9.6.08

Tá An Giall caoga bliain d'aois agus é ar ais ar stáitse. Aisteoirí Bulfin





Beidh 'An Giall' le Breandán Ó Beacháin, ar siúl sa Halla Damer atá suite faoi bhun na hEaglaise Úinitéaraí, 102 Faiche Stiabhna (lámh leis an Luas).Beidh an dráma ar oscailt don phobal Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 14 -15 Meitheamh.

Chun an 50 bliain ón chéad léiriú a chomóradh tá socrú déanta ag Gael Linn le hAisteoirí Bulfin é a chur ar an stáitse sa Damer agus is é Aodh Ó Domhnaill a raibh a dhráma, An Campa , ar an stáitse sa phríomhchathair ag tús na Bealtaine, atá i mbun a léirithe.

An uair seo is ag Séamus Ó Scanláin, a bheidh páirt Phádraig, bainisteoir an teach striapachais, agus ag Mícheál Ó Gruagáin páirt Monsúr. Oisín Ó Cualáin a bheidh i bpáirt an tsaighdiúra Shasanaigh.Beidh páirteanna na mban ag Sinéad Ní Uallacháin (meirdreach) agus Emer Lynsey (Treasa) agus ar an fhoireann fosta tá Seán Ó Dubhda, Ciarán Ó Feinneadha, Gearóid Ó Mórdha, Tadhg Ó Conchubhair, agus Seán Ó Broin. Aoileann Ní Chonchubhair a bheidh ina bainisteoir stáitse.



Chun ticéad a chur in áirithe, cuir glaoch ar:Áine Seoighe, Rúnaí Aisteoirí Bulfin: 01-6398404; 087 9421987.


Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bhliain ó shin. Is iad na léirithe is deireanaí uathu ná :“An Eochair”, bunaithe ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (2006)“Mac a’ Stanley”, leagan nua den “Threepenny Opera” nó “Dreigroschenoper”, le Brecht/Weill (2006)“Claí na Muice Duibhe”, aistriúchán ar “At the Black Pig’s Dyke” le Vincent Woods (2007).

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3371&viewby=date

http://www.searcs-web.com/behan.html

http://en.wikipedia.org/wiki/The_Hostage_%28play%29

8.6.08

Tairiscint Speisialta


Tá an comhlacht foilsitheoireachta An Clóchomhar ag foilsiú leabhair Ghaeilge le caoga bliain i mbliana agus mar cheiliúradh ar an ócáid tá An Clóchomhar, i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta, ag tairiscint beart 130 leabhar ar €350.


Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag An gClóchomhar as an tsraith luachmhar ‘Imleabhair Thaighde’, ina bhfuil céad imleabhar faoi seo, ach chomh maith leis sin tá réimse leathan próis (úrscéalta, gearrscéalta, aistí, beathaisnéisí, léachtaí, cuimhní cinn, srl.) chomh maith le filíocht, amhráin agus drámaí foilsithe acu.


Is deis eisceachtúil atá anseo do leabharlann Ghaeilge a shaibhriú go mór agus ós rud é go bhfuil roinnt de na teidil seo beagnach imithe as cló faoi seo agus nach móide go mbeidh fáil orthu arís ní mór an deis seo a thapú láithreach bonn! Tá an tairiscint seo teoranta don chéad 25 ordú a fhaigheann muid, nó d’orduithe a bheidh faighte againn faoin 27 Meitheamh, muna bhfuil na pacáistí uilig díolta faoi sin.

Tá costas postais san áireamh do sheoltaí in Éirinn.

Seol ríomhphost chuig news@cic.ie má tá aon cheist agat, nó cuir glao ar +353 91 593307.

Scríbhneoirí Árainn


Clár filíochta


Is féidir éisteacht leis an gclár seo ar Radió na Gaeltachta @






agus sa chlár féin deintear ceiliúradh ar scríbhneoirí Árainn Is iad muintir Árainn féin a dheineann saothar na scríbhneoirí a léamh.
Tá na léitheoirí a chloistear ag léamh ar an gclár seo muinteartha leis na scríbhneoirí agus i measc na scríbhneoirí a chloistear saothar uathu ar an gclár tá

Liam Ó Flaithearta, Máirtín Uí Dhireáin, Breandán Ó hEithir, Maitiú Ó Maoláin, Éamonn Ó Tuathail, Colm P. Ó hIarnáin, Dónal Ó Flannagáin.

