17.6.08

Scott de Buitléir: Filíocht

Rugadh Scott De Buitléir i 1988 i Londain Shasana ach tógadh é i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Cé gurbh é an Béarla a mháthairteanga, bhí spéis aige sa Ghaeilge ó bhí sé deich mbliana d’aois, spéis a mhúscail a mháthair agus a sheanathair ann. Léigh sé a chuid filíochta don chéad uair ag Féile Litríochta IMRAM i 2007 thar cheann Scríbhneoirí Óga na Gaeilge. Is as Gaeilge a scríobhann sé an chuid is mó dá chuid filíochta, ach corruair scríobhann sé i mBéarla nó i bhFraincis. Seo chugaibh dornán dánta ó láimh Scott agus táimid ag súil go mbeidh saothar Scott le feiscint anseo go minic sa todhcai.






Agus Mé i mBaile a'Bhóthair

Eitlíonn boladh na mara tríd an aeir
Agus mé i mBaile a'Bhóthair
A chuireann m'óige i gcuimhne orm
An t-am a bhí ina chóisir

Na báid ar a' bhfarraige, faoi lán seoil;
An Ghriain ag taitneamh go haoibhinn,
Cuireann sé ár gcéad Samhradh i gcuimhne orm
Nuair a bhí lá foirfe againn.

Bhí am ann, nuair a bhí 'chuile rud foirfe
Ach athraíodh é sin go léir;
Níl mo chuid dóchais chomh geal anois
Leis na réalta a bhí ann aréir.

Anois, agus mé ag fill’ abhaile
Agus an Ghriain ag dul ina luí
Braithim mé féin ag éirí fuar;
Cineál uaignis, ar shlí.







Is mac léinn le Gaeilge agus le Breathnais é Scott de Buitléir i gColáiste na hOllscoile , B.Á.C.



AthGhaelú

Ar bhus 130 ón gcathair go Cluain Tarbh
Shuígh bean síos lena páiste óg álainn fionn;
Thosaigh sí ag caint leis, is ag súgradh leis
Le focail boga suimhneacha Gaeilge

D’fhreagraigh sé, mar a dhéanann páistí,
Le focail fánacha ar nós ‘fón,’ ‘capall’ agus ‘bean’
Agus é ag iarraidh teangmháil a dhéanamh
Idir eisean agus an bheirt Sínigh taobh thiar dó

Bhain an máthair iarracht míniú dóibh
Gurb í an Ghaeilge a chéad teanga
Agus nach raibh Béarla foghlamtha aige go fóill,
Agus tar éis é sin a chloisteáil

Tháinig gáire mór ar m’aghaidh
Agus d’fhás dóchas im’ chroí
Mar b’í an máthair sin mo laoch nua
Mar thug sí onóir neamhluachmhar dá buachaill.

Ní raibh seans agam mo bhuíochas is áthas
A thaispeáint don bhean áirithe sin
Mar thuirling sí ag stopa roimh mo cheannsa
Ach d’fhág gáire an bhuachalla rian ionam fós.








Is láithreoir raidió é Scott freisin agus bhuaigh sé an comórtas raidió Réalt DJ i 2006. Bhíodh cláracha raidió leis ar Raidió na Life agus Spin 103.8 FM ach anois ta sé ag obair le Raidió RíRá.




Fáinní an Ghrá

Bainim mo chuid fáinní díom,
Na cinn a thug tú dom mar bhronntanais;

- I -
An ceann Áiseach, ar dtús.
Ar thaobh amháin de, an focal láidir sin;
‘Eternity.’

Ba leatsa é an fáinne ar dtús,
Ach thug tú domsa é, agus muid ag éirí gearr
Lena chéile. Nach rómánsúil.

Ach is nimhneach an focal sin,
Mallacht de chineál éigin
Agus tú ag magadh fúm

Dar leatsa, tá intinn agam
A mbeadh níos compórdaigh i gceann mná;
Nílim cosúil leis an lad tipiciúil, faraor!

- II -
An dara cheann a bhainim díom
Ná an Claddagh.
Siombal an ghrá, de réir dealraimh.

Ina ainneoin fadhbanna,
Taispeánann tú an grá ’tá agat dom
Nuair a mbeadh taispeántas de dhíth orm

Déanann tú jóc, agus mise ar buile
Agus cuirfeadh sé gáire orm
I soicind amháin, briseann tú mo chuid feirge

Fiú agus an locht ormsa
Tógann tú mo leithscéal faoi mo bhotún;
Cé nár thúg mé aon cheann duit.

