29.7.08

Craoltóirí Nua ag teastáil ó Raidió na Life!

Tá Raidió na Life ag lorg craoltóirí nua. Má tá tú ag iarraidh taithí a fháil i gcúrsaí taighde, i gcúrsaí láithreoireachta, i gcúrsaí léiritheoireachta, nó má tá smaoineamh agat do chlár nua ar Raidió na Life, seol ríomhphost chuig eolas@rnl106.com nó cuir scairt ar 01-6616333

Associació de Joves Escriptors en Llengua Catalana (AJELC)


Seo nasc chuig suíomh AJELC – Cumann Scríbhneoirí Óga na Catalóine. Is fiú go mór iarracht a dhéanamh an teanga seo a thuiscint. Féach: www.ajelc.cat/

25.7.08

Cuireadh ó Choiscéim


Seoladh Leabhair

Tá fearadh na fáilte romhat chuig Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair nuair a dhéanfaidh an Tánaiste Máire Ní Chochlainn TD an leabhar

Gabhla – An tOileán


le Máirín Uí Fhearraigh

a sheoladh go hoifigiúil ar an tSatharn, 26 Iúil 2008 ag 8.00 i.n.

24.7.08

Cúrsa ar an scríbhneoireacht scripte i mBéal Feirste


Beidh cúrsa á reáchtáil ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) ar aistriú scripte beochana ar 19ú agus 20ú Lúnasa.
Is é cuspóir na ceardlainne seo ná scileanna aistritheoirí a mhéadú, d’fhonn sioncronú beacht script go scáileán a sholáthar. Clúdóidh an cheardlann modhanna aistriú lirice agus cómhrá, scrúdú ar dhea-chleachtas (agus ar a mhalairt) chomh maith le cumadh ar an toirt le foireann léirithe.
Is ardchúrsa é seo agus tá sé riachtanach go bhfuil réamhtháithí in áistriú scripte agus/nó cáilíocht áistriúcháin ag iarrthóirí.
Mar nach bhfuil ach líon áirithe áiteanna ar an chúrsa, is fiú scéal a chuir chugainn gan mhoill má tá spéis agat ann.
Is é an CCG atá ag maoiniú an chúrsa seo agus tá sé dírithe ar Ghaeilgeoirí a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart na hÉireann. Beidh an cúrsa ar siúl ag Zoogon Ltd, 12C Cé Chlarendon, Béal Feirste.
Má tá spéis agat sa chúrsa nó má tá tuilleadh eolais uait, cuir ríomhphost chuig
Laura@northernirelandscreen.co.uk nó cuir glaoch ar Laura Kerr ar 02890232444.

21.7.08

Ceardlann Scríbhneoireachta do bhaill an chumainn


Ceardlann Lae: 9 Lúnasa 2008
Stiúrthóir: Gabriel Rosenstock
Ionad: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Am: 10.00 a.m. - 5.30 i.n.
Seol ríomhphost chuig
scribhneoiri.oga@gmail.com le clárú
Ní ghearrfar aon táille ar an gceardlann seo.

16.7.08

Agallamh na Míosa: Eithne Ní Ghallchobhair

Tá dhá leabhar do pháistí scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair: Dhá Chluas Capaill ar Labhraí Loingseach (Cló Mhaigh Eo, 2004) agus Cóisir sa Choill (Cló Mhaigh Eo, 2007). Tá spraoi is féith an ghrinn le feiceáil sa dá leabhar sin agus is cinnte go mbaineann na tréithe céanna le pearsantacht an údair féin. Tá alt léi in Beo! na míosa seo agus cé go dtaitníonn an scríbhneoireacht go mór léi, tá spéis aici sa bhácáil, sa dreapadóireacht agus fásann sí glasraí
orgánacha chomh maith le go leor rudaí eile.


Cad as duit?
Ard an Rátha, Dún na nGall. Baile beag deas in aice na farraige atá ann. Tá na cnoic ar achan taobh den bhaile agus bíonn féile de shaghas inteacht ar siúl achan mhí – siúl, ceol, bia. Is maith liom an baile agus an ceantar go mór.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Is cuimhin liom a bheith suite sa phram agus rud inteacht ollmhór ag teacht ionsorm. Ní raibh a fhios agam cad é a bhí ann agus bhí mé ag screadaíl liom. Sílim gur spúnóg a bhí ann anois ach ní thig liom a bheith cinnte. Is cuimhin liom fosta an lá a ghearr mé gruaig Cindy agus an t-iontas a bhí orm nuair nár fhás gruaig s'aici arís.

Ar léigh tú mórán leabhar nuair a bhí tú i do ghirseach?
Bhí mé i dtólamh ag léamh, níor stad mé.

Cén chaoi ar chuir tú spéis sa scríbhneoireacht chruthaitheach?
Níl mé cinnte ach má tá dúil ag duine sa léamh is dócha go dtig an scríbhneoireacht chugat diaidh ar ndiaidh.

Céard é an leabhar is fearr do pháistí, dar leat?
Winnie the Pooh nó The House at Pooh Corner. Is maith liom iad a léamh go fóill.