Cloistear iníon Liam Uí Fhlaithearta ar an gclár leis.

7.6.08

Tar Éis a Bháis




Seán Ó Ríordáin : Tar Éis a Bháis




Is féidir éisteacht le sraith cláracha i gcuimhne ar an bhfile Seán Ó Ríordáin ar Radió na Gaeltachta @ http://www.rte.ie/rnag/seanoriordain.html


Clár 1 -léacht dar teideal Ag Cabaireacht sa tSaol, leis an Ollamh Máirtín Ó Murchú

Clár 2 - Léacht dar teideal An Dioscúrsa Dúchais, agus Dúchas an Dioscúrsa, leis an Dr. Stiofán Ó Cadhla
Clár 3 - Léacht dar teideal Siar go Tír na nÓg, leis an Dr. Pádraigín Riggs

Clár 4 - Léacht dar teideal Sceo ar sceo do scumhadh iad / Na daoine seo dem' chroí, leis an Ollamh Seán Ó Coileáin
Clár 5 - An tOllamh Alan Titley agus an téama An Teanga Eile Leath-Leis faoi chaibidil aige

Clár 6 - An tOllamh Gearóid Ó Crualaoich, agus an téama Aithne, an ea? N'fheadar faoi chaibidil aige.

Clár 7 - Liam P. Ó Murchú ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, agus an téama Ard dTuathal, ar deiseal An Ghaeilge ina pheann faoi chaibidil aige



25.5.08

Suíomh Idirlíon Tarlach

Tá suíomh nua ag Tarlach le dul leis an leabhar Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin:
www.agtaistealletarlach.com. Má tá aithne agaibh ar aon duine go mbeadh suim acu ann an bhféadfadh sibh é a sheoladh chucu. Go raibh maith agaibh.

22.5.08

Dánta

Ar Bhád ag Damhsa

Mise agus an fharraige
rinne muid damhsa inniu
os coinne Inis Caorach

gan eadrainn ach
urlár rince mo bháid.
Choinnigh mé léi

coiscéim ar choiscéim
an ghaoth dár dtionlacan
ag gabháil fhoinn aeraigh

agus ag casadh ceoil
le rithim na slioparnaí
is le dordán an innill.

Chuaigh faoileán thart
a stiúraigh an damhsa 
ag scairtigh amach na céimeanna

dár spreagadh lena ghlór.
Rinne mé luascadh léi
slioschéim agus léimt

chuaigh mé isteach is amach
suas agus síos, ag coinneáil 
ama le tonnaí a cos.

Ba é an damhsa ab' fhearr
a rinne mé le bliantaí,
is nuair a tháinig mé i dtír

d'amharc mé amach 
arís go fonnmhar ar mo 
leannán rúin is chaith mé póg

ina treo, sa dóigh is go mbeadh
cuimhne aici orm nuair
a tchífeadh sí arís ag céilí mé.



Ag ligint don Domhan teacht i dtaithí orm

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don chloch, scéal a huaignis
a insint domh.
Fosclóidh mé mo chroí di.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don aer, scéal a fhairsingeachta
a insint domh.
Séidfidh mé m'anáil air.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thbhairt
don uisce, scéal a dhoimhneachta
a insint domh.
Silfidh mé mo dheora leis.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don tine, scéal a loisceachta
a insint domh.
Cuirfidh mé mo lámh ionsuirthi.

19.5.08

Scríbhneoirí Faoi Chaibidil 2006.


Scribhneoirí faoi Chaibidil:

Is féidir éisteacht leis an tsraith seo ar an idirlíon i gcónaí agus i measc na n-ábhar a ndeintear scagadh orthu sa chlár seo tá

(1) Mairtín Ó Díreáin : Ár ré dhearóil agus an tOileán Thiar. Máirtín agus múnlaí na filíochta.

le hAlan Titley, Máire Ní Annracháin agus Eoghan Ó hAnluain

(2) Seán Ó Riordáin: le hAlan Titley, Seán Ó Coileáin, Louis de Paor.

