Tá an scríbhneoir úr Seán Ó Dubhchon ag lorg dánta a bheadh oiriúnach do pháistí idir 8-12 bliain d’aois do leabhar filíochta a fhoilseoidh LeabhairCOMHAR níos déanaí sa bhliain. An sprioc atá aige ná saothar filíochta úrnua a chur ar fáil do pháistí óga ar fud na tíre. Tá súil aige go mbeadh an leabhar seo mar spreagadh ollmhór do pháistí óga, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí atá ag iarraidh léitheoireacht na Gaeilge a bhuanú agus a mhúnlú.
Leabhar croineolaíoch atá i gceist agus beidh na dánta bunaithe ar théamaí séasúracha. Beidh an leabhar ag tosú le dánta faoi thús na scoil bliana (an Fómhar) agus ag críochnú le dánta bunaithe ar laethanta saoire (an Samhradh). Ba bhreá leis dánta a fháil ar ábhair éagsúla a bhaineann leis na séasúir agus is é an 20 Aibreán 2012 an spriocdháta chun dánta a sheoladh chuige.
Má tá tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig scribhneoiri.oga@gmail.com
27.3.12
Seoladh Leabhair: Na Laochra is Lú
Comhghairdeas leis an scríbhneoir úr Laoise Ní Chléirigh a bhfuil a céad leabhar do pháistí, Na Laochra is Lú, díreach foilsithe ag an nGúm.
Tugtar cuireadh duit bheith i láthair san Atrium, Coláiste Oideachais Froebel, Ascaill na Croise, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, ar an Déardaoin, 29 Márta ar 7.00 p.m. nuair a chuirfidh Máire Nic an Bhaird Na Laochra is Lú i láthair an phobail.

7.3.12
Ábhar á lorg
A Chairde na hÉigse,
Tá ábhar á lorg ag an iris Southword - dánta, gearrscéalta agus léirmheasanna.
Tuilleadh eolais: http://www.munsterlit.ie/Southword%20Journal.html
Beir bua,
Ailbhe

2.3.12
An Gael - Eagrán Nua
Tá eagrán úr ar fáil anois - mar pdf nó i gcló.
Eagarfhocal, Tine agus Oighear le Séamas Ó Neachtain; Turas san Iorua le Gearóid Ó Laoi; Lámha m'Athar - An tAm - Níl Faic Orm le Muiris Ó Bric; Corrán Cnuasaigh, Póigín Gréine, Cúram an Chniotálaí le Doireann Ní Ghríofa; Fanacht ag Aidhne (cuid 3) le Réamonn Ó Cléirigh; Fón Póca le Greagóir Ó Dúill; Tine san Iúntlainn (2) le Panu Petteri Höglund; Nollaig sa Róimh 2011, Caillte le Tim Quinlan; Ag Téarnamh Chun Baile le Máire Wren; Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh; Fonn an Phíobaire le Lugh DePaor; Tine agus Oighear le Neil Sharpson
Gach eolas ar fáil ag www.angaelmagazine.com

1.3.12
Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge
Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
Luan Cásca, 9 Aibreán 2012, 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.
Stiurthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí; Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
• Léamh Próis & Filíochta, oíche Dé Luain ag 8.30p.m.
i Lios Beag san Óstán Meadowlands le Colette Nic Aodha, file,agus Brian Ó Dochartaí, gearrscéalaí.
EOLAS DO RANNPHÁIRITHE CEARDLAINNE:
• I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.
• Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar shaothair a chéile, beidh líon na rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar a mhéid.
• Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Tá lón ag 1.00p.m. agus an léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille.
Urraithe ag Foras na Gaeilge. Eolas breise: feasta@eircom.net

Subscribe to:
Posts (Atom)