12.11.09

Turais Samhlaíochta

Bígí linn ar an 25 Samhain
nuair a chuirfidh Nuala Ní Dhomhnaill
an Ghlúin Úr de Scríbhneoirí na Gaeilge
i láthair
i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.
Beidh Féile, Fonn agus Filíocht
mar chuid den ócáid mhór seo.

Am: 6:30 i.n. - 9 i.n.
Dáta: 25 Samhain.
Áit: Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC.
Seomra: An Seomra Caidrimh, D110.
Fáilte roimh chách!

20.10.09

An Gael - Fomhar 2009

Tá an t-eagrán nua ar fáil ar fud an domhain (go háirithe in Éirinn) anois, ó litriocht.com.

Bíonn na sean-eagráin (nua) ar fáil uainne agus ag http://www.magcloud.com/.

Má tá suim ag éinne bheith ina dháileoir eile dúinn, tá lascaine 25% ar fáil ar 20 cóip.

Bímid ag lorg ábhair nua i gcónaí, agus táimid ag ullmhú an chéad eagrán eile. Seol rud ar bith chugainn ag angael@optonline.net. Seo na treoracha dár scríbhneoirí.

Tá fógraíocht le ceannach san iris, má tá suim ag éinne. Scríobh chugainn chun na sonraí a fháil.

Sea, táimid fós ann, ach ní neart go cur le chéile!

Seo clár an eagráin seo:

  • Eagarfhocal le Séamas Ó Neachtain
  • Tús Nua do An Gael le Tomás Ó Dubhagáin
  • Dánta le hÁine Durkin
  • M’Athair Mór le Proinsias Mac a’ Bhaird
  • Dánta le Séamas Ó Súilleabháin
  • Scairt na Réalta le Panu Petteri Höglund
  • Dánta le Tim Quinlan
  • Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor
  • Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
  • Dán le Réamonn Ó Cléirigh
  • Dán le Ciarán O’Rourke
  • Tuairisc Ó Cheanada
  • Dánta le Bernard DeBrún
  • I ndilchuimhne ar Ghearóid Tóibín
  • Ón Anallód

19.10.09

Ceardlann Scríbhneoireachta le Nuala Ní Dhomhnaill

Tá Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath ag reáchtáil gearrchúrsa i scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge idir phrós agus fhilíocht. Beidh an file mór le rá, Nuala Ní Dhomhnaill ag stiúradh na ceardlainne. Beidh an cúrsa seo dírithe ar dhaoine atá ag tabhairt faoin scríbhneoireacht don chéad uair.
Cuirfear tús leis an gcúrsa idir 16 Deireadh Fómhair agus leanfaidh sé go dtí 20 Samhain 2009.
Is idir a 1.30-3.00 p.m. a bheidh an cúrsa ar siúl gach Aoine sa tréimhse sin. Gearrfar táille €80 ar rannpháirtithe an chúrsa.
Ní gá go mbeadh ardlíofacht sa Ghaeilge ag rannpháirtithe ach go mbeadh Gaeilge scoile acu.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Áras na Scríbhneoirí: irishwriterscentre@gmail.com

15.10.09

Caith Vóta ar son na Gaeilge

Caith do Vóta ar son (nó i gcoinne) na Gaeilge @ http://www.irishtimes.com/polls/

Ceist:

Do you agree with the requirement to translate official and Government documents into Irish?

Is ceart an-bhunúsach ar fad é seo don uile Éireannach agus go háirithe do shaoránaigh na Poblachta Éireannaí. Tá áit shonraitheach ag an nGaeilge i mBunreacht na Poblachta agus más é an bunreacht bunchloch ídé-eolaíoch na tíre- téacs ina ndeintear coimriú ar phríomhluachanna phobal na tíre sin -bheul tá sé ar cheann de na cearta is bunúsaí ag saoránach ar bith sa Phoblacht go mbeadh sé d'oibleagáid ar an Stát doiciméid a chur ar fáil dó i nGaeilge nó i mBéarla. Tá an ceart sin dlite dúinn mar mhionphobal Éireannach a bhfuil tábhacht náisiúnta againn.

