12.6.08

Raidió Na Life : Proinsias Mac a' Bhaird



Bígí ag éisteacht leis an gclár Fios Feasa ar Raidió na Life 106.4 anocht idir 8-9. Beidh Proinias Mac a' Bhaird, duine des na scríbhneoirí óga/úra ag déanamh cur síos ar an gcumann s'againne agus ar chúram na scríbhneoireachta trí chéile.


Is as oileán Árainn Mhór do Phroinsias ó dhúchas agus chaith sé 6 bliana ag obair i gColáiste Mhuire i mBaile Átha Cliath agus tá sé anois ag obair i nGaelcholáiste Leitir Ceanainn mar mhúinteoir Gaeilge.

Cá bhfios...seans go gcloisfimid dán nó dhó uaidh leis? Fios feasa 8-9 ar Raidió na Life 106.4.

Feasta Meitheamh 08: Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loinsigh


Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh
Feasta, Meitheamh 2008, lgh. 4-5

Bhíomar go léir á mholadh …, ach bhí a mhalairt de scéal ann nuair a beireadh amuigh air agus gur bhain sé úsáid as ceann de na focail is coitianta sa Bhéarla.B’fhéidir gur chóir dó níos mó Gaeilge fós a úsáid, pé acu go poiblí nó go príobháideach.

Nach é Harold Wilson, nuair a bhí sé ina phríomhaire sa Bhreatain, a bhain úsáid as an nath úd, nath atá seanchaite go maith anois, faoi chomh fada de thréimhse í seachtain sa saol polaitíochta. Más seanchaite féin é tuigfidh Brian Cowen fírinne an natha cháiliúil. Cheana féin tá blaiseadh maith faighte aige den ghuagacht a bhaineann leis an saol sin. Bhíomar go léir á mholadh tar éis a chuid óráidíochta nuair a roghnaíodh é mar cheannaire ar Fhianna Fáil, ach bhí a mhalairt de scéal ann nuair a beireadh amuigh air agus gur bhain sé úsáid as ceann de na focail is coitianta sa Bhéarla.B’fhéidir gur chóir do níos mó Gaeilge fós a úsáid, pé acu go poiblí nó go príobháideach. Is iontach an méid drochchainte is féidir a úsáid i nGaeilge gan olc a chur ar aon duine. Ar chúis éigin, níl an mhíchuibhiúlacht chéanna ag baint leis i dteanga ársa ár sinsear. Béarfaidh gá níos tromchúisí air is dócha.I gcoitinne cuireadh fáilte roimh na hairí agus na hairí stáit nua, ach amháin go rabhthas ag gearán faoin líon mór airí stáit a ceapadh. Sa deireadh d’fhéadfaí a rá nár bhain na ceapacháin geit rómhór as aon duine ach amháin, b’fhéidir, i gcás Batt O’Keefe, an tAire nua Oideachais agus Eolaíochta. An raibh aon duine ann a luaigh a ainm leis an aireacht thábhachtach seo? Ní hionann sin agus a rá go bhfuil rian amhrais maidir lena chumas, ná lena oiriúnacht don bpost. Níl ann ach go ligtear daoine i ndearmad nuair a bhíonn siad timpeall le fada, agus nach santaíonn siad aird an phobail oiread agus a dheineann roinnt dá gcomhghleacaithe.Ach níl amhras ná gurb é seo an ceapachán ar a raibh ár bhfaire. Le tamall anois, seo an Roinn is mó ar fad a bhfuil gach géag agus gach aicme i ngluaiseacht na Gaeilge in earraid léi. Bíodh nach raibh aon duine ag súil leis, is in olcas a chuaigh cúrsaí nuair a bhí Máire Ní Ainiféin i bhfeighil na Roinne. Is maith is eol an chúis leis seo. Tá an t-easaontas agus an choimhlint a tharla de bharr gur eisíodh cearclán ag cur cosc leis an tumoideachas sna gaelscoileanna ar eolas go forleathan.Tá an cheist seo seanphléite anseo. Is leor a rá gur fhéach sé do go leor, a raibh dlúthbhaint acu le hoideachas, nach raibh aon bhonn saineolaíoch leis an gcinneadh. Mar bharr ar sin, bhí sé soiléir nach mbeifí sásta aon chineál taighde a dhéanamh a chabhródh le réiteach na faidhbe. Is féidir a bheith cinnte ón gcúlra atá aige, nach bhfuil an t-aire nuacheaptha dall ar an gceist seo.

