22.5.08
Dánta
19.5.08
Scríbhneoirí Faoi Chaibidil 2006.
Is féidir éisteacht leis an tsraith seo ar an idirlíon i gcónaí agus i measc na n-ábhar a ndeintear scagadh orthu sa chlár seo tá
(1) Mairtín Ó Díreáin : Ár ré dhearóil agus an tOileán Thiar. Máirtín agus múnlaí na filíochta.

le hAlan Titley, Máire Ní Annracháin agus Eoghan Ó hAnluain
(2) Seán Ó Riordáin: le hAlan Titley, Seán Ó Coileáin, Louis de Paor.
(3) Pádraig Ó Conaire : le hAlan Titley, Pádraigín Riggs agus Seán Ó Siadhail.
(4) Pádraig Mac Piarais: Réabhlóidí ina shaol polaitiúil ach cad is féidir a rá faoina shaol cruthaíoch?
le hAlan Titley, Regina Uí Chollatáin agus Cathal Ó hÁinle.

(5) Seathrún Céitinn : "An féidir Athair an phróis a thabhairt air?"
le hAlan Titley, Daithí Ó hÓgáin agus Tadhg Ó Dúshláine.
(6) Máire Mhac an tSaoi: Cumadóir claisiceach canúnach ceannródaíoch.
le hAlan Titley agus Bríona Nic Dhiarmada.
(7) Peadar Ó Doirnín: Dearcadh dúshlánach ar dánta gairsiúla agus grámhara aduaidh.
le hAlan Titley, Lillis Ó Laoire agus Seosamh Watson.
(8) Seosamh Mac Grianna : An t-úrscéalaí Ultach, an gearrscéalí géarchúiseach agus an t-aistritheoir tuisceanach faoi athmheas.

(9) Brian Merriman: Cláríneach agus cailíní lena mianta collaíochta agus
cleamhnais. le hAlan Titley agus Liam P. Ó Murchú.
(10) Mícheál Ó Conghaile: An scríbhneoir comhaimseartha ag déanamh talamh slan de thalamh úr.

le hAlan Titley, Pádraig Breatnach agus Máire Ní Neachtain.
(11) An Litríocht Chráifeach: An Litríocht Chraifeach mar a bhí, mar atá agus mar a bhéas, b'fhéidir.
le hAlan Titley, Ciarán Mac Murchaidh agus Tadhg Ó Dúshlaine.
(12) Breandán Ó hEithir: Cuirtear saol agus scríbhinní ilghnéitheacha an Árannaigh idir chamánaibh.

le hAlan Titley, Caoilfionn Nic Pháidín agus Liam Mac an Iomaire.

(13) Máirtín Ó Cadhain.
le hAlan Titley, Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil.
18.5.08
Rince ar Phár: TG4


Tabharfaidh sraith nua Dovinia, RINCE AR PHÁR, cuireadh isteach i saol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríoc
hta comhaimseartha agus cóiriú fí
siúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat.Ná bac na clichés: tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge: seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin.