Má táthar tar éis na luachanna sin sa Bhunreacht (ar spriocanna náisiúnta iad) a athrú, bheul is léir nach bhfuil an Tíogar Ceilteach marbh ná baol air agus is léir leis gurbh í an oidhreacht is mó a d'fhág sé (nó sí ambaist) againn mar Éireannaigh ná na luachanna bunsifíneacha ar deineadh ceiliúradh orthu nuair a bhí an Tíogar céanna i mbarra sláinte agus réime : féinspéis agus dúspéis i gcruinniú maoine, easpa eitice sa tsaol poiblí, éidreoir beartasaíochta poiblí agus indibhidiúlacht gan indibhidiúlachas.

Seanargóint le meigeall uirthi is ea í seo faoin dtráth seo. Go bunúsach is í éirim na hargóna ná "cad is fiú an Ghaeilge?"

Ní foláir a bheachtú anseo gurbh é an t-airgeadra fiúntais a ndeintear tagairt dó (faoi cheilt) sa cheist seo ná an tslat tomhais eacnamaíoch .i. an fiú euro rua an Ghaeilge a chur chun cinn sa lá atá inniu ann?

Agus go bunúsach is é an freagra a sholáthraítear ar an gceist san ná nach fiú. Níl airgead ná brabús sa Ghaeilge. Ní earra idirnáisúnta í ar féidir díol leo siúd a cheannaíonn earraí ar an idirlíon mar shampla. Níl airgead sa Ghaeilge ergo níl fiúntas inti.

Ní fiú.

Q.E.D.

Nó rud éigin mar sin... ach nílim ró-chinnte mar is baolach nach raibh agamsa riamh mar shlat tomhais d'fhonn fiúntas na Gaeilge im' shaol pearsanta is poiblí a thomhas ná slat tomhais féiniúlachta.

Níl airgead ar bith sa bhféiniúlacht. Dealródh.

Ní fiú féiniúlacht.

Q.E.D.

Ach féach anois, nuair a thiteann an tóin amach as bríste ídé-eolaíocha na gCeltic Cubs agus go bhfeictear dóibh go rabhadar mícheart agus an cac ar fua na mias, ní féidir leo sin a admháil dubh , bán nó riabhach. Agus mar thoradh ar seo samhlaítear dóibh go gcaithfear tabhairt faoi na bunphrionsabal ar tógadh an Stát seo orthu an athuair d'fhonn éidreoir na halcyon cocaine days a cheilt.

Agus nach mbíonn an Ghaeilge i gcónaí oiriúnach acu chuige sin?


Tá rudaí níos buaine, áfach, ná maoin an tsaoil. Ar cheann de na rudaí sin is ea a lárnaí is a bhí is atá an Ghaeilge (mar ídéal agus mar sprioc) i saol poiblí na tíre seo ó thosach. Ídéal ab ea é seo atáthar ag cur i gcrích i gcónaí. Ídéal a samhlaíodh a bheadh mar mheá i gcoinne an chuid ba mheasa de luachanna an mhargaidh agus an saol a tháinig fairis.

Bunluach ar féidir linn tógaint air i gcónaí is ea an Ghaeilge, go háirithe anois nuair is léir nach raibh sa tógáil tógálach a thit amach (agus as a chéile) sa tír seo, ní raibh sa mhéid sin ach aisling mheabhail.

Ní féidir luachanna a dhíol. Ní fiú luachanna. Ní fiú an Ghaeilge.
Q.E.D.
R.I.P.


Muiris Ó Meara

Fógra ó Ghaelphort

Tá an Geimhreadh buailte linn faoi dheireadh agus táimid fad ag iarraidh éalú isteach ó fhuacht na n-oícheanta seo.