Ní mór smaoineamh anois nach ionsaí é chleachtas an tumoideachais sna gaelscoileanna an t-aon fhadhb atá le réiteach maidir le hionad na Gaeilge sa chóras oideachais. Níl sé ach roinnt seachtainí ó foilsíodh tuarascáil dár teideal ‘Language Education Policy Profile for Ireland’. Seo tuarascáil a d’ullmhaigh Rannóg Polasaí Oideachais Chomhairle na hEorpa agus, murar miste leat, ár Roinn Oideachais agus Eolaíochta féin. De réir na tuarascála tá staid na Gaeilge sa chóras tubaisteach. Baineadh úsáid as téarmaí mar ‘gravely serious’ agus ‘approaching melt-down’ chun an drochstaid a léiriú.


Bhí a lán eile sa tuarascáil seo nach féidir ach beagán plé a dhéanamh air sa cholún seo. Luadh go háirithe drochstaid na teanga sna coláistí oiliúna múinteoireachta. Ní raibh oiread Gaeilge ag go leor múinteoirí a chuirfeadh ar a gcumas í a mhúineadh. Bhí easpa comhoibrithe idir dreamanna a raibh baint acu leis an gceist agus mar sin de.Cuimhnigh go raibh an Roinn a mbaineann an ‘staid thubaisteach’ go dlúth léi páirteach i ndréachtadh na tuarascála seo. Is clos dúinn leis na blianta, fianaise starógach mar a thugann focal.ie ar ‘anecdotal evidence’, go raibh múineadh na Gaeilge in go leor de ghnáthscoileanna na tíre i ndroch-chaoi ar fad. Is dócha gur féidir a rá anois go bhfuil bonn eolaíoch leis an tuairim sin. Fiú go bhfuil sé faomhaithe ag ár Roinn Oideachais féin. Is aisteach nach raibh níos mó le clos faoin gceist seo. Ní fhaca féin ach litir amhain ar Foinse ón Dr. Ciarán Ó Coigligh ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, ag aontú go huile lena raibh sa tuarascáilIs maith is eol dúinn a bhfuil déanta ag na gaelscoileanna leis na blianta ar son na Gaeilge, ach go háirithe sa chóras oideachais. Gan amhras is diomailt ama agus fuinnimh dóibh a bheith ag strácáil leis an Roinn Oideachais faoin tumoideachas. Ach tá an dainséar ann freisin go ligfí i ndearmad an fhíor-dhrochstaid ina bhfuil múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne.

Deineadh tagairt sa cholún seo cheana do leabhar nua a tháinig amach dar teideal A New View of the Irish Language. Tá 20 aiste ann i mBéarla ag plé le gnéithe éagsúla de staid na Gaeilge i saol an lae inniu. Is fiú go mór an leabhar seo a léamh, ach ní hé ar aon chor go n-aontóidh gach duine le gach aiste nó le gach tuairim dá bhfuil luaite iontu. Tá aiste amháin Modern Irish Scholarship at Home and Abroad le Aidan Doyle nach miste a lua anseo, mar tá baint aige le hábhar. Molann sé go múinfí cúrsaí Gaeilge sna hollscoileanna feasta trí Bhéarla, mar a tharlaíonn le teangacha eile.


Tuigeann sé gur ionann seo agus éirí as athbheochan na teanga, ach dar leis nach bhfuil i gceist leis sin, pé ní, ach a bheith ag cloí le ‘outmoded form of romantic cultural nationalism’. Tá, dar leis, cúinge dearcadh, agus róbhéim ar thraidisiún amháin ina shaintréith den athbheochan ná fuil inghlactha i saol an lae inniu. Tá a lán le rá san alt faoi eitneachas, ach b’fhéidir go bhféadfaí a chur i leith an údair gur cineál de ghlanadh eitneach cultúrtha dá chuid féin atá á chraobhscaoileadh aige. Ní mór a rá nach bhfuil an dearcadh seo neamhchoitianta ar fad, bíodh nach cosúil ar aon chor go bhfuil sé inghlactha, ná coitianta, i measc an ghnáthphobail.


