agus mholfainn duit ríomhphost a chur chuig scribhneoiri.oga@gmail.com láithreach, má tá fonn ort páirt a ghlacadh sa cheardlann seo.

Beidh trí chuid i gceist leis an gceardlann seo:
10.00 – 1.00: Scileanna Léirmheastóireachta leis an Dr Aisling Ní Dhonnchadha
2:00-5:00: An Scríbhneoireacht Chruthaitheach (filíocht san áireamh) le Biddy Jenkinson
7:00-10:00: Seisiún ‘open mic’ i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, a thabharfaidh an deis do na rannpháirtithe a scríbhinní a léamh go poiblí.

Dáta: Dé Sathairn, 7 Bealtaine
Áit: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara
Am: 10 a.m. – 10 i.n.
Táille: 10 euro do mhic léinn / 20 euro do dhaoine atá ag obair

10.4.11

Dea-scéalta Dheirdre Ní Chonghaile

Le tacaíocht ón National Endowment for the Humanities Challenge Grant, tá Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach ag Ollscoil Notre Dame i ndiaidh Comhaltacht NEH Mhic Eochaidh 2011-12 a bhronnadh ar an Dr. Deirdre Ní Chonghaile. Fad is a bheidh sí ag Ollscoil Notre Dame, beidh Deirdre ag réiteach leabhair a bheidh bunaithe ar a tráchtas dochtúireachta, tráchtas dar teideal ‘Ag teacht le cuan’: Irish traditional music and the Aran Islands. I ngeall ar an saothar seo, bhronn An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann gradam uirthi, Duais Adele Dalsimer do Thráchtas Gradamach um an Léann Éireannach 2010. Tuilleadh eolais: http://nationalirelandgalway.academia.edu/deirdrenichonghaile

6.4.11

Duais Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge bronnta ar Ríona Nic Congáil

Bronnadh Duais Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge ar Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010) leis an Dr. Ríona Nic Congáil le déanaí. Bronnadh an duais ag an gCruinniú Idirnáisiúnta den Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann 2011, ag Ollscoil Wisconsin – Madison. Ghnóthaigh an leabhar seo duais cheana féin in Oireachtas na Bliana 2010. Beathaisnéis chriticiúil is ea Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach, a dhíríonn ar an mbean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na hathbheochana agus a dhéanann scagadh ar a ról mar ghníomhaí cultúrtha, mar dhuine acadúil, agus mar fheimineach a chuir smaointeachas an útóipeachais chun cinn.