30.6.08

Go dTaga do Ríocht

Go dTaga do Ríocht Le Micheál Ó Conghaile



Cuirfear tús le Féile Ealaíon na Gaillimhe 2008 ar an 14ú Iúil agus is mór an onóir do Thaibhdhearc na Gaillimhe go mbeidh dráma nua-scríofa le Micheál Ó Conghaile – Go dTaga do Ríocht – á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus á stiúradh ag Brendan Murray i gcomhair na féile. Cé go bhfuil an Taibhdhearc féin fós dúnta de bharr na tine a bhí ansin faoi Shamhain na bliana seo caite, tá Taibhdhearc na Gaillimhe fós i mbun léirithe. Is iontach an rud é go bhfuil tacaíocht ón bpobal do léiriú na Taibhdheirce le feiceáil go láidir, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí againn. Ba léir seo nuair a tháinig na sluaite amach chun an dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain a fheiceáil i Seanscoil Sailearna agus ar an gcamchuairt. Is iontach an misneach a thugann tacaíocht mar sin do mheitheal na Taibhdheirce agus do na drámadóirí.

Tá Taibhdhearc na Gaillimhe an-bhuíoch d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as Áras na Gaeilge a chur ar fáil chun an dráma a léiriú. Beidh an dráma ar stáitse ón Luan, 14 Iúil go dtí an Satharn 19 Iúil, ag tosnú ag a 8.00 i.n. gach oíche.






Seo é an tríú dráma sa trílóg drámaí (lonnaithe i gConamara) a scríobh Micheál Ó Conghaile. Léirigh an Taibhdhearc an péire eile cheana; Cúigear Chonamara sa bhliain 2003 agus Jude i 2007. Is cinnte go mbainfidh an pobal an-taitneamh as an dráma nua seo. Dráma storrúil nua-aimseartha é Go dTaga do Ríocht a bhfuil an teannas, an t-imreas agus an ghangaid ina snaidhm reatha tríd. Tugtar léargas ann ar scéal Jimí, déagóir nach bhfuil ach i dtús aithne air féin, é cráite ag dúshláin mhóra an tsaoil – bás a mháthar, meon muiniceach a athar, éiginnteacht an ghnéis agus an chreidimh, saol agus sochaí Chonamara le hais an tsaoil atá ag a chomrádaí cathrach Kevin – Bleá Cliathach atá i gConamara ar chúrsa samhraidh.


I dteannta Jimí, castar orainn a athair – Patrickín – Finné Iáivé (Jehovah’s Witness) díocasach díograiseach arb é an chloch is mó ar a phaidrín craobhscaoileadh a chreidimh féin.


Ar cheann de shnátha eile an scéil tá an Gorta Mór agus an cogadh creidimh i gConamara aimsir an Drochshaoil a bhfuil a lorg le feiceáil ar an gcogadh creidimh atá ar siúl lenár linn féin idir Jimí agus a athair. Dráma é Go dTaga do Ríocht a bhfuil an dáiríreacht, an greann agus an ceol ina orlaí tríd.

I measc scoth na n-aisteoirí atá páirteach sa léiriú seo, tá Mairéad Ní Ghallchóir (Ros na Rún), Séan Ó Coistealbha (Cré na Cille), Peadar Ó Treasaigh ( Coinneal Orainn ), Pádraic Óg Ó Tuairisg ( Ros na Rún) agus Shaun Dunne (Blackwater Angel) . Is é Florent Betria a dhear an seit agus Tony Cording a thóg é, Pat O’Reilly a dhear an soilsiú agus an fhuaim, agus is í Orlagh de Bhaldraithe an Bainisteoir Stáitse.

Lena thuilleadh eolais a fháil nó le ticéid a chur in áirithe, glaoigh ar an Taibhdhearc ag 091-563600 nó ar Féile Ealaíon na Gaillimhe ag 091 566577.

Go dTaga do Ríocht
Le Micheál Ó Conghaile
in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
ón 14 Iúil – 19 Iúil ag a 8.00 i.n.

26.6.08

Cé hiad na Scríbhneoirí Óga/Úra ???????????


A Chairde na scríbhneoireachta,







Seo chugaibh an dara cuid den agallamh le Majella McDonnell.


Scríbhneoir Óg [S.O.]: Luaigh tú cheana nár thaitin haca leat. Ar imir tú aon spóirt eile riamh nó cén caitheamh aimsire a bhí agat nuair a bhís óg?

Majella [M]: Bhuel, thriail mé gach saghas spóirt nuair a bhí mé i mo pháiste, ach gan mórán ratha ar mo chuid iarrachtaí! Chonacthas mise i gcónaí ag bun na faiche i gcónaí, ag fanacht glan amach ón liathróid. Ba mhó i bhfad a thaitin cúrsaí ceoil liom – thosaigh mé ag seinnt an phianó nuair a bhí mé sé bliana d’aois, agus táim fós á dhéanamh anois!

S.O. Cén saghas ceol a thaitníonn leat?

M: Gach saghas, le fírinne – braitheann sé go hiomlán ar an gcaoi a mhothaím! Ceol clasaiceach den chuid is mó (is aoibhinn liom na cumadóirí rómánsúla cosúil le Chopin agus Liszt), agus taitníonn rac is beagáinín pop go mór liom freisin.

S.O. An dtaitníonn scannáin leat?

