20.8.13

Comórtas Liam Mhic Uistin sa Ghearrscéalaíocht 2013


Tá áthas ar Áras na Scríbhneoirí Comórtas Liam Mhic Uistin sa Ghearrscéalaíocht 2013 a fhógairt. Is scríbhneoir aitheanta é Liam Mac Uistin a bhfuil gaol fada aige le hÁras na Scríbhneoirí agus le Comhar na Scríbhneoirí agus tá an comórtas seo á sheoladh in ómós dó. Is do scríbhneoirí óga agus úra na Gaeilge an comórtas seo, sé sin scríbhneoirí nach bhfuil aon leabhar foilsithe acu go dtí seo. Níl aon táille ag baint le cur isteach ar an gcomórtas. Mícheál Ó Conghaile a dhéanfaidh moltóireacht ar an gcomórtas seo. Is é Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí a dhéanfaidh urraíocht ar Chomórtas Gearrscéalta Mhic Uistin.
Duaiseanna
An Chéad Duais - €500
An Dara Duais   - €250
Foilseofar na buaiteoirí san iris Feasta.
Ceisteanna chuig Aoife ag info@writerscentre.ie.

19.7.13

Tá An Gael ar Fáil Saor in Aisce!

Más mian leat An Gael a léamh gan aon airgead a chaitheamh, is féidir anois sin.  Faigh leagan digiteach de!  Tá gach eagrán ar fáil faoin am seo saor in aisce mar pdf nó leagan digiteach eile. 

Is fearr i gcló é, dar ndóigh, ach sé seo an dara rogha is fearr.  Más mian leat cóip chlóite a fháil, tá siad go léir fós ar fáil mar sin.

Más mian leat eolas faoin a bhfuil i ngach eagrán, bain feidhm as an innéacs atá againn.

5.6.13

An Gael - Eagrán 17 ar fáil!

Tá an t-eagrán úr ar fáil anseo (i gcló nó leagan digiteach), nó uainn ag www.angaelmagazine.com.  Mar is iondúil, tá ábhar spéisiúl ann - filíocht eile le Gabriel Rosenstock (aistriúcháin ar Hemant Divate), alt faoin eolaíocht le húdar úr Scott Oser, agus i bhfad níos mó.  Tá níos mó faoin teanga féin ná mar is iondúil san eagrán seo.  Agus grianghrafadóireacht le healaíontóirí nua, freisin. 

Bíonn gach eagrán ar fáil i gcónaí.  Bíonn eolas fúthu ar fáil ar an suíomh thuas, go háirithe san innéacs.

Le tamall anuas, tá gach eagarfhocal ar fáil saor in aisce ar an suíomh, freisin, agus cuirtear síos iontusan ar a bhfuil san eagrán chomh maith.

19.3.13

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg


Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, 
Baile Átha Cliath 9 
20-21 Meán Fómhair 2013

Le tamall anuas, tá níos mó béime á leagan ar litríocht agus ar chultúr na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí. Dá thoradh sin, tá forbairt mhór tagtha ar léann litríocht agus chultúr na n-óg go hidirnáisiúnta. Ach cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip? Tá sé mar aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach. 

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin: Filíocht, rannta, amhráin, greannáin agus comicí don óige;  an Ghaeilge agus eagraíochtaí cultúrtha don óige; an drámaíocht mar áis liteartha don óige; foilsitheoirí agus foilsitheoireacht; litríocht agus cultúr na n-óg i siollabais na Gaeilge sna hollscoileanna; an phiseog i litríocht Ghaeilge na n-óg; an Eoraip agus litríocht na Gaeilge; an teicneolaíocht i litríocht agus i gcultúr na n-óg.

Seol teideal an pháipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013. 
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com   

Riarthóirí na Comhdhála: Claire Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams.

9.3.13

An Gael - Nuacht

Tá mórán ábhair nua ar shuíomh idirlín An Gael.  Caith súil air!

Tá an t-eagrán is déanaí tar éis a bheith foilsithe - tá an t-innéacs de ar fáil, freisin.  Bíonn scríbhneoirí nua againn i gcónaí (agus bímid buíoch díobh!).

Tá radharc ar gach clúdach le feiscint ar an leathanach seo.

Agus tá láithreán againn anois ar Facebook.  Déan cairdeas linn!  Táimid ag cur ábhar spéisiúil ann mar gheall ar Seachtain na Gaeilge - agus bíonn ábhar suimiúil againn ansin i gcónaí, a bhaineann leis an iris agus dá mbíonn inti.