Is léir nach n-aontódh an Taoiseach nuathofa, Brian Cowen, leis an dearcadh seo ach oiread. Scéal eile ar fad sea céard a cheapfaí de laistigh den Roinn Oideachais, nó b’fhéidir sa státseirbhís i gcoitinne.


Tar éis ár ngnáth chamchuairt táimid ar ais ag an Taoiseach agus ceapachán na n-airí rialtais. Níl pléite go dtí seo ach an t-aon roinn amháin agus ceapadh Batt O’Keefe. Tá cúis mhaith leis sin. Mar atá léirithe, tá fadhbanna ollmhóra leis an Roinn sin ó thaobh na Gaeilge, agus ní féidir ach a rá go bhfuil sé riachtanach go gcuirfeadh gluaiseacht na Gaeilge é sin ina luí ar an Aire Oideachais, agus ar an Taoiseach féin, má thagann sé chuige sin. Cuireadh fáilte mhór roimh a raibh le rá le déanaí ag Brian Cowen faoin teanga. An dea-thoil úd arís, a mbíonn oiread sin cainte againn fúithi! An amhlaidh go mbímid ag brath rómhór uirthi? Tá sé riachtanach um an dtaca seo go gcuirfí bonn éigin tathagach faoin dea-thoil chéanna.Níl a lán is gá a rá anseo faoi na ceapacháin eile. I gcoitinne tá fáilte curtha rompu. Cé sinne go mbeimis ag dul in aghaidh na coitiantachta. Ní háibhéil a rá go bhfuilimid ag dréim le ré nua i saol polaitíochta na tíre, nó chun a bheith cruinn, ag tnúth le ré nach mbeidh iomrá ar bhinsí fiosraithe. Sa ré nua beidh ár bpolaiteoirí gan cháim, agus ní bheidh ábhar gearáin againn faoi chostas agus leadrán na mbinsí. Ní mór a admháil nach bhféadfaí cur suas le mí-iompar na bpolaiteoirí a thuilleadh. Sa mhéid sin ar a laghad, táimid faoi chomaoin ag na binsí.


Tá an reifreann ar Chonradh na Liospóine ar leac an dorais againn. Is aisteach nuair atá gach páirtí sa Dáil, seachas Sinn Féin, i bhfábhar an chonradh go bhfuil an oiread sin den phobal nach bhfuil sásta a rá an bhfuil siad ar a shon nó ina aghaidh. Tá amhras san aer, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an Aontais. Ba léir é sin nuair a dhiúltaigh na Francaigh agus na hOllannaigh don bhunreacht ar a bhfuil an conradh seo bunaithe. Anois ní bheidh an deis acu vótáil treo amháin nó eile. An bhfuil sé ceart ná ciallmhar gur mar sin a bheadh?


Tá sé soiléir dá mbeadh deis vótála ag pobail eile go mbeadh an t-amhras céanna i gceist. Ar chúrsaí stairiúla, bhíos i gcónaí i bhfábhar comhcheangail agus comhaontais idir thíortha na hEorpa, go raibh a leithéid riachtanach i dtreo nach dtarlódh cogaí tubaisteacha go deo arís mar a tharla sa chéad leath den chéad seo caite. Creidim san aontas Eorpach, ach ní chreidim i Stát Feidearálach na hEorpa. Ní bheadh a leithéid buan.An bhfuil na ceisteanna is tábhachtaí á bplé againn ar aon chor? Ní dócha go bhfuil ár neodracht i mbaol má ghlactar le Conradh na Liospóine, ná go mbrúfar ginmhilleadh orainn, ná go gcaillfimid smacht ar chúrsaí cánach. Ach measaim gur féidir agus gur cóir dúinn a bheith in amhras faoi cad atá i gceist sa bhfadtéarma ag lucht an mhaorlathais sa Bhruiséal. Tá soiléire riachtanach, trédhearcacht, sílim, an téarma a úsáidtear na laethanta seo. Cad chuige na conarthaí ar fad i ndáiríre? Cathain a bheidh an chéad cheann eile againn? Ba mhór an buntáiste dúinn sa tír seo an pháirt a ghlacamar sa bhfiontar mór seo san Eoraip. B’fhéidir nár mhiste go leanfadh sé sin, ach tá sé thar am stop a chur leis na hathruithe a bhfuiltear de shíor á mbrú orainn.

