27.7.09

An bhfuil spéis agat sa drámaíocht?

Sheol Taibhdhearc na Gaillimhe Gradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín, scríbhneoir mór na Gaillimhe (1915-1967), sa Gallery Café in Iarsmalann na Gaillimhe le déanaí.
Leis an duaischiste is mó sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta de, beidh muintir na Taibhdheirce ag súil go dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin nua peann a chuir le pár.
Beidh €7,500 le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith le €1,000 don ghearrdhráma is fearr. Mar aoi-chainteoir ar an lá, labhróidh Mairéad Ní Choinceannain, a d’oibrigh leis an uasal Uí Mhaicín agus beidh aíonna speisialta eile ó saol na n-Ealaíon i láthair don ócáid.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas le fáil ar suíomh na Taibhdheirce ag http://www.antaibhdhearc.com/ nó cuir glaoch ar an oifig ag 091 563600

20.7.09

Filíocht le Micheál Ó Siadhail



Western Writers' Centre


Beidh an file le Micheál Ó Siadhail ag léamh a chuid filíochta an Déardaoin beag seo @

Ionad: The Imperial Hotel, Eyre Square, Gaillimh
Am: 7.00pm
Cead Isteach: €5 / €3
T: 0872178138
E: westernwriters@eircom.net
twwc.ie

16.7.09

Ceardlann scríbhneoireachta

Tá Ealaín na Gaeltachta i bpáirtnéireacht leis An gComhairle Ealaín, ag eagrú deireadh seachtaine ceardlanna do scríbhneoirí óga a bhfuil féith na scríbhneoireachta léirithe acu.

Is é an aidhm atá leis na ceardlanna, grúpa scríbhneoirí Gaeilge idir 18 agus 25 mbliana d’aois a thabhairt le chéile faoi stiúir scríbhneoirí aitheanta, agus an deis a thabhairt dóibh díriú ar shaothar a fhorbairt i measc a gcomhpháirtithe, i dtimpeallacht chuidiúil, spreagúil. Beidh na ceardlanna faoi stiúr na scríbhneoirí aitheanta, Louis de Paor agus Éilis Ní Dhuibhne agus reachtálfar iad i dtearmann cruthaitheachta Cnoc Suain, sa Spidéal thar na deireadh seachtaine 23 – 25 Deireadh Fómhair 2009. Bronnfar an deis seo ar dheichniúr.
Seol isteach C.V gearr maidir le do thaithí scríbhneoireachta agus trí shampla de do shaothar. (pros nó filíocht) Roghnóidh painéal cáilithe an deichniúr a ghlacfaidh páirt sa deireadh seachtaine scríbhneoireachta.
Spriocdháta na n-iarratais: Dé hAoine 28 Lúnasa.
Tuilleadh eolais le fáil ó: Mhuireann Ní Dhroighneáin Áisitheoir Ealaín Ealaín na GaeltachtaÚdarás na Gaeltachta na ForbachaCo na Gaillimhe091/503100 m.nidhroighneain@udaras.ie

13.7.09

Cripil Inis Meáin le Martin McDonagh

Aistrithe ag Micheál Ó Conghaile & faoi Stiúir ag Beartla M. Ó Flatharta
Láthair: Amharclann Chois Fharraige,
Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Dátaí: Dé Máirt 14ú – Dé Satharn 18ú Iúil 2009
Am: 8.00in
Ticéid: €15 / €10
I934.
Tá scannán Robert Flaherty, Man of Aran, atá á dhéanamh ar Inis Mór, an áit a bhfuil sé suite ag cur iontais ar mhuintir Inis Meáin. Tapaíonn an ‘Cripil’ Billí Claven a dheis éalú óna dhá aint atá ag coinneáil súil ghéar air, Kate agus Eilín, lena shaoirse a bhaint amach. Téann sé go hInis Mór ag tóraíocht clú agus cáil le cúnamh ón iascaire Bobby Bhobby in éineacht le cailín báire na dúiche, Helen agus a deartháir Beairtlín, a bhfuil dúil mhór aige i milseáin.
Idir an dá linn, is breá leis an bhfear beadáin Johnny Pheaitín Mhaidhc an deis cainte atá aige agus mearbhall ar mhuintir an oileáin faoi eachtraí an cheathrair agus imní orthu an mbeidh an ‘cripil’, Billí, in ann déanamh dó féin sa saol mór.
Is é Mícheál Ó Conghaile a d’aistrigh an dráma dorcha seo go Gaeilge agus is é Beartla M. Ó Flatharta atá ag déanamh an chéad léirithe riamh de. Baineann pearsantacht láidir agus domhain le carachtair Mhartin McDonagh. Is taispeántas casta, gasta, greannmhar é seo a choinneoidh an lucht éisteachta faoi dhraíocht de bharr a spraoi agus an spleodar atá faoi. Tá aisteoirí mór le rá rannpháirteach ann ina measc: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Mícheál Seoighe, Mícheál Ó Dubhghaill, Brídín Nic Dhonncha, Seán Ó Flatharta, Breandan Murray agus Áine Ní Dhroighneáin. Dearadh Stáitse - Dara McGee agus Dearadh na Soilse ó John Comiskey. Is é Máirtín O’Connor a chum an ceol agus is é Conor McBrierty atá i mbun Dearadh Fuaime.
Beidh Cripil Inis Meáin á léiriú in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Shailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe, idir Dé Máirt an 14ú agus Dé Satharn an 18ú Iúil, ag 8.00i.n.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le hoifig Thaibhdhearc na Gaillimhe ar 091-563600 nó: http://www.antaibhdhearc.com/ Is féidir ticéid a ordú in Oifig Ticéad Fhéile Ealaíon na Gaillimhe ar 091-566577 nó ag: http://www.galwayartsfestival.com/