An dóigh leat go bhfuil difríochtaí idir an scríbhneoireacht do pháistí agus do dhaoine fásta?
Sílim go bhfuil. Ní gá rudaí a mhíniú do pháistí, bíonn draíocht intuigthe. Bíonn béim ar rudaí simplí – dathanna, fuaimeanna, na céadfaí mar shampla. Bíonn caidreamh ag páiste leis an uile rud, ní gá go mbeadh daoine i gceist i gcónaí. Is maith liom an t-iontas a théann le bheith ag scríobh do pháistí. Bíonn iontas i gceist le hachan rud beo.

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ag scríobh do dhaoine óga den chéad uair?
Bain triail as, bain sult as agus lean ort.

Ar chaill tú do mhisneach riamh agus tú i mbun pinn?
Níor chaill.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid leabhar?
Sílim go bhfuil. Is maith liom na scéalta beaga agus na dathanna sna pictiúirí. Is maith liom bheith ag amharc ar ainmhithe agus ar phlandaí agus caithim isteach iad anois agus arís.


Is cosúil go bhfuil spéis agat sna lámhscríbhinní Gaeilge agus scéal
Labhras Loingseach athchóirithe agat do pháistí. An gcloíonn tú go docht leis an mbuntéacs nó an dtéann tú i dtreo an fhicsin?
Sílim go bhfuil sé tábhachtach cloí leis an bhunscéal atá leagtha síos romhat ach má tá sé soiléir ón tús gur leagan úr atá ann tig le scríbhneoir an scéal a stiúradh. Beidh leagan úr de Tomás na hOrdóige ag teacht amach an bhliain seo chugainn agus cé go bhfuil an bunscéal/ seanscéal céanna i gceist beidh nithe úra le léamh faoin bhoc beag seo chomh maith.

Cén chaoi ar léirigh tú spéis sna lámhscríbhinní ar an gcéad dul síos?
Chaith mé bliain i nDún Éideann ag staidéar agus bhí Ronnie Black mar léachtóir agam. Eisean a mhuscail mo spéis sna lámhscríbhinní i dtosach báire. Rinne sé an uile rud chomh suimiúil sin. Ghlacfadh sé téacs isteach chuig an rang agus bheadh sé á phlé againn go mion, ag amharc ar an pheannaireacht ar an ábhar, ar an scríobhaí agus mar sin de. Roimhe sin, áfach, nuair a bhí mé ar an mheánscoil bhí an-dúil agam i bpeannaireacht agus chaithinn an-mhórán ama ag dul di. Déanaim cóipeanna de na téacsanna anois mar chaitheamh aimsire.

Ar mhaith leat scéal do bheatha a fheiceáil i bhfoirm leabhair nuair a bheidh tú níos sine?
Tá sin furasta - Níor mhaith.

An gcasann tú ceol?
Casaim ar an fhidil agus is aoibhinn liom é. Thosaigh mé ar an fhidil nuair a bhí mé seacht mbliana d'aois ar fhidil bheag bhídeach agus bhí John "the Tae" Gallagher mar mhúinteoir agam. Bhí an-iomrá air mar fhidleoir ar fud an domhain agus bhí an t-ádh dearg orm go raibh mé i mo chónaí béal dorais leis. Fear iontach séimh atá ann agus thug sé ceol domh. Ba mhór an gar. Glacaim páirt sna seisiúin anois agus arís i nGleann.

Céard é an cartún is fearr leat?
The Wombles! Bhí siad iontach cliste agus dúil acu sa timpeallacht. Bhí Tobermory ina laoch agam. Iontach ruainneach agus dathúil.
Thaitin an ceol liom chomh maith ach dhá bhliain ó shin chuala mé an t-amhrán - Underground, overground Wombling free The Wombles of Wimbledon Common are we - agus rith sé liom go raibh siad ina gcónaí in Wimbledon Common. Shíl mé leis na cianta go raibh siad ina gcónaí in Wimbledon agus go raibh neart acu ann.

Ar bhaint tú triail as an aisteoireacht riamh?
Níor bhain.

Cá dtéann tú ar saoire?
Téim fhad leis na cnoic agus na sléibhte. Dhreap mé Beinn Nibhis an mhí seo caite agus bhí mé sna hAilp anuraidh ar feadh coicíse. Beidh mé ag dul ag dreapadh sna sléibhte Carpathian mí Lúnasa.

Twister, Loop the Loop nó Fat Frog?
Fat Frog.

Céard é an chéad rud a léann tú nuair a osclaíonn tú nuachtán?
Taisteal.

Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?
Thaitin an bhunscoil go MÓR liom. Bhí triúr sa rang liom agus bhí na múinteoirí thar a bheith deas. Bhí neart saoirse againn agus bhí clós mór thart ar an scoil. Bhínn ag rith agus ag imirt peile. Cúl báire a bhí ionam – cuireadh ansin mé de bharr go raibh mé chomh holc achan áit eile.
Bhí an mheánscoil ceart go leor agus bhí mé in inmhe rudaí úra a dhéanamh agus mar sin de ach ní thiocfadh an bhunscoil a bhualadh.


Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?
Téim ag snámh san fharraige nó téim amach ag rith. Déanaim ceann amháin nó ceann eile achan lá. Maidin inniu rith mé seacht míle sular tháinig mé isteach chun na hoibre. Má bhíonn sé ag cur téim ag snámh óir bheinn fliuch i gcás ar bith. Tá stunt kite agam fosta agus téim amach leis ar an trá má bhíonn sé gaofar. Cuireann sin an ruaig ar strus.

An imríonn tú spórt?
Rith agus snámh.

Cén saghas bia is fearr leat?
Bia a fhásaim féin sa ghairdín. Tá gairdín mór agam agus cuireann muid glasraí ann achan bhliain. Tá crainn le sméara éagsúla thart timpeall ar na taobhanna. Chuir muid an-mhórán glasraí ann i mbliana óir ba bhreá liomsa a bheith beo an oiread agus a thig ar an ghairdín. Tá teach glas agam chomh maith agus é lán go doras. Is maith liom bia úr a bhaint agus a ithe agus is breá liom a bheith ag cócaireacht do scaifte daoine agus a bheith ag ithe lasmuigh.

Cé hé nó hí an bleachtaire is fearr leat?
Mo chomharsa béal dorais agus an bhean is fearr liom ar domhan, Annie. Ní thig liom dadaí a dhéanamh i ngan fhios di.

An bhfuil ainmhithe agat?
Tá piseog bheag riabhach agam – Tup.

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí timpeallachta?
Tá agus déanaim iarracht mo chuid a dhéanamh ar a son cé go dtiocfadh liom níos mó a dhéanamh is dócha. Fásaim glasraí, tá múiríneoir agam, déanaim athchúrsáil nuair a thig liom ach bainim úsáid as mo ghluaisteán achan lá agus tá ola agam sa teach.

An gcuireann tú feisteas ort go fóill ar Oíche Shamhna?
Nach cinnte!

An bhfuil leabhar á scríobh agat faoi láthair?
Amárach!

15.7.08

Partalónaigh, Beirtí agus an Tíogar Cleiteach

An Shushscéal ó St. Lukes ris a ráitear Oidhe an Phartalónaigh.

Le Droim Conrach.

Fógraíodh go raibh deireadh leis an Via, an Víno agus na Fianna dolorosa aréir. B’é an Fia negativa a chraobhscaoil an scéala seo dosna na híochtaráin. Ere sin— agus iar bhfógra –chuaigh an iar-Thaoiseach-nua-aoiseach ag triall ar Áras na hUachtarlanna i bpáirc dhraíochta faoin uisce chun an scéala seo a dhearbhú go sollúnta agus go doshannta mar atá leagtha amach go cluthar faoi bhundlaoi na tíre sa Bhunreacht. Fíorchaoineadh agus fáilte a fearadh roimis an Taoiseach agus meabhraíodh dó go raibh sé in am aige dul ag triall ar dhochtúir chun a pheacaí agus aphaches eile nach iad thabhairt chun cuimhne in athuair óir dhealródh sé gur tholg an Tíogar Ceilteach an galar cleiteach agus tá straidhin anuas air faoin gcré de bharr an ghalair thógalaigh san. Ar chlos an scéala seo dos na Fianna móra gan bheann ar dhlaoi ar bith (Megaceros giganteus) ardaíodh géim agus gáir ollmhór ag éagaoin bás an Tíogair agus an Taoisigh óir thuigeadar go raibh deireadh le ré na Beirte. Thuairimigh an sceallóg Jacques Leacan (French Freud) i Mc Donalds aréir go mb’fhéidir go raibh breall air sa saothar is do-thuigthe a shil óna pheann— Sécrétions –maidir le ego nó id bheith ann in aon chor. Is léir anois, dar leis, nach bhfuil sa saol Fódlach ach Dia amháin agus is é Beirt é. Táthar ana-thógtha leis an dtéis seo sa Bois de Boulogne i bPáras i láthair na húirí agus áitítear gur léir anois ná beidh a leithead de phallusaí suas aríst ann in Éirinn ó d’éirigh an Taoiseach as. Thug Seán Ó Cíobháin (nó ‘Seán tá sé tugtha le fios’ mar is fearr aithne air), thug sé le imfhios ar nuacht an deiscirt inniu go bhfuil raic i Marseilles maidir leis an scéala seo. Níor chuir sé Feakle ann nuair a dúirt sé gur cinnte go mbeidh an cheist seo ar bharr chlár oibre an Académie Française, an École Normale Supérieure agus an École de Mer-y-homme i rith an tSamraidh.

