7.11.11

Féile Bheag Filíochta

A Chairde,

Beidh an Fhéile Bheag Filíochta ar siúl ar an mBuailtín, Co. Chiarraí ag an deireadh seachtaine. Beidh ceardlann filíochta ar bun ag Louis de Paor agus beidh seisiún taitneamhach maidhc oscailte ar siúl tráthnóna Dé Sathairn. Mholfainn an fhéile aoibhinn seo d'éinne ar spéis leo an fhilíocht.

Féach http://www.feilebheagfiliochta.com/

6.11.11

Saol an Mhadra Bháin: Leabhar nua do pháistí ó LeabhairCOMHAR

Cloiseann Ciara go bhfuil saol an mhadra bháin thart. Ach cén chaoi ar tharla sé sin? Nach raibh an madra bán breá sláintiúil go dtí le déanaí? Is léir go bhfuil na daoine fásta ag coinneáil rud éigin faoi rún maidir le bás an mhadra bháin. Beartaíonn Ciara a fháil amach céard atá ar siúl acu agus céard go díreach a rinne siad lena cara beag bán …
Tá an-dúil ag Ríona Nic Congáil sa scéalaíocht, sa tsamhlaíocht agus sa spraoi. Seo an tríú leabhar do pháistí óna peann.
Is maisitheoir agus ailtire í Criona Nangle. Is breá léi bheith ag tarraingt pictiúr de mhadraí beaga bána agus de thithe móra galánta.

3.11.11

Cúirt Fhilíochta ag an Oireachtas

Beidh cúirt fhilíochta faoi stiúir an éigis Ultaigh, Proinsias Mac a’ Bhaird, ar siúl ar Shatharn an Oireachtais, 5 Samhain, san Óstán Gleaneagle i gCill Airne ag 12.30p.m. Ócáid neamhfhoirmeálta shóisialta a bheidh ann a thabharfaidh seans d'fhilí a gcuid saothar a léamh agus a phlé i measc a gcomhfhilí. Fáilte roimh bhaird, filí agus ollaimh!

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh
Dé Sathairn, 19 Samhain 2011
10.30a.m. – 5.00p.m.


Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro.(Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille).
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an Satharn, 19 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.
Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe
teorainneofar a líon do dheichniúr.
N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 12 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.
Stiúrthóirí ceardlainne:
Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe.
Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí. feasta@eircom.net

Duais Cholmcille 2012

Béal Átha na mBuillí / Strokestown 2012
Beidh duaiseanna móra mílte(anacha) ar fáil arís in 2012 le haghaidh chomórtas idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin. 10 seachtain agaibh le dán nua Gaeilge nó Gaidhlige a chur ar fáil. Gach eolas ag
www.strokestownpoetry.org

23.10.11

COMHAR na míosa seo

Ceannaígí cóip de COMHAR na míosa seo óir tá dánta ag cuid mhaith de na filí úra ann!

Féach www.iriscomhar.com

14.10.11

An Gael - Fómhar 2011

Tá an t-eagrán nua ar fáil in Éirinn. Mar is iondúil, tá sé ar fáil mar pdf freisin.


Tá gach eolas faoina bhfuil san eagrán ar fáil ón innéacs idirlíne, ach seo an liosta:


  • Eagarfhocal

  • Dánta le Rody Gorman

  • Sara bhFágas le Muiris Ó Bric

  • Dánta le Eoin Dunford

  • Fanacht ag Aidhne (1) le Réamonn Ó Cléirigh

  • Dánta le Séamas Ó Neachtain

  • Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh

  • Fonn an Phíobaire le Lugh D. DePaor

  • Ón Anallód

Bíonn na seaneagráin ar fáil i gcónaí, leis. Réamhradhair is eolas eile ar fáil ar shuíomh magcloud.


Bíonn fáilte roimh scríbhneoirí nua i gcónaí, má tá suim ag éinne!