M: Gan amhras! Téim chuig an bpictiúrlann i bhfad rómhinic ar na laethanta seo, ach taitníonn na sean-scannáin chlaiseacha liom freisin ... oibreacha Audrey Hepburn ach go háirithe. Chonaic mé scannán iontach Fraincise
san IFI le deireanas, mar a tharlaíonn – “Private Property” ab ainm dó. Sílim gur tábhachtach an rud é gan a bheith gafa le stíl scannánaíochta Hollywood amháin, is deis mhaith a thabhairt do chultúir eile iad féin a chur in iúl trí bhíthin an scáileáin mhóír.

S.O.: Cad a cheapann tú faoi Hector? Cad a cheapann tú faoi Podge agus Rodge?

Is beag duine a fheiceann tú leis an oiread céanna fuinnimh is a bhíonn ag Hector i gcónaí! Molaim dá thairbhe sin é, ach chun a cheart a thabhairt dó, déanann sé sraitheanna fíorshuimiúla chomh maith. Bhí mé tugtha do “Hector san Afraic” nuair a craoladh é cúpla samhradh ó shin.

Caithfidh mé a rá nach dtaitníonn Podge agus Rodge agam go ró-mhór. Bhain mé triail as cúpla uair, agus ní ró-mhaith an t-imprisean a fuair mé in aon chor. B’fhuath liom bheith i m’aoi acu ar aon nós – sin rud amháin nach bhfuilim in aon amhras faoi!

S.O.: An bhfuil ceadúnas tiomána agat? An bhfuil snámh agat?

M: Táim ag iarraidh ceadúnas tiomána a bhaint amach go luath; tugann m’athair amach sa charr mé pé uair a bhíonn sé saor, ach tá mórchuid cleachtaidh le déanamh agam fós! Is maith liom dul ag snámh corruair, mar deirtear gurb é sin ceann de na modhanna is fearr aclaíochta - agus tá sé iontach suaimhneach freisin.

S.O.: An raibh tú riamh sa Fhrainc? Ar thaitin sí leat ? Cad iad na tíortha eile ar dheas leat iad a fheiscint?

Bhí mé i bPáras trí huaire san iomlán – ar thuras Idirbhliana le mo mheánscoil, ag díospóireacht Fraincise eagraithe ag an Alliance Francaise, agus ag cruinniu oibre dhá mhí ó shin. Bhí mé an-tógtha go deo leis an gcathair ar chuile cheann de na haistir sin; ní féidir ailtireacht, stair agus cultúr na Fraince a shárú, dar liom!


B’aoibhinn liom an Iodáil a fheiceáil ag pointe éigin, agus na Stáit Aontaithe chomh maith.

S.O. An bhfuil an Tíogar Ceilteach ina bheatha i gcónaí?

M:Bhuel má tá, tá sé an-chiúin faoi. Níl aon tubaiste ar siúl i ngeilleagar na tíre faoi láthair, ach nílimid ag forbairt faoi mar a bhímis ó chianaibh. Mar sin, déarfainn go bhfuil an Tíogar Ceilteach ag tógáil sosa seachas bheith beo beathach ar na saolta seo!
S.O., An dtaitníonn an saol i mBaile Átha Cliath/ Cill Mhantáin leat?

Taitníonn, gan amhras. Is aoibhinn liom an chaoi a mbíonn réimse leathan áiseanna agus siopaí ar fáil i dtólamh, gan iallach orainn taisteal an iomarca. Uaireanta, ámh, is deacair gan caitheamh i ndiaidh séimhe na tuaithe; sin an fáth, dar liom, go bhfuil an t-ádh dearg orm cónaí in áit cosúil le Bré. Is féidir liom na gnéithe is fearr den dá domhan a bhlas le chéile!

S.O. An gcuireann na tranglaim thráchta i mBaile Átha Cliath isteach ort?

Ní chuireann, i ndáiríre – glacaim an DART den chuid is mó chun frustrachas an fheithimh sin a sheachaint. Tá sé fíoráisiúil dom i mBré go bhfuil an DART is na busanna araon cóngarach dom.


S.O. An gceannaíonn tú leabhair Ghaeilge go rialta? Ainmnigh leabhar Gaeilge amháin a d’imigh i bhfeidhm ort?

M: Ceannaím cuid mhaith díobh, nó faighim ar iasacht ón leabharlann iad. Tá foinse mhaith leabhar ar fáil faoi láthair, agus tá sé sin an-chabhrach don té atá ag iarraidh léamh. Le deireanas, léigh mé leabhar dar teideal Bás Tobann, le hAnna Heussaff. Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm – scéal an-sofaisticiúil ab ea é!

S: Ar léigh tú Peig? Ar thaitin sé leat?

M: Níor léigh mé, mar níor mhair mé trí ré órga Pheig sa seomra ranga, faraor! Ba mhaith liom é a léamh ag pointe éigin, áirithe, le feiceáil cén fáth gur spreag sé an oiread sin míshástachta i gcaitheamh na mblianta.

S.O. Cé hiad na scríbhneoirí is fearr leat?

Taitníonn Éilís Ní Dhuibhne agus Pádraig Standún go mór liom faoi láthair, ach déanaim iarracht bheith leathanaigeanta i gcónaí faoi scríbhneoirí nua.

S.O An dtéann tú chun na hamharclainne riamh?