Ó shin i leith agus ó chéadtháinig an scéala seo chun solais agus idir an dá linn snámha náisiúnta a tógadh ar bhóthar Snugborough i mBaile Átha Cliath le linn ré an an Bhúrcaigh, tá sé dearbhaithe ag urlabhraí snámha na Féinne— Oscar Smith De Brún — nach bhfuil bonn ar bith leis an scéal seo agus go bhfuiltear ag tarraingt smálls anuas agus me chlú gan bhonn gan bhaithis ar ré órga na Féinne. Dhearbhaigh an stail Cian O’Connor go raibh deacraíochtaí áirithe a shíolraíonn ón gcúlú eacnamíochta— go háirithe na constaicí a bheidh le sárú ag Waterford Crystal –ach mhaígh sé go n-aithneoidh an fhuil a chéile. Níor tuigeadh an chaint seo (mar Sinn Féin) agus cuireadh i leith na Beirte go rabhadar ag snámh in aghaidh easa agus nach mar a shíltear abítir. Deirtear gur “Shittius Altius Fortius” a thug an Baron de Coubertin ar chaint na Beirte ach sheán oifigeach ón mbuíon preasála agus caidrimh chollaí an méid seo agus tugadh le fios go bhfuil gliscín ar an bhfear bocht ón gcliabhán ar bhuail sé ina choinne nuair a bhí sé ina mhalrach. Tuairimítear coitianta, áfach, i measc seacht gcatha na bhFéinne agus fianna fichille eile na tíre go mbeidh insint Scéala Éireann níos tomhaiste i dtaca le fios fátha an scéil seo agus táthar dóchasach go neosfaidh an Aimsir. Sheán urlabhraí ón Oifig meitéareolaíochta an méid seo, áfach, agus dúradh thar cheann na hoifige sin go mbeidh le feiceáil.


Tar éis don bhfiar-Thaoiseach slán a fhágaint le Virgil, le hOvid agus le Horace an uachtaráin, dhírigh sé a choincín ar ráiseanna na Gaillimhe agus d’fhógair go raibh sé chun dul i mbun stocaireachta arís i measc an phobail óir is dual do na Fianna bheith bailithe i dteannta a chéilibh sa phuball i rith an tSamhraidh. Ráinig go raibh an Iar-Thaoscach sa leithreas— mar a mbíonn boic mhóra na tíre ag crochadh go hiondúil agus coitianta aimsir na ráiseanna –agus bhí fadhbanna na tíre caoldíreach idir lámhaibh ag an Iúdach Harry Shosher nuair a chualathas bruíon lasmuigh den bpuball. Anois nuair a bhíonn an braon anuas ní bhíonn an chiall istigh agus ligeadar na maidí le sruth agus chuadar i dtreo na bruíne mar a raibh Máire a’ Chocláin ólta arís agus í díreach tar éis Deirdre a bhuaileadh le breáichte. Níorbh shin an chuid ba mheasa den scéal, áfach, óir níorbh fhada gur tharraing Véinis (a raibh a folt ag casadh léi síos go glúin) bríocair agus briogún chuici agus léim sí in airde ar bhromachán bliana Bhaile Uí Lia ag bualadh Héilin (ar thit na céadta léi anuraidh dá barr í bheith out-of-her Traí). Bhí an puball ina bhruíon chaorthainn acu gur lobhar creacháin a bhí mar Phríomh-aoire ar na Fianna agus dúirt

“ Is olc bua na bruíne agus is measa a díomua”.

Níor thuig éinne caint an aoire ach chuimhníodar ar Chluain Tarbh agus ar Chremona agus níorbh fhada gur fhilleadar ar an bpuball. Bhí an cleachtadh, an ceol, an craic agus cóc ag dul ar aghaidh go breá gur fógraíodh ar an nuacht an lá dar gcionn go rabhthas tar éis teacht ar lámhscríbhinn lasmuigh den bpuball áirithe san mar a rabhadar. Oidhe an Phartalónaigh a bhí breactha sa chló Gaelach anuas ar chlúdach na lámhscríbhinne seo. Tugadh le fios gur shíl scoláirí áirithe go raibh saothar Pheadair Uí Laoighre— Séadna –bunaithe ar an lámhscríbhinn seo. Tar éis don scoláire Francach Denys Arcane géariniúchadh a dhéanamh ar an dtéacs dearbhaíodh gur Séanadh a bhí ar an leagan bunaidh den scéal agus gur bhain an tAthair Peadair feidhm as foirm thruaillithe sa teideal s’aige. Ó shin i leith, tá sé dearbhaithe ag na péas gur maraíodh seisreach i gcíréib i mBaile Bhúirne tar éis do mhuintir na háite an scéal seo a chlos. Tá an tuairisc seo séanta go láidir ag muintir na háite, áfach. Dúirt úrlabhraí nuacheaptha go bhfuil mearbhall ar mhuintir na háite óir ní thuigeann éinne sa dúthaigh conas a thitfeadh a leithéid amach sa liomatáiste san óir ní raibh an focal péas riamh acu sa chaint.


Níorbh shin í seo an chuid ba mheasa den scéal, áfach, ach an scéal a insíodh sa lámhscríbhinn. Bhí tigh ann tráth agus ní raibh athair nó máthair aige. Tigh a bhíodh ag gach duine air ach ní raibh éinne sásta glacadh leis go raibh an tigh ann. Nó gur tógadh an tigh. Nó gur ceannaíodh an tigh. (Fadhb shuarach is ea í seo ar léire ár dtusicint uirthi toisc léapsairtí SoSuarach an Eilbhéisigh a bheith againn). D’fhonn an scéal seo a fhiosrú i gceart cheap Taoiseach na Féinne an Binseach—deartháir le Méabh –ar bhóthar na Teamhrach lá. Fear fiosrach ab ea an Binseach agus thosaigh sé ag cur ceisteanna soir siar maidir le breith an tí. Níor thuig éinne cad as a dtáinig an tigh. Bhíodh ‘ní hea’ nó ‘ní cuimhin liom’ nó ‘Séadna’ éigean mar sheamsán meigeallach chuige ar an uile cheist a chuirfeadh sé. D’éirigh an Binseach Fiosrach breán bailithe de na freagraí diúltacha seo. Ar deireadh, chlis ar a fhoighne agus chuir sé fios ar an dTaoiseach… an Taoiseach a chum agus a cheap é. “A Thaoisigh, cad as a dtáinig an tigh seo?” arsa an Binseach. D’fhéach an Taoiseach timpeall na cúirte na Teamhrach— óir is ann a bhíodar— agus d’fhreagair gan cíos, cáin nó caiteachas mar a leanas:

“San am san ní úsáidtí airgead nó ní bhaintí feidhm as ach chomh beag. Níor bhain airgead le nósmhaireacht nó le nósanna imeachta na haimsire nó na hama nó ceachtar den dá rud. Más boon mo chuimhne. Agus déanta na fírinne ní cuimhin liom conas mar ar tharla sé nó conas mar a bhí um an dtaca úd óir baineann an soiscéal seo le luaineacht na cuimhne. Agus díchuimhne. Agus cuimhne chomhchoitianta. Agus…”

“Ana-cheart” arsa an Binseach agus é ag éirí pas beag mí-fhoighneach “…Dírigh ar an dtigh a Thaoisigh… an Tigh le do thoil…”

“Chuige sin atáim a Bhinse. Sea díreach, in aice leis an dtigh seo nár tógadh nó nár ceannaíodh riamh tá Scoil Loreto. Fillfidh mé ar an bhfianaise seo i gceann tamaill bhig ach meabhraigí a bhfuil ráite ina thaobh idir an dá linn.”

Bhain an Taoiseach searradh as féin agus scaoil sé lena scód.

“Is mithid agus is tráthúil agus is ceart agus is cóir agus is cuí agus is tairbheach dúinn oidhreacht an Phartalónaigh— mé fhéin –a mheabhrú. Is mise atá mar Thaoiseach ar an dtír seo. Agus is mise fé ndear don rachmas bheith sa tír. Agus ní fhéadfaí a shamhlú gur bhain an tigh draíochta seo le haon duine de phór na bPartalónach… Óir má shamhlaítear san, tá smál ar ainm na tíre uile. Más ea, tuigtear dúinn ná fuil an tigh ann nó ní raibh nó ní bheidh choíche. Una Voce…”.

Bhí fir áirithe ag sileadh na ndeor go faíoch fén dtráth seo. D’fhéach an Binseach i dtreo an Taoisigh agus scaoil sé an chaint seo chuige.

“A Thaoisgh, is léir domsa anois, tar éis dom ana-chuid dua agus bráca a chaitheamh le hobair pháirce ar fud na tíre…is léir domsa nach cuimhin le cuid agaibh an scéal. Nó codanna áirithe den scéal. Nó an leagan ceart den scéal. Nó dealraíonn sé go bhfuil codán cuideáin díobh ansan amuigh i measc na Féinne is fáiltí gan féith na cuimhne ionaibh ar chor ar bith. Tuigimid anois ó na scoláirí béaloidis go gcailltear an chuid is suaithinsí des na scéalta Fiannaíochta i seachadadh an scéil. Dar leo—na scoláirí agus árse-eolaithe eile nach iad – athraíonn na scéalta Fiannafáilaíochta san insint… ó ghlúin go glúin nó… ó bhéal go béal. Anois, a Thaoisigh, más maith an sás í an ghlúin chun feactha agus más maith an sáspan é an béal chun paidreoireachta, níor chuala riamh mar áiteamh ag na scéalaithe is fearr amuigh go mbaineann seachadadh scéil le haon bhall corportha eile seachas an chluas. Chuireas an méid seo a chur os comhair comhdhála i dTurku na Fionnlainne le deireanas, dála an scéil, agus tháinig sé chun solais nár éist formhór na scoláirí béaloidis san riamh le scéal. Tá dia marbh ag Nietzsche, tá an t-údar marbh ag Barthes agus fógraímse anseo inniu— a chairde na héigse is na héisteachta –go bhfuil deireadh le galar crúibe is béil an bhéaloidis. Éistímis leis an scéal”.

Thosaigh gach éinne ag bualadh bois, leathair nó pé rud eile a bhí oiriúnach chun buailte siúd is nár thuigeadar faic uaidh mar Bhinseach. D’fhreagair an Taoiseach é go neamhscáfar siúd is nach raibh éinne cinnte an raibh aon fhreagra riachtanach.

“Go raibh maith agat a Bhinsigh. Sea cinnte. Loreto na hIodáile. An Santa Casa. Samhlaigh anois é. Tigh a d’iompair na haingil ó Nazereth chun na hIodáile. Láthair oilithreachta. Láthair beannaithe naofa. Tigh nár tógadh, nár ceannaíodh…ach tá sé ann. Tá creideamh ag na hIodálaigh”. …………………………………………………………………………………….....................................................


Faraor, tá an lámhscríbhinn doiléir as sin amach. Ach tuigeann sibh éirim an scéil. Nach leor nod?


I.S.

NÍ FIOS CANATHAOBH, CONAS, CATHAIN NÓ CÉ CHUM.