11.6.08

Fógra Ó Phádraig Mac Fhearghasa: Tionól Na Mumhan




A Chairde na scríbhneoireachta,

Bheinn buíoch dá scaipfeá an scéal i measc do chairde. (Tá an cheardlann scríbhneoireachta ar siúl lena linn chomh maith, ar ndóigh).

Ádh mór,

Pádraig Mac Fhearghusa

TIONÓL NA MUMHAN
Dé hAoine ~ Dé Domhnaigh13 ~ 15 Meitheamh 2008 Baile Bhuirne, Co. Chorcaí

DÉ hAOINE (Óstán Ghobnatan an láthair d'imeachtaí an lae seo)

14.15 Teacht le chéile
15.00 Turas (1) – Reilig Ghobnatan Dónal Ó hÉalaithe
20.00 Léacht (1) "..le ciumhais na habhann.." (Cúirt an Mheán Oíche )an ceangal idir Bhaile Bhuirne agus Oirthear an Chláir sa dán cáiliúil seo le Brian Merriman Gearóid Ó Crualaoich




21.00 Bord Quiz idir-Choistí Dúiche & fógairt Coiste Dúiche na Bliana
22.00 Seisiún Ceoil & seoladh Feasta an Mheithimh

http://www.feasta.ie/

DÉ SATHAIRN (An Muileann an láthair d'imeachtaí an lae seo)

10.00 Dáil na Mumhan & fógairt clár oibre 2008/09 sa Mhuseam
10.30 Turas ar Ghailearaí Eas Coille (siúl)

12.00 Léacht (2) "Sgéal mo Bheatha le Domhnall Bán Ó Céileachair,Cúil Aodha: a Theacht ar an Saol" Seán Ua Súilleabháin

15.00 Turas (2) Ráth Laoich & Cill Chré (tigh & uaigh Airt Uí Laoghaire)

19.30 Comórtas idir-Ghaeltachtaí sean-nós, agallamh beirte, lúibíní (curtha i láthair ag Seán Óg Ó Duinnín)
19.30~20.30 (Aois: faoi 15 agus faoi 18 ar 13/06/2008) & moltóireacht
20.30~22.00 (Aois: os cionn 18)

22.00 Cur i láthair An Blas Muimhneach le Breandán Mac Gearailt


22.15 Moltóireacht & bronnadh na nDuaiseanna



22.30 Seisiún Ceoil

FÁILTE ROIMH CHÁCH

Fógra ó Raidió Fáilte



Raidió Fáilte ar 107.1fm i gceantar Bhéal Feirste agus ar http://www.raidiofailte.com/
ar fud an domhain

Clár raidió speisialta ar Chonradh Lisbon – léirithe agus curtha i láthair ag Eoghan Ó Neill

A radio special on the Lisbon Treaty - produced and presented by Eoghan Ó Néill


Ins an chlár, labhraítear le Pearse Doherty; Patricia McKenna; Dinny McGinley; Nollaig Ó Gabhra; Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times… agus cluintear díospóireacht idir Eoghan Ó Néill agus Ciarán Mac Giolla Bheinn - a bhí i láthair ag painéal díospóireachta ar an ábhar le hionadaithe ón DUP, SDLP, Sinn Féin… (i Muileann Mhic Con Mhidhe ar Bóthar na bhFál, Béal Feirste)

Scaip an scéal i measc do chuid chairde, le do thoil

Amanna craolta / Broadcast times

Céadaoin/Wednesday 11 Meitheamh 08 12.00 – 13.00
Céadaoin/Wednesday 11 Meitheamh 08 23.00 – 00.00
Déardaoin/Thursday 12 Meitheamh 08 07.00 – 08.00