Téim ó am go chéile, ach ní chomh minic is ar mhian liom in aon chor. Sílim go bhfuil beocht agus láithreacht i ndráma na hamharclainne nach bhfaightear riamh sa phictiúrlann, agus ba mhaith liom dá dheoin sin go mbeadh amharclann ag lucht na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar bhonn seasta. Is é an dráma is Gaeilge deireanaí ar fhreastail mé air ná An Triail roimh an Ardteist, an gcreidfeá? B’iontach an rud é dá mbeadh fáil níos mó ar dhrámaí sa teanga dúchais sa phríomhchathair, áfach.

S.O. Cén bialann is ansa leat i mBaile Átha Cliath?

Diep Le Shaker ar Lána Pembroke.


S.O. An dtaitníonn Bia Iodálach leat nó cén saghas bia is fearr leat?

Is deacair a rá, i ndáiríre – is é mo phárrthas saolta ná bheith in ann beagáinín de chuile shaghas bia a thriail. Ach muna mbeadh an dara rogha agam, sílim go bpiocfainn bia Indiach nó Iodálach.

S.O. Cad a chiallaíonn an focal “Gaeilgeoir”, dar leat?

M: Duine a théann go huile is go hiomlán leis an nGaeilge a úsáid is a chur chun cinn, pé slí is féidir leis nó léi.

S.O. An Gaeilgeoir tú?
M: Sea, déarfainn gur Gaeilgeoir mé, ceart go leor. Ní cainteoir dúchais mé, faraor, ach déanaim iarracht mo chuid cainte is mo chuid scríbhneoireacht a fhorbairt a mhinice agus is féidir – agus, ar ndóigh, tá an-ghrá agam don teanga!


Majella Mc Donnell le cuid de na scríbhneoirí óga ==>

25.6.08

Comórtas Scripte

Síol - Preasráiteas

Scéim forbartha atá i SÍOL le deis a thabhairt do thallann nua scríbhneoirí nó scríbhneoirí/stiúrthóirí ón nGaeltacht, nó atá líofa i nGaeilge, script drámaíochta a scríobh agus a chóiriú ó bhunstaid scripte go staid craolta ar TG4. Tugtar cuireadh d’iarrthóirí dul san iomaíocht i gcomórtas scripte ar mhaithe le háit a bhaint amach ar mháistir-ranganna ceirde chun sraith de 6 dhráma teilifíse a fhorbairt faoin téama “An Chlann”.

An Próiseas Iontrála
Is gá Script Iomlán 25 nóiméad, chomh maith le leathanach amháin Achoimre agus nótaí ar charachtair a chur isteach le d’Iarratas. Tá an fhoirm iarratais agus sonraí na scéime ar fad ar fáil ar http://www.siol.ie/.




Cineál Scéalta
Scéalta comhaimseartha amháin.
Carachtair láidre ag tiomáint an scéil – a bheas aitheanta agus tarraingt ag lucht féachana TG4 leo.
Beomhar, daite le scríbhneoireacht den scoth.
Le craoladh tar éis 9.30 san oíche agus scéalta a bheas ag spreagadh díospóireachta agus cainte.

Táimid ag súil le Saothair a bheas dána, dúshlánach agus a bheas oiriúnach do dhaoine fásta. Beidh an bhéim ar an mbunsmaoineamh – smaoineamh atá dána, lán le féinmhuinín agus úrnua. Déanfar scagadh ar na hiarratais de réir cumas scripte, cumas comhrá a scríobh agus láidreacht na gcarachtar, ach is é an bunsmaoineamh an tslat tomhais is mó agus sé scéal á roghnú.
Tá an scéim oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre – bíodh taithí acu ag scríobh don scáileán nó ná bíodh – agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse.

Roghnófar sé thogra as na hiarratais agus tabharfar tacaíocht oiliúna agus forbartha do na scripteanna. Forbróidh na scríbhneoirí na scripteanna faoi stiúir eagarthóir scripte. Réiteofar na tograí mar chuid de dhá cheardlann, (scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta), a bheas ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2008 agus Feabhra ’09.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais an 13 Lúnasa 2008.

Seol iarratais tríd an bpost amháin chuig:
Gréasán na Meán, An Chuasnóg, Baile Ard, Spidéal, Co. na Gaillimhe.

22.6.08

Cé hiad na Scríbhneoirí Óga/Úra ???????????


A chairde na scríbhneoireachta...


Samhlaíodh dúinn go raibh sé thar am againn uile aithne a chur ar a chéile agus ós rud é go bhfuilimid ag iarraidh an cumann a chur chun cinn trí mheán na gréasánaíochta, bhíothas den dtuairim go mbeadh an fóram fíorúil seo oiriúnach chuige sin.

Ar an intinn sin, más ea, tá chugaibh anseo thíos tá an chéad chuid d'agallamh le Majella McDonnell- duine des na scríbhneoirí óga/úra - agus san agallamh seo tugann Majella a cuid tuairimí uaithi maidir leis an gcumann agus nithe eile nach iad.

Scríbhneoir Óg [S.O.]: Majella, cad as duit ó dhúchas?

Majella [M]: Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin dom.

S.O. : Cad chuige ar bunaíodh Cumann na Scríbhneoirí Óga/ Úra an chéad lá, dar leat?

M: Sílim go raibh Ríona Nic Congáil ag iarraidh daoine óga a raibh dúil acu sa scríbhneoireacht a thabhairt le chéile chun smaointe agus ábhar léitheoireachta a roinnt - cuspóir an-uasal go deo, dar liom! Ar an iomlán, braithim go bhfuil éirithe go rí-mhaith leis an gCumann go dtí seo. Ar ndóigh, tá go leor le déanamh amach anseo, ach tá foras iontach leagtha síos ón tosach.