Anois agus mé lámhnocht,
Is féidir meá a fheiceáil inár gcaidreamh
Idir maitheas agus olc;

Ach an gciallaíonn sé sin
Go bhfuil muid go maith
Le chéile mar chúpla.



Fuacht na Gréine

Cosúil le saighdiúr, gortaithe ón gcogadh,
B’é teas na gréine an t-aon píosa faoisimh dom
Go dtí anois, agus é ag éirí fuar;
Cuimhím ar mo chuid pian aríst

Tuirseach, mar fear bocht aonair
Galar an insomnia air,
Tá fuinneamh íseal go leor ionam
Is mo chuid smaointe trína chéile

Tusa an Ghriain a bhíodh i lár na spéire, tráth,
Tusa an té a thugadh teas dom
Ach tusa an té a dhóigh mé freisin
Nuair nach rabhas chomh ciallmhar leat fhéin.

Tosaíonn an oíche, gan aon Ghealach anocht,
Agus mé liom fhéin gan aon teoir,
N’fheadar an féidir maireachtáil trí na hoíche
Go dtí go n-éiríonn tú arís im’ spéir

Más féidir leat an miorúilt sin a dhéanamh (aríst)
Níl ann ach ceist amháin eile;
I ndiaidh meanlae, tar éis an tréimhe is fearr,
An gheobhaidh mé bás leis an bhfuacht ‘tá le theacht?



Mná Chluain Tarbh, Mná Stepford

Bhuel, ar chuala tú an scannal?
Nár chuala tú an scéal?!
Bhí mí-ádh just uafásach
ag Máire ó Clontarf Square!

D'fhág a fear, chun éalú
Lena mhistress dlithiúil-ar-éigean;
Níl ach a h-iníon fágtha aici
Agus jab páirt-aimseartha beag.

Ach féach orainn in ao'chor, darling;
Nach bhfuil an t-ádh dearg linn?
Nach iontach é an saol, sweety,
Nach aoibhinn é gach lá?

Tá gach ceann dár mic
Ina imreoir láidir rugbaí;
Tá gach ceann dár n-iníonacha
Breá dathúil agus fionn.

Ainmneacha breatha Gaelacha orthu
Cé nach mbeadh focal Gaeilge acu;
Ach cad fiú í an teanga sin
Agus BESS[1] á dhéanamh ag mo mhac?

Agus muide speed-walking cois farraige,
Dath 'gréine' breá orainnse,
Beidh buidéal fíona báin sa chistin
Agus muid déanta lenár spórt.


[1] BESS = Business studies, Economics, and Social Science; cúrsa i gColáiste na Tríonóide a bhí cáiliúil le dream ‘uasal’ mo scoile.



Na Déithe
do Shomhairle Ó Meachair

An féidir bualadh le do ghrá geal roimh ré
Agus fanacht air, lá i ndiaidh lae
Go dtí go bhfuil sibhse beirt réidh
Is bhur saoil a chaitheamh lena chéile?

An bhfuil orainn fanacht, gan aon treoir
Go dtí go mbuailtear clog naofa éigin
A bhfógraíonn go bhfuil cead ag ár spioraid
Bualadh lena chéile faoi dhéire?

Ach cé leis an tsíoraíocht seo,
Is cén fáth nach bhfuil smacht againn uirthi
Nó nach bhfuil smacht againn féin ar ár saoil
ar chor ar bith? (Bhuel deirtear sin.)

Muna bhfuil ann ach turas stiúrtha -
An tréimhse seo ar an domhan,
Is féidir linn ’bheith ann, gan aon rud a dhéanamh,
Gan breathnú ar rud ar bith;

Ní dhéanfainn é sin, mar tugaim faoi ndeara
Nach síoraí é an saol
Is cara (de shórt) leis an Saol é an Bás
‘S buailfidh mé leis ar baill

Ach don nóiméad seo anois, glacaim leis
Go bhfuil an t-ádh dearg liom;
Cairde, Grá is Áthas agamsa
Na déithe is áille, dár liom.

16.6.08

An gá nó an fiú (phew!) a thuilleadh a rá?


Lá Bloom

Saol na nGael 2008






Glac pictiúr de "Saol na nGael" agus buaigh suas le 2,6oo euro.



Togaibh dealbh de "Saoghal nan Gaidheal" agus tha cothrom agaibh suas ri 2,000 a chosnadh.


"Tha an latha dorcha..."