Raidió Fáilte 107.1fm
An Chultúrlann
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT12 6AH
028 (048) 9031 0013
oifig@raidiofailte.com
http://www.raidiofailte.com/

Raidió Fáilte 107.1fm
Stáisiún raidió pobail Gaeilge - don aois nua

9.6.08

Comhghairdeas


Comhghairdeas do Shiomón Ó Faoláin a thug leis an chéad duais i gComórtas Filíochta Bhéal Atha na mBuillí ar na maillibh.
Fosta tugaim faoi deara go raibh alt le hAlan Desmond ar pháipéar Gaeilge na hArdteistiméireachta inniu.
Comhartha go bhfuil ag éirí thar cionn le scríbhneoirí óga na Gaeilge!!

Tá An Giall caoga bliain d'aois agus é ar ais ar stáitse. Aisteoirí Bulfin





Beidh 'An Giall' le Breandán Ó Beacháin, ar siúl sa Halla Damer atá suite faoi bhun na hEaglaise Úinitéaraí, 102 Faiche Stiabhna (lámh leis an Luas).Beidh an dráma ar oscailt don phobal Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 14 -15 Meitheamh.

Chun an 50 bliain ón chéad léiriú a chomóradh tá socrú déanta ag Gael Linn le hAisteoirí Bulfin é a chur ar an stáitse sa Damer agus is é Aodh Ó Domhnaill a raibh a dhráma, An Campa , ar an stáitse sa phríomhchathair ag tús na Bealtaine, atá i mbun a léirithe.

An uair seo is ag Séamus Ó Scanláin, a bheidh páirt Phádraig, bainisteoir an teach striapachais, agus ag Mícheál Ó Gruagáin páirt Monsúr. Oisín Ó Cualáin a bheidh i bpáirt an tsaighdiúra Shasanaigh.Beidh páirteanna na mban ag Sinéad Ní Uallacháin (meirdreach) agus Emer Lynsey (Treasa) agus ar an fhoireann fosta tá Seán Ó Dubhda, Ciarán Ó Feinneadha, Gearóid Ó Mórdha, Tadhg Ó Conchubhair, agus Seán Ó Broin. Aoileann Ní Chonchubhair a bheidh ina bainisteoir stáitse.



Chun ticéad a chur in áirithe, cuir glaoch ar:Áine Seoighe, Rúnaí Aisteoirí Bulfin: 01-6398404; 087 9421987.


Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bhliain ó shin. Is iad na léirithe is deireanaí uathu ná :“An Eochair”, bunaithe ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (2006)“Mac a’ Stanley”, leagan nua den “Threepenny Opera” nó “Dreigroschenoper”, le Brecht/Weill (2006)“Claí na Muice Duibhe”, aistriúchán ar “At the Black Pig’s Dyke” le Vincent Woods (2007).

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3371&viewby=date

http://www.searcs-web.com/behan.html

http://en.wikipedia.org/wiki/The_Hostage_%28play%29

8.6.08

Tairiscint Speisialta


Tá an comhlacht foilsitheoireachta An Clóchomhar ag foilsiú leabhair Ghaeilge le caoga bliain i mbliana agus mar cheiliúradh ar an ócáid tá An Clóchomhar, i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta, ag tairiscint beart 130 leabhar ar €350.


Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag An gClóchomhar as an tsraith luachmhar ‘Imleabhair Thaighde’, ina bhfuil céad imleabhar faoi seo, ach chomh maith leis sin tá réimse leathan próis (úrscéalta, gearrscéalta, aistí, beathaisnéisí, léachtaí, cuimhní cinn, srl.) chomh maith le filíocht, amhráin agus drámaí foilsithe acu.


Is deis eisceachtúil atá anseo do leabharlann Ghaeilge a shaibhriú go mór agus ós rud é go bhfuil roinnt de na teidil seo beagnach imithe as cló faoi seo agus nach móide go mbeidh fáil orthu arís ní mór an deis seo a thapú láithreach bonn! Tá an tairiscint seo teoranta don chéad 25 ordú a fhaigheann muid, nó d’orduithe a bheidh faighte againn faoin 27 Meitheamh, muna bhfuil na pacáistí uilig díolta faoi sin.