S.O.: Cad iad na haidhmeanna atá ag an gcumann? Agus amach anseo cad iad na spriocanna a shamhlófa don gcumann?

M: Is iad na príomhaidhmeanna atá aige ná grá do scríbhneoireacht agus do léitheoireacht na Gaeilge a chothú i measc an luchta óig. Aidhmeanna is ea iad seo a chuirfear i gcrích feasta trí chiorcail léitheoireachta, ceardlanna agus léachtanna poiblí a reáchtáil – agus, ar ndóigh, spreagadh a thabhairt do na baill a gcuid oibre a fhoilsiú, bíodh sé i réimse na filíochta, na drámaíochta, na hiriseoireachta nó na húrscéalaíochta. Ba mhaith linn méadú ar líon na scríbhneoirí óga sa todhchaí, agus bheith níos gníomhaí i gcur chun cinn nua-litríocht na tíre.

S.O. Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?

M: Thaitin siad araon go mór liom, mar thug siad an deis dom blas a fháil ar lear mór scileanna nua. Sa bhunscoil, bhí mé in ann an pianó, an fhliúit agus fiú an “oboe” a fhoghlaim! Sa mheánscoil, bhí na múinteoirí an-chabhrach liom i dtaca leis an gceol de, agus tugadh an seans dom gach bliain an díospóireacht a thriail. Fuair mé amach fosta nach bhfuilim go maith chuig an haca in aon chor, is nach dtaitníonn sé liom ach an oiread – rud thar a bheith luachmhar le foghlaim, ar ndóigh!

S.O. An bhfuil aon múinteoir amháin a sheasann amach it’ chuimhne agus má tá canathaobh?

M: Is maith is cuimhin liom mo mhúinteoir sa bhliain deireanach sa bhunscoil – chomh maith le máistreacht iomlán a bheith aici ar an seomra range, bhí focail fháidhiúla le tabhairt amach aici dúinn i gcónaí. Rudaí éagsúla nár bhain leis an gcúrsa acadúil in aon chor, ach a shníonn isteach i mo cheann ó am go chéile, fiú tar éis na mblianta ar fad atá imithe thart. Seasann sí siúd amach i m’intinn ar an ábhar sin.

S.O. An cuimhin leat aon múinteoir scoile ar leith a thug spreagadh duit chun dul i mbun pinn?

M: Ceist an-éasca go deo – ní dóigh liom go mbeinn tosaithe ar an scríbhneoireacht in aon chor murach mo mhúinteoir Gaeilge sa mheánscoil, Bean Murdock. Timpeall le coicís tar éis dom tosú ina rang sa dara bliain, thug sí leabhar an-mhaith ar iasacht dom, agus bhí mé tugtha do litríocht na Gaeilge as sin amach. Thugadh sí tacaíocht dom leis an scríbhneoireacht i gcónaí trí bheith ag ceartú m’aistí is mo scéalta agus mar sin de, agus bhíodh sí ina foinse leabhar dom gan stad. Bhí an-fhoighne aici liom i dtólamh – sin an rud is mó is cuimhin liom!



S.O. Cad í an chuimhne is sia siar i do cheann ó laethanta d’óige?

M: Meathchuimhne is ea anois í, ach is cuimhin liom an lá a d’aistríomar isteach sa teach ina chónaímid anois i mBré. Mise faoi gheasa ag gleo agus ag easord na háite ar fad, toisc go raibh tithe nua fós á dtógáil inár dtimpeall. Chuir na JCB’s crith cos is lámh orm, áfach – ach maithfear dom é sin, tá súil agam, mar ní raibh mé ach trí bliana d’aois ag an am!


S.O. Cathain ar thosaigh tú féin ag scríobh?

M: Thosaigh mé ag scríobh agus mé sa dara bliain sa mheánscoil. Gan brú na scrúduithe Stáit orm ag an bpointe sin, bhí an t-am agam go leor oibre a chur díom; gearrscéalta agus ailt go príomha, ach rinne mé dán nó dhó freisin, más buan mo chuimhne.


S.O.: Tar éis do chuid meánscolaíochta thug tú faoi chéim Ollscoile. Cén Ollscoil ar roghnaigh tú agus cad iad na hábhair a roghnaís don gcéim?

M:Roghnaigh mé Staidéar Achtúireachta agus Airgeadais a dhéanamh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Táim sa tríú bliain de faoi láthair, agus chuile shórt ag dul go breá go dtí seo ar an iomlán. Tá a fhios agam go n-éireoidh cúrsaí níos deacra go fóill an bhliain seo chugainn, áfach – táim pas beag neirbhíseach dá bhrí sin!


S.O. :An scríobhann tú aon cheo i mBéarla? Cén fáth ar roghnaigh tú an Ghaeilge mar mheán scríbhneoireachta?

Níl aon scríbhneoireacht chruthaitheach déanta agam as Béarla ó chríochnaigh mé an Ardteist, le bheith fírinneach! Braithinn i bhfad níos mó ar mo shuaimhneas ag scríobh as Gaeilge de shíor. Ní thig liom é sin a mhíniú go ró-mhaith, ach measaim go bhfuil liriciúlacht agus boige as cuimse ag baint leis an teanga Ghaelach thar mar atá i gceist leis an mBéarla – bhuel, thar mar a aithnímse ann ar aón chuma!