10.7.09

Tá An Gael ar Fáil in Éirinn

An Gael (eagrán an tsamhraidh) ar fáil ó www.litriocht.com anois. Mar sin, tá sé ar fáil ar fud na cruinne, faoi dheireadh!

Táthar ag ullmhú eagrán an Fhómhair, agus ag glacadh ábhair! Scríobh chugainn ag angael@optonline.net má tá alt, scéal nó dánta oiriúnach(a) agat.

1.7.09

Ó Bhéal i gCorcaigh

Má tá éinne agaibh thart ar chathair Chorcaí Dé Luain, 6ú Iúil, beidh oíche filíochta, scéalaíochta is ceoil sa Long Valley, Sráid Winthrop, ag tosnú ar 8.30...

Tuilleadh eolais ag http://www.obheal.ie/blog/

27.6.09

Nuala Ní Dhómhnaill: Léamh Filíochta

Ionad: Ionad Keough Naughton, Ollscoil Notre Dame,
58 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.


Am: 3- 4.30, Dé Céadaoin, 1 Iúil.

Léacht poiblí

Paul Bové - Misprisions of Utopia—Messianism, Apocalypse, and Allegory

Ionad: An Gailearaí Náisiúnta, Cearnóg Mhuirfean

Am: 7 pm. Dé Céadaoin, 2 Iúil.

25.6.09

Scoil Samhraidh

Gliogáil ar an nasc thios agus ansin ar an PDF "Summer School".

http://www.learnmanx.com/cms/news_index_all.html

Lóistin in aisce!!!

15.6.09

COMHAR

Comhghairdeachas le Muiris Ó Meara agus Rachel Ní Fhionnáin. Tá píosa breá ag Muiris in Comhar na míosa seo faoi Scannánaíocht na Gaeilge chomh maith le colún míosúil Rachel.

Féach http://comhar.blogspot.com/

30.5.09

Comórtais Liteartha an Oireachtais

Níl ach mí fágtha go dtí sprioclá na gcomórtas liteartha, mar sin, bígí ag scríobh!
Spriocdháta iontrála do na comórtais: 1 Iúil 2009
Bronnadh na nDuaiseanna Liteartha
Dáta: Dé Máirt, 29 Meán Fómhair 2009