Tuilleadh eolais/ Tuilleadh fiosrachaidh : http://www.colmcille.net/

Cuireadh ó Choiscéim


Ba mhór ag COISCÉIM thú a bheith i láthair i Leabharlann Bhaile Bán, Gaillimh


Dé Sathairn, 21 Meitheamh ag 3 pm nuair a sheolfaidh

Méara na Gaillimhe
Tomás Ó Coisdealbha

Ná Gabh thar Tí Stiofáin
úrscéal nua le
Máire Uí Fhlatharta












Rugadh Máire Uí Fhlatharta ar an gCeathrú Rua i 1930. Agus í fós ar scoil, d’fhoilsítí saothar léi ar an bpáipéar míosúil Ar Aghaidh. Chaith sí blianta fada ag obair mar chléireach in Ardoifig an Phoist i nGaillimh gur phós sí Seán Ó Flatharta. Chaith sí tríocha bliain ag obair le Comhar Creidmheasa a paróiste féin, ceithre bliana déag díobh ina bainisteoir air. Tá an-bhaint aici leis an gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir agus leis an gCumann Scríbhneoireachta Cruthaithí i nGaillimh. Seo é an chéad úrscéal óna peann.

13.6.08

Dáinín beag...

Biseach

nuair a d'fhill an Fonn,
nuair a mhúscail an Mhian 
shroich Biseach baile.

Oíche an Chultúir 2008

A chairde na scríbhneoireachta,

Tá dea-scéala faighte ag an gcumann go deireanach go bhfuiltear ag moladh mbeidh Cumann na Scríbhneoirí Óga/Úra páirteach in Oíche an Chultúir- Dublin Culture Night -ar an 19ú lá de mhí Mheán Fómhair. Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais d'fháil maidir leis an oíche. http://www.culturenight.ie/listing.asp?id=17


Beidh tuilleadh sonraí i dtaca leis an scéala seo in airde ar an mblag anseo nuair a chinntítear na sonraí uile. Ní foláir a lua go bhfuil tábhacht nach beag leis an mblag s'againne d'fhonn imeachtaí uile an chumainn a chur os comhair an tsaoil mhóir agus chun próifíl an chumainn a ardú trí mheán na gréasánaíochta.

Faoi láthair, is í an chloch is mó ar ár bpaidrín ná go mbeadh a fhios ag an saol mór go bhfuilimid ar an bhfód- fód fíorúil (!!) -agus faoi láthair táthar ag iarraidh ceardlann a shocrú don samhradh agus é i gceist ag ag gcumann go mbeadh ceardlann gach ráithe againn as seo amach. Chomh maith le sin beidh agallamh míosúil le fesicint anseo sara fada le duine dos na scríbhneoirí óga (ag tosnú le Majella McDonnell). Beidh filíocht le Scott DeBuitléir le feiscint ar an mblag sara fada leis agus tá geallúint tugtha ag Liam MacAmhlaigh go mbeidh mír uaidh i dtaca lena leabhr nua-fhoilsithe Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge http://coislife.ie/books/academic/focloiri.htm.
Anuas ar sin beidh Proinsias Mac a' Bhaird le clos ar Raidió Fáilte http://www.raidiofailte.com/ -ag caint fé imeachtaí an chumainn sara fada...bígí ag breathnú anseo...


Ba mhaith leis an gcumann buíochas a ghabháil go háirithe le Seán Ó Cearnaigh- ár gcara sa chúirt -atá gníomhach ag stocaireacht ar son an chumainn go deireanach. Tá tábhacht le comhoibriú agus is maith a thuigeann Seán san.
Dóibh siúd nár thapaigh an deis dul i dteagmháil linn i gcónaí seol ríomhphost chugainn @


agus dos na scríbhneoirí eile bígí ag scríobh nó ag blagáil nó ag léamh!!!!

I.S.

...dóibh siúd a bhí ag féachaint ar an gclár Peann ar Phár thug Nuala Ní Dhomhnaill mar thuairim uaithi gurb í an léitheoireacht bunchloch na scríbhneoireachta agus go bhfuil an-iomarc scríbhneoireachta ar siúl fé láthair gan bunchloch na léitheoireacht fúithi (más buan mo chuimhne agus níl sí chomh buan agus a bhíodh! deir mo dhochtúir gur galar na mBinsí Fiosraithe atá ar an máchail seo atá orm ach nílim cinnte).

Péacusan é- fút féin an cinneadh a dhéanamh -scríobh nó léamh.

12.6.08

Raidió Na Life : Proinsias Mac a' Bhaird



Bígí ag éisteacht leis an gclár Fios Feasa ar Raidió na Life 106.4 anocht idir 8-9. Beidh Proinias Mac a' Bhaird, duine des na scríbhneoirí óga/úra ag déanamh cur síos ar an gcumann s'againne agus ar chúram na scríbhneoireachta trí chéile.