11.7.08

Comórtas Filíochta Éist

Comórtas Filíochta Éist 2008: Comhairle Chontae na Mí

Tá sprioclá an chomórtais seo ag deireadh na míosa!!


Sprioclá: 31 Iúil
Tuilleadh sonraí: http://www.meath.ie/LocalAuthorities/Libraries/Poetry/

10.7.08

Ae Fond Kiss : Eddie Reader

Leagan draíochtúil de dhán Robbie Burns @

http://www.youtube.com/watch?v=YIKWHuxljFE


Ae fond kiss, and then we sever;
Ae fareweel, alas, for ever!
Deep in heart-wrung tears I'll pledge thee,
Warring sighs and groans I'll wage thee.
Who shall say that Fortune grieves him,
While the star of hope she leaves him?
Me, nae cheerful twinkle lights me;
Dark despair around benights me.

I'll ne'er blame my partial fancy,
Naething could resist my Nancy:
But to see her was to love her;
Love but her, and love for ever.
Had we never lov'd sae kindly,
Had we never lov'd sae blindly,
Never met-or never parted,
We had ne'er been broken-hearted.

Fare-thee-weel, thou first and fairest!
Fare-thee-weel, thou best and dearest!
Thine be ilka joy and treasure,
Peace, Enjoyment, Love and Pleasure!
Ae fond kiss, and then we sever!
Ae fareweeli alas, for ever!
Deep in heart-wrung tears I'll pledge thee,
Warring sighs and groans I'll wage thee.

Robbie Burns

Folúntas ó Ghaelport



Aisteoir/Puipéadóir le Gaeilge á lorg!




Tá Púca Puppets ag lorg aisteora nó puipéadóra firinn le Gaeilge chun páirt a ghlacadh sa scáthdhráma atá cruthaithe acu,Róisín agus an Rón’.



Is scéal álainn é seo faoin gcairdeas idir cailín beag agus rón. Is í an file Nuala Ní Dhomhnaill a scríobh an dráma agus is iad Colm ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla agus Slavek Kwi a chum an ceol. Beidh an dráma le feiceáil ón 22 Meán Fómhair go dtí an 03 Deireadh Fómhair.
Beidh trialacha ar siúl thart ar an 14 Iúil agus beidh cleachtadh ar siúl 3 lá in aghaidh na seachtain idir an 11 Lúnasa agus an 19 Meán Fómhair. Más spéis leat páirt a ghlacadh sa dráma, seol Gairmré chuig http://mc286.mail.yahoo.com/mc/compose?to=pucapuppets@eircom.net
Púca Puppets, 77 An Sráidbhaile, Gleann Bheití, Rath Éanna, Baile Átha Cliath 5.
Tuilleadh eolais glaoigh ar 087 7800931.

Fógra ó Ghaelport

'GET THE FOCAL' - Fáil éasca ar bhreis agus 12,000 focal Gaeilge... 10ú Iúil 2008

Sheol Maithú, comhlacht TF ó iarthar na hÉireann, agus Foras na Gaeilge 'Get the Focal' inniu, feidhmchlár le haghaidh gutháin shoghluaiste a sholáthraíonn breis agus 12,000 aistriúchán Béarla-Gaeilge le húsáid as líne.


Má sheoltar 'Focal' chuig 53503 (Poblacht na hÉireann, EUR 0.30 CBL san áireamh) nó 82222 (An Ríocht Aontaithe, £0.25 CBL san áireamh), tá 'Get the Focal' ar fáil ar bhonn trialach, saor in aisce le teacht ar leath den fhoclóir. Is féidir an foclóir iomlán, le 12,000 aistriúchán, a íoslódáil go hiomlán ar EUR 5, CBL san áireamh, a ghearrfar ar do ghuthán soghluaiste.


Tá teacht ar 'Get the Focal' go tapa agus saor ar do ghuthán soghluaiste ag am ar bith. Tá sé an-éasca úsáid a bhaint as, níl aon táillí oibreora i gceist, agus oibríonn sé ar gach guthán soghluaiste.

Tuilleadh sonraí ar http://www.getthefocal.com/.

Scoil Merriman

Reáchtálfar Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2008 i mbliana in Inis, Co. an Chláir ón Domhnach 17 go dtí an Satharn 23 de Mhí Lúnasa.

Is é Brian Ó Dálaigh, ar as an Inis féin ó dhúchas dó a bheidh mar Stiúrthóir na Scoile i mbliana. Is in amharclann Glór- príomhionad siamsaíochta an bhaile -a bheidh formhór imeachtaí na Scoile agus beidh roinnt imeachtaí ar bun i Múseam an Chláir leis. Tá cainteoiri breátha spreagúla ar an gclár agus i measc na dtéamaí a phléifear tá:- a bhfuil i ndán do gheilleagar an cheantair- inimirce agus éagsúlacht- ról an cheoil thraidisiúnta i sochaí a chuireann béim ar an margadh agus ar chúrsaí tráchtála agus collaíocht na linne seo.



Is dlúthchuid de chlár na Scoile 'Cúirt an Mheán Lae' agus is iad Colm Breathnach, Bríd Ní Mhóráin, Medhb McGuckian agus Micheal O'Siadhail filí na bliana seo.