(3) Pádraig Ó Conaire : le hAlan Titley, Pádraigín Riggs agus Seán Ó Siadhail.

(4) Pádraig Mac Piarais: Réabhlóidí ina shaol polaitiúil ach cad is féidir a rá faoina shaol cruthaíoch?

le hAlan Titley, Regina Uí Chollatáin agus Cathal Ó hÁinle.

(5) Seathrún Céitinn : "An féidir Athair an phróis a thabhairt air?"

le hAlan Titley, Daithí Ó hÓgáin agus Tadhg Ó Dúshláine.

(6) Máire Mhac an tSaoi: Cumadóir claisiceach canúnach ceannródaíoch.

le hAlan Titley agus Bríona Nic Dhiarmada.

(7) Peadar Ó Doirnín: Dearcadh dúshlánach ar dánta gairsiúla agus grámhara aduaidh.

le hAlan Titley, Lillis Ó Laoire agus Seosamh Watson.

(8) Seosamh Mac Grianna : An t-úrscéalaí Ultach, an gearrscéalí géarchúiseach agus an t-aistritheoir tuisceanach faoi athmheas.



le hAlan Titley, Pól Ó Muirí agus Fionntán de Brún.

(9) Brian Merriman: Cláríneach agus cailíní lena mianta collaíochta agus cleamhnais.

le hAlan Titley agus Liam P. Ó Murchú.




(10) Mícheál Ó Conghaile: An scríbhneoir comhaimseartha ag déanamh talamh slan de thalamh úr.

le hAlan Titley, Pádraig Breatnach agus Máire Ní Neachtain.

(11) An Litríocht Chráifeach: An Litríocht Chraifeach mar a bhí, mar atá agus mar a bhéas, b'fhéidir.

le hAlan Titley, Ciarán Mac Murchaidh agus Tadhg Ó Dúshlaine.

(12) Breandán Ó hEithir: Cuirtear saol agus scríbhinní ilghnéitheacha an Árannaigh idir chamánaibh.

le hAlan Titley, Caoilfionn Nic Pháidín agus Liam Mac an Iomaire.

(13) Máirtín Ó Cadhain.

le hAlan Titley, Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil.

18.5.08

Rince ar Phár: TG4



Tabharfaidh sraith nua Dovinia, RINCE AR PHÁR, cuireadh isteach i saol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríochta comhaimseartha agus cóiriú físiúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat.
Ná bac na clichés: tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge: seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin.
Ina measc siúd a bhéas ag glacadh páirt sa chlár:

Lyrikline.

http://www.lyrikline.org/

Bhraitheas go mb'fhéidir go mbeadh suim agaibh sa suíomh thuasluaite mar a bhfuil tarrac ar fhilíocht. Soláthraíonn lyrikline fóram fíorúil ar an idirlíon d'fhilí agus dá saothar filíochta. Is féidir leis an gcuairteoir a théann ag triall ar an suíomh seo filíocht a léamh sa bhunteanga (nó an t-aistriúchán) agus anuas ar sin, tig leis an gcuairteoir éisteacht leis na filí féin ag léamh a gcuid filíochta.

Anois dob é an rud a shamhlaíos a bhí suaithinseach fén suíomh seo ná gur féidir leis an gcuairteoir filíocht na Gaeilge a léamh nó éisteacht léi ar an suíomh
.i. Micheal Davitt, Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Greágóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh
Gabriel Rosenstock.





léamh nó éisteacht le filíocht na Briotáine .i. Antony Heulin, Bernez Tangi.

léamh nó éisteacht le filíocht na Breatnaise .i. Grahame Davies, Meirion MacIntyre Huws

léamh nó éisteacht le filíocht Ghaeilge na hAlban .i. Meg Bateman, Aonghas MacNeacail.