Ina measc siúd a bhéas ag glacadh páirt sa chlár:
Eoghan Mac Giolla Bhríde ,Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Jackie Mac Donncha,
Biddy Jenkinson, Tadhg Mac Dhonnagáin, Pádraig Standún, Dairena Ní Chinnéide, Pádraig Ó Snodaigh, An tOllamh Pádraig Canónach Ó Fiannachta, Máire Mhac an tSaoi, An tOllamh Angela Bourke, Liam Mac Cóil, Gabriel Rosenstock, Colm Ó Snodaigh, Breandán Ó Doibhlin, Aoileann Nic Ginnea,Éilís Ní Dhuibhne, Aodh Ó Domhnaill, Kevin
Myers,Aifric Mac Aodha,Ceaití Ní Bheildiúin, Micheál Ó Conghaile, Pádraig Mac Cába,Dara Ó Conaola, Paddy Bushe, Celia De Fréine, Maidhc Dainín Ó Sé, Vivian Uíbh Eachach, Colm Breathnach.Lyrikline.
http://www.lyrikline.org/Bhraitheas go mb'fhéidir go mbeadh suim agaibh sa suíomh thuasluaite mar a bhfuil tarrac ar fhilíocht. Soláthraíonn lyrikline fóram fíorúil ar an idirlíon d'fhilí agus dá saothar filíochta. Is féidir leis an gcuairteoir a théann ag triall ar an suíomh seo filíocht a léamh sa bhunteanga (nó an t-aistriúchán) agus anuas ar sin, tig leis an gcuairteoir éisteacht leis na filí féin ag léamh a gcuid filíochta.
Anois dob é an rud a shamhlaíos a bhí suaithinseach fén suíomh seo ná gur féidir leis an gcuairteoir filíocht na Gaeilge a léamh nó éisteacht léi ar an suíomh
.i. Micheal Davitt, Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Greágóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh
Gabriel Rosenstock.
cht na Breatnaise .i. Grahame Davies, Meirion MacIntyre Huwsléamh nó éisteacht le filíocht Ghaeilge na hAlban .i. Meg Bateman, Aonghas MacNeacail.
Anuas ar na teangacha Ceilteacha tá scata Éireann teangacha nach iad agus b'fhiú (dar liom) géabh a thabhairt faoin suíomh seo am éicint amach anseo.
9.5.08
Dánta