25.5.09

Féile na Gréine 2009, 21 – 23 Meitheamh

An Coireán, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí
Reachtáilfear Féile na Gréine arís i mbliana i dTech Amergin sa Choireán in Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí. Beidh an Fhéile ar súil idir an 21ú agus an 23ú Meitheamh – ag tosnú le grian stad an tsamhraidh ar An Domhnach,an 21ú lá agus ag críochnú le tine chnámh chun Féile Naomh Eoin a chomóradh ar Dé Máirt, an 23ú lá.
Is féile ilghnéitheach ealaíne í Féile na Gréine le ceol, amhránaíocht, rince, filíocht, taispeantas griangrafadóireachta agus seo siorcas.
Osclóidh Vincent Woods (The Arts Show, RTE) an fhéile nuir a sheolfaidh sé taispeántas griangrafadóieachta le John Minahin an griangrafadóir go bhfuil cáil ar a chuid pictiúirí de Joyce, Beckett, Andy Warhol agus ealaíontóirí eile. Beidh sár ceoltóirí agus lucht ealaíne na tíre seo páirteach ann chomh maith le h-aoíonna ó Ghaeltacht na hAlban (Ishbel Mac Askill, amhránaí agus Meg Bateman, file)
I measc na bhfílí eile a bheidh eile ag glacadh páirt san fhéile i mbliana tá Cathal Ó Searcaigh, Micheál Ó hUanacháin, Paddy Bushe agus Gabriel Fitzmaurice.
Beidh an drama ‘The Cambria’ á chur i láthair ag Dónal O’Kelly agus Sorcha Fox. Pléfidh Paddy Bushe an scannán coinspóideach ‘Fairtale of Kathmandu’ agus ordóidh sé ceisteanna idtaobh iontaobhachas agus ionraiceas an scannáin.
Beidh ceol choirm le Kila (Rónán Ó Snodaigh, Colm Ó Snodaigh agus Eoin Dillon), an aisteor cáiliúl Barry Mc Govern agus an cláirseoir Janet Harbison.
Beidh ceol, craic agus cuideachta ar bhonn trí-theangach (Gaeilge, Gaidhlig, Béarla) ar súil i gceantar alainn Uíbh Ráthaigh i rith Féile na Gréine 2009.
Tuilleadh Eolais; Fíona de Buis 0872931463
fdebuis@eircom.net agus http://www.feilenagreine.com/ http://www.feilenagreine.com/ >

21.5.09

Athbheochaint: Seolfar An Gael i Nua-Eabhrac

Seolfar An Gael ag Ard-Chonsalacht na Éireann i gcathair Nua-Eabhraic ar an 12ú Meitheamh um 7:00 i.n. Nochtfar an chéad eagrán nua de irisleabhar stairiúil Chumann Carad na Gaeilge, agus beidh sé ar díol ann don chéad uair.

Seo a bhfuil in eagrán an tsamhraidh:
  • Eagarfhocal

  • Coiriú Coirp - gearrscéal le Seán O’Connor

  • Dánta le Simon Ó Faoláin

  • Cé Sinne? - Stair Chumann Carad na Gailge agus An Gael, le Gearóid Ó Ceallaigh

  • Dánta le Proinsias Mac a’ Bhaird

  • Cuitiliú - gearrscéal le Panu Petteri Höglund

  • Dánta le Seán Ó Coistealbha

  • Tuairisc Ó Cheanada le Allyson Reid

  • Bliain Úr San India - Gearrscéal le Proinsias Mac a’ Bhaird

  • Dánta le Rút Ní Mhaolfhabhail

  • Dán le Ciarán O’Rourke

  • Eachtra i Nua-Eabhrac, le Hilary Mhic Suibhne

  • Dánta le Séamas Ó Neachtain

  • Fonn an Phíobaire - Colún faoin gceol le Lugh De Paor

  • Ón Anallód - radharc ar an saol a chuaigh thart
Beidh gach eolas faoin iris ar http://www.angaelmagazine.com/ ar ball. Níl sé ar fáil go fóill - ach beidh go luath, le cúnamh Dé!

19.5.09

TIONÓL NA MUMHAN 2009

12~ 14 Meitheamh

Ceardlann Scríbhneoirí
Beidh Ceardlann Scríbhneoirí ar siúl in Óstán Ghobnatan faoi choimirce
Scríbhneoirí Gaeilge le linn an Tionóil agus clár + clárúchán dá gcuid féin
ar siúl acu.
Gach eolas ó Phádraig Mac Fhearghusa (087)290 1154
Amannta na Ceardlainne
16.30~18.00 Dé hAoine
10.00~12.00 Dé Sathairn
11.00~13.00 Dé Domhnaigh

14.5.09

Mic Léinn Choláiste Phádraig i mbun pinn

Eagarthóirí Scáthán 09: Michelle Ní Bhraonáin, Shane Byrne agus Keith Smith ag seoladh na hirise i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, inné. Tá idir chúrsaí oideachais, chúrsaí sóisialta agus chúrsaí spóirt na tíre á bplé go cruinn laistigh den iris seo, gan trácht ar na tagairtí ar fad d’imeachtaí corraitheacha an choláiste i rith na bliana!

8.5.09

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aoine 12 — Domhnach 14 Meitheamh 2009

le linn Thionól na Mumhan de chuid Chonradh na Gaeilge

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag na Scríbhneoirí Gaeilge in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí.
Dé hAoine, 12/06/09, 4.30pm - 6.00pm
Dé Sathairn, 13/06/09, 10.00am - 12.00
Dé Domhnaigh, 14/06/09, 11.00am - 1.00pm

Tá na hamanna in oiriúint do imeachtaí an Tionóil: cainteanna, turas go Gugán Barra, comórtas amhránaíochta, etc.

Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorainneofar a líon do naonúr.
Is gá do rannpháirtithe leaba agus bricfeasta a chur in áirithe dóibh féin ag Óstán Ghobnatan, 026-45324.
Íocfar 100 euro i dtreo na gcostas le rannpháirtithe ag deireadh na ceardlainne.

*** *** *** ***
N.B. Seol cóipeanna den saothar atá le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag: feasta@eircom.net i dtreo gur féidir é sheoladh thart ar gach duine a bheidh páirteach sa cheardlann len a léamh roimhré.
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí
& Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith leis an ngiota féin,
i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart ar na rannpháirtithe tamall maith roimh lá na ceardlainne féin chomh maith.
Pádraig Mac Fhearghusa,
43 Na Cluainte, Trá Lí.

7.5.09

Comórtas Filíochta Éist 2009

Rialacha:

  • Caithfidh na filí bheith níos mó ná ocht mbliana déag d’aois
  • Seol 3 dán clóscríofa isteach as Gaeilge nó as Béarla. Bí cinnte nach raibh na dánta sin i gcló cheana.
  • Níl táille ar bith le híoc.

Sprioclá: 31 Iúil 2009.

Seol an t-iarratas chuig: Comórtas Filíochta Éist 2009, Meath County Library Service, Railway Street, Navan, Co Meath.

Féach www.askaboutwriting.net/311cEist3179.htm

25.4.09

Caitríona Ní Chléircín, Aifric Mac Aodha agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh a léigh dánta aréir i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar chuid de chomórtas filíochta AN CHUAIRT 2009.

17.4.09

Agallamh na Míosa: Caitríona Ní Chléirchín

Is file agus léachtóir í Caitríona Ní Chléirchín agus cé go bhfuil sí óg, tá an-chuid scríofa aici ar an bhfilíocht sa Ghaeilge.

Cad as duit?
Is as baile fearainn darbh ainm Gort na Móna mé thart ar dhá mhíle ón sráidbhaile Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin. Tá Scairbh na gCaorach an-ghar don teorainn le contae Thír Eoghain.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Is iad na cuimhní is fearr agus is faide siar atá agam ná laethanta m’óige a chaitheamh ag éirí aníos faoin tuath agus ag súgradh le mo bheirt deirfiúracha. Sna cuimhní sin bhí an ghrian i gcónaí ag soilsiú is ní raibh buaireamh ar bith orainn. Bhí capall againn darbh ainm Star agus bhí an-spórt againn leis fosta.

Ar léigh tú mórán leabhar nó filíochta nuair a bhí tú i do ghirseach?
Léigh mé an chuid leabhair agus mé i mo ghirseach. Bhíodh mo Dhaid i gcónaí ag clamhsán liom toisc mo cheann a bheith sáite sna leabhair i gcónaí. Prós is mó a léigh mé an t-am sin; na claiscaicí ar fad agus bhí luí ar leith agam le banscríbhneoirí fiú ansin; Laura Ingalls Wilder, ‘Anne of Green Gables’, Jane Austen…Is cuimhin liom caoineadh i ndiaidh dom Black Beauty a léamh agus chaith mé samhradh iomlán ag léamh Les Misérables le Victor Hugo agus mé ceithre bliana déag d’aois. Thosaigh mé ag léamh filíochta agus mé thart ar a sé déag.

Cén chaoi ar chuir tú spéis sa scríbhneoireacht chruthaitheach?
Thosaigh mé le dialann a scríobh agus mé deich mbliana d’aois. Tá sé agam go fóill agus tá sé an-ghreannmhar! Bhí smaointí agus mothúcháin agam i gcónaí agus iad saghas rúnda ach bhí orm iad a bhreacadh síos i bhfoirm áirithe.

Céard é an dán is fearr, dar leat?
An-deacair a rá cén dán is mó a thaitníonn liom, taitníonn an méid sin liom, b’fhéidir ‘Leaba Shíoda’ le Nuala Ní Dhomhnaill nó ceann de na dánta grá sin ag Pablo Neruda ach ceapaim thar ceann ar bith an dán ‘Ceathrúintí Mháire Ní hOgáin’ le Máire Mhac an tSaoi.

Cé hé / hí an file is fearr leat agus cén fáth?
Arís tá sé an-deacair le rá, Cathal Ó Searcaigh is dóigh liom toisc an chanúint fhileata álainn atá aige.