Anuas ar na teangacha Ceilteacha tá scata Éireann teangacha nach iad agus b'fhiú (dar liom) géabh a thabhairt faoin suíomh seo am éicint amach anseo.


9.5.08

Dánta


















An Chuairt 2008 ag Club Sult


Aisling

An óiche úd i mBarcellonetta
Shiúlamar Bealach na Bó Finne fé thrí,
Thit an lag ar an lug, guairnéan aoibhnis,
Bhréagnaigh boghaisín an réalt reatha Newton groí.

An oíche úd i mBarcellonetta,
Shiabhraigh te quiero, sí gaoithe trím chlí
Líon do shúil' le gile na meánmhuir'
Sheolas mo bháircín art' léinseach síoraí.

I ndíseart m'aigne chuireas an síol san
Is shileas gach deorchloch sa chuan,
Gur phóraigh ar a' gcarn bláithín fiabhrais
Macalla, do chumraíocht rúin.

Nuair a shíothlaigh uaim cuimhne na hoíche san,
Thiteas tréithlag im' chnap suan,
Im' dhúiseacht, cloisim do rosc catha cloíte,
Im' chodladh, lonraíonn do shúilibh bithbhuan.


Pósae

Ní cuimhin lem' cheann cipín,
ar éigean fanndhrithlín,
arbh iad Chipsticks do roghain bídh?

Mearnáil na cuimhne.

Sheasaigh cuimhne ar bhunsifín,
go gcuala m'athair ag gol it' bhroinn,
lasmuigh, gan bheith istigh.

Lá do phósta.

Cuimhneod choích' a sheanmháthrín
Nár mhairbh an chléir ionat féith a' ghrinn,
Caille mhara gan chuing bhréagchráifeach.

Pósadh gléigheal.


1.5.08

"An Chuairt"

Glacfaidh Muiris Ó Meara, ball den chumann, páirt i bhféile "An Chuairt" ar an 7 Bealtaine agus beidh filí na Gaeilge is na Gàidhlige páirteach ann, an Dr Tadhg Ó Dúshláine, Maletta Nic Phàil agus Bill Innes ina measc. Beidh an ócáid ar siúl i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ar a hocht a chlog. Saorchead isteach. Bígí ann!

17.4.08

Ceardlann Scríbhneoireachta: Aoine 13 – Domhnach 15, Meitheamh 2008

Ceardlann Scríbhneoireachta
— Comhléamh & Cóimheastóireacht —
le cúnamh ó: Foras na Gaeilge
Stiúrthóirí
• Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, file, staraí
• Mícheál Ó Ruairc, file agus gearrscéalaí,
• & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta

Aoine 13 – Domhnach 15, Meitheamh 2008
Óstán Ghobnatan
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aoine, 13 Meitheamh,16.30 – 18.30
Satharn, 14 Meitheamh, 9.30 – 12.00
Domhnach, 15 Meitheamh, 11.00 – 13.00
———◊———
Táille Cláraithe 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Uaslíon rannpháirtithe 12.
Lóistín (L&B), Aoine & Satharn, ag Óstán Ghobnatan curtha ar fáil,
ach caithfidh rannpháirtithe íoc as costais taistil & béilí eile iad féin.
———◊———
Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé,
dánta, gearrscéal, giota d’úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí,
agus/ nó seol ar aghaidh go dtí:
Pádraig Ó Snodaigh, Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair,
Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13
Coimeád bunchóip duit féin
———◊———
Tá amanna ceardlainne in oiriúint oiread agus is féidir do chlár
Thionól na Mumhan, Conradh na Gaeilge, i dtreo gur féidir freastal
ar sheisiúin, léachtanna & turas ar dhúthaigh Airt Uí Laoghaire.


Pádraig Mac Fhearghusa feasta@eircom.net

30.3.08

Ná Déanaigí Dearmad Ar Chomórtas Scríbhneoireachta Mháirtín Uí Chadhain

Rialacha an Chomórtais

1. Roinn A - 17 go 40 bl.
Roinn B - Daltaí Iarbhunscoile

2. Ní ghlacfar ach le hábhar nár bhuaigh duais go dtí seo.
Ní mór don iomaitheoir an méid sin a dhearbhú.
Dícháileofar an té a sháraíonn é seo.