13.10.11

Scríbhneoir Úr ar an nGearrliosta do Ghradam Réics Carló

Tá leabhar dar teideal Hiúdaí Beag, scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair agus maisithe ag Olivia Golden, ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló). Cló Mhaigh Eo a d’fhoilsigh an leabhar seo.

Níor oibrigh Hiúdaí Beag oiread agus lá amháin riamh. Bhí sé lá i ndiaidh an lae sa bhaile go dtí gur caitheadh amach as an teach é. Tosaíonn an scéal agus Hiúdaí Beag ar tí tabhairt faoin domhan mór. Castar go leor daoine neamhghnácha leis amuigh sa saol agus mheasfá go bhfuil an t-ádh leis go dtí go gcastar Rí na gCat leis.
Comórtas liteartha faoi leith atá i gceist le Leabhar na Bliana trína ndírítear go háirithe ar shárchaighdeán foilsitheoireachta gan neamhaird a dhéanamh de ról suntasach an údair. Don chéad uair i mbliana, tugtar aitheantas chomh maith do ról an mhaisitheora i leabhair do pháistí. Foras na Gaeilge a chuireann ciste ar fáil don chomórtas agus Oireachtas na Gaeilge a dhéanann an riarachán ina leith.

29.9.11

Dea-scéal Phroinsias & Phádraig

Comhghairdeas le Proinsias Mac a’ Bhaird! Bhain úrscéal leis, Rún an Bhonnáin, an chéad duais d'fhicsean éadrom i gcomórtas liteartha an Oireachtais ag tús na seachtaine.
Mura bhfuil Rún an Bhonnáin léite agat, b’fhiú duit cóip a fháil láithreach. Sa scéal seo, tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Gunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?

Tuilleadh eolais: http://www.iriscomhar.com/


Ba mhaith linn tréaslú le Pádraig Mac Congáil freisin, a bhain duais an Oireachtais d’aiste a bhain le Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge.

19.9.11

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012


Le tamall anuas, tá go leor díospóireachta sna meáin chumarsáide maidir le stair, stádas agus cearta na n-óg in Éirinn. Ach céard faoi chultúr na n-óg sa tír seo agus céard faoi thionchar agus ról na Gaeilge mar chuid den chultúr sin?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil seo ar Litríocht & Chultúr na nÓg ardán a thabhairt d’oideachasóirí, do scoláirí, d’fhoilsitheoirí agus d’ealaíontóirí den uile chineál chun a dtuairimí maidir le litríocht agus cultúr Gaelach na n-óg a phlé. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; An Litearthacht i measc na nÓg; An Óige sa Bhéaloideas; Freastal na Meán Cumarsáide Gaeilge ar an Óige; Cartúin agus Cláir Ghaeilge do Pháistí; Amhráin agus Dánta do Pháistí; Drámaíocht agus na Taibhealaíona i measc na nÓg; An Óige & Gluaiseachtaí na Gaeilge.

Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com roimh an 19 Nollaig, 2011.
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com/

AN GAEILGEOIR GRÁMHAR le Alan Desmond

Is mór an t-athrú atá tagtha ar shaol Bhiddy Uí Laoghaire ó thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge beagnach dhá bhliain ó shin. Tá sí ina seanmháthair, tá sí pósta dara huair agus tá roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha aici. Ach tá athruithe eile i ndán di. Tagann an mac is sine léi, Eoin, abhaile ón Astráil agus fear eile ina theannta. Ach cén sórt gaoil atá eatarthu? Cuireann an tsuim atá ag Mánas, an múinteoir Gaeilge, i mná óga isteach go mór ar Bhiddy. Ach an éireoidh sí as an rang mar gheall ar iompar Mhánais? An éireoidh léi cailín a fháil d'Eoin?

Tá na freagraí go léir le fáil sa leabhar gairid soléite seo. Seo é an tríú húrscéal ag an údar don fhoghlaimeoir fásta tar éis An Foghlaimeoir Fásta (Comhar, 2006) agus Gaeilge agus Grá (Comhar, 2007). Agus scéal Bhiddy á leanúint aige is féidir leis an léitheoir eolas a chur ar fhocail agus nathanna cainte agus a chuid féin a dhéanamh díobh gan dua. Tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte deacra ag bun an leathanaigh, rud a chabhraíonn go mór leis an léitheoir an scéal a thuiscint agus a chuid Gaeilge a fheabhsú.