28.11.12

An Gael, Geimhreadh 2012

Tá an ceann nua ar fáil! (Féach www.angaelmagazine.com chun breis eolais a fháil). Níl na scríbhneoirí chomh húr an uair seo, cé go bhfuil filíocht ó dhuine acu den chéad uair. Ní hé seo an chéad uair do Gabriel Rosenstock, ámh...

Geimhreadh 2012
36 leathanach, foilsithe ar 11/28/2012

Eagarfhocal; Turas Rothair in Iarthar Chorcaí agus Deisceart Chiarraí le Gearóid Ó Laoi;Tine san Iúntlainn, caibidil a cúig, le Panu Petteri Höglund;Léirmheas ar 'Scairt Feithide', le Séamas Ó NeachtainDánta le Gabriel Rosenstock (as 'Scairt Feithide' - Ko Un);Léirmheas ar 'Hidden Ireland in Victoria', le Colin Ryan;Dán le Muiris Ó Bric;Fonn an Phíobaire, le Lugh D. DePaor;Ón Anallód

27.10.12

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge
Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh
Satharn, 17 Samhain 2012, 10.30a.m. - 5.00p.m.
Stiúrthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí;
Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir,
agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.


I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí & Conradh na Gaeilge a eagraítear na ceardlanna seo atá ar siúl ó 1992. Is é is mó a bhíonn i gceist leo ná comhluadar agus aisfhreagra: léann na scríbhneoirí giotaí dá saothair féin agus faigheann siad aisfhreagra, bíodh sin ina cheist, ina mholadh feabhsaithe nó ina léiriú míthuisceana, óna gcomhscríbhneoirí. Ní léachtanna ar an mbealach cuí le foirm ar bith a scríobh a bhíonn i gceist, ach malartú tuiscintí ar an mbealach le saothar ar leith a thabhairt chun barr feabhais. 

• Tá fáilte roimh scríbhneoirí óga agus ­scríbhneoirí seanbhunaithe, agus go háirithe rompu san atá ag tabhairt faoin gceird don chéad uair. Féachtar chuige go bhfaigheann gach duine a sciar féin d’aird ón gcomhluadar i gcaitheamh an lae. 
• Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar shaothair a chéile, beidh líon na ­rannpháirtithe teoranta do 10 ar a mhéid. 
• N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 10 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.
• Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Clúdaíonn an táille sin an lón ag 1.00p.m. chomh maith
Eolas breise: feasta@eircom.net

Cúirt Filíochta i rith Oireachtas na Gaeilge



Eagrófar Cúirt Filíochta arís i mbliana i rith Oireachtas na Gaeilge a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn. Is i Seomra Glencar in Óstán an Mount Errigal a eagrófar é ag 1.00 ar an 3 Samhain. Mar is gnáth, ócáid neamhfhoirmeálta atá ann do dhaoine a bhfuil dúil acu san fhilíocht agus ar mhaith leo dán nó dhó a aithris + cúpla gloine fíona agus cuideachta den chéad scoth.
Anuraidh, bhí moladh ann go bhféadfaí na dántaí atá á léamh ag filí thaispeáint ar theilgeoir sonraí agus na filí i mbun aithrise. Cuirfear áiseanna ar fáil chuige sin i mbliana. Má tá dúil ag aon duine é sin a dhéanamh beidh na dánta de dhíth orm cúpla lá roimh ré.
Bheinn buíoch as tuairim a bheith agam faoi líon na bhfilí a bheidh i láthair. Má tá sé ar intinn agat a bheith i láthair ag an ócáid b'fhéidir go gcuirfeá scéal chugam roimh dheireadh na míosa seo.
Beannachtaí,
Proinsias Mac a' Bhaird (proinsias@arainnmhor.com)


4.9.12

An Gael - Eagrán Úr

Tá an t-eagrán is déanaí ar fáil anois - féach anseo chun réamhradharc a fháil air (nó cóip a cheannach, ar pdf nó i gcló).  Más lasmuigh de na Stáit Aontaithe agus Ceanada thú, féach anseo.  Tá síntiús ar fáil, freisin.

Bímid ag lorg ábhair dár n-iris, agus bheadh fáilte romhat am ar bith má tá alt, scéal, dánta, nó cibé ar bith agat.  Bí páirteach linn!  Beidh tú i measc comhluadair mhaith (féach bun an leathanaigh)!

www.angaelmagazine.com

31.8.12

CEARDLANNA DO SCRÍBHNEOIRÍ GAEILGE

á n-eagrú ag CLÓ IAR-CHONNACHT
i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath


Beidh na ceardlanna seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin, áfach, do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Níl aon táille i gceist do na ceardlanna seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

BÉAL FEIRSTE
Á heagrú i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus Scoil na Ceiltise, Ollscoil na Banríona.
Dáta: Dé Sathairn, 27 Deireadh Fómhair 2012
Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Gearóid Mac Lochlainn
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin, ag an seoladh thíos ROIMH an 12 Deireadh Fómhair 2012.