3. Is leor 3,000 focal ach féadfaidh na moltóirí aon saothar níos mó ná lú ná sin a chur san áireamh.

4. Caithfidh ainm cleite chomh maith le hainm an iomaitheora a bheith ar gach foirm iarratais.

5. Beidh gá le dearbhú aoise do Roinn A.

6. Glacfar le hiarratais ar ríomhphost, ar dhiosca nó mar chóip chrua. I gcás cóip chrua ní mór í a bheith clóscríofa.

7. Ní thabharfar na hiarratais ar ais.

8. Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí agus ní dhéanfar aon phlé ar bhreith na moltóirí.

9. Beidh sé de cheart ag Cló Iar-Chonnachta gearrscéalta a mbeidh caighdeán feiliúnach iontu a fhoilsiú.

10. Beidh sé de cheart ag Cló Iar-Chonnachta mionathruithe agus eagarthóireacht a dhéanamh ar na saothair sula gcuirtear i gcló iad.

11. Glacfar le hiarratais suas go dtí 1 Bealtaine 2008.


Tá an comórtas á riaradh ag an nGaelacadamh Teo agus tá gach eolas chomh maith le foirmeacha iarratais le fáil uathu ag 091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net.

An tOireachtas Liteartha

Foilsíodh clár na gcomórtas liteartha le déanaí. Tá súil againn go bhfuil na scríbhneoirí óga ag scríobh cheana féin!

Spriocdháta Iontrála: 1Iúil 2008
Gach eolas: Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Fón: +353 1 475 38 57 Facs:+353 1 475 87 67

24.3.08

Léirmheas ar "Bás Tobann" le hAnna Heussaff

Don té a bhfuil déanamh bleachtaireachta ann, nó fiú don té a bhfuil luí aige le drámaí pearsanta sochreidte, ní fearr comhairle a thabharfainn ná Bás Tobann le hAnna Heussaff a léamh. Úrscéal den chéad scoth atá i gceist, a chuimsíonn saol an teaghlaigh is saol na tuaithe araon, taobh istigh de chreatlach na coiriúlachta is na rúndiamhrachta.

Buailimid i dtús báire le hAoife agus Pat: beirt as Baile Átha Cliath a aistríonn go Béarra in iarthar na tíre in éineacht lena bpáistí, Sal agus Rónán. Gnó turasóireachta atá á bheartú ag na tuismitheoirí, agus dúshláin mhóra ag baint lena bhunú. De réir mar a mhéadaíonn ar líon na ndeacrachtaí leis an teach, leis na páistí agus leis na comharsana, áfach, feicimid coimhlintí ag bagairt ar ghrá pósta na beirte. Iriseoir is ea Aoife ó cheart, agus tuairimí láidre fórsúla aici faoi go leor rudaí dá réir. Go contrártha, is síochánta, socair an fear é Pat, agus is beag fonn a bhíonn air tacú le hAoife in am na troda. Toisc an uaignis a bhraitheann Aoife sa bhaile mar thoradh, tosaíonn sí ag géilleadh ina hintinn do gheasa fear eile a chastar uirthi.

Amhail is nach bhfuil cúrsaí casta a ndóthain faoi seo, áfach, cuireann Aoife suim i dtragóid a tharla sa cheantar sa bhliain 1986. Maraíodh múinteoir óg darb ainm Lelia Ní Dhubháin nuair a thit sí le faill i lár na hoíche, de réir na gcuntas ón uair sin. Tar éis dreas iniúchta, áfach, feictear d’Aoife nach raibh cúinsí a báis chomh simplí is a shílfeá; bhí lámh ag duine éigin ón bpobal i mbás anabaí an mhúinteora. Cuireann Aoife roimpi an fhírinne a nochtadh, d’ainneoin na gcontúirtí a tharraingíonn sí di féin ar deireadh thiar thall ...

