Nach n-aithníonn fiú a lorg féin, now Surely to Jesus I’m not to blame all I do, mar dhea, is Coke and E.
Cad déarfá le páiste Ná tuigeann saol mór fásta Cruacheistiú diongabháilte chugat Éilíonn tarrtháil uait.
Cad deirim?
I gcuimhne, Anthony Campbell 12/12/2006
(2)Súilín Ribe
Caith uaibh an tlú, maidín briste, Caith uaibh sméaróid sop siúirdín, Bain díot a fhir do chaipín sonais Is buail fút ansan, isteach chun na tine Beidh cadráil chugainn anois ón dTV.
is Shíleamar, gur Shuíomar, gur Shamhlaíomar, gur a’ Siolpaireacht léi, a bhíomar,
an mháthair, bean glúin Suite ansan sa chúinn', Síolmhealltacht a cumraíocht neafaisí.
Thrasnaíomar clochán luath in éirim, Síolsciobtha féna Scáilbhrat nuidheas’, Deineadh den bhfhís físín fuadaigh, Drochshúil Bhalor caolceanglach tís.
Síolsciobadh Scailéathanach a mhaistrigh éirim spéartha, Árdmháistir a mhairbh tuiscint chlí, Éirim gan Éirinn, giolla ina bhall séire, Síodúileacht ar bhréidín gan bhrí.
Máthair fir
ReplyDeleteFreagra bán, gan líonadh,
Ceo ar bith,ceo nár thuigeasa,
Ceotharnach ráinig chughamsa,
Báiteacht na críonfhéachana úd.
Mearbhall, ar bheirt againn,
Freagra, gan riaradh chugham,
Freagra, síol cuimhne,
Sás ar chlochthacht phaidrín.
Máthair, súil pháiste uirthi,
Ginshúil, broinn cheodraíocht'?
Beireann greim láimh'
Sníonn chuici í; diúlfháisc.
Súil agam le freagra,
Arbh shin í m'fhóidín mearbhaill?
Ceoscaiptheacht ceal tuisceana,
Críonnacht mná,freagarthacht súl.
Tromluí Emmet
ReplyDeleteNí hé scéal éinne amháin é
gan marc bheith os cionn na huaighe,
Fágadh na slóite síoraí,
ar mhuin mairc, i lúb chruinnithe gan suan.
Is ait liom a Sheáin é bheith toirmiscthe,
ar mháthair in adhlacadh a mic,
maothal mhéith gan bhlaiseadh,
Dathú na beatha ina phic.
"Mar sin a bhíodh sé san am sin,
Níor mhair sé ach cúpla lá".
Luigh seoil na máthaircainte orm is d'aithníos,
gur mise an páiste úd gan smál.
Níor chronaíos do gliogar go bhfaca t'ainm,
ar leacht reilige na naingeal inaird',
Ní shíothlóidh tú uaim faid a mhaiream.
Codailse a linbhín go sámh.
I ndilchuimhne,
Tomás Ó Meara
Holy Angels, Glas Naíon.
(1) Dies Irae
ReplyDeleteCad déarfá le máthair,
A d’fhág slán ar maidin
Le macín sásta.
Máthair nár shamhlaigh
Siúd is tú fást'
Ach naígheal grásta leat.
An linbhín a chothaigh
Páis-saigheadanna brollaigh
Ó bheatha go píléar peannaideach,
Arraingbhás.
Cad déarfá lem’ dhuine
Suaite thall sa chúinne
Speilp Thíograch phlúchtha.
Nach n-aithníonn fiú a lorg féin,
now Surely to Jesus I’m not to blame
all I do, mar dhea, is Coke and E.
Cad déarfá le páiste
Ná tuigeann saol mór fásta
Cruacheistiú diongabháilte chugat
Éilíonn tarrtháil uait.
Cad deirim?
I gcuimhne,
Anthony Campbell 12/12/2006
(2)Súilín Ribe
Caith uaibh an tlú, maidín briste,
Caith uaibh sméaróid sop siúirdín,
Bain díot a fhir do chaipín sonais
Is buail fút ansan, isteach chun na tine
Beidh cadráil chugainn anois
ón dTV.
is Shíleamar,
gur Shuíomar,
gur Shamhlaíomar,
gur a’ Siolpaireacht léi,
a bhíomar,
an mháthair, bean glúin
Suite ansan sa chúinn',
Síolmhealltacht a cumraíocht neafaisí.
Thrasnaíomar clochán luath in éirim,
Síolsciobtha féna Scáilbhrat nuidheas’,
Deineadh den bhfhís físín fuadaigh,
Drochshúil Bhalor caolceanglach tís.
Síolsciobadh Scailéathanach a
mhaistrigh éirim spéartha,
Árdmháistir a mhairbh tuiscint chlí,
Éirim gan Éirinn, giolla ina bhall séire,
Síodúileacht ar bhréidín gan bhrí.
(3)Teangeolaíocht
Dúrt léi go mb’fhearr liom, pógín Francach,
Nár thaithin rómhór liom, pógín Sasnach’,
Céadphóg a thugas uaim, pógín Gaelach,
Aineolaí saonteangach, Cú Chulainn éachtach.