Tá ócáid dheas á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhair le Poetry Ireland ar an 16 Deireadh Fómhair áit a mbeidh duine ábalta a bheith te teolaí agus cultúrtha ag an am céanna. Beidh na filí Áine Ní Ghlinn agus Aifric Mac Aodha ag léamh a gcuid filíochta ag ‘Cois Teallaigh’ , Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an oíche úd ag 8i.n.
Is bean ghnóthach í Áine Ní Ghlinn a bhfuil am caite aici ag obair mar léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir i measc rudaí eile. Le cúpla bliain anuas theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus faoi láthair tá sí obair ar leabhair do pháistí agus ar chnuasaigh nua filíochta.

Oibríonn sí freisin mar scríbhneoir cónaithe le roinnt gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar scéim a bhunaigh sí féin agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Anois is arís déanann sí scripteanna a scríobh do Ros na Rún, TG4. Tá Aifric díreach fillte ar ais ar Éirinn ó bheith ar Thuras na bhfilí in Albain áit a raibh tóir mhór ar a cuid filíochta. Foilseofar an chéad chnuasach le Aifric go luath.
Tá dánta dá cuid i gcló in irisí go leor, Poetry Ireland, Innti agus Bliainiris ina measc. Is iomaí duais atá gnóthaithe aici as a cuid filíochta agus bronnadh dámhachtain de chuid na Comhairle Ealaíon uirthi le déanaí. Beidh an bheirt bhan mhisniúil seo le feiceáil ar an 16 Deireadh Fómhair ag 8i.n. ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Is oíche aoibhinn a bheidh anseo cois teallaigh.
Buailigí isteach!
Tuilleadh eolais: Síle Ní Chatháin, sile@comhdhail.ie, 016794780

Muiris Ó Meara
Dealraíonn sé go bhfuil TG4 tar éis comórtas nua do script teilifíse a fhógairt. Údar is teideal don gcomórtas nuafhógartha seo. Fuaireas ríomhphost an lá faoi dheireadh ó scríbhneoir aitheanta- Philip Cummings -agus b'é éirim a ríomhphoist ná nach raibh sa chomórtas seo trí chéile ach 'bréagchomórtas'.
Canathaobh? Ar an ábhar nach mbeidh íocaíocht ar bith ann don 6 script a roghnaítear. Dar le Cummings:

"Seo iarracht eile ó TG4 6 chlár teilfíse a fháil saor in aisce - .i. gan na scríbhneoirí a íoc.
Fiosraigh mé an scéal leo agus dúradh liom nach raibh airgead ar bith i gceist, ach comórtas a bhí ann le do script a fháil léirithe ar an teilifís. Whoopee- doo!


Cuimhnigh, má thoileann tú do shaothar a thabhairt do dhream ar bith saor in aisce, tá tú ag déanamh feall ar gach scríbhneoir gairmiúil atá ag iarraidh a bheatha a thabhairt isteach ar an scríbhneoireacht."

Go raibh maith agat as an dteachtaireacht seo a Philip. N'fheadair an aontaíonn na scríbhneoirí úra eile leat ach is cinnte go dtuigim agus go dtacaím lena bhfuil ráite agat thuas.

Muiris Ó Meara

12.10.09

Ceardlann Scríbhneoireachta

Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh
Satharn, 7 Samhain 2009
10.30a.m. – 5.00p.m.
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh an chéad cheardlann lae eile ar siúl in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ag na Scríbhneoirí Gaeilge, ar an Satharn, 7 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m. mar is gnách.
Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe, teorainneofar a líon do naonúr. (7 ionad fágtha faoin am seo).
Táille cláraithe 20 euro, mic léinn 5 euro, lón san áireamh sa táille, 1.00p.m. – 2.15p.m.
N.B. Cóipeanna den saothar atá le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí: 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag: feasta@eircom.net
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart ar na rannpháirtithe tamall maith roimh lá na ceardlainne féin.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí feasta@eircom.net