Is as oileán Árainn Mhór do Phroinsias ó dhúchas agus chaith sé 6 bliana ag obair i gColáiste Mhuire i mBaile Átha Cliath agus tá sé anois ag obair i nGaelcholáiste Leitir Ceanainn mar mhúinteoir Gaeilge.

Cá bhfios...seans go gcloisfimid dán nó dhó uaidh leis? Fios feasa 8-9 ar Raidió na Life 106.4.

Feasta Meitheamh 08: Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loinsigh


Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh
Feasta, Meitheamh 2008, lgh. 4-5

Bhíomar go léir á mholadh …, ach bhí a mhalairt de scéal ann nuair a beireadh amuigh air agus gur bhain sé úsáid as ceann de na focail is coitianta sa Bhéarla.B’fhéidir gur chóir dó níos mó Gaeilge fós a úsáid, pé acu go poiblí nó go príobháideach.

Nach é Harold Wilson, nuair a bhí sé ina phríomhaire sa Bhreatain, a bhain úsáid as an nath úd, nath atá seanchaite go maith anois, faoi chomh fada de thréimhse í seachtain sa saol polaitíochta. Más seanchaite féin é tuigfidh Brian Cowen fírinne an natha cháiliúil. Cheana féin tá blaiseadh maith faighte aige den ghuagacht a bhaineann leis an saol sin. Bhíomar go léir á mholadh tar éis a chuid óráidíochta nuair a roghnaíodh é mar cheannaire ar Fhianna Fáil, ach bhí a mhalairt de scéal ann nuair a beireadh amuigh air agus gur bhain sé úsáid as ceann de na focail is coitianta sa Bhéarla.B’fhéidir gur chóir do níos mó Gaeilge fós a úsáid, pé acu go poiblí nó go príobháideach. Is iontach an méid drochchainte is féidir a úsáid i nGaeilge gan olc a chur ar aon duine. Ar chúis éigin, níl an mhíchuibhiúlacht chéanna ag baint leis i dteanga ársa ár sinsear. Béarfaidh gá níos tromchúisí air is dócha.I gcoitinne cuireadh fáilte roimh na hairí agus na hairí stáit nua, ach amháin go rabhthas ag gearán faoin líon mór airí stáit a ceapadh. Sa deireadh d’fhéadfaí a rá nár bhain na ceapacháin geit rómhór as aon duine ach amháin, b’fhéidir, i gcás Batt O’Keefe, an tAire nua Oideachais agus Eolaíochta. An raibh aon duine ann a luaigh a ainm leis an aireacht thábhachtach seo? Ní hionann sin agus a rá go bhfuil rian amhrais maidir lena chumas, ná lena oiriúnacht don bpost. Níl ann ach go ligtear daoine i ndearmad nuair a bhíonn siad timpeall le fada, agus nach santaíonn siad aird an phobail oiread agus a dheineann roinnt dá gcomhghleacaithe.Ach níl amhras ná gurb é seo an ceapachán ar a raibh ár bhfaire. Le tamall anois, seo an Roinn is mó ar fad a bhfuil gach géag agus gach aicme i ngluaiseacht na Gaeilge in earraid léi. Bíodh nach raibh aon duine ag súil leis, is in olcas a chuaigh cúrsaí nuair a bhí Máire Ní Ainiféin i bhfeighil na Roinne. Is maith is eol an chúis leis seo. Tá an t-easaontas agus an choimhlint a tharla de bharr gur eisíodh cearclán ag cur cosc leis an tumoideachas sna gaelscoileanna ar eolas go forleathan.Tá an cheist seo seanphléite anseo. Is leor a rá gur fhéach sé do go leor, a raibh dlúthbhaint acu le hoideachas, nach raibh aon bhonn saineolaíoch leis an gcinneadh. Mar bharr ar sin, bhí sé soiléir nach mbeifí sásta aon chineál taighde a dhéanamh a chabhródh le réiteach na faidhbe. Is féidir a bheith cinnte ón gcúlra atá aige, nach bhfuil an t-aire nuacheaptha dall ar an gceist seo.

Ní mór smaoineamh anois nach ionsaí é chleachtas an tumoideachais sna gaelscoileanna an t-aon fhadhb atá le réiteach maidir le hionad na Gaeilge sa chóras oideachais. Níl sé ach roinnt seachtainí ó foilsíodh tuarascáil dár teideal ‘Language Education Policy Profile for Ireland’. Seo tuarascáil a d’ullmhaigh Rannóg Polasaí Oideachais Chomhairle na hEorpa agus, murar miste leat, ár Roinn Oideachais agus Eolaíochta féin. De réir na tuarascála tá staid na Gaeilge sa chóras tubaisteach. Baineadh úsáid as téarmaí mar ‘gravely serious’ agus ‘approaching melt-down’ chun an drochstaid a léiriú.