BAILE ÁTHA CLIATH
Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí
Dáta: Dé Sathairn, 20 Deireadh Fómhair 2012
Ionad: Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath
Beidh áit d’ochtar ar an gceardlann.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Alan Titley


Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal dá gcuid a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin, ag an seoladh thíos ROIMH an 5 Deireadh Fómhair 2012.


Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: aine@cic.ie


Tá na ceardlanna seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

23.8.12

Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil & an Úrscéil

Cuirfidh MÓINÍN cúrsa cuimsitheach 6 deireadh seachtaine i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ ar fáil in An Scríobhlann, arás traenála MhÓINÍN i mBaile Uí Bheacháin, Co. an Chláir. Tá áit do ochtar (8) ar an gcúrsa. Is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheidh mar stiúrthóir/theagascóir ar an gcúrsa agus cuirfear tús leis ar dheireadh seachtaine 22ú/23ú Meán Fómhair.


Tá ábhar agus gach costas teagaisc don Dianchúrsa seo á n-íoc ag Foras na Gaeilge, ach is faoi na rannpháirtithe féin a bheidh sé íoc as a gcuid lóistín agus taistil (cuirfidh MÓINÍN liosta de thithe lóistín agus óstáin an cheantair ar fáil don ochtar a roghnófar).

Satharn 10 am – 12.30 pm agus 2.30 pm – 4 pm agus Domhnach 10.30 am – 12.30 pm a bheidh i gceist ar gach ceann de na dátaí seo leanas:


Deireadh Seachtaine 1: 22ú/23ú Meán Fómhair
Deireadh Seachtaine 2: 6ú/7ú Deireadh Fómhair
Deireadh Seachtaine 3: 20ú/21ú Deireadh Fómhair

Deireadh Seachtaine 4: 3ú/4ú Samhain
Deireadh Seachtaine 5: 17ú/18ú Samhain

Deireadh Seachtaine 6: 1ú/2ú Nollaig


Tá spású eadrannach idir na seisiúin thuas chun deis a thabhairt do na rannpháirtithe an saothrú cruthaitheach is gá a dhéanamh ar a scríbhinní a chur i gcrích.

Tabharfar aghaidh sa chúrsa seo ar Bhun-eilimintí agus Struchtúir an Ghearrscéil agus an Úrscéil. Tabharfar teagasc ar agus cothófar úsáid bhunscil-eilimint amháin gach aon deireadh seachtaine: Carachtracht / Plota / Comhrá / Inseoireacht (agus an t-eadarghaol idir Inseoireacht agus Comhrá)/ Céimeanna éagsúla an Chomhrá / Stíl


Beidh an cúrsa fréamhaithe in ábhar cruthaithe sa dá genre (mar fhoinsí tagartha) agus in ábhar úr a eascraíonn as an gcúrsa teagaisc amháin, agus seachnófar aon ábhar de chuid na rannpháirtithe atá réamhscríofa agus/nó ábhar a bhfuil saothrú déanta air i gceardlanna eile cheana. Is saothrú ón tús atá i gceist.


Meabhraítear do iarrthóirí gur dianchúrsa é seo agus go mbeidh cur chuige coinsiasach agus comhlíonadh spriocanna eadrannacha i gceist síos tríd.


Níl aon táille i gceist leis an gcúrsa seo ach is faoi na rannpháirtithe féin atá sé a gcuidtaistil agus lóistín féin a mhaoiniú. Cuirfear liosta na n-óstán agus na dtithe lóistín sa cheantar ar fáil dóibh siúd a roghnófar.


Gach eolas agus Foirm Iarratais* ar fáil ó:
Ailsa Ellis, MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir.
Fón 065 707 7256 / e-phost: moinin@eircom.net .
*Dáta deiridh le haghaidh iarratais is ea an Luan 3ú Meán Fómhair 2

11.6.12

Eagrán Úr d'An Gael

Seo daoibh, a chairde!  Samhradh 2012


Ficsean, filíocht, stair, srl. - is fiú é a leamh!  An-saor mar pdf, an-deas i gcló...