Tá costas postais san áireamh do sheoltaí in Éirinn.

Seol ríomhphost chuig news@cic.ie má tá aon cheist agat, nó cuir glao ar +353 91 593307.

Scríbhneoirí Árainn


Clár filíochta


Is féidir éisteacht leis an gclár seo ar Radió na Gaeltachta @






agus sa chlár féin deintear ceiliúradh ar scríbhneoirí Árainn Is iad muintir Árainn féin a dheineann saothar na scríbhneoirí a léamh.
Tá na léitheoirí a chloistear ag léamh ar an gclár seo muinteartha leis na scríbhneoirí agus i measc na scríbhneoirí a chloistear saothar uathu ar an gclár tá

Liam Ó Flaithearta, Máirtín Uí Dhireáin, Breandán Ó hEithir, Maitiú Ó Maoláin, Éamonn Ó Tuathail, Colm P. Ó hIarnáin, Dónal Ó Flannagáin.

Cloistear iníon Liam Uí Fhlaithearta ar an gclár leis.

7.6.08

Tar Éis a Bháis




Seán Ó Ríordáin : Tar Éis a Bháis




Is féidir éisteacht le sraith cláracha i gcuimhne ar an bhfile Seán Ó Ríordáin ar Radió na Gaeltachta @ http://www.rte.ie/rnag/seanoriordain.html


Clár 1 -léacht dar teideal Ag Cabaireacht sa tSaol, leis an Ollamh Máirtín Ó Murchú

Clár 2 - Léacht dar teideal An Dioscúrsa Dúchais, agus Dúchas an Dioscúrsa, leis an Dr. Stiofán Ó Cadhla
Clár 3 - Léacht dar teideal Siar go Tír na nÓg, leis an Dr. Pádraigín Riggs

Clár 4 - Léacht dar teideal Sceo ar sceo do scumhadh iad / Na daoine seo dem' chroí, leis an Ollamh Seán Ó Coileáin
Clár 5 - An tOllamh Alan Titley agus an téama An Teanga Eile Leath-Leis faoi chaibidil aige

Clár 6 - An tOllamh Gearóid Ó Crualaoich, agus an téama Aithne, an ea? N'fheadar faoi chaibidil aige.

Clár 7 - Liam P. Ó Murchú ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, agus an téama Ard dTuathal, ar deiseal An Ghaeilge ina pheann faoi chaibidil aige



25.5.08

Suíomh Idirlíon Tarlach

Tá suíomh nua ag Tarlach le dul leis an leabhar Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin:
www.agtaistealletarlach.com. Má tá aithne agaibh ar aon duine go mbeadh suim acu ann an bhféadfadh sibh é a sheoladh chucu. Go raibh maith agaibh.

22.5.08

Dánta

Ar Bhád ag Damhsa

Mise agus an fharraige
rinne muid damhsa inniu
os coinne Inis Caorach

gan eadrainn ach
urlár rince mo bháid.
Choinnigh mé léi

coiscéim ar choiscéim
an ghaoth dár dtionlacan
ag gabháil fhoinn aeraigh

agus ag casadh ceoil
le rithim na slioparnaí
is le dordán an innill.

Chuaigh faoileán thart
a stiúraigh an damhsa 
ag scairtigh amach na céimeanna

dár spreagadh lena ghlór.
Rinne mé luascadh léi
slioschéim agus léimt

chuaigh mé isteach is amach
suas agus síos, ag coinneáil 
ama le tonnaí a cos.

Ba é an damhsa ab' fhearr
a rinne mé le bliantaí,
is nuair a tháinig mé i dtír

d'amharc mé amach 
arís go fonnmhar ar mo 
leannán rúin is chaith mé póg

ina treo, sa dóigh is go mbeadh
cuimhne aici orm nuair
a tchífeadh sí arís ag céilí mé.



Ag ligint don Domhan teacht i dtaithí orm

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don chloch, scéal a huaignis
a insint domh.
Fosclóidh mé mo chroí di.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don aer, scéal a fhairsingeachta
a insint domh.
Séidfidh mé m'anáil air.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thbhairt
don uisce, scéal a dhoimhneachta
a insint domh.
Silfidh mé mo dheora leis.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don tine, scéal a loisceachta
a insint domh.
Cuirfidh mé mo lámh ionsuirthi.

