Mise agus an fharraige
rinne muid damhsa inniu
os coinne Inis Caorach
gan eadrainn ach
urlár rince mo bháid.
Choinnigh mé léi
coiscéim ar choiscéim
an ghaoth dár dtionlacan
ag gabháil fhoinn aeraigh
agus ag casadh ceoil
le rithim na slioparnaí
is le dordán an innill.
Chuaigh faoileán thart
a stiúraigh an damhsa
ag scairtigh amach na céimeanna
dár spreagadh lena ghlór.
Rinne mé luascadh léi
slioschéim agus léimt
chuaigh mé isteach is amach
suas agus síos, ag coinneáil
ama le tonnaí a cos.
Ba é an damhsa ab' fhearr
a rinne mé le bliantaí,
is nuair a tháinig mé i dtír
d'amharc mé amach
arís go fonnmhar ar mo
leannán rúin is chaith mé póg
ina treo, sa dóigh is go mbeadh
cuimhne aici orm nuair
a tchífeadh sí arís ag céilí mé.
Ag ligint don Domhan teacht i dtaithí orm
Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don chloch, scéal a huaignis
a insint domh.
Fosclóidh mé mo chroí di.
Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don aer, scéal a fhairsingeachta
a insint domh.
Séidfidh mé m'anáil air.
Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thbhairt
don uisce, scéal a dhoimhneachta
a insint domh.
Silfidh mé mo dheora leis.
Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don tine, scéal a loisceachta
a insint domh.
Cuirfidh mé mo lámh ionsuirthi.
Tá fuaim is rithim na bhfocal go haoibhinn. Coinnigh ort!
ReplyDeletenuair a d'fhéachas ar an ndán "ar bád ag damhsa" cheapas go rabhas iomarc dí ólta agam nó go raibh botún éicint tarlaithe don dán nuair a chuir tú in airde é. Agus is breá liom an cleas san d'fhonn anonn agus anall na mara a chiallú. Ana-dheas agus treise leat!
ReplyDeleteGo raibh maith agaibh beirt!
ReplyDelete