27.4.12

Dea-scéal Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Bronnadh Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar Ailbhe Ní Ghearbuigh i mBaile Átha Cliath aréir, Déardaoin 12 Aibreán, ag ócáid a léirigh beocht na filíochta nuachumtha in Éirinn agus in Alban.
Chroch an banfhile óg ó Thrá Lí, Contae Chiarraí an corn léi leis an dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’.
Bhain ocht ndán amach an gearrliosta i mbliana. Ina measc bhí dánta le Brian Ó Tiomain, Calum MacLeòid, Doireann Ní Ghríofa, Aodán Ó Sé agus Art Ó Súilleabháin.

Sliocht as Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

10.4.12

Doireann Ní Ghríofa agus Paul Durcan ag léamh i gCorcaigh

Beidh na filí Doireann Ní Ghríofa agus Paul Durcan ag léamh i gCorcaigh ar an 19ú Aibreán ag 7.15 i Lárleabharlann na Cathrach ag seoladh Cork World Book Fest. Is féidir teacht ar an eolas uilig faoin ócáid seo ar: www.corkcitylibraries.ie/servicesandprogrammes/theconstantreaderbooksreading/corkworldbookfest

Is as Co an Chláir do Doireann Ní Ghríofa ó dhúchas. Bhain sí amach céim mháistreachta sa Nua-Ghaeilge. Tá filíocht léi foilsithe in Feasta, Comhar, Prairie Schooner (Contemporary Irish Writers Issue), Causeway, Cyphers, Ropes Anthology, Revival, An tUltach, Crannóg, The Stony Thursday Book agus An Gael. Beidh tuilleadh dánta á bhfoilsiú go luath i Melusine. Bhain sí duais amach san Oireachtais Liteartha 2010 i rannóg na Scríbhneoirí Úra agus bhí dánta léi ar ghearrliosta Comórtas Uí Néill 2011 agus 2012, chomh maith le comórtas Siarscéal 2012. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht uirthi. Roghnaíodh í le páirt a ghlacadh i Poetry Ireland Introductions Series 2012. D’fhoilsigh Coiscéim an chéad chnuasach léi, dar theideal Résheoid, agus foilseofar a dara cnuasach Dúlasair i 2012.

27.3.12

Dánta do pháistí á lorg

Tá an scríbhneoir úr Seán Ó Dubhchon ag lorg dánta a bheadh oiriúnach do pháistí idir 8-12 bliain d’aois do leabhar filíochta a fhoilseoidh LeabhairCOMHAR níos déanaí sa bhliain. An sprioc atá aige ná saothar filíochta úrnua a chur ar fáil do pháistí óga ar fud na tíre. Tá súil aige go mbeadh an leabhar seo mar spreagadh ollmhór do pháistí óga, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí atá ag iarraidh léitheoireacht na Gaeilge a bhuanú agus a mhúnlú.
Leabhar croineolaíoch atá i gceist agus beidh na dánta bunaithe ar théamaí séasúracha. Beidh an leabhar ag tosú le dánta faoi thús na scoil bliana (an Fómhar) agus ag críochnú le dánta bunaithe ar laethanta saoire (an Samhradh). Ba bhreá leis dánta a fháil ar ábhair éagsúla a bhaineann leis na séasúir agus is é an 20 Aibreán 2012 an spriocdháta chun dánta a sheoladh chuige.
Má tá tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig scribhneoiri.oga@gmail.com

Seoladh Leabhair: Na Laochra is Lú

Comhghairdeas leis an scríbhneoir úr Laoise Ní Chléirigh a bhfuil a céad leabhar do pháistí, Na Laochra is Lú, díreach foilsithe ag an nGúm.
Tugtar cuireadh duit bheith i láthair san Atrium, Coláiste Oideachais Froebel, Ascaill na Croise, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, ar an Déardaoin, 29 Márta ar 7.00 p.m. nuair a chuirfidh Máire Nic an Bhaird Na Laochra is Lú i láthair an phobail.

7.3.12

Ábhar á lorg

A Chairde na hÉigse,

Tá ábhar á lorg ag an iris Southword - dánta, gearrscéalta agus léirmheasanna.

Tuilleadh eolais: http://www.munsterlit.ie/Southword%20Journal.html

Beir bua,
Ailbhe

1.3.12

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
Luan Cásca, 9 Aibreán 2012, 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.
Stiurthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí; Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
• Léamh Próis & Filíochta, oíche Dé Luain ag 8.30p.m.
i Lios Beag san Óstán Meadowlands le Colette Nic Aodha, file,agus Brian Ó Dochartaí, gearrscéalaí.
EOLAS DO RANNPHÁIRITHE CEARDLAINNE:
• I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.
• Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar shaothair a chéile, beidh líon na rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar a mhéid.
• Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Tá lón ag 1.00p.m. agus an léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille.
Urraithe ag Foras na Gaeilge. Eolas breise: feasta@eircom.net