Bhí a lán eile sa tuarascáil seo nach féidir ach beagán plé a dhéanamh air sa cholún seo. Luadh go háirithe drochstaid na teanga sna coláistí oiliúna múinteoireachta. Ní raibh oiread Gaeilge ag go leor múinteoirí a chuirfeadh ar a gcumas í a mhúineadh. Bhí easpa comhoibrithe idir dreamanna a raibh baint acu leis an gceist agus mar sin de.Cuimhnigh go raibh an Roinn a mbaineann an ‘staid thubaisteach’ go dlúth léi páirteach i ndréachtadh na tuarascála seo. Is clos dúinn leis na blianta, fianaise starógach mar a thugann focal.ie ar ‘anecdotal evidence’, go raibh múineadh na Gaeilge in go leor de ghnáthscoileanna na tíre i ndroch-chaoi ar fad. Is dócha gur féidir a rá anois go bhfuil bonn eolaíoch leis an tuairim sin. Fiú go bhfuil sé faomhaithe ag ár Roinn Oideachais féin. Is aisteach nach raibh níos mó le clos faoin gceist seo. Ní fhaca féin ach litir amhain ar Foinse ón Dr. Ciarán Ó Coigligh ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, ag aontú go huile lena raibh sa tuarascáilIs maith is eol dúinn a bhfuil déanta ag na gaelscoileanna leis na blianta ar son na Gaeilge, ach go háirithe sa chóras oideachais. Gan amhras is diomailt ama agus fuinnimh dóibh a bheith ag strácáil leis an Roinn Oideachais faoin tumoideachas. Ach tá an dainséar ann freisin go ligfí i ndearmad an fhíor-dhrochstaid ina bhfuil múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne.

Deineadh tagairt sa cholún seo cheana do leabhar nua a tháinig amach dar teideal A New View of the Irish Language. Tá 20 aiste ann i mBéarla ag plé le gnéithe éagsúla de staid na Gaeilge i saol an lae inniu. Is fiú go mór an leabhar seo a léamh, ach ní hé ar aon chor go n-aontóidh gach duine le gach aiste nó le gach tuairim dá bhfuil luaite iontu. Tá aiste amháin Modern Irish Scholarship at Home and Abroad le Aidan Doyle nach miste a lua anseo, mar tá baint aige le hábhar. Molann sé go múinfí cúrsaí Gaeilge sna hollscoileanna feasta trí Bhéarla, mar a tharlaíonn le teangacha eile.


Tuigeann sé gur ionann seo agus éirí as athbheochan na teanga, ach dar leis nach bhfuil i gceist leis sin, pé ní, ach a bheith ag cloí le ‘outmoded form of romantic cultural nationalism’. Tá, dar leis, cúinge dearcadh, agus róbhéim ar thraidisiún amháin ina shaintréith den athbheochan ná fuil inghlactha i saol an lae inniu. Tá a lán le rá san alt faoi eitneachas, ach b’fhéidir go bhféadfaí a chur i leith an údair gur cineál de ghlanadh eitneach cultúrtha dá chuid féin atá á chraobhscaoileadh aige. Ní mór a rá nach bhfuil an dearcadh seo neamhchoitianta ar fad, bíodh nach cosúil ar aon chor go bhfuil sé inghlactha, ná coitianta, i measc an ghnáthphobail.


Is léir nach n-aontódh an Taoiseach nuathofa, Brian Cowen, leis an dearcadh seo ach oiread. Scéal eile ar fad sea céard a cheapfaí de laistigh den Roinn Oideachais, nó b’fhéidir sa státseirbhís i gcoitinne.