Tá sonraí iomlána na Scoile le fáil ag: http://www.merriman.ie/ agus ar 086 382 0671.

9.7.08

Aisteoireacht na Gaeilge





Tá an Gaiety School of Acting ag seoladh cúrsa dramaíochta as Gaeilge agus is é seo an chéad uair a reáchtáladh a leithéid de chúrsa.

Tá sé fógartha ag an Gaiety School of Acting go mbeidh siad ag seoladh tionscadail nua an Samhradh seo. Beifear ag soláthar an chúrsa nuálaigh seo chun muiníne na ndaltaí a fhorbairt agus iad ag plé le ceird na haisteoireachta trí mheán na Gaeilge. Is cúrsa dramaíochta Gaeilge é seo a bheidh dírithe ar dhaltaí idir 7-11 mbliana d'aois agus 12-16 bliana d'aois.

Is é Marcus Lamb a bheidh mar mhúinteoir ar na ranganna seo. Bhí Marcas le feiceáil le déanaí ar Ros na Rún agus tá ana-chuid oibre déanta aige leis an Druid.

Beidh dráma as Gaeilge ar siúil ó Iúil 21ú - 25ú ag The Gaiety School of Acting, Barra an Teampaill. Chun áit a chuir in áirithe,

Glaoigh 01 6799277, nó seol ríomhphost go dtí info@gaietyschool.com

Tuilleadh sonraí: http://www.gaietyschool.com/

www.beo.ie

Tá eagrán Beo! mhí Iúil (www.beo.ie) ar fáil anois! Mar is gnáth, tá togha agus rogha na n-alt le léamh. Ná déanaigí dearmad, tá gluaiseanna ar fáil leis na hailt a chuirtear i gcló in Beo!, rud a chuireann ar chumas gach duine sult agus tairbhe a bhaint as an iris, is cuma cén leibhéal inniúlachta atá acu ó thaobh na Gaeilge de.


Cuirtear Philip King faoi agallamh an mhí seo. Tá King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy. Labhair Beo! leis le gairid sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí, áit a raibh sé féin agus a ghrúpa ceoil, Scullion, i mbun sraith cheolchoirmeacha.

Déantar anailís ar chúrsaí reatha – idir scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta – sa rannóg “Ar na Saolta Seo”. I measc na scéalta atá idir chamáin an mhí seo, tá grinnanailís déanta ag Ciarán Mac Aonghusa ar na fáthanna ar dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin, tá tuairisc le Maidhc Ó Cathail ar an gcomhshaolaí mór le rá, Maurice Strong, agus míníonn Brian Ó Brian an fáth a bhfuil géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá.
Tá alt le Eithne Ní Ghallchobhair (ball de chumann na Scríbhneoirí Óga/Úra) in eagrán na míosa seo de Bheo! & beidh Eithne curtha faoi agallamh ar an mblag seo sara fada.

Sna rannóga eile, labhraíonn Colm Ó Snódaigh ón mbanna ceoil Kíla mar gheall ar na nithe – agus na daoine – áirithe a thug misneach dó agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.

Scríobhann an damhsóir mór le rá, Breandán de Gallaí, faoin eispéireas aisteach a bhí aige agus é ag taisteal ar bhus Greyhound thall i Meiriceá; insíonn John Walsh dúinn mar gheall ar a thuras go Manainn agus tá alt spéisiúil ar Chabóigín, ar guth sintéiseach í a labhraíonn Gaeilge Uladh.

Tá na hailt seo, agus corradh, ar fáil anois. Mar sin, tugaigí cuairt ar www.beo.ie gan a thuilleadh moille!

8.7.08

Thíos seal...

Laethanta Lagmhisnigh

Admhaím corrlá
bím traochta
dá cosaint 
os comhair an tsaoil

Bím bréan de bheith
cois leapan 
na teanga éignithe 
seo,
ag guí biseach uirthi,
á faire go cúramach,
ag impí beatha inti arís

Is nuair a chím 
a cnámha lofa
á gcailciú,
tuigim 
ná beidh fágtha di 
lá éigin 
ach smúit bhalbh,

ach an oiread liom féin. 

7.7.08

Áras na Scríbhneoirí


Beidh ceardlanna scríbhneoireachta ar siúl in Áras na Scríbhneoirí i rith an tsamhraidh.

B’fhiú do bhaill an chumainn breathnú ar http://www.writerscentre.ie/

2.7.08

Rónán Ó Snodaigh: Óbhéal

Rugadh Rónán Ó Snodaigh i 1970 i mBaile Atha Cliath agus is ann a tógadh é leis. Is ceoltóir agus scríbhneoir é Rónán a bhfuil saothar tagtha uaidh chugainn i mBéarla agus i nGaeilge. Tá ceithre airde na cruinne feicthe ag Rónán agus i measc na gceoltóirí ar sheinn sé leo tá Zakir Hussein agus Lisa Gerrard. Bhí Rónán ar an mbaicle a bhunaigh Kíla an chéad lá.

