20.6.08

Cúpla dán le Simon Ó Faoláin

Fíorfhabhal

I mbaile beag san iarthar
Iascaigh agus margadh,
Do chuala scéal ó bhádóir
Feoite roc-chneasach.

Do chrith a lámh ar mhaide,
Ach géar mar gha a shúile,
É suite idir ursain
Ag faire ar an lá,

Gur siar le linn a óige
Do thánaig chun an baile
Mangaire ag taisteal
Le gach aon saghas á reic.

A earraí bhí d’ardchaighdeán,
Réasúnta bhí an t-éileamh
‘S ba ghearr go raibh na táinte
ag bailiú chun a shuíomh.

Do lean seo ar feadh scáthaimh
‘Gus sparán gur ghnás an teannsháith
Do chleacht anois an chaolchuid,
Gur mhéadaigh buairt buirghéisigh

Is thánadar le chéile,
Is dhearadar an stráitéis
Chun bata agus bóthar
A dháileadh ar a hácaeir.

Ba lúb ar lár mo dhuine
(‘gus ceann ollmhór an tan san)
Gur chleacht sé creideamh údaí
Nár thaithin riamh le Críostaí.

Bhí dhá chuid ag an plean,
Ar nós ordóg phortáin,
Chun mórbhrú a chruthú:
Fógraíocht agus síolchur.

Ó áltóir naofa Dé
An Domhnach ina dhiaidh,
Sollúnta labhair an chléir
Is cháineadar go géar

Peacaí ar bith dá dtréad
A dhéanfaidh a leithéid,
A cheannódh rud ó dhuine
Den dtreabh ó shíolraigh Íosa.

An tarna leath den chleas,
Chun beart a chur thar baol,
Fostaíodh fear chun siúil
Sráideanna ar cuar

Le clár amháin chun cúl
‘Gus ceann ar a bhrollach;
Bhí fuath agus gráin
Breactha ar gach taobh.

Trés na gníomhartha seo
Do spóch lucht cloig is gnó
Coinsias a bhí ar strae
I dtreo a ndualgaisí:

Don mhangaire thug cúl
Is déanadh air baghcat,
Is tráchtáil air do loit,
Gur fhág sé dealbh an áit,

Is níor fhill sé ann ariamh,
Is níor chuala fé ó shoin,
Toil neamh thar n-ais in ord
‘Gus Séasair ag fáil a choda.

Níl aon trácht ar an scéal
I leabhartha staire áitiúla,
Ach caithfear a admháil
Gur fíor san fé mhórán.

Creid é nó ná chreid,
Déan do rogha féin;
Tagann críoch ar cách,
Ach maireann saint go brách.




Maidin fhliuch, Aberystwyth

Glór na fearthainne ar na giúiseanna
Lasmugh den ngloine.

Grágáil shnag bhreac ansan in airde
Fán tsaol ag magadh.

Tonnta síne á séideadh siar
Tré bhearna choille.

Cnag na rothaí ar an iarnród
Ag dul i laige.



Ag Iomrascáil Choíche

Ag teacht go ceann scríbe ar m’fhilleadh laethúil,
Thar an Maoileann amach mé ag bagairt na cairte,
Na tonnta ar ionramh Cuas Cromtha láimh chlé liom
Is ag planncadh a nirt ar Oileán na bPortán.

Lasmugh táim ag amharc trén fhuinneog sa chrón-tráth,
Blaidhm chró-línnteach fiúse mar srutha fuil-sróine,
Iad tite go tiubh ar gach taobh de mo bhealach,
Ag treorú mo rotha gan bhaol dom seachrán.

Laistigh de m’intinn ag gliúcaíocht go leath-chaoch
Thar imeall mo thuisceana go fearann aineoil -
Meon duine eile – crích achrannach mhearbhlach,
Cé gur fada mo chuaird bhíos im’ iasachtach fós.

Do chasas an chairt suas an bóithrín gairid,
Ar shroichint an tí dhom bhí Jimmy ann romham
Ag seasamh le sluasaid, ag féachaint i dtrínse,
Ag cuimilt a smig is do chuas ‘na threo.