Údar
Rugadh agus tógadh Alan Desmond i gCorcaigh. Chaith sé seal ag teagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal sa Pholainn agus tá suim ar leith aige, go gairimiúil agus go léannta, i ngach ábhar dleathúil. Tá a chuid scríbhneoireachta foilsithe in Lá, Foinse, The Irish Times, The Sunday Business Post, Feasta, Comhar agus Beo i measc eile. Scríbhneoir é a bhuaigh duaiseanna i gComórtais Litríochta an Oireachtais dá shaothar agus fuarthas cabhair ó Fhoras na Gaeilge (Clár na Leabhar Gaeilge) le sparántacht ó Scéim na gCoimisiún i scríobh an leabhair seo.

Sonraí
Beidh an leabhar á sheoladh mar chuid de fhéile litríochta IMRAM 2011 i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an triú húrscéal déag sa tsraith d’fhoghlaimeoirí fásta na teanga. Go luath beidh podchraoltaí ándéanamh de na leabhair le fáil ón suíomh www.leabhaircomhar.com

12.8.11

Filí Úra páirteach i bhFéile Leabhar “Mountains to Sea” i nDún Laoghaire

Ar an 3 Meán Fómhair, beidh agallamh agus léamh poiblí le triúr filí óga ar siúl mar chuid den fhéile seo, mar atá: Caitríona Ní Chléirchín, Simon Ó Faoláin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Beidh Tristan Rosenstock ó chlár ealaíon TG4 IMEALL sa chathaoir.
Fáilte roimh chách.
Dáta: 3 Meán Fómhair
Am: 3:30 i.n.
Áit: County Hall
Táille: 10 euro
Tuilleadh eolais: http://www.mountainstosea.ie/

Scéim na nOidí 2011

Tá roinnt mhaith de na scríbhneoirí úra tar éis tabhairt faoin scéim seo le cúpla bliain anuas agus molaimid do scríbhneoirí eile triail a bhaint aisti. Is í aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta Gaeilge comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta Gaeilge (oidí)
Spriocdháta d’iarratais: 17:00, Dé Céadaoin, 31 Lúnasa 2011
Tuilleadh eolais & formeacha iarratais ó: Foras na Gaeilge, Ráth Chain, Baile Atha Buí, Co. na Mí
Rphost: leabhar@forasnagaeilge.ie Suíomh idirlín: http://www.leabhar.ie/

25.7.11

Éigse Fhilí Chiarraí & Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
Aoine 14 agus Satharn 15 Deireadh Fómhair 2011
Réamheolas
AOINE, 14 DEIR. FÓMHAIR , 8.00PM: Fáiltiú agus Léacht ón Dr Neil Buttimer, UCC, ar Sheán Ó Braonáin, File Chiarraí Thuaidh. Oíche cheoil agus chaidrimh dá éis.
SATHARN, 15 DEIR FÓMHAIR, 10.00AM GO DTÍ 1.00PM: Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge. Stiúrthóir Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí; Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
SATHARN, 3.00P.M.: nochtfar leacht ag Eanach, Cathair Uí Mhóráin, an reilig sheanda mar a bhfuil an grianghrafadóir cáiliúil, Tomás Ó Muircheartaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 1955 – 1959, curtha.
SATHARN, 9.00P.M.: Léamh próis agus filíochta, agus seoladh dhá leabhar ó Coiscéim ag an Óstán Meadowlands, Trá Lí.
LÓISTÍN AG AN ÓSTÁN MEADOWLANDS:
Is féidir lóistín a chur in áirithe ag an Óstán Meadowlands ach teagmháil a dhéanamh le 066 718 0444 agus info@meadowlands-hotel.com
Seomra, L & B: 63 euro. Ag roinnt 45 euro. (Ráta tráchtála).
2 oíche + 1 dinnéar, 99 euro (ag roinnt). Fiosraigh faoina mbíonn ar fáil.Justify Full
EOLAS DO RANNPHÁIRITHE CEARDLAINNE:
I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.
Beidh an líon rannpháirtithe teoranta do NAONÚR ar a mhéid.
Costas 20 euro. Lón an tsathairn agus imeachtaí uilig na hÉigse clúdaithe sa táille.