Tar éis ár ngnáth chamchuairt táimid ar ais ag an Taoiseach agus ceapachán na n-airí rialtais. Níl pléite go dtí seo ach an t-aon roinn amháin agus ceapadh Batt O’Keefe. Tá cúis mhaith leis sin. Mar atá léirithe, tá fadhbanna ollmhóra leis an Roinn sin ó thaobh na Gaeilge, agus ní féidir ach a rá go bhfuil sé riachtanach go gcuirfeadh gluaiseacht na Gaeilge é sin ina luí ar an Aire Oideachais, agus ar an Taoiseach féin, má thagann sé chuige sin. Cuireadh fáilte mhór roimh a raibh le rá le déanaí ag Brian Cowen faoin teanga. An dea-thoil úd arís, a mbíonn oiread sin cainte againn fúithi! An amhlaidh go mbímid ag brath rómhór uirthi? Tá sé riachtanach um an dtaca seo go gcuirfí bonn éigin tathagach faoin dea-thoil chéanna.Níl a lán is gá a rá anseo faoi na ceapacháin eile. I gcoitinne tá fáilte curtha rompu. Cé sinne go mbeimis ag dul in aghaidh na coitiantachta. Ní háibhéil a rá go bhfuilimid ag dréim le ré nua i saol polaitíochta na tíre, nó chun a bheith cruinn, ag tnúth le ré nach mbeidh iomrá ar bhinsí fiosraithe. Sa ré nua beidh ár bpolaiteoirí gan cháim, agus ní bheidh ábhar gearáin againn faoi chostas agus leadrán na mbinsí. Ní mór a admháil nach bhféadfaí cur suas le mí-iompar na bpolaiteoirí a thuilleadh. Sa mhéid sin ar a laghad, táimid faoi chomaoin ag na binsí.


Tá an reifreann ar Chonradh na Liospóine ar leac an dorais againn. Is aisteach nuair atá gach páirtí sa Dáil, seachas Sinn Féin, i bhfábhar an chonradh go bhfuil an oiread sin den phobal nach bhfuil sásta a rá an bhfuil siad ar a shon nó ina aghaidh. Tá amhras san aer, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an Aontais. Ba léir é sin nuair a dhiúltaigh na Francaigh agus na hOllannaigh don bhunreacht ar a bhfuil an conradh seo bunaithe. Anois ní bheidh an deis acu vótáil treo amháin nó eile. An bhfuil sé ceart ná ciallmhar gur mar sin a bheadh?


Tá sé soiléir dá mbeadh deis vótála ag pobail eile go mbeadh an t-amhras céanna i gceist. Ar chúrsaí stairiúla, bhíos i gcónaí i bhfábhar comhcheangail agus comhaontais idir thíortha na hEorpa, go raibh a leithéid riachtanach i dtreo nach dtarlódh cogaí tubaisteacha go deo arís mar a tharla sa chéad leath den chéad seo caite. Creidim san aontas Eorpach, ach ní chreidim i Stát Feidearálach na hEorpa. Ní bheadh a leithéid buan.An bhfuil na ceisteanna is tábhachtaí á bplé againn ar aon chor? Ní dócha go bhfuil ár neodracht i mbaol má ghlactar le Conradh na Liospóine, ná go mbrúfar ginmhilleadh orainn, ná go gcaillfimid smacht ar chúrsaí cánach. Ach measaim gur féidir agus gur cóir dúinn a bheith in amhras faoi cad atá i gceist sa bhfadtéarma ag lucht an mhaorlathais sa Bhruiséal. Tá soiléire riachtanach, trédhearcacht, sílim, an téarma a úsáidtear na laethanta seo. Cad chuige na conarthaí ar fad i ndáiríre? Cathain a bheidh an chéad cheann eile againn? Ba mhór an buntáiste dúinn sa tír seo an pháirt a ghlacamar sa bhfiontar mór seo san Eoraip. B’fhéidir nár mhiste go leanfadh sé sin, ach tá sé thar am stop a chur leis na hathruithe a bhfuiltear de shíor á mbrú orainn.

11.6.08

Fógra Ó Phádraig Mac Fhearghasa: Tionól Na Mumhan




A Chairde na scríbhneoireachta,

Bheinn buíoch dá scaipfeá an scéal i measc do chairde. (Tá an cheardlann scríbhneoireachta ar siúl lena linn chomh maith, ar ndóigh).

Ádh mór,

Pádraig Mac Fhearghusa

TIONÓL NA MUMHAN
Dé hAoine ~ Dé Domhnaigh13 ~ 15 Meitheamh 2008 Baile Bhuirne, Co. Chorcaí

DÉ hAOINE (Óstán Ghobnatan an láthair d'imeachtaí an lae seo)

14.15 Teacht le chéile
15.00 Turas (1) – Reilig Ghobnatan Dónal Ó hÉalaithe
20.00 Léacht (1) "..le ciumhais na habhann.." (Cúirt an Mheán Oíche )an ceangal idir Bhaile Bhuirne agus Oirthear an Chláir sa dán cáiliúil seo le Brian Merriman Gearóid Ó Crualaoich