“Tá rud éigin cearr leis an bpíopa dramhaíle,
Tionóisc chaca a thárla” sea mhínigh sé dhom.
Do sheas mé ‘r feadh tamaill a’ phlé leis an gcor seo,
Ansan chasas m’aghaidhse ar dhoras an tí.

Ach do bhris a chuid focal isteach tré mo chloigeann,
ag sárú le cruinneas na bréithre ann,
A bhí cóirithe ‘gamsa mar arm snasta ollmhór
chun fíricí cruacháis a mhíniú dhom fhéin.

Scaoileas m’airm bhreá thar n-ais chun a muintire
-Gan mhaitheas a bhíodar, chun an fhírinne a rá -
Is ghlacas ‘na n-áit siúd le giota ó Jimmy:
Tionóisc chaca, gan puinn dabht, an scéal mar atá.

6 comments:

  1. Conas tánn sibh a dhaoine uaisle.

    Tá’s agam go bhfuil an chéad ceann anseo sách fada, ach is mó de scéal-dhán ná dán é ar shlí, agus fíor mar a chualas é.
    Tá na haon cheann acu dá bhuil curtha isteach agam anseo saghas rialta agus traidisiúnta ó thaobh rithime agus stíle. Ní hamhlaidh a mbíonn agam i gcónaí – bíonn saorbhéarsaíocht á chleachtadh agam leis – ach is deas an rogha a bheith agat...

    ReplyDelete
  2. Is maith mar a léiríonn tú an smacht atá agat ar an teanga agus is go healaíonta a bhíonn tú ag iomrascáil le focail. Is deas iad na "scéal-dánta" ach bheadh sé suimiúil cuid ded' shaorbhéarsaíocht a léamh, féachaint cad a thagann chun cinn nuair nach mbíonn tú srianta ag meadaracht. Éiríonn le 'Maidin fhliuch, Aberystwyth' áiféala de shagas éigint a mhúscailt, ach is dócha go mbrathann sé sin ar an té atá á léamh...

    Maith thú!

    ReplyDelete
  3. Ahá!

    Táir thar nais in Éireann de réir dealramh Ailbhe. Conas ar chaith na poncánaigh leat thall? Is deas go dtaithnionn na dánta leat, is seanastuif an tarna dias acu. Do Chonacas cúpla dán dod chuid féin sa leagan is déanai de An Guth agus thaithniodar liom go maith, go mór mór an ceann fé athchúrsáil.Ag súil tu a fheiscint timpeall ag imeacht éigin.

    ReplyDelete
  4. Go raibh míle - Duais don chéad duine a aimsíonn an rún neamh-cheilte feimineach sa dán 'athchúrsáil'!

    Coimeád ar an eolas mé fé imeachtaí - nílim sa loop a thuilleadh. Ag súil le tuilleadh a léamh uait go gairid...

    ReplyDelete
  5. Maith thú a Shiomóin. Bhain mé sult as na dánta sin chomh maith leis an cheann a bhí agat sa 'Ghuth'. Tá mé ag súil go mór leis an chéad chnuasach uait a léamh.
    Aontaím leat faoin dán 'Athchúrsáil' a scríobh Ailbhe. Chuir sé 'Treal' le Caitlín Maude i gcuimhne dom. Dán lomchumhachtach atá ann.
    Tá súil agam nach fada go n-ólfaimid piota i dteannta a chéile arís!

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat Proinsias. Scríobhas iad san tamall mhaith ó shoin agus nílid sa chnuasach. Sea mhuis, tá an leabhar úd réidh ach caithfidh mé rud éigin a eagrú ó thaobh seoladh dhe. Beidh rud éigin beag agam anseo thíos ar dtúis is dócha agus ansan rud éigin i mBleá Cliath, measaim. Bí cinnte go mbeidh sé á craobhscaoileadh chomh luath is a bheadh sé réitithe, agus beidh piúnt nó dhó againn go léir ann le cúnamh na déithe!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.