29.9.11

Dea-scéal Phroinsias & Phádraig

Comhghairdeas le Proinsias Mac a’ Bhaird! Bhain úrscéal leis, Rún an Bhonnáin, an chéad duais d'fhicsean éadrom i gcomórtas liteartha an Oireachtais ag tús na seachtaine.
Mura bhfuil Rún an Bhonnáin léite agat, b’fhiú duit cóip a fháil láithreach. Sa scéal seo, tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Gunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?

Tuilleadh eolais: http://www.iriscomhar.com/


Ba mhaith linn tréaslú le Pádraig Mac Congáil freisin, a bhain duais an Oireachtais d’aiste a bhain le Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge.

19.9.11

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012


Le tamall anuas, tá go leor díospóireachta sna meáin chumarsáide maidir le stair, stádas agus cearta na n-óg in Éirinn. Ach céard faoi chultúr na n-óg sa tír seo agus céard faoi thionchar agus ról na Gaeilge mar chuid den chultúr sin?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil seo ar Litríocht & Chultúr na nÓg ardán a thabhairt d’oideachasóirí, do scoláirí, d’fhoilsitheoirí agus d’ealaíontóirí den uile chineál chun a dtuairimí maidir le litríocht agus cultúr Gaelach na n-óg a phlé. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; An Litearthacht i measc na nÓg; An Óige sa Bhéaloideas; Freastal na Meán Cumarsáide Gaeilge ar an Óige; Cartúin agus Cláir Ghaeilge do Pháistí; Amhráin agus Dánta do Pháistí; Drámaíocht agus na Taibhealaíona i measc na nÓg; An Óige & Gluaiseachtaí na Gaeilge.

Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com roimh an 19 Nollaig, 2011.
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com/

AN GAEILGEOIR GRÁMHAR le Alan Desmond

Is mór an t-athrú atá tagtha ar shaol Bhiddy Uí Laoghaire ó thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge beagnach dhá bhliain ó shin. Tá sí ina seanmháthair, tá sí pósta dara huair agus tá roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha aici. Ach tá athruithe eile i ndán di. Tagann an mac is sine léi, Eoin, abhaile ón Astráil agus fear eile ina theannta. Ach cén sórt gaoil atá eatarthu? Cuireann an tsuim atá ag Mánas, an múinteoir Gaeilge, i mná óga isteach go mór ar Bhiddy. Ach an éireoidh sí as an rang mar gheall ar iompar Mhánais? An éireoidh léi cailín a fháil d'Eoin?

Tá na freagraí go léir le fáil sa leabhar gairid soléite seo. Seo é an tríú húrscéal ag an údar don fhoghlaimeoir fásta tar éis An Foghlaimeoir Fásta (Comhar, 2006) agus Gaeilge agus Grá (Comhar, 2007). Agus scéal Bhiddy á leanúint aige is féidir leis an léitheoir eolas a chur ar fhocail agus nathanna cainte agus a chuid féin a dhéanamh díobh gan dua. Tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte deacra ag bun an leathanaigh, rud a chabhraíonn go mór leis an léitheoir an scéal a thuiscint agus a chuid Gaeilge a fheabhsú.

Údar
Rugadh agus tógadh Alan Desmond i gCorcaigh. Chaith sé seal ag teagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal sa Pholainn agus tá suim ar leith aige, go gairimiúil agus go léannta, i ngach ábhar dleathúil. Tá a chuid scríbhneoireachta foilsithe in Lá, Foinse, The Irish Times, The Sunday Business Post, Feasta, Comhar agus Beo i measc eile. Scríbhneoir é a bhuaigh duaiseanna i gComórtais Litríochta an Oireachtais dá shaothar agus fuarthas cabhair ó Fhoras na Gaeilge (Clár na Leabhar Gaeilge) le sparántacht ó Scéim na gCoimisiún i scríobh an leabhair seo.

Sonraí
Beidh an leabhar á sheoladh mar chuid de fhéile litríochta IMRAM 2011 i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an triú húrscéal déag sa tsraith d’fhoghlaimeoirí fásta na teanga. Go luath beidh podchraoltaí ándéanamh de na leabhair le fáil ón suíomh www.leabhaircomhar.com