Beidh an chéad chuid eile den agallamh seo le feiscint ar an mblag anseo sara fada.

20.6.08

Cúpla dán le Simon Ó Faoláin

Fíorfhabhal

I mbaile beag san iarthar
Iascaigh agus margadh,
Do chuala scéal ó bhádóir
Feoite roc-chneasach.

Do chrith a lámh ar mhaide,
Ach géar mar gha a shúile,
É suite idir ursain
Ag faire ar an lá,

Gur siar le linn a óige
Do thánaig chun an baile
Mangaire ag taisteal
Le gach aon saghas á reic.

A earraí bhí d’ardchaighdeán,
Réasúnta bhí an t-éileamh
‘S ba ghearr go raibh na táinte
ag bailiú chun a shuíomh.

Do lean seo ar feadh scáthaimh
‘Gus sparán gur ghnás an teannsháith
Do chleacht anois an chaolchuid,
Gur mhéadaigh buairt buirghéisigh

Is thánadar le chéile,
Is dhearadar an stráitéis
Chun bata agus bóthar
A dháileadh ar a hácaeir.

Ba lúb ar lár mo dhuine
(‘gus ceann ollmhór an tan san)
Gur chleacht sé creideamh údaí
Nár thaithin riamh le Críostaí.

Bhí dhá chuid ag an plean,
Ar nós ordóg phortáin,
Chun mórbhrú a chruthú:
Fógraíocht agus síolchur.

Ó áltóir naofa Dé
An Domhnach ina dhiaidh,
Sollúnta labhair an chléir
Is cháineadar go géar

Peacaí ar bith dá dtréad
A dhéanfaidh a leithéid,
A cheannódh rud ó dhuine
Den dtreabh ó shíolraigh Íosa.

An tarna leath den chleas,
Chun beart a chur thar baol,
Fostaíodh fear chun siúil
Sráideanna ar cuar

Le clár amháin chun cúl
‘Gus ceann ar a bhrollach;
Bhí fuath agus gráin
Breactha ar gach taobh.

Trés na gníomhartha seo
Do spóch lucht cloig is gnó
Coinsias a bhí ar strae
I dtreo a ndualgaisí:

Don mhangaire thug cúl
Is déanadh air baghcat,
Is tráchtáil air do loit,
Gur fhág sé dealbh an áit,

Is níor fhill sé ann ariamh,
Is níor chuala fé ó shoin,
Toil neamh thar n-ais in ord
‘Gus Séasair ag fáil a choda.

Níl aon trácht ar an scéal
I leabhartha staire áitiúla,
Ach caithfear a admháil
Gur fíor san fé mhórán.

Creid é nó ná chreid,
Déan do rogha féin;
Tagann críoch ar cách,
Ach maireann saint go brách.




Maidin fhliuch, Aberystwyth

Glór na fearthainne ar na giúiseanna
Lasmugh den ngloine.

Grágáil shnag bhreac ansan in airde
Fán tsaol ag magadh.

Tonnta síne á séideadh siar
Tré bhearna choille.

Cnag na rothaí ar an iarnród
Ag dul i laige.



Ag Iomrascáil Choíche

Ag teacht go ceann scríbe ar m’fhilleadh laethúil,
Thar an Maoileann amach mé ag bagairt na cairte,
Na tonnta ar ionramh Cuas Cromtha láimh chlé liom
Is ag planncadh a nirt ar Oileán na bPortán.

Lasmugh táim ag amharc trén fhuinneog sa chrón-tráth,
Blaidhm chró-línnteach fiúse mar srutha fuil-sróine,
Iad tite go tiubh ar gach taobh de mo bhealach,
Ag treorú mo rotha gan bhaol dom seachrán.

Laistigh de m’intinn ag gliúcaíocht go leath-chaoch
Thar imeall mo thuisceana go fearann aineoil -
Meon duine eile – crích achrannach mhearbhlach,
Cé gur fada mo chuaird bhíos im’ iasachtach fós.

Do chasas an chairt suas an bóithrín gairid,
Ar shroichint an tí dhom bhí Jimmy ann romham
Ag seasamh le sluasaid, ag féachaint i dtrínse,
Ag cuimilt a smig is do chuas ‘na threo.

“Tá rud éigin cearr leis an bpíopa dramhaíle,
Tionóisc chaca a thárla” sea mhínigh sé dhom.
Do sheas mé ‘r feadh tamaill a’ phlé leis an gcor seo,
Ansan chasas m’aghaidhse ar dhoras an tí.

Ach do bhris a chuid focal isteach tré mo chloigeann,
ag sárú le cruinneas na bréithre ann,
A bhí cóirithe ‘gamsa mar arm snasta ollmhór
chun fíricí cruacháis a mhíniú dhom fhéin.

Scaoileas m’airm bhreá thar n-ais chun a muintire
-Gan mhaitheas a bhíodar, chun an fhírinne a rá -
Is ghlacas ‘na n-áit siúd le giota ó Jimmy:
Tionóisc chaca, gan puinn dabht, an scéal mar atá.