Scéal beoga fuinniúil is ea é seo, a fhágann ar chiumhais ár gcathaoireacha muid go dtí an chaibidil dheireanach! Fiú más dochreidte an rud é go dtagann Aoife ar réiteach na ceiste is mó agus is conspóidí i bpobal Bhéarra tar éis díreach aistriú isteach sa cheantar, ní thig linn gan suim a chur sna blúirí fianaise a ligtear linn tríd síos. Is ealaíonta an chaoi a chuirtear tírdhreach álainn sceirdiúil Chonamara os ár gcomhair, agus ar bhealach, cuireann sé sin le truamhéil is le tragóid bhás na mná óig ónár dtaobh féin de.

Lena chois sin, pléitear le réimse mór ábhar a tharraingíonn ár spéis i gcaitheamh an scéil. Fear gorm ón Afraic Theas is ea Pat, agus tá greann éadrom san fháilte a chuireann baill den phobal beag traidisiúnta roimh a theacht. Ar an láimh eile, is féidir linn trua a ghlacadh don bheirt páiste, Sal agus Rónán, agus iad ag iarraidh socrú isteach ina scoileanna nua na mílte slí óna seanchairde i mBaile Átha Cliath. Seans, áfach, gurb í an ghné is fearr den phlota ná forbairt charachtar Aoife féin. Ardnósach agus pas beag mífhoighneach ag an tús, foghlaimíonn sí de réir a chéile go mbíonn gá i gcónaí le comhoibriú agus í ar thóir na fírinne. Carachtar mór láidir is ea í a athraíonn saolta a comharsan scun scan taobh istigh d’achar beag, ach is deas an rud é go n-athraíonn sise chomh maith. Aistear pearsanta atá i gceist ag deireadh an lae, agus is féidir linn uilig ionannú leis mar thoradh.

Mar bhuille scoir, bhain mé féin an-taitneamh go deo as an úrscéal seo, agus mholfainn do chuile dhuine ar spéis leo scéal maith eachtraíochta é a léamh. Chomh maith le léargas a fháil ar shaolta sochreidte na gcarachtar i mBéarra, is féidir an fhírinne laistiar de mharú uafar a aimsiú agus srian a ligean le do chuid instinní fiosracha. Is fiú an ceann seo a thriail gan amhras!

9.3.08



Muiris Ó Meara, Majella McDonnell, Alan Desmond agus Proinsias Mac a' Bhaird ag an Aonach Leabhar i mBaile Átha Cliath.

Na scríbhneoirí óga ag glacadh páirte i Leabhar Power 2008!
Ar chúl: Eithne Ní Ghallchobhair, Laoise Ní Chomhraí,
Chun tosaigh: Scott de Buitléir, Ríona Nic Congáil

5.3.08

Aonach Leabhar na seachtaine seo!

Chualamar ar fad trácht ar an ‘Frankfurt Book Fair’, ach tiocfaidh an ‘Dublin Book Festival’ ar an bhfód an tseachtain seo. Beidh Aonach Leabhar ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 7-9 Márta agus beidh cuid de na scríbhneoirí óga ag glacadh páirte ann.

Maidin Dé Sathairn ag a 10.30am, beidh Laoise Ní Chomhraí, Eithne Ní Ghallchobhair agus Ríona Nic Congáil ag léamh do pháistí.

Dé Domhnaigh ag a 4:30 pm, beidh Muiris Ó Meara, Majella McDonnell, Proinsias Mac a' Bhaird agus Alan Desmond ag léamh scéalta agus filíochta do dhaoine fásta.

Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, BÁC 2 agus is fiú breathnú ar: www.dublinbookfestival.com

Fáilte roimh chách!!!

Leabhar Power!

Tá Leabhar Power ar siúl arís i mbliana! Cuireann an feachtas bolscaireachta seo litríocht na nÓg chun cinn ar fud na tíre agus tá sé mar aidhm aige na páistí a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh.

Beidh scríbhneoirí ar nós Gabriel Rosenstock, Mícheál Ó Ruairc,Gabriel Fitzmaurice agus Laoise Ní Chomhraí (duine de na scríbhneoirí óga a scríobh Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin) ag glacadh páirte ann.

Is féidir eolas sa bhreis a fháil ó: www.leabharpower.com