An Chuairt 2008 ag Club Sult
Aisling
An óiche úd i mBarcellonetta
Shiúlamar Bealach na Bó Finne fé thrí,
Thit an lag ar an lug, guairnéan aoibhnis,
Bhréagnaigh boghaisín an réalt reatha Newton groí.
An oíche úd i mBarcellonetta,
Shiabhraigh te quiero, sí gaoithe trím chlí
Líon do shúil' le gile na meánmhuir'
Sheolas mo bháircín art' léinseach síoraí.
I ndíseart m'aigne chuireas an síol san
Is shileas gach deorchloch sa chuan,
Gur phóraigh ar a' gcarn bláithín fiabhrais
Macalla, do chumraíocht rúin.
Nuair a shíothlaigh uaim cuimhne na hoíche san,
Thiteas tréithlag im' chnap suan,
Im' dhúiseacht, cloisim do rosc catha cloíte,
Im' chodladh, lonraíonn do shúilibh bithbhuan.
Pósae
Ní cuimhin lem' cheann cipín,
ar éigean fanndhrithlín,
arbh iad Chipsticks do roghain bídh?
Mearnáil na cuimhne.
Sheasaigh cuimhne ar bhunsifín,
go gcuala m'athair ag gol it' bhroinn,
lasmuigh, gan bheith istigh.
Lá do phósta.
Cuimhneod choích' a sheanmháthrín
Nár mhairbh an chléir ionat féith a' ghrinn,
Caille mhara gan chuing bhréagchráifeach.
Pósadh gléigheal.
1.5.08
"An Chuairt"
17.4.08
Ceardlann Scríbhneoireachta: Aoine 13 – Domhnach 15, Meitheamh 2008
— Comhléamh & Cóimheastóireacht —
le cúnamh ó: Foras na Gaeilge
Stiúrthóirí
• Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, file, staraí
• Mícheál Ó Ruairc, file agus gearrscéalaí,
• & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta
Aoine 13 – Domhnach 15, Meitheamh 2008
Óstán Ghobnatan
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aoine, 13 Meitheamh,16.30 – 18.30
Satharn, 14 Meitheamh, 9.30 – 12.00
Domhnach, 15 Meitheamh, 11.00 – 13.00
———◊———
Táille Cláraithe 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Uaslíon rannpháirtithe 12.
Lóistín (L&B), Aoine & Satharn, ag Óstán Ghobnatan curtha ar fáil,
ach caithfidh rannpháirtithe íoc as costais taistil & béilí eile iad féin.
———◊———
Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé,
dánta, gearrscéal, giota d’úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí,
agus/ nó seol ar aghaidh go dtí:
Pádraig Ó Snodaigh, Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair,
Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13
Coimeád bunchóip duit féin
———◊———
Tá amanna ceardlainne in oiriúint oiread agus is féidir do chlár
Thionól na Mumhan, Conradh na Gaeilge, i dtreo gur féidir freastal
ar sheisiúin, léachtanna & turas ar dhúthaigh Airt Uí Laoghaire.
Pádraig Mac Fhearghusa feasta@eircom.net
30.3.08
Ná Déanaigí Dearmad Ar Chomórtas Scríbhneoireachta Mháirtín Uí Chadhain
1. Roinn A - 17 go 40 bl.
Roinn B - Daltaí Iarbhunscoile
2. Ní ghlacfar ach le hábhar nár bhuaigh duais go dtí seo.
Ní mór don iomaitheoir an méid sin a dhearbhú.
Dícháileofar an té a sháraíonn é seo.
3. Is leor 3,000 focal ach féadfaidh na moltóirí aon saothar níos mó ná lú ná sin a chur san áireamh.
4. Caithfidh ainm cleite chomh maith le hainm an iomaitheora a bheith ar gach foirm iarratais.
5. Beidh gá le dearbhú aoise do Roinn A.
6. Glacfar le hiarratais ar ríomhphost, ar dhiosca nó mar chóip chrua. I gcás cóip chrua ní mór í a bheith clóscríofa.
7. Ní thabharfar na hiarratais ar ais.
8. Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí agus ní dhéanfar aon phlé ar bhreith na moltóirí.
9. Beidh sé de cheart ag Cló Iar-Chonnachta gearrscéalta a mbeidh caighdeán feiliúnach iontu a fhoilsiú.
10. Beidh sé de cheart ag Cló Iar-Chonnachta mionathruithe agus eagarthóireacht a dhéanamh ar na saothair sula gcuirtear i gcló iad.
11. Glacfar le hiarratais suas go dtí 1 Bealtaine 2008.
Tá an comórtas á riaradh ag an nGaelacadamh Teo agus tá gach eolas chomh maith le foirmeacha iarratais le fáil uathu ag 091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net.