26.9.09

Tuairisc ar Oíche an Chultúir

D’éirigh go hiontach le hOíche an Chultúir aréir agus bhí an-oíche againn i Leabharlann na Cathrach, Sráid na bPiarsach, BÁC. Bhí Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléirchín, Liam Mac Amhlaigh, Rachel Ní Fhionnáin agus Ríona Nic Congáil ó Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge ag léamh as a saothair, chomh maith le mic léinn ón Oscar Wilde Centre for Irish Writing, Coláiste na Tríonóide. Chuir na ceoltóirí go mór leis an atmaisféar: mic léinn ó Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus an t-amhránaí Katerina Garcia.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann na leabharlainne (Alastair Smeaton ach go háirithe) agus leis an lucht féachana a thug an-tacaíocht dúinn.
Seoladh COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra i rith na hoíche agus tá an t-eagrán seo ar fáil sna siopaí anois.

21.9.09

COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra

Eagrán Dheireadh Fómhair 2009

Seolfar COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra
ag 7:00 i.n.
ar Oíche an Chultúir,
Dé hAoine an 25 Meán Fómhair,
i Leabharlann na Cathrach,
138-144 Sráid na bPiarsach,
Baile Átha Cliath 2.
Fáilte roimh chách!

Oíche an Chultúir

Téada an cheoil: Oíche airneáin
Ar Oíche an Chultúir, Dé hAoine an 25 Meán Fómhair, beidh baill de Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge ag léamh as a saothair, ó 5:30 – 10:30 i.n., i Leabharlann na Cathrach, 138-144 Sráid na bPiarsach, Baile Átha Cliath 2. Beidh mic léinn ón Oscar Wilde Centre for Irish Writing, Coláiste na Tríonóide ina dteannta, chomh maith le mic léinn ó Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann.


Seolfar COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra, eagrán Dheireadh Fómhair den iris i rith na hoíche chomh maith.

Fáilte roimh chách!

16.9.09

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge
Óstán Meadowlands, Trá Lí
Dé Sathairn, 3 Deireadh Fómhair 2009
10.00a.m. – 1.00p.m.

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag na Scríbhneoirí Gaeilge san Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, ar an Satharn, 3 Deireadh Fómhair: 10.00a.m. go dtí 1.00p.m.
Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe a theorainneofar a líon do sheisear sa chás seo.

Táille cláraithe 20 euro, mic léinn 5 euro, agus tá lón san áireamh sa táille, 1.00p.m. – 2.15p.m. N.B. Cóipeanna den saothar atá le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí: 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag: feasta@eircom.net i dtreo gur féidir é a sheoladh thart ar gach duine a bheidh páirteach sa cheardlann len a léamh roimhré.
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart ar na rannpháirtithe tamall maith roimh lá na ceardlainne féin chomh maith.

Imeachtaí Éigse
Tráthnóna Sathairn, 3 Deir. Fómh., tabharfar cuairt ar dhealbh na Spéirmhná i gCill Airne (bus ag fágáil Óstán Meadowlands, Trá Lí, ag 2.15p.m.), mar a labharfaidh Pádraig Rua Ó Súilleabháin ar Eoghan Rua agus a chomhfhilí, agus tá tráthnóna reacaireachta agus ceoil i Scairteach an Ghlinne ar na bacáin dá éis sin. Baineann na himeachtaí seo le clár Éigse Fhilí Chiarraí, agus ná dearmadtar an chaint ó Bhreandán Ó Ciobháin ar Ár Logainmneacha san Óstán Meadowlands ag a 8.00p.m. ar an Aoine, 2 Deir. Fómh. Oíche cheoil, chaidrimh agus amhránaíochta le John Lucid tar éis na léachta. Saorchead isteach.