11.7.11

An Gael - Samhradh 2011 ar Fáil



Tá an t-eagrán is déanaí ar fáil in Éirinn agus ar fud an domhain ag litriocht.com. Tá sé ar fáil freisin (i Meiriceá, Ceanada agus an AE) ag angael.magcloud.com. Tá sé ar fáil mar pdf ansin, freisin, más mian leat é a léamh ar ríomhaire nó a leithéid sin. Bíonn na sean eagráin ar fáil, freisin.






Táthar ag bailiú ábhair don chéad eagrán eile. Bheadh suim againn i bhficsean go háirithe, má tá scéal agat. Féach angaelmagazine.com. Bí linn!






17.6.11

Résheoid Chorcaí



Comhghairdeas le Doireann Ní Ghríofa ar seoladh leabhar nua filíochta léi, Résheoid, i lárleabharlann na Cathrach, Corcaigh, le déanaí. Tá Doireann féin agus Biddy Jenkinson le feiceáil sna grianghraif seo.

24.5.11

Seoladh Leabhair

Résheoid le Doireann Ní Ghríofa
Dáta:10ú Meitheamh 2011
Am: 19:00
Áit: Lár-leabharlann na Cathrach – City Library, Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh

Fáilte roimh chách!



Sheol Ré Ó Laighléis Résheoid in Inis le déanaí.

17.5.11

Innéacs d'An Gael




Ar scríobh tú riamh don irisleabhar An Gael? An bhfuil tú fiosrach faoina mbíonn ann? Ar mhaith leat saothair na scríbhneoirí go léir a aimsiú? An bhfuil tú fiosrach faoi ábhair gach eagráin? Tá an t-eolas seo go léir ar fáil trí mheán innéacs nua.



Tá athruithe eile ar an suíomh. Agus an bhfuil a fhios agat go bhfuil An Gael ar fáil mar chomhad pdf anois, chomh mór le hirisleabhar clóite? Agus go bhfuil síntiúis ar fáil? Tá gach eolas anseo.



Beidh eagrán nua againn luath go leor. Agus bíonn gach eagrán de ar fáil i gcónaí. Bí linn!

14.5.11

Íomhánna na Seachtaine

Scríbhneoirí úra a d’fhreastail ar cheardlann léirmheastóireachta agus scríbhneoireachta Dé Sathairn seo caite (d’eagraigh Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge & LeabhairCOMHAR an ócáid seo). Ó chlé: Lydia Groszewski, Aifric Mac Aodha, Laoise Ní Chléirigh, Biddy Jenkinson (stiúrthóir), Beartla de Búrca agus Seán Ó Dubhchon.


Carolina, Aifric, Caitríona agus Celia ag an Oíche Cheoil agus Filíochta i Raghnallach, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin (buíochas le Maureen agus le Siobhán as an ócáid seo an eagrú).

11.5.11

Sealbhú an Traidisiúin: 20 Bealtaine 2011

Beidh comhdháil á reachtáil in Institiúid na hÉireann don Léann Daonna (HII) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, idir 9.15 r.n. - 4.30 i.n. Dé hAoine 20 Bealtaine. Léifear réimse leathan páipéar faoi ghnéithe éagsúla de sheachadadh thraidisiúin agus oidhreacht na Gaeilge, agus seolfaidh Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn, le Ciarán Ó Con Cheanainn (nach maireann) ag 5 i.n. i Seomra Caidrimh na Foirne (B104), Áras Newman.


Coiste na Comhdhála:Niamh Ní Shiadhail, Meidhbhín Ní Úrdail, Ríonach Uí Ógáin.