An tOireachtas Liteartha
Spriocdháta Iontrála: 1Iúil 2008
Gach eolas: Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Fón: +353 1 475 38 57 Facs:+353 1 475 87 67
24.3.08
Léirmheas ar "Bás Tobann" le hAnna Heussaff
Buailimid i dtús báire le hAoife agus Pat: beirt as Baile Átha Cliath a aistríonn go Béarra in iarthar na tíre in éineacht lena bpáistí, Sal agus Rónán. Gnó turasóireachta atá á bheartú ag na tuismitheoirí, agus dúshláin mhóra ag baint lena bhunú. De réir mar a mhéadaíonn ar líon na ndeacrachtaí leis an teach, leis na páistí agus leis na comharsana, áfach, feicimid coimhlintí ag bagairt ar ghrá pósta na beirte. Iriseoir is ea Aoife ó cheart, agus tuairimí láidre fórsúla aici faoi go leor rudaí dá réir. Go contrártha, is síochánta, socair an fear é Pat, agus is beag fonn a bhíonn air tacú le hAoife in am na troda. Toisc an uaignis a bhraitheann Aoife sa bhaile mar thoradh, tosaíonn sí ag géilleadh ina hintinn do gheasa fear eile a chastar uirthi.
Amhail is nach bhfuil cúrsaí casta a ndóthain faoi seo, áfach, cuireann Aoife suim i dtragóid a tharla sa cheantar sa bhliain 1986. Maraíodh múinteoir óg darb ainm Lelia Ní Dhubháin nuair a thit sí le faill i lár na hoíche, de réir na gcuntas ón uair sin. Tar éis dreas iniúchta, áfach, feictear d’Aoife nach raibh cúinsí a báis chomh simplí is a shílfeá; bhí lámh ag duine éigin ón bpobal i mbás anabaí an mhúinteora. Cuireann Aoife roimpi an fhírinne a nochtadh, d’ainneoin na gcontúirtí a tharraingíonn sí di féin ar deireadh thiar thall ...
Scéal beoga fuinniúil is ea é seo, a fhágann ar chiumhais ár gcathaoireacha muid go dtí an chaibidil dheireanach! Fiú más dochreidte an rud é go dtagann Aoife ar réiteach na ceiste is mó agus is conspóidí i bpobal Bhéarra tar éis díreach aistriú isteach sa cheantar, ní thig linn gan suim a chur sna blúirí fianaise a ligtear linn tríd síos. Is ealaíonta an chaoi a chuirtear tírdhreach álainn sceirdiúil Chonamara os ár gcomhair, agus ar bhealach, cuireann sé sin le truamhéil is le tragóid bhás na mná óig ónár dtaobh féin de.
Lena chois sin, pléitear le réimse mór ábhar a tharraingíonn ár spéis i gcaitheamh an scéil. Fear gorm ón Afraic Theas is ea Pat, agus tá greann éadrom san fháilte a chuireann baill den phobal beag traidisiúnta roimh a theacht. Ar an láimh eile, is féidir linn trua a ghlacadh don bheirt páiste, Sal agus Rónán, agus iad ag iarraidh socrú isteach ina scoileanna nua na mílte slí óna seanchairde i mBaile Átha Cliath. Seans, áfach, gurb í an ghné is fearr den phlota ná forbairt charachtar Aoife féin. Ardnósach agus pas beag mífhoighneach ag an tús, foghlaimíonn sí de réir a chéile go mbíonn gá i gcónaí le comhoibriú agus í ar thóir na fírinne. Carachtar mór láidir is ea í a athraíonn saolta a comharsan scun scan taobh istigh d’achar beag, ach is deas an rud é go n-athraíonn sise chomh maith. Aistear pearsanta atá i gceist ag deireadh an lae, agus is féidir linn uilig ionannú leis mar thoradh.
Mar bhuille scoir, bhain mé féin an-taitneamh go deo as an úrscéal seo, agus mholfainn do chuile dhuine ar spéis leo scéal maith eachtraíochta é a léamh. Chomh maith le léargas a fháil ar shaolta sochreidte na gcarachtar i mBéarra, is féidir an fhírinne laistiar de mharú uafar a aimsiú agus srian a ligean le do chuid instinní fiosracha. Is fiú an ceann seo a thriail gan amhras!
9.3.08
5.3.08
Aonach Leabhar na seachtaine seo!
Maidin Dé Sathairn ag a 10.30am, beidh Laoise Ní Chomhraí, Eithne Ní Ghallchobhair agus Ríona Nic Congáil ag léamh do pháistí.
Dé Domhnaigh ag a 4:30 pm, beidh Muiris Ó Meara, Majella McDonnell, Proinsias Mac a' Bhaird agus Alan Desmond ag léamh scéalta agus filíochta do dhaoine fásta.
Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, BÁC 2 agus is fiú breathnú ar: www.dublinbookfestival.com
Fáilte roimh chách!!!
Leabhar Power!
Beidh scríbhneoirí ar nós Gabriel Rosenstock, Mícheál Ó Ruairc,Gabriel Fitzmaurice agus Laoise Ní Chomhraí (duine de na scríbhneoirí óga a scríobh Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin) ag glacadh páirte ann.
Is féidir eolas sa bhreis a fháil ó: www.leabharpower.com
23.1.08
Cumann Merriman 2008
Scoil Gheimhridh 2008
Cathair na Mart
Co. Mhaigh Eo
Óstán Westport
1-3 Feabhra 2008
Tuilleadh eolais le fáil ag eolas@merriman.ie
Nó ar www.merriman.ie
7.1.08
Ceardlann lae: 24 Márta 2008
‹ Comhléamh & Cóimheastóireacht ‹
le cúnamh ó: Foras na Gaeilge
Stiúrthóirí
- Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, file, staraí
- Mícheál Ó Ruairc, file agus gearrscéalaí,
- & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta
Luan Cásca, 24 Márta 2008
Óstán Meadowlands
Trá Lí, Co. Chiarraí
10.30a.m. ¬ 1.00p.m. & 2.30p.m. ¬ 5.00p.m.
‹‹‹×‹‹‹
Táille Cláraithe 20 euro. Mic Léinn 5 euro.
(Lón san áireamh sa táille. Uaslíon rannpháirtithe 12)
‹‹‹×‹‹‹
Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé,
dánta, gearrscéal, giota d¹úrscéal,
dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí,
agus/ nó seol ar aghaidh go dtí:
Pádraig Ó Snodaigh, Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair,
Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13
lena ndáileadh ar bhaill na ceardlainne
9.12.07
Child Soldier.
Nach thú atá ina dtíoránach fiochmhar
fearúil in airde, ar ardán adhmaid,
ag spreagadh an lobh. Súile fhiáin,
meangadh gáire duáilceach, díochrachta ort.
K47 thaithigh i do lámha, ar na sráideanna bagrach, maithe muintir na bailte, na bpeacaí éagóracha an léin. Laoch mór gháirsiúil i measc speabhraídí an compánaigh is an ár.
Boicín fríde d’aois, fag an bealach ar atá déanta, cairpéad sclártha dearg faoi.
K47 agus General J smaoiseach, lena hais.
Ón gcoill a scuabadh, deich mbliana ’s trí,
isteach ina bhfuad sciúrsáil oíche.
Betty. 2005 ©
6.12.07
Ceardlann scríbhneoireachta!
Deireadh seachtaine iomlán.
11.00-16.00 Dé Sathairn, 15ú Nollaig, 2007
11.00-16.00 Dé Domhnaigh, 16ú Nollaig,2007.
Á reáchtáil ag Áras na Scríbhneoiríi gcomhar le Foras na Gaeilge.Tabharfar gach cabhair d'ábhar scríbhneoirí conas luí isteach le ceardna scríbhneoireachta. Cé go mbeifear ag díriú isteach ar obair atá arna bacáin beidh ar gach duine bheith sásta píosa nua scríbhneoireachtaa thriail i rith na deireadh seachtaine agus é a léamh amach oscomhair a comhghleacaithe.
Ní mór píosa samplach scríbhneoireachta a chur isteach le gach iarratas.
Ní ghearrfar aon táille as an gceardlann.
Cuir litir iarratais go dtí:Áras na Scríbhneoirí,19 Cearnóg Pháirnéil, BAC 1.
Fón;--(01)8721302
3.12.07
Grianghrafadóireacht.
An Fear
Ar do ghlúine, lámha ar do dhroim
stromptha le bhfaitíos,
sceoin i do shúile,
beirt ag seasamh os do chionn,
ag breathnú thar a nguaillí amach orm.
Feicim thú ó compoird,
cuan síochána mo cathaoir
níl mé in ann stop a chur leo, fógairt orthu
céard atá 'am, ach an pár seo,
cén maith duitse é aníos.
ná amárach,
ná an bhliain seo chugainn.
Ó bhfaca mé thú ó bhuaic mo chathaoir
bhog bhreá.
Cá bhfhios céard a tharla duit,
‘shot gun’ le do chloigeann.
Níl againn ach do ghrianghraf í leabhar láin
leo.
Duairc i d'iomhá ghrábháilte i mo chuid
lámha.
An raibh paistí, beanchéile agat?
Ba deartháir nó mac thú?
Cá bhfios dom,
breathaim isteach ort,
i do shúile le trua is aiféala,
D’aghaidh dúchríoch ghreanta i mo intinn.
‘A Ghrá gheal, dún an leabhar sin,
Rachaimid ar siúl nó go dtí an bpictiúrlann,
Tá sé suas duit féin?’.
‘Ach féach air ….
‘An bhfuil tú ag teacht?’
Betty. 2005 ©

