Tabharfaidh sraith nua Dovinia, RINCE AR PHÁR, cuireadh isteach i saol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríochta comhaimseartha agus cóiriú físiúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat.
Ná bac na clichés: tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge: seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin.
Ina measc siúd a bhéas ag glacadh páirt sa chlár:
Eoghan Mac Giolla Bhríde ,Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Jackie Mac Donncha,
Biddy Jenkinson, Tadhg Mac Dhonnagáin, Pádraig Standún, Dairena Ní Chinnéide, Pádraig Ó Snodaigh, An tOllamh Pádraig Canónach Ó Fiannachta, Máire Mhac an tSaoi, An tOllamh Angela Bourke, Liam Mac Cóil, Gabriel Rosenstock, Colm Ó Snodaigh, Breandán Ó Doibhlin, Aoileann Nic Ginnea,Éilís Ní Dhuibhne, Aodh Ó Domhnaill, Kevin Myers,Aifric Mac Aodha,Ceaití Ní Bheildiúin, Micheál Ó Conghaile, Pádraig Mac Cába,Dara Ó Conaola, Paddy Bushe, Celia De Fréine, Maidhc Dainín Ó Sé, Vivian Uíbh Eachach, Colm Breathnach.
No comments:
Post a Comment
Note: Only a member of this blog may post a comment.