19.5.08

Scríbhneoirí Faoi Chaibidil 2006.


Scribhneoirí faoi Chaibidil:

Is féidir éisteacht leis an tsraith seo ar an idirlíon i gcónaí agus i measc na n-ábhar a ndeintear scagadh orthu sa chlár seo tá

(1) Mairtín Ó Díreáin : Ár ré dhearóil agus an tOileán Thiar. Máirtín agus múnlaí na filíochta.

le hAlan Titley, Máire Ní Annracháin agus Eoghan Ó hAnluain

(2) Seán Ó Riordáin: le hAlan Titley, Seán Ó Coileáin, Louis de Paor.

(3) Pádraig Ó Conaire : le hAlan Titley, Pádraigín Riggs agus Seán Ó Siadhail.

(4) Pádraig Mac Piarais: Réabhlóidí ina shaol polaitiúil ach cad is féidir a rá faoina shaol cruthaíoch?

le hAlan Titley, Regina Uí Chollatáin agus Cathal Ó hÁinle.

(5) Seathrún Céitinn : "An féidir Athair an phróis a thabhairt air?"

le hAlan Titley, Daithí Ó hÓgáin agus Tadhg Ó Dúshláine.

(6) Máire Mhac an tSaoi: Cumadóir claisiceach canúnach ceannródaíoch.

le hAlan Titley agus Bríona Nic Dhiarmada.

(7) Peadar Ó Doirnín: Dearcadh dúshlánach ar dánta gairsiúla agus grámhara aduaidh.

le hAlan Titley, Lillis Ó Laoire agus Seosamh Watson.

(8) Seosamh Mac Grianna : An t-úrscéalaí Ultach, an gearrscéalí géarchúiseach agus an t-aistritheoir tuisceanach faoi athmheas.



le hAlan Titley, Pól Ó Muirí agus Fionntán de Brún.

(9) Brian Merriman: Cláríneach agus cailíní lena mianta collaíochta agus cleamhnais.

le hAlan Titley agus Liam P. Ó Murchú.




(10) Mícheál Ó Conghaile: An scríbhneoir comhaimseartha ag déanamh talamh slan de thalamh úr.

le hAlan Titley, Pádraig Breatnach agus Máire Ní Neachtain.

(11) An Litríocht Chráifeach: An Litríocht Chraifeach mar a bhí, mar atá agus mar a bhéas, b'fhéidir.

le hAlan Titley, Ciarán Mac Murchaidh agus Tadhg Ó Dúshlaine.

(12) Breandán Ó hEithir: Cuirtear saol agus scríbhinní ilghnéitheacha an Árannaigh idir chamánaibh.

le hAlan Titley, Caoilfionn Nic Pháidín agus Liam Mac an Iomaire.

(13) Máirtín Ó Cadhain.

le hAlan Titley, Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil.

18.5.08

Rince ar Phár: TG4



Tabharfaidh sraith nua Dovinia, RINCE AR PHÁR, cuireadh isteach i saol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríochta comhaimseartha agus cóiriú físiúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat.
Ná bac na clichés: tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge: seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin.
Ina measc siúd a bhéas ag glacadh páirt sa chlár:

Lyrikline.

http://www.lyrikline.org/

Bhraitheas go mb'fhéidir go mbeadh suim agaibh sa suíomh thuasluaite mar a bhfuil tarrac ar fhilíocht. Soláthraíonn lyrikline fóram fíorúil ar an idirlíon d'fhilí agus dá saothar filíochta. Is féidir leis an gcuairteoir a théann ag triall ar an suíomh seo filíocht a léamh sa bhunteanga (nó an t-aistriúchán) agus anuas ar sin, tig leis an gcuairteoir éisteacht leis na filí féin ag léamh a gcuid filíochta.