I 2003 foilsíodh cnuasach dánta leis- Luscadán -agus an bhliain dar gcionn tháinig bailúchán eile uaidh- i mBéarla an iarraidh seo- Songs. Beidh Rónán le feiscint ag an gClub óBhéal i gCorcaigh ar an 7ú lá den mhí seo agus cloisfear idir dhánta agus cheol uaidh an oíche san.

Tuilleadh eolais: http://www.obheal.ie/blog/


Tuilleadh eolais maidir le Rónán @ Sarah Glennanesarah@kilarecords.com

Tel: 086 4021179

www.myspace.com/ronanosnodaighhttp://www.kila.ie/

Coiscéim




Magus Ballyrath
le Nuala Reilly
Dánta snoite tomhaiste iad seo ag ceardaí oilte nár leasc léi dánta a bhaint as an ngnáth — mar atá mórán den bheatha, ar ndóigh — agus téamaí ón stair, stair na linne seo agus an rud anallód, móide macallaí as eachtraí a taithí féin nó taithí na ndaoine sin ar áin léi iad.Céad-chnuasach den scoth. Nára fada uainn a thuilleadh.Rugadh agus tógadh Nuala Reilly in Ard Mhacha, agus tá cónaí uirthi i gcathair Dhoire le fada. Saotharlanna agus moladh ó leithéidí Nuala Rua Ní Dhomhnaill a mhisnigh í lena dánta a chur os ár gcomhair, rud a rinne ar Feasta agus i gComórtas Bhéal Átha na mBuillí, mar ar ghnóthaigh dán sa chnuasach seo an chéad duais i 2005.€7.50

An Saol i Sladbhaile
le Mícheál Ó Ruairc

Bhain maoithneachas le cuimhní Paddy Crosbie agus John D Sheridan ar scoileanna na hArdchathrach; bhain téagar agus scéalaíocht le leabhar Michael Mullen ar an suíomh san, An Lána; bhain san agus spórt, gan dabht, lenar bhain Roddy Doyle as an síog sin. Agus baineann san ar fad agus feabhas grinn an Chiarraígh mhallaithe le hinsint Mhichíl Uí Ruairc ar imeachtaí ghaigíní sráide thuaisceart na cathrach. Má bhain Myles na gCopaleen an craiceann is a luach as béal bocht údair an Bhlascaoid Mhóir, is cinnte go mbaineann an Ruarcach an oiread súip agus is féidir as cré-umhlaíocht chosmhuintir Bhaile Átha Cliath.

Is é an greann an tréith is suntasaí sa leabhar, agus creideann an t‑údar mura n‑éiríonn leis oiread is gáire amháin a bhaint astu siúd a léann é, gur dream iad nach bhfuil ar a gcumas gáire a dhéanamh, nó go bhfuil sé thar am aige féin éirí as a bheith a scríobh as Gaeilge ar fad! Seo an naoú húrscéal ó pheann Uí Ruairc, agus is úrscéal é a thosaigh sé i bhfad siar, ag druidim le deireadh an chéid seo caite. Seo é a rogha phearsanta féin de na húrscéalta go léir atá scríofa aige go dtí seo.Is file, úrscéalaí agus gearrscéalaí Míchéal Ó Ruairc.

Is as Ciarraí dó ó dhúchas, ach tá cónaí air san Ardchathair le fada. D’ainneoin a bhfuil á thuar ag Fáithe an Bhrátha, creideann sé go mbeidh an Ghaeilge fós ina steillebheatha ar feadh mílaoise nó dhó nó trí eile.€7.50



Ainteafan

Colette Nic Aodha

“Tagann na dánta sa chnuasach nua seo aniar aduaidh ort agus baineann an anáil díot. Ní dánta ócáidiúla iad ach dánta a fuineadh is a fáisceadh as ithir lom na beatha saolta, as fulaingt phearsanta agus taithí saoil an fhile féin. Tá an t‑ionracas, an íoróin agus an dúghreann fite fuaite go dlúth ina chéile aici sna dánta mar chéilí leapa i dteannta an uaignis, an duaircis agus an ghrá éagmaise. Nochtann sí a hanam dúinn ar bhealach misniúil ina cuid filíochta, agus molaim go mór í as ucht saothar den scoth a chur ar fáil dúinn sa phróiseas. Ní baol d’fhilíocht na Gaeilge faid a bheas filí dúshlánacha cróga oilte mar Colette á cumadh.”
— Mícheál Ó Ruairc.

Rugadh Colette Nic Aodha i gContae Mhaigh Eo, agus tá cónaí uirthi i nGaillimh lena triúr mac. Is múinteoir meánscoile í sa chathair. Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Baill Seirce agus Faoi Chrann Cnó Capaill. Scríobhann sí i mBéarla agus i nGaeilge. Tá dánta léi foilsithe go forleathan in Éirinn agus in Albain, agus craolta ar an raidió. Tá duais buaite aici i gComórtas Filíochta Dhún Laoire.

Tá leabhar gearrscéalta, Ádh Mór, foilsithe aici freisin.€7.50
Ar fáil: http://www.coisceim.ie/
Trí an bpost:
TIG BHRÍDE,
91 BÓTHAR BHINN ÉADAIR,
BINN ÉADAIR,
BAILE ÁTHA CLIATH 13,
ÉIRE.
FÓN: 00353 (0)1 8322 509
FAICS: 00353(0)1 8320 131