28.1.09

Nuacht ó Ghaleport

Dé Céadaoin seo caite, bhí oíche an-taitneamhach go deo ar siúl ag an gCaife Cois Life i gCeannáras Fhoras na Gaeilge. Ba iad na filí Tadhg Ó Dúshláine agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhí i mbun a gcuid filíochta a léamh ar an oíche.
Is as Corcaigh do Thadhg Ó Dúshláine, is gearrscéalaí, file agus fear taighde é. Tá lear mór foilsithe aige ar litríocht na Gaeilge. Is léachtóir le Gaeilge é in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ó 1978. Tá stíl filíochta an-chomhaimseartha ag Tadhg, agus eilimintí den ghreann fite fuaite le linn a chuid filíochta aige.

Is as Ciarraí d’Ailbhe Ní Ghearbhuigh, foilsíodh a céad chnuasach filíochta, Péacadh anuraidh. Thaistil Ailbhe chuig Albain an fómhar seo caite, mar chuid de Thuras na bhFilí, malartú cultúrtha idir Éirinn agus Albain a eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. D’inis Ailbhe scéal faoi gach dán sular léigh sí iad, agus ba dheas go raibh tuiscint ag an lucht éisteachta ar na laethanta a chaith sí in Bordeaux agus in Harlem, mar gur chruthaigh sé seo comhthéacs do na dánta a rinne cur síos ar thaithí Ailbhe agus í ag cónaí thar lear.

Ní filíocht amháin a bhí le cloisteáil ar an oíche, bhí Pól Ó Seachnasaigh agus Mick O’Brien mar aoi-cheoltóirí na hoíche, rud a thug an-éagsúlacht don oíche. Beidh an oíche dheireanach de shraith Chaife Cois Life ar siúl an Chéadaoin seo chugainn ag 8i.n., is iad Liam Ó Muirthile agus Colm Breathnach a bheidh ag léamh a gcuid filíochta agus beidh Tristan Rosenstock, Damien Stenson agus Paul Finn mar aoi-cheoltóirí na hoíche.


Déantar Caife Cois Life a thaifeadadh beo, agus craoltar é ar Raidió na Life 106.4FM. Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Chaife Cois Life, ach glaoch a chur ar Mhairéad Uí Dhomhnaill ar 087-7443037.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.