19.6.08

Liam Mac Amhlaigh: Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge























Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel, comhcholáiste de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é Liam Mac Amhlaigh. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóidé é. Tá suim thaighde aige i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge, ealaín an ghearrscéil Ghaeilge, saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain agus filíocht chomhaimseartha na Nua-Ghaeilge. Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha na Nua-Ghaeilge mar Mháire Mhac an tSaoi, Sheán Ó Ríordáin agus Mháirtín Ó Direáin. Foilsíodh a chéad úrscéal dó Teach na gColúr (Comhar, 2006) leabhar a bhuaigh duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais i 2006. Is é an saothar is déanaí leis ná Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008) ina bhfuil spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978). Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.


Chugaibh anseo thíos tá caibidil amháin ón saothar is déanaí óna pheann:

Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge. http://coislife.ie/Authors/CLauthors/macamhlaidh2.htm



Foclóir Gaedhilge agus Béarla, 1904, 1927. Pádraig Ó Duinnín

Réamhrá

Bhí dhá mhórfhoclóir foilsithe ag Cumann na Scríbheann Gaeilge sna blianta 1904 agus 1927 faoi eagarthóireacht Phádraig Uí Dhuinnín. Ba í sprioc an fhoclóra, Foclóir Gaedhilge-Béarla, ná stíl nua a leagan amach d’fhoclóireacht na Gaeilge agus foclóir a chur ar fáil do lucht na hAthbheochana. D’eascair dhá mhionfhoclóir as chomh maith: A Smaller Irish-English Dictionary for the use of schools (1910) agus dhá bhliain níos deireanaí, A concise English-Irish Dictionary for the use of schools (1912).

Dhá shaothar iomlán éagsúil a bhí sa dá phríomhfhoclóir i ndáiríre toisc gur loisceadh plátaí an chéad eagráin go hiomlán sa bhliain 1916 sna tinte a lean an tÉirí Amach. Bhí beagnach a dhá oiread eolais sa dara ceann le tuilleadh ceannfhocal as litríocht agus as caint na ndaoine mar aon le crostagairtí agus mionleasuithe litrithe.

Eagrán
Leathanach
Ceannfhocal
1904
783
30,000
1927
1344
45,000

An foclóirí

Rugadh an Duinníneach sa Ráth Mhór deich míle ó Chill Airne ar lá Nollag 1860. Ba é Pádraig an cúigiú páiste. Ba thrádálaí caorach a athair. Ba dhalta éirimiúil é sa bhunscoil agus ar mholadh sagairt Íosánaigh, chuaigh sé go Coláiste Chluain Gabhann i gCill Dara. Ina dhiaidh sin, chinn sé dul ar ais ann mar nóibhíseach ag na hÍosánaigh i 1880 cé gur chaith sé seal ina cheantar dúchais agus é ina mhonatóir ar scoil náisiúnta na Mínte Óga go dtí go raibh naoi mbliana déag slánaithe aige.

Bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath sa Bhéarla, sna clasaicigh agus sa mhata. Rinneadh é a oirniú sa bhliain 1894 agus chuaigh sé ar ais go Coláiste Chluain Gabhann arís mar mhúinteoir. Chinn sé an t-ord Íosánach a fhágáil sa bhliain 1900.

Nuair a thosaigh sé ag scríobh, bhí a chuid tráchtaireachta i mBéarla. D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann Gaeilge Dánta Aodhagáin Uí Rathaille ar dtús sa bhliain 1900. Ba é Conradh na Gaeilge a d’fhoilsigh an dara téacs aige, Amhráin Eoghain Rua Uí Shúilleabháin (1901) agus lean siad leo ag foilsiú na leabhar seo a leanas uaidh: Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill (1902); Beatha Eoghain Rua Uí Shúilleabháin (1902) agus Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna (1902); Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh Uí Shúilleabháin (1903), agus dánta Phiarais Feiritéir (1903) bliain níos déanaí.

Agus an chéad eagrán den fhoclóir réitithe sa bhliain 1904, réitigh sé imleabhair 2-4 d’Fhoras Feasa ar Éirinn (1908–1914) do Chumann na Scríbheann Gaeilge. Réitigh Dáithí Ó Coimín an chéad imleabhar sula bhfuair sé bás agus rinne an Duinníneach an chéad dá cheann eile laistigh de bhliain i 1908, agus an ceann deiridh i 1914.

Foilsíodh úrscéal leis, Cormac Ua Conaill, an chéad úrscéal i nGaeilge, úrscéal stairiúil, chomh maith le drámaí, aistí agus paimfléid, leabhráin scoile agus véarsaíocht, os cionn míle alt (a bhformhór in The Leader) agus chum sé leathchéad gearrscéal. Bhí suíochán faoi leith aige sa Leabharlann Náisiúnta le tabhairt faoin obair seo ar fad. D’éirigh sé breoite sa bhliain 1934 agus é ag obair ar leagan nua de The confession of St.Patrick. Fuair sé bás laistigh de chúpla lá ar 29 Meán Fómhair 1934.

Scríobh Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair a bheathaisnéis, An Duinníneach (1958), a thugann an cuntas is fearr go fóill ar gach ní a chuir sé i gcrích a rith a shaoil.

Cúlra an fhoclóra

Nuair a bunaíodh Cumann na Scríbheann Gaeilge sa bhliain 1898 i Londain chinn siad tabhairt faoi fhoclóir Nua-Ghaeilge a fhoilsiú. Faoi dheireadh na bliana sin, bhí fochoiste bunaithe acu faoi stiúir George A. Greene M.A. chun ‘a cheap, handy, pocket dictionary of Irish-English, English-Irish for the use of students of the modern tongue’ a thiomsú agus plean oibre a cheapadh (de Bhaldraithe 1983: 17).