(Réamhfhógra: Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta Lae i nGaillimh ar an Satharn, 7 Samhain, 10.30p.m – 5.00p.m.).
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí. feasta@eircom.net

10.9.09

An Gael - Eagrán an Fhómhair

Tá an t-eagrán nua ullamh! Seo a bhfuil ann:

An tEagarfhocal
Tús Nua do An Gael le Tomás Ó Dubhagáin
Dánta le hÁinne Durkin
M’Athair Mór le Proinsias Mac a’ Bhaird
Dánta le Séamas Ó Súilleabháin
Scairt na Réalta le Panu Petteri Höglund
Dánta le Tim Quinlan
Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor
Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
Dán le Réamonn Ó Cléirigh
Dán le Ciarán O’Rourke
Tuairisc Ó Cheanada
Dánta le Bernard DeBrún
I ndilchuimhne ar Ghearóid Tóibín
Ón Anallód

Ar fáil anseo (SAM, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe amháin go fóill):
http://magcloud.com/browse/Issue/32911

1.9.09

Imeachtaí an Chumainn i mí Mheán Fómhair

B’fhéidir go raibh baill an chumainn seo rud beag ciúin le tamall anuas ach ní rabhamar díomhaoin. Ar an Aoine, an 25 Meán Fómhair, seolfar eagrán speisialta na scríbhneoirí úra den iris COMHAR i Leabharlann na Cathrach, Sráid na bPiarsach, Baile Átha Cliath.
Mar is eol daoibh, Oíche an Chultúir a bheidh ann, agus beidh na scríbhneoirí úra agus mic léinn ón Oscar Wilde Centre for Irish Writing i gColáiste na Tríonóide ag léamh filíochta is próis sa leabharlann thuasluaite ó 5:30 – 10:30 i.n. Beidh ceoltóirí i láthair freisin, Katerina Garcia ina measc.
Tuilleadh eolais ag teacht agus beidh fáilte roimh chách.

19.8.09

Léamh Filíochta


Má tá éinne agaibh thart ar Chorca Dhuibhne anocht, 19ú Lúnasa, beidh mise (Ailbhe Ní Ghearbhuigh) ag léamh i dTigh Uí Chatháin i mBaile an Fheirtéaraigh ag 9 i.n.....

Mar chuid de Scoil Samhraidh Merriman, beidh mé ag léamh sa mhúsaem in Inis, Co. an Chláir amárach, an 20ú Lúnasa ag 11.45 r.n. Buailigí isteach má tá sibh timpeall :-D


18.8.09

Ábhair macnaimh

A Chairde,

é seo mar eolas agus mar ábhar macnaimh agus mar arm cosanta teanga.

Pádraig Mac Fhearghusa

Daonscoil na Mumhan, An Rinn, Co. Phort Láirge
Aitheasc Oscailte na Daonscoile
Leis an Dr. Proinsias Ó Drisceoil
16ú Lúnasa 2009


Tá Daonscoil na Mumhan agus Coláiste na Rinne ar na hinstitiúidí is ársa agus is airde gradaim dá bhfuil againn i saol na Gaeilge - agus i saol na tíre seo dá ndéarfaí sin. Ach tá tábhacht thairis sin ag roinnt leo, tábhacht nach rithfeadh, b’fhéidir, le duine ar an gcéad amharc, is é sin le rá go bhfuil Daonscoil na Mumhan agus Coláiste na Rinne ar na hinstitiúidí sin ar a bhfuil flaitheas agus dlisteanacht an stáit seo bunaithe mar gur faoi anáil Athbheochan na Gaeilge, faoi anáil Chonradh na Gaeilge ach go háirithe, a bunaíodh an stát seo, Poblacht na hÉireann. Is le bonn institiúdeach a chur faoin Athbheochan a chuaigh cuid mhór de lucht an Chonartha i dtreo na polaitíochta aimsir na Sasanach agus nuair a tháinig an ghlúin sin i gcumhacht mar chinnirí stáit, bíodh sin i 1922 no 1932 - cuma cén taobh ar a rabhadar sa Chogadh Cathartha - thuigeadar go mbí an Ghaeilge bunchloch an stáit agus go gcaithfí í a chothú is a neartú. Thuigeadar go gcaithfí cúram ar leith a dhéanamh de na ceantair sin ina raibh an Ghaeilge fós beo mar theanga phobail arae bhí na ceantair seo ar na ceantair ba mhó a bhí ar an trá fholamh ó thaobh imirce agus bochtaineachta de le linn na staire.

