17.12.08

Filíocht Ghrá na Gaeilge: Léirmheas

Léirmheas le Caitríona Ní Chléircín ar an leabhar Filíocht Ghrá na Gaeilge atá curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh.

@ http://www.beo.ie/?page=cuinne_na_nealaion&content_id=764


Filíocht Ghrá na Gaeilge
Eag. Ciarán Mac Murchaidh.
Foilsithe: Cois Life
Léaráidí le Anna Nielsen

Praghas: €20 (bog)Praghas: €30 (crua)

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí .

Comórtas filíochta i nGaeilge nó i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla leis.

Tuilleadh sonraí: http://www.strokestownpoetry.org/

16.12.08

CUIREADH: Seoladh Leabhair

CATHAIN? Dé hAoine, 19 Nollaig, 5.30 - 7.00 p.m.

Cén áit? Institiúd na hÉireann, Ionad an Phiarsaigh,27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2

AN LEABHAR? Guantánamo Dánta a chum cimí na gcampaí géibhinn

Leaganacha Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Réamhrá ó Aengus Ó Snodaigh, T.D.

13.12.08

Éisteachtaí Aisteoireachta

I mí Márta 2009, cuirfear leagan Gaeilge den mhórdhráma ‘An Enemy of the People’ le Henrik Ibsen, ar an stáitse sa Ghaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Tá dhá chomhlacht drámaíochta, Compántas Drámaíochta Moonfish agus An Taibhdhearc tagtha le chéile chun an comhléiriú proifisiúnta seo a chur i láthair, léiriú a bhfuil sé d’aidhm aige cur le húsáid na Gaeilge mar theanga don drámaíocht proifisiúnta in Éirinn. Léiríodh an dráma ‘Namhaid don Phobal’ i dTaibhdhearc na Gaillimhe i 1948 agus níor léiríodh an dráma in Éirinn ó shin (i mBéarla ná i nGaeilge), cé go bhfuil na téamaí a ndéantar plé orthu sa dráma chomh hábhartha inniu is a bhíodar caoga bliain ó shin.

Tugtar cuireadh d’aisteoirí ón nGaeltacht, nó uatha siúd a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, chuig éisteachtaí ar an 15ú & 16ú Nollaig 2008, don léiriú proifisiúnta den dráma ‘Namhaid don Phobal’, le Henrik Ibsen. Má tá suim agat sna héisteachtaí, seol CV chuig moonfishtheatre@gmail.com nó le haghaidh tuilleadh eolais, cuir glaoch ar oifig na Taibhdheirce: (091) 562024.

10.12.08

Nuala Ní Dhomhnaill

Beidh an file Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh a cuid filíochta agus ag caint féna saothar an Déardaoin seo chugainn @ 7 a i Leabharlann Bhaile Bhlainséir.

Tuilleadh eolais/ ceisteanna

Blanchardstown Library, Civic Centre, Blanchardstown Centre, D15.
T: 01 8905560 E: blanchlib@fingalcoco.ie

Comhar na Nollag!


Ceannaígí cóipeanna de Chomhar (Eagrán na Nollag 2008) óir tá na scríbhneoirí óga ag léiriú a scileanna scríbhneoireachta is a dtuairimí ann. Tá ailt mhaithe scríofa ag Caitríona Ní Chléirchín, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Rachel Ní Fhionnáin ann.
Má theastaíonn ó scríbhneoirí úra eile ábhar a scríobh don irisleabhar seo, b’fhiú ríomhphost a sheoladh chuig scríbhneoirí.oga@gmail.com nó chuig Pól Ó Muirí, eagarthóir Chomhar.

Cuireadh

Beidh fáilte mhór roimh bhaill an chumainn a bheith i láthair i gClub Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath ar an Satharn ag a 9.00 nuair a sheolfar leabhar úr de mo chuid: 'Maggie Sailor & Cailleach na Farraige'.
Ócáid neamhfhoirmeálta a bheas ann, gan óráidí fada; ach beidh neart ceoil, bia agus deoch ar fáil ar an oíche.
Tá súil agam go mbeidh sibh ábalta a bheith ann!

9.12.08

Dán

Dán beag a scríobh mé le cúpla lá anuas. Bheinn buíoch as tuairimí a fháil ina thaobh. Níl ann ach céad dréacht, sílim féin go bhfuil rud beag oibre fós de dhíth.

Bábaí Úr

Níl aon chur síos ort, a rún!
Mar ghealach don deoraí thú
ag lonrú os mo chomhair,
bhéarfá amharc don dall
croí don chloch
a mhuirnín óig an ghnaoi.

Buaileann cuisle ceoil ionat,
tá aingle ag rince fá do chosa,
le hachan anáil uait
tig dóchas mór agus grá,
is tú an deilf ag léimnigh
tráthnóna lán mara.

A Ríon na gilleachta
bheireann do chuideachta 
beatha agus brí dúinn
gan tú ach seachtainí d'aois
soilsíonn do chuid suáilcí
mar lóchrann romhainn.

Samhlaím anois thú
i lár pháirc mhór an tsaoil
gaoth an Earraigh ag séideadh
trí dhuail do ghruaige míne
ag bailiú bláthanna
le bronnadh ar an domhan.

Iarraim bláth beag ortsa, a stóirín,
a mhuirneoidh mé go deo
idir leathanaigh leabhair mo chroí.
Sna hamannaí sin
nuair a thiocfas doilíos ag bualadh
fosclóidh mé an leabhar

chun éalú isteach i ndúiche an tsóláis.