Anois dob é an rud a shamhlaíos a bhí suaithinseach fén suíomh seo ná gur féidir leis an gcuairteoir filíocht na Gaeilge a léamh nó éisteacht léi ar an suíomh
.i. Micheal Davitt, Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Greágóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh
Gabriel Rosenstock.





léamh nó éisteacht le filíocht na Briotáine .i. Antony Heulin, Bernez Tangi.

léamh nó éisteacht le filíocht na Breatnaise .i. Grahame Davies, Meirion MacIntyre Huws

léamh nó éisteacht le filíocht Ghaeilge na hAlban .i. Meg Bateman, Aonghas MacNeacail.

Anuas ar na teangacha Ceilteacha tá scata Éireann teangacha nach iad agus b'fhiú (dar liom) géabh a thabhairt faoin suíomh seo am éicint amach anseo.


9.5.08

Dánta


















An Chuairt 2008 ag Club Sult


Aisling

An óiche úd i mBarcellonetta
Shiúlamar Bealach na Bó Finne fé thrí,
Thit an lag ar an lug, guairnéan aoibhnis,
Bhréagnaigh boghaisín an réalt reatha Newton groí.

An oíche úd i mBarcellonetta,
Shiabhraigh te quiero, sí gaoithe trím chlí
Líon do shúil' le gile na meánmhuir'
Sheolas mo bháircín art' léinseach síoraí.

I ndíseart m'aigne chuireas an síol san
Is shileas gach deorchloch sa chuan,
Gur phóraigh ar a' gcarn bláithín fiabhrais
Macalla, do chumraíocht rúin.

Nuair a shíothlaigh uaim cuimhne na hoíche san,
Thiteas tréithlag im' chnap suan,
Im' dhúiseacht, cloisim do rosc catha cloíte,
Im' chodladh, lonraíonn do shúilibh bithbhuan.


Pósae

Ní cuimhin lem' cheann cipín,
ar éigean fanndhrithlín,
arbh iad Chipsticks do roghain bídh?

Mearnáil na cuimhne.

Sheasaigh cuimhne ar bhunsifín,
go gcuala m'athair ag gol it' bhroinn,
lasmuigh, gan bheith istigh.

Lá do phósta.

Cuimhneod choích' a sheanmháthrín
Nár mhairbh an chléir ionat féith a' ghrinn,
Caille mhara gan chuing bhréagchráifeach.

Pósadh gléigheal.


1.5.08

"An Chuairt"

Glacfaidh Muiris Ó Meara, ball den chumann, páirt i bhféile "An Chuairt" ar an 7 Bealtaine agus beidh filí na Gaeilge is na Gàidhlige páirteach ann, an Dr Tadhg Ó Dúshláine, Maletta Nic Phàil agus Bill Innes ina measc. Beidh an ócáid ar siúl i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ar a hocht a chlog. Saorchead isteach. Bígí ann!

17.4.08

Ceardlann Scríbhneoireachta: Aoine 13 – Domhnach 15, Meitheamh 2008

Ceardlann Scríbhneoireachta
— Comhléamh & Cóimheastóireacht —
le cúnamh ó: Foras na Gaeilge
Stiúrthóirí
• Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, file, staraí
• Mícheál Ó Ruairc, file agus gearrscéalaí,
• & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta

Aoine 13 – Domhnach 15, Meitheamh 2008
Óstán Ghobnatan
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aoine, 13 Meitheamh,16.30 – 18.30
Satharn, 14 Meitheamh, 9.30 – 12.00
Domhnach, 15 Meitheamh, 11.00 – 13.00
———◊———
Táille Cláraithe 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Uaslíon rannpháirtithe 12.
Lóistín (L&B), Aoine & Satharn, ag Óstán Ghobnatan curtha ar fáil,
ach caithfidh rannpháirtithe íoc as costais taistil & béilí eile iad féin.
———◊———
Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé,
dánta, gearrscéal, giota d’úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí,
agus/ nó seol ar aghaidh go dtí:
Pádraig Ó Snodaigh, Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair,
Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13
Coimeád bunchóip duit féin
———◊———
Tá amanna ceardlainne in oiriúint oiread agus is féidir do chlár
Thionól na Mumhan, Conradh na Gaeilge, i dtreo gur féidir freastal
ar sheisiúin, léachtanna & turas ar dhúthaigh Airt Uí Laoghaire.


Pádraig Mac Fhearghusa feasta@eircom.net