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ag scríobh filíochta den chéad uair?
Ní mise an duine is fearr le comhairle a thabhairt ach mholfainn do dhaoine scríobh ón chroí agus an teanga a shaothrú ag an am céanna

Ar chaill tú do mhisneach riamh agus tú i mbun pinn?
Is iomaí uair a chaill mé misneach agus mé ag stánadh ar leathanach bán ach cosúil le hachan rud eile tógann tú sos agus tagann tú ar ais chuige.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid filíochta?
Mo phearsantacht féin? Is dócha go mbíonn muid ar fad dall ar ár bpearsantachtaí féin go pointe áirithe.

Is cosúil go bhfuil spéis agat i mbanfhilí Gaeilge. Céard atá speisialta fúthu?
Labhrann banfhilí faoi taithí na mban. Labhrann siad faoin ghrá, faoi chaidrimh, faoin phósadh, faoin phian, faoin aoibhneas, faoin mháithreachas, faoi bhreith anabaí agus faoin choimhlint ina saoil.Tugann siad guth don taithí baineann agus tá sé sin an-tábhachtach i mo bharúil.

An bhfuil cnuasach filíochta á scríobh agat faoi láthair?
Tá mé ag iarraidh cnuasach a chur le chéile de dhánta atá scríofa agam le sé bliana anuas ach glacfaidh sé tamall.

Cad iad na mórthéamaí sa chnuasach sin?
Grá, pian an ghrá ar uaire, aoibhneas an grá, uaigneas, an faoiseamh a thugann an nádúr dom/dúinn ar fad.

An gcasann tú ceol?
Bím ag canadh anois is arís, is breá liom amhráin cosúil le ‘Jimmy Mo Mhíle Stór’ agus ‘Casadh an tSúgáin’ ach ní bhím ag canadh ach do chomhluadar beag sa bhaile nó sa ghaeltacht.

Ar bhaint tú triail as an aisteoireacht riamh?
Bím ag aisteoireacht achan lá. Is léachtóir mé!

Cá dtéann tú ar saoire?
Gleann Cholm Cille i dTír Chonaill achan samhradh ach is breá liom dul thar lear fosta go háirithe chuig an Fhrainc agus an Iodáil. Chaith mé bliain i Lyon na Fraince i ndiaidh na céime is bhí sé ar cheann de na blianta is fearr i mo shaol.

Tangle Twister, Loop the Loop nó Fat Frog?
Tangle Twister go cinnte!

Céard é an chéad rud a léann tú nuair a osclaíonn tú nuachtán?
An leathanach ar chúl leis na scannáin agus na drámaí atá ar siúl sna hamharclanna!

Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?
Thaitin siad liom, bhí múinteoirí iontach agam agus cairde den scoth.

Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?
Téim ag siúl agus ag snámh chun strus a mhaolú. Is breá liom siúil sna cnoic agus aer úr a fháil isteach sna scamhóga arís. Is aoibhinn liom am a chaitheamh amuigh faoin aeir agus cois farraige ag baint sult as áilleacht an nádúir agus am a chaitheamh le mo chairde fosta ag déanamh rudaí cultúrtha agus béiltí deas le fíon a bheith againn!

An Nuacht is Déanaí Faoi An Gael

Seo iad na húdair a bheidh in eagrán samhraidh 2009, go fóill:

Gearóid Ó Ceallaigh, seanchaí

Séamas Ó Neachtain, eagarthóir, file

Panu Höglund, scéalaí

Seán Ó Connor, scéalaí

Simon Ó Faoláin, file

Rút Ní Mhaolfhabhail, file

Seán Ó Coistealbha, file

Táthar ag súil le hábhar eile, atá fós ar na bacáin - tá duine ag scríobh i gCeanada, agus beirt nó triúr eile ag scríobh ar Inis Fada, síltear, agus bhí suim ag cúpla duine eile in Éirinn. Ach cad fútsa? Cad faoi do chairde? Ní bheidh an deis ann go deo daoibh bheith sa chéad eagrán nua!

Síltear anois go mbeidh An Gael lán-daite! Glacfar le healaíon agus léaráidí fós, más ealaíontóir thú.

Tá gá againn le dáileoirí in Éirinn agus ar fud an domhain. Síltear go mbeidh An Gael ar fáil ar an idirlíon sna Stáit, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe, go fóill.

Beidh an blag philo-celtic-help.blogspot.com ann mar áis don fhoghlaimeoir, a bheidh bunaithe ar ábhar na hirise. Plé as Béarla a bheidh ann, den chuid is mó.

Déanfar an suíomh www.angaelmagazine.com as an nua go luath, agus beidh gach eolas faoin iris ar fáil ansin ar ball.

Ar mhaith leat fógra a chur san iris? Beidh sé saor!

Déan teagmháil linn ag: angael ag optonline.net.

Seo treoracha dár scríbhneoirí.