Níor sheas an fhís áfach agus táthar ann i measc uaisle móra agus miona an tsaoil phoiblí atá anois agus le fada ag diúltú don tuiscint sin ar fhéiniúlacht an stáit. Mar mhalairt ar fhís na hAthbheochana táthar ann atá anois ag maíomh gurb aonad eacnamaíoch é an stát agus go mba chóir é a mheas ar bhonn intomhaiste táirgiúlachta agus eacnamaíochta amháin agus gur chun na críche sin atá an córas oideachais ann ach go háirithe. Tuiscint í seo a chuirtear i láthair le fórsa sa dioscúrsa poiblí agus déantar seo in ainm an nua-aoiseachais agus na forbartha.

Mar is eol dúinn ar fad, tá éigeandáil airgeadais agus cánach sa tír faoi láthair in ainneoin - nó, fiú, de bharr - ar caitheadh de dhua le treisiú na heacnamaíochta ó chuamar isteach sa Chomh-mhargadh, mar a bhí, sa bhliain 1972. Má táthar go tréan anois ag iarraidh an éigeandáil airgeadais seo a mhaolú, caithfear a rá chomh maith go bhfuiltear ann atá ag iarraidh aidhmeanna a bhí riamh acu féin a chur i gcrích fad is atá an ceo seo anuas orainn.

Má mhaítear gur tuarascáil neamhspleách í tuairisc McCarthy nó tuarascáil ‘Bhord Snip Nua’, níl ceilt ann ar an gcuma ina bhfuiltear ag iarraidh ann gearradh siar ar a bhfuil déanta ag an stát don teanga agus don Ghaeltacht. Go deimhin, d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuiltear sa tuarascáil seo ag iarraidh Athbheochan na Gaeilge a thabhairt chun deiridh. Ní tuarascáil eacnamaíochta amháin í seo, is cáipéis idé-eolaíoch go bunúsach í chomh fada is a bhaineann leis an nGaeilge. Go fiú an teideal féin, ‘Bord Snip Nua’, is léir air fonóid agus magadh faoi na teidil Ghaeilge a bhíodh ar eagrais stáit go dtí gur tosaíodh ar theidil Bhéarla a thabhairt orthu ar fhaitíos go gcuirfeadh teidil Ghaeilge as don fhorbairt gheilleagrach.

Níl éinne a áiteodh nár cheart luach a chuid airgid a thabhairt don cháiníocóir ná athbhreithniú fuarchúiseach a dhéanamh (i gcomhthéacs na éigeandála geilleagraí ach go háirithe ) ar éifeacht na n-eagras stáit trí chéile, iad siúd atá ag plé leis an nGaeilge ina measc. Ach sa tuarascáil seo scrúdaítear caiteachas an stáit ar chur chun cinn na teanga ar chuma atá córasach sistéimeach agus féachtar ann leis an gcaiteachas sin a thabhairt chun deiridh oiread agus is féidir. Ní breith fhuarchúiseach oibiachtúil eolaíochtúil an eacnamaí í seo ach breith ar léir air na húdair a bheith den tuairim nár chaiteachas cuí riamh é ar caitheadh ar an teanga agus ar an nGaeltacht.

Moltar ann go ndéanfaí na ciorraithe seo leanas:

- An Roinn Pobail Gaeltachta agus Tuaithe a chur ar ceal ar fad ‘and its functions distributed across various departments’;

- €10m. a bhaint de TG4;

- deireadh a chur le deontas na mban tí Gaeltachta i.e an deontas a íoctar leo siúd a choinníonn scoláirí os na coláistí samhraidh (€10m).;

- deireadh a chur le ‘specific Gaeltacht schemes’ - scéim labhairt na Gaeilge ina measc (€8.9m);

- deireadh a chur le scéimeanna a chuirfeadh feabhas ar ‘island infrastrucrure’i.e. céibheanna nua agus a leithéid (€20);

- deontais na tithíocht Ghaeltachta a thabhairt chun deiridh (€2.9);

- Ciste na Gaeilge a ghearradh (€1M);

- maolú ar chur i bhfeidhm ar Acht na dTeangacha Oifigiúla;

- feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a aistriú chuig Enterprise Ireland

- ‘matters relating to the Irish language and culture should be allocated to the Dept. of Education’, abair atá débhríoch go maith ach a bhfuil sé le tuiscint uaidh gurb ar an Roinn Oideachais a thitfidh cúram chur chun cinn na teanga feasta.

Anois is iomaí gné d’obair an stáit i leith na Gaeilge a d’fheadfaí a lochtú ach níl ceilt ar a fheabhas is a chruthaigh Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh sa bhliain 1979 é. Struchtúr freagrach daonlathach é a bhíonn ag éisteacht le muintir na Gaeltachta agus ar éirigh leis dul i ngleic le fabhbanna stairiúla na Gaeltachta, dífhostaíocht agus imirce ach go háirithe, ach a tháinig ar thuiscint ar an nGaeltacht a chuir an cultúr agus an teanga ina lár istigh. D’fhág seo cúramaí ar an Údarás i leith naíonraí, cur chun cinn na n-ealaíon agus go leor leor eile. Bhí seo ag teacht go hiomlán leis an tuiscint ar phobal na tuaithe a bhí ag teacht chun cinn sa tsoceolaíocht sa tréimhse chéanna seo. Mar sin ní eagraíocht tionsclaíochta amháin í, mar a mheasann ‘Bord Snip’ ach eagraíocht a fhéachann le faillí na staire a chur ina cheart agus an teanga a mhaireann beo ar bhéalaibh an phobail a shlánú. Má táthar leis an Údarás a nascadh le Enterprise Ireland, mar atá molta sa tuarascáil, beifear ag cur ar ceal éacht atá curtha i gcrích ag an stát agus bochtófar an stát dá thoradh sin.

Tá seasamh siombalach chomh maith le feidhm phraiticiúil ag deontas na mban tí Gaeltachta, seasamh siombalach mar atá chomh maith ag deontas scéim labhairt na Gaeilge agus deontais na tithíocht Ghaeltachta. Léiríonn na deontais seo gur fiú leis an stát an chuma ina bhfuil an Ghaeilge á seachadadh is á cothú ar leac an teallaigh ag tuismitheoirí na Gaeltachta a aithint agus an chomaoin a chúiteamh leo. Má bhaintear an deontas seo de na mná tí tuigfear gur caint i mbarr bata í an chaint ar fad ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge agus stracfar an croí is an t-anam as pobal na Gaeltachta mar phobal seachadta teanga.

Is léir an meon diúltach seo ar gach a bhfuil ráite sa tuarascáil seo agus is spéisiúil í an chuma ina ndírítear ann ar thograí ar éirigh thar barr leo, an tÚdarás, TG4, na coláistí samhraidh, cuir i gcás. Mar sin, mar atá ráite agam, is cáipéis idé-eolaíochtúil í seo go bunúsach, cáipéis a chuireann ar chumas an rialtais Athbheochan na Gaeilge a thabhairt chun deiridh, más é sin is mian leo.

Tá seo ag teacht leis an gcuma ina bhfuiltear, cuma cé acu páirtí a bhíonn i gcumhacht, ag cúlú ón Athbheochan le dhá scór bliain agus tuilleadh. Nuair a chuir comhrialtas an lae úd deireadh leis an nGaeilge éigeantach sa bhliain 1973 gealladh na hoirc is na hairc do lucht foghlama agus múinte na teanga. Ach b’é an dea-gheallúint agus an droch-chomhlíonadh é. Nuair a fógraíodh cealú na Gaeilge éigeantaí dúradh, cuir i gcás, go measfaí onóir sa Ghaeilge mar dhá onóir do scoláireachtaí ollscoile agus a leithéid. Seo mar a bhí ar feadh achair áirithe ach, mar is eol dúinn ar fad, chuir an chéad rialtas eile a tháinig i gcumhacht ar ceal é. Is ag cúlú atáthar ó shin - agus dá mbeadh toradh mar atá tuartha ar an gcéad toghchán eile ba chóir go meabhraimís dúinn féin go mbeadh sé mar pholasaí ag an bpríomhpháirtí a thiocfadh i gcumhacht deireadh a chur leis an dualgas a bheadh ar dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim mar chuid dá gcúrsa Ardteiste. Is beag amhras ach go ndéanfaidh seo mion-ábhar gan dealramh den Ghaeilge i gcuid mhór scoileanna agus, chomh maith leis sin, go gcuirfí deireadh ar fad dá bharr le riachtanas na Gaeilge do mháithreánach na hOllscoile Náisiúnta, coinníoll atá ann ó chuaigh an tAthair Micheál ÓhIcí agus go leor eile ó Chonradh na Gaeilge chun spairne ar a shon i mblianta tosaigh na haoise seo caite.

Fágann seo ar fad - agus míle ní eile a fhéadfaí a lua - go bhfuil an Roinn Oideachais ar na ranna rialtais is lú a bhfuil a gcion déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn. Níl ceann ar bith de mholtaí ‘Bhord Snip’ is mó a chuirfeadh sceon orthu siúd ar mór acu an Ghaeilge ná an moladh go ndéanfaí cúram na Gaeilge a bhronnadh ar an Roinn Oideachais
.

Tá rún ag Aire na Gaeltachta plean fiche bliain don Ghaeilge a fhoilsiú go luath. Caithfear ar a laghad fanacht ar an bplean sin agus ar an bplé a leanfaidh é sula gcuirfear athruithe bunúsacha ar bith i gcion ar phleanáil teanga sa tír seo.

Idir an dá linn tá deis againn na mórcheisteanna seo ar fad a phlé i gcaitheamh na seachtaine atá amach romhainn. Caithfear iad a phlé is a phlé go práinneach. Ní féidir an clog a chur siar. Éire an lae inniu, Éire atá ilchineach, ilchreidmheach agus, go minic, beagchreidmheach, Éire atá nua-aoiseach agus oideachas uirthi comhthéacs an phlé againn.

Seo, mar sin, tráth na cinniúna don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Má bhí Athbheochan na Gaeilge le háireamh go dtí seo ar aidhmeanna an stáit agus ar na haidhmeanna bhronn dlistineas ar an dlínse seo ina bhfuil muid beo, ní mar sin a bheidh feasta. Más mian linn, áfach, go seasfadh an stát leis an nGaeltacht agus le pé rian den Athbheochan atá fanta, caithfear cur go tréan in aghaidh na moltaí seo. Seo lá na práinne, lá an bhreithiúnais. An é seo, i bhfocail Sheáin Uí Ríordáin

Tráthnóna na teanga in Éirinn
Is an oíche ag bogthitim mar scéal.

Tá cath amach romhainn.

Fógraím Daonscoil na Mumhan don bhliain 2009 a bheith ar oscailt.

Proinsias Ó Drisceoil