Rinne Peadar Ó Laoghaire agus Dáithí Ó Coimín an luatheagarthóireacht ag tús an tionscadail agus liostaí á gcur le chéile in ord aibítre d’fhocail a bhí in úsáid go coitianta ag an am nach raibh sna foclóirí roimhe sin. Lorgaíodh cainteoirí dúchais sa bhliain 1899 le focail a bhí in úsáid ina gceantair féin a ullmhú chomh maith le liostaí ón litríocht chomhaimseartha a réiteach (de Bhaldraithe 1983: 17) Bliain níos deireanaí, bhí ráite ag an gCumann go raibh siad ar tí an foclóir a fhoilsiú agus a dhíol an t-earrach ina dhiaidh sin. Bhí Eoin Mac Néill le bheith ina eagarthóir ginearálta, agus Ó Laoghaire agus Coimín ina gcomhairleoirí (de Bhaldraithe 1983: 17).

Ba chosúil gur measadh gur leor cnuasach a bhaint as foclóirí agus as liostaí focal agus nach mbeadh i gceist ach iad a chur i gcló gan aon mhórathrú ná mhóreagarthóireacht. Ní léir go baileach cén obair a rinne Peadar Ó Laoghaire, Dáithí Coimín agus Eoin Mac Néill ach níorbh fhada gur éirigh siad triúr as an bhfoclóir ar fad, agus ina dhiaidh sin, tairgíodh an post don Duinníneach sa bhliain 1901.

Modhanna oibre

Bhí tuairim 12,000 slip bailithe don fhoclóir sular ndeachaigh an Duinníneach ina bhun (de Bhaldraithe 1983: 17). Bhí ráite ag an Duinníneach nár baineadh leas as foclóirí Uí Raghallaigh agus Uí Bhriain (Ó Duinnín 1905: 122). Tháinig cuid mhór de na focail ó fhoclóir an Chonúsaigh, Foclóir Gaeilge-Béarla a foilsíodh sa bhliain 1849 (féach caibidil 9). Bhí leagan amach an-chruinn ar a fhoclóir siúd agus é dírithe ar lucht léite agus teagaisc an Bhíobla.

Cheadaigh an Duinníneach foclóirí lámhscríofa, foclóir Pheadair Uí Chonaill (c.1826), foclóir an Phluincéadaigh (Laidin-Gaeilge) agus tuilleadh (de Bhaldraithe 1983: 19). Mar sin féin, níor éirigh leis na focail nuachumtha ar fad a sheachaint mar shampla ‘clóghalar’. Ba é an Pluincéadach a chum an focal sin mar aistriú ar an Laidin ‘vertigo’. Bhí slite eile aimsithe aige freisin ar é a aistriú – ‘umchlódh’, ‘umchasadh’, agus b’ionann ‘clódh’ aige agus casadh thart. Bhain Coneys míthuiscint as agus is mar seo a chuir sé san fhoclóir é:

‘Clódhghalar’: a vertigo, a disease more than usually prevalent amongst printers.

Chuir an Duinníneach an méid sin focal ar fhocal sa chéad eagrán den fhoclóir, ach bhí sé de chiall aige é a fhágáil ar lár sa dara heagrán.

Tá an chosúlacht air go raibh creatlach an fhoclóra bunaithe ar phlean an Oxford English Dictionary (Mac Lochlainn 2005: 3). Rinne an Duinníneach nasc idir meascán de chineálacha foclóra: tagairtí d’fhilí an Bhéarla, fuaimniú an fhocail, leaganacha canúnacha, ainmneacha, daoine logainmneacha, foinsí, sleachta as údair cháiliúla agus dátaí le cuid acu. Toisc na slite difriúla ar fad a bhí aige, ní mar a chéile leagan amach an eolais sna hiontrálacha go léir.

Bhí dhá spriocghrúpa le sásamh aige – lucht léinn agus lucht foghlama na Gaeilge. Shásaigh sé cuid mhór den dá ghrúpa, bíodh is gur cuireadh ina leith nach raibh na hiontrálacha léannta go leor in áiteanna aige. Maidir le foinsí, thug sé foinse uaireanta, uaireanta eile níor thug. Is minic alt iomlán tógtha focal ar fhocal aige as foclóirí an Chonúsaigh, Uí Bhriain nó Uí Raghallaigh, an fhoinse luaite uaireanta agus gan lua uaireanta eile (de Bhaldraithe 1983: 18).

Ar ndóigh ní raibh aon chaighdeán litrithe aige ach oiread agus cé nach raibh aon dualgas ar an Duinníneach an litriú a chaighdeánú, rinne sé beagan de sin in áiteanna, mar shampla

sc- tríd síos áit a mbíodh sg-;
-éa- in áit –eu-; agus
-ea- sa siolla neamhaiceanta in áit –io-;

Bhí dúshlán faoi leith le foirm an cheannfhocail a roghnú go háirithe nuair a bhíodh suas le deich bhfoirm éagsúla chanúnacha ann. Ní raibh aon chur chuige leanúnach aige ina leith seo.

Ceann de na buanna ba mhó a bhí ag an Duinníneach ná an stór mór filíochta a bhí de ghlanmheabhair aige agus an-tóir aige ar fhilí Chiarraí. Ba mhinic nach n-insíodh sé cérbh as na línte breátha ach ba chosúil gur thaitin Cúirt an Mheán Oíche leis le brí na bhfocal a léiriú. Leagadh sé an iomarca béime ar eolas breise seachtrach – scéilín, giota filíochta, nó leagan cainte a tháinig uaireanta idir é agus an focal.

Sa dara heagrán, ní raibh mórán de dhifríocht sa mhodh oibre nó ar an leagan amach a bhain leis. Mar sin féin bhí i bhfad níos mó foinsí ar fáil dó. Bhí sé in ann dhá oiread filí ón ochtú haois déag a lua is a bhí sa chéad eagrán mar aon le fiche leabhar próis áit nach raibh ceann ar bith sa chéad eagrán. Thuig sé freisin an spéis a chuir an pobal sa chéad eagrán agus bhí a chuid eolais ar an teanga méadaithe idir an dá linn. Faoin am ar thosaigh sé ar an obair an athuair, sa bhliain 1917, bhí sé ag druidim leis an trí scór.

An cur chuige

Cruthaíodh an nasc le Cumann na Scríbheann Gaeilge sa bhliain 1899 nuair a tháinig an Duinníneach le moladh faoi eagráin áirithe de shaothair fhilí na Mumhan. Bhí raic idir an Duinníneach agus an Cumann ó thús. Bhain cuid de na deacrachtaí le meon diongbháilte an Duinnínigh. Bhí sé toilteanach dianobair a chur i gcrích ar an bhfoclóir ach bhí sé tar éis é féin a scarúint le hOrd na nÍosánach i Lúnasa 1900. Bhí £250 á lorg aige in aghaidh na bliana agus é ag feidhmiú as a stuaim féin. Tar éis idirbheartaíochta, socraíodh figiúr £200. Is fiú a lua gurb ionann £200 agus ioncam iomlán an Chumainn sa bhliain 1902 (Breathnach 2005: 4).

Faoin am ar foilsíodh an foclóir, chosain sé £900 ar an gCumann, £500 de sin ag dul i dtreo an eagarthóra agus a chúntóirí (Ó Riain 2005: x). Bhí beirt faoi leith a chabhraigh go dlúth leis an gcéad eagrán: Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) agus Seosamh Laoide. Thug an Duinníneach buíochas faoi leith d‘Ua Ceallaigh as an dua a chaith sé leis an tionscadal ó thús.

Rinne Seosamh Laoide an lámhscríbhinn agus an profa ar fad a léamh. Dúirt Ua Ceallaigh nach bhfuair sé pingin rua as ucht a chuid oibre. Thug Ó Duinnín fíorbheagán do Laoide ach lorg sé £50 ina dhiaidh sin ón gCumann agus fuair sé é (Ó Riain 2005: xiii). Bhí muintir an Chumainn an-sásta le torthaí an fhoclóra. Mhéadaigh líon na ballraíochta go breis is míle ball. Cuireadh 5,000 cóip i gcló, mar a mhol an Duinníneach, seachas an 2,000 cóip a mhol an Cumann a fhoilsiú (Ó Riain 2005: xiv).

Nuair a scriosadh na plátaí agus stoc an fhoclóra sa bhliain 1916, chaith an Duinníneach beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin ag obair ar an dara heagrán. Shínigh sé conradh leis an gCumann leis an bhfoclóir a athnuachan ar 1 Meán Fómhair 1919 agus ceithre bliana luaite chun an tionscadal a chur i gcrích (Riggs 2004: 22). Fuair sé cuidiú faoi leith ó L.S. Gogan agus ón athair Donnchadh Ó Floinn, beirt a mhol sé go hard. D’íoc an rialtas £1,000 leis an gCumann sa bhliain 1924 le cuidiú a thabhairt an tionscadal a chríochnú (Ó Riain 2005: xiv).

Measúnú

Thuill foclóir an Duinnínigh meas forleathan. Go dtí an lá atá inniu féin, díoltar breis cóipeanna de leagan 1927 ná aon fhoilseachán eile de chuid an Chumainn. Faoi Lúnasa 1930, bhí 6,000 cóip den fhoclóir díolta. In ainneoin an chórais litrithe ann agus an cló Gaelach a bheith as feidhm san oideachas le fada, tá éileamh faoi leith fós air: ‘Ba aoinne amháin é féin agus a fhoclóir, agus ba gheall le hinstitúid náisiúnta iad araon’ (Ó Céileachair agus Ó Conluain 1958: 321).

Leis an gcéad leagan den fhoclóir, d’fhreastail sé go cumasach ar riachtanas práinneach. Rinne an Duinníneach éacht leis na deiseanna oibre a bhí aige agus taobh istigh de na teorainneacha ama:

Tá saothar éachtach an Duinnínigh ar eolas ag cách. Murach é, ní móide go bhféadfaí tabhairt faoin teanga a theagasc ná a úsáid i gcúrsaí oideachais ná i ngnóthaí riaracháin le leathchéad bliain anuas. Ar éigean a bhí scríbhneoir ar bith ann nach raibh faoi chomaoin aige (de Bhaldraithe 1980: 12).

Ach, ar ndóigh, cáineadh freisin é. Cháin Tomás Ó Rathaile an saothar ó thaobh na foclóireachta agus na heagarthóireachta de:

…Dineen who has printed some passages from PCT in the wholly unwarranted belief that Aogán Ó Rathaille was its author, misspells ‘uirceanna’ as ‘úircheanna’ and ‘uