22.6.08

Cé hiad na Scríbhneoirí Óga/Úra ???????????


A chairde na scríbhneoireachta...


Samhlaíodh dúinn go raibh sé thar am againn uile aithne a chur ar a chéile agus ós rud é go bhfuilimid ag iarraidh an cumann a chur chun cinn trí mheán na gréasánaíochta, bhíothas den dtuairim go mbeadh an fóram fíorúil seo oiriúnach chuige sin.

Ar an intinn sin, más ea, tá chugaibh anseo thíos tá an chéad chuid d'agallamh le Majella McDonnell- duine des na scríbhneoirí óga/úra - agus san agallamh seo tugann Majella a cuid tuairimí uaithi maidir leis an gcumann agus nithe eile nach iad.

Scríbhneoir Óg [S.O.]: Majella, cad as duit ó dhúchas?

Majella [M]: Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin dom.

S.O. : Cad chuige ar bunaíodh Cumann na Scríbhneoirí Óga/ Úra an chéad lá, dar leat?

M: Sílim go raibh Ríona Nic Congáil ag iarraidh daoine óga a raibh dúil acu sa scríbhneoireacht a thabhairt le chéile chun smaointe agus ábhar léitheoireachta a roinnt - cuspóir an-uasal go deo, dar liom! Ar an iomlán, braithim go bhfuil éirithe go rí-mhaith leis an gCumann go dtí seo. Ar ndóigh, tá go leor le déanamh amach anseo, ach tá foras iontach leagtha síos ón tosach.

S.O.: Cad iad na haidhmeanna atá ag an gcumann? Agus amach anseo cad iad na spriocanna a shamhlófa don gcumann?

M: Is iad na príomhaidhmeanna atá aige ná grá do scríbhneoireacht agus do léitheoireacht na Gaeilge a chothú i measc an luchta óig. Aidhmeanna is ea iad seo a chuirfear i gcrích feasta trí chiorcail léitheoireachta, ceardlanna agus léachtanna poiblí a reáchtáil – agus, ar ndóigh, spreagadh a thabhairt do na baill a gcuid oibre a fhoilsiú, bíodh sé i réimse na filíochta, na drámaíochta, na hiriseoireachta nó na húrscéalaíochta. Ba mhaith linn méadú ar líon na scríbhneoirí óga sa todhchaí, agus bheith níos gníomhaí i gcur chun cinn nua-litríocht na tíre.

S.O. Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?

M: Thaitin siad araon go mór liom, mar thug siad an deis dom blas a fháil ar lear mór scileanna nua. Sa bhunscoil, bhí mé in ann an pianó, an fhliúit agus fiú an “oboe” a fhoghlaim! Sa mheánscoil, bhí na múinteoirí an-chabhrach liom i dtaca leis an gceol de, agus tugadh an seans dom gach bliain an díospóireacht a thriail. Fuair mé amach fosta nach bhfuilim go maith chuig an haca in aon chor, is nach dtaitníonn sé liom ach an oiread – rud thar a bheith luachmhar le foghlaim, ar ndóigh!

S.O. An bhfuil aon múinteoir amháin a sheasann amach it’ chuimhne agus má tá canathaobh?

M: Is maith is cuimhin liom mo mhúinteoir sa bhliain deireanach sa bhunscoil – chomh maith le máistreacht iomlán a bheith aici ar an seomra range, bhí focail fháidhiúla le tabhairt amach aici dúinn i gcónaí. Rudaí éagsúla nár bhain leis an gcúrsa acadúil in aon chor, ach a shníonn isteach i mo cheann ó am go chéile, fiú tar éis na mblianta ar fad atá imithe thart. Seasann sí siúd amach i m’intinn ar an ábhar sin.

S.O. An cuimhin leat aon múinteoir scoile ar leith a thug spreagadh duit chun dul i mbun pinn?

M: Ceist an-éasca go deo – ní dóigh liom go mbeinn tosaithe ar an scríbhneoireacht in aon chor murach mo mhúinteoir Gaeilge sa mheánscoil, Bean Murdock. Timpeall le coicís tar éis dom tosú ina rang sa dara bliain, thug sí leabhar an-mhaith ar iasacht dom, agus bhí mé tugtha do litríocht na Gaeilge as sin amach. Thugadh sí tacaíocht dom leis an scríbhneoireacht i gcónaí trí bheith ag ceartú m’aistí is mo scéalta agus mar sin de, agus bhíodh sí ina foinse leabhar dom gan stad. Bhí an-fhoighne aici liom i dtólamh – sin an rud is mó is cuimhin liom!



S.O. Cad í an chuimhne is sia siar i do cheann ó laethanta d’óige?

M: Meathchuimhne is ea anois í, ach is cuimhin liom an lá a d’aistríomar isteach sa teach ina chónaímid anois i mBré. Mise faoi gheasa ag gleo agus ag easord na háite ar fad, toisc go raibh tithe nua fós á dtógáil inár dtimpeall. Chuir na JCB’s crith cos is lámh orm, áfach – ach maithfear dom é sin, tá súil agam, mar ní raibh mé ach trí bliana d’aois ag an am!


S.O. Cathain ar thosaigh tú féin ag scríobh?

M: Thosaigh mé ag scríobh agus mé sa dara bliain sa mheánscoil. Gan brú na scrúduithe Stáit orm ag an bpointe sin, bhí an t-am agam go leor oibre a chur díom; gearrscéalta agus ailt go príomha, ach rinne mé dán nó dhó freisin, más buan mo chuimhne.


S.O.: Tar éis do chuid meánscolaíochta thug tú faoi chéim Ollscoile. Cén Ollscoil ar roghnaigh tú agus cad iad na hábhair a roghnaís don gcéim?

M:Roghnaigh mé Staidéar Achtúireachta agus Airgeadais a dhéanamh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Táim sa tríú bliain de faoi láthair, agus chuile shórt ag dul go breá go dtí seo ar an iomlán. Tá a fhios agam go n-éireoidh cúrsaí níos deacra go fóill an bhliain seo chugainn, áfach – táim pas beag neirbhíseach dá bhrí sin!


S.O. :An scríobhann tú aon cheo i mBéarla? Cén fáth ar roghnaigh tú an Ghaeilge mar mheán scríbhneoireachta?

Níl aon scríbhneoireacht chruthaitheach déanta agam as Béarla ó chríochnaigh mé an Ardteist, le bheith fírinneach! Braithinn i bhfad níos mó ar mo shuaimhneas ag scríobh as Gaeilge de shíor. Ní thig liom é sin a mhíniú go ró-mhaith, ach measaim go bhfuil liriciúlacht agus boige as cuimse ag baint leis an teanga Ghaelach thar mar atá i gceist leis an mBéarla – bhuel, thar mar a aithnímse ann ar aón chuma!

Beidh an chéad chuid eile den agallamh seo le feiscint ar an mblag anseo sara fada.

1 comment:

Note: Only a member of this blog may post a comment.