21.00 Bord Quiz idir-Choistí Dúiche & fógairt Coiste Dúiche na Bliana
22.00 Seisiún Ceoil & seoladh Feasta an Mheithimh

http://www.feasta.ie/

DÉ SATHAIRN (An Muileann an láthair d'imeachtaí an lae seo)

10.00 Dáil na Mumhan & fógairt clár oibre 2008/09 sa Mhuseam
10.30 Turas ar Ghailearaí Eas Coille (siúl)

12.00 Léacht (2) "Sgéal mo Bheatha le Domhnall Bán Ó Céileachair,Cúil Aodha: a Theacht ar an Saol" Seán Ua Súilleabháin

15.00 Turas (2) Ráth Laoich & Cill Chré (tigh & uaigh Airt Uí Laoghaire)

19.30 Comórtas idir-Ghaeltachtaí sean-nós, agallamh beirte, lúibíní (curtha i láthair ag Seán Óg Ó Duinnín)
19.30~20.30 (Aois: faoi 15 agus faoi 18 ar 13/06/2008) & moltóireacht
20.30~22.00 (Aois: os cionn 18)

22.00 Cur i láthair An Blas Muimhneach le Breandán Mac Gearailt


22.15 Moltóireacht & bronnadh na nDuaiseanna



22.30 Seisiún Ceoil

FÁILTE ROIMH CHÁCH

Fógra ó Raidió Fáilte



Raidió Fáilte ar 107.1fm i gceantar Bhéal Feirste agus ar http://www.raidiofailte.com/
ar fud an domhain

Clár raidió speisialta ar Chonradh Lisbon – léirithe agus curtha i láthair ag Eoghan Ó Neill

A radio special on the Lisbon Treaty - produced and presented by Eoghan Ó Néill


Ins an chlár, labhraítear le Pearse Doherty; Patricia McKenna; Dinny McGinley; Nollaig Ó Gabhra; Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times… agus cluintear díospóireacht idir Eoghan Ó Néill agus Ciarán Mac Giolla Bheinn - a bhí i láthair ag painéal díospóireachta ar an ábhar le hionadaithe ón DUP, SDLP, Sinn Féin… (i Muileann Mhic Con Mhidhe ar Bóthar na bhFál, Béal Feirste)

Scaip an scéal i measc do chuid chairde, le do thoil

Amanna craolta / Broadcast times

Céadaoin/Wednesday 11 Meitheamh 08 12.00 – 13.00
Céadaoin/Wednesday 11 Meitheamh 08 23.00 – 00.00
Déardaoin/Thursday 12 Meitheamh 08 07.00 – 08.00

Raidió Fáilte 107.1fm
An Chultúrlann
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT12 6AH
028 (048) 9031 0013
oifig@raidiofailte.com
http://www.raidiofailte.com/

Raidió Fáilte 107.1fm
Stáisiún raidió pobail Gaeilge - don aois nua

9.6.08

Comhghairdeas


Comhghairdeas do Shiomón Ó Faoláin a thug leis an chéad duais i gComórtas Filíochta Bhéal Atha na mBuillí ar na maillibh.
Fosta tugaim faoi deara go raibh alt le hAlan Desmond ar pháipéar Gaeilge na hArdteistiméireachta inniu.
Comhartha go bhfuil ag éirí thar cionn le scríbhneoirí óga na Gaeilge!!

Tá An Giall caoga bliain d'aois agus é ar ais ar stáitse. Aisteoirí Bulfin





Beidh 'An Giall' le Breandán Ó Beacháin, ar siúl sa Halla Damer atá suite faoi bhun na hEaglaise Úinitéaraí, 102 Faiche Stiabhna (lámh leis an Luas).Beidh an dráma ar oscailt don phobal Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 14 -15 Meitheamh.

Chun an 50 bliain ón chéad léiriú a chomóradh tá socrú déanta ag Gael Linn le hAisteoirí Bulfin é a chur ar an stáitse sa Damer agus is é Aodh Ó Domhnaill a raibh a dhráma, An Campa , ar an stáitse sa phríomhchathair ag tús na Bealtaine, atá i mbun a léirithe.

An uair seo is ag Séamus Ó Scanláin, a bheidh páirt Phádraig, bainisteoir an teach striapachais, agus ag Mícheál Ó Gruagáin páirt Monsúr. Oisín Ó Cualáin a bheidh i bpáirt an tsaighdiúra Shasanaigh.Beidh páirteanna na mban ag Sinéad Ní Uallacháin (meirdreach) agus Emer Lynsey (Treasa) agus ar an fhoireann fosta tá Seán Ó Dubhda, Ciarán Ó Feinneadha, Gearóid Ó Mórdha, Tadhg Ó Conchubhair, agus Seán Ó Broin. Aoileann Ní Chonchubhair a bheidh ina bainisteoir stáitse.



Chun ticéad a chur in áirithe, cuir glaoch ar:Áine Seoighe, Rúnaí Aisteoirí Bulfin: 01-6398404; 087 9421987.


Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bhliain ó shin. Is iad na léirithe is deireanaí uathu ná :“An Eochair”, bunaithe ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (2006)“Mac a’ Stanley”, leagan nua den “Threepenny Opera” nó “Dreigroschenoper”, le Brecht/Weill (2006)“Claí na Muice Duibhe”, aistriúchán ar “At the Black Pig’s Dyke” le Vincent Woods (2007).

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3371&viewby=date

http://www.searcs-web.com/behan.html

http://en.wikipedia.org/wiki/The_Hostage_%28play%29

8.6.08

Tairiscint Speisialta


Tá an comhlacht foilsitheoireachta An Clóchomhar ag foilsiú leabhair Ghaeilge le caoga bliain i mbliana agus mar cheiliúradh ar an ócáid tá An Clóchomhar, i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta, ag tairiscint beart 130 leabhar ar €350.


Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag An gClóchomhar as an tsraith luachmhar ‘Imleabhair Thaighde’, ina bhfuil céad imleabhar faoi seo, ach chomh maith leis sin tá réimse leathan próis (úrscéalta, gearrscéalta, aistí, beathaisnéisí, léachtaí, cuimhní cinn, srl.) chomh maith le filíocht, amhráin agus drámaí foilsithe acu.


Is deis eisceachtúil atá anseo do leabharlann Ghaeilge a shaibhriú go mór agus ós rud é go bhfuil roinnt de na teidil seo beagnach imithe as cló faoi seo agus nach móide go mbeidh fáil orthu arís ní mór an deis seo a thapú láithreach bonn! Tá an tairiscint seo teoranta don chéad 25 ordú a fhaigheann muid, nó d’orduithe a bheidh faighte againn faoin 27 Meitheamh, muna bhfuil na pacáistí uilig díolta faoi sin.

Tá costas postais san áireamh do sheoltaí in Éirinn.

Seol ríomhphost chuig news@cic.ie má tá aon cheist agat, nó cuir glao ar +353 91 593307.

Scríbhneoirí Árainn


Clár filíochta


Is féidir éisteacht leis an gclár seo ar Radió na Gaeltachta @






agus sa chlár féin deintear ceiliúradh ar scríbhneoirí Árainn Is iad muintir Árainn féin a dheineann saothar na scríbhneoirí a léamh.
Tá na léitheoirí a chloistear ag léamh ar an gclár seo muinteartha leis na scríbhneoirí agus i measc na scríbhneoirí a chloistear saothar uathu ar an gclár tá

Liam Ó Flaithearta, Máirtín Uí Dhireáin, Breandán Ó hEithir, Maitiú Ó Maoláin, Éamonn Ó Tuathail, Colm P. Ó hIarnáin, Dónal Ó Flannagáin.

Cloistear iníon Liam Uí Fhlaithearta ar an gclár leis.

7.6.08

Tar Éis a Bháis




Seán Ó Ríordáin : Tar Éis a Bháis




Is féidir éisteacht le sraith cláracha i gcuimhne ar an bhfile Seán Ó Ríordáin ar Radió na Gaeltachta @ http://www.rte.ie/rnag/seanoriordain.html


Clár 1 -léacht dar teideal Ag Cabaireacht sa tSaol, leis an Ollamh Máirtín Ó Murchú

Clár 2 - Léacht dar teideal An Dioscúrsa Dúchais, agus Dúchas an Dioscúrsa, leis an Dr. Stiofán Ó Cadhla
Clár 3 - Léacht dar teideal Siar go Tír na nÓg, leis an Dr. Pádraigín Riggs

Clár 4 - Léacht dar teideal Sceo ar sceo do scumhadh iad / Na daoine seo dem' chroí, leis an Ollamh Seán Ó Coileáin
Clár 5 - An tOllamh Alan Titley agus an téama An Teanga Eile Leath-Leis faoi chaibidil aige

Clár 6 - An tOllamh Gearóid Ó Crualaoich, agus an téama Aithne, an ea? N'fheadar faoi chaibidil aige.

Clár 7 - Liam P. Ó Murchú ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, agus an téama Ard dTuathal, ar deiseal An Ghaeilge ina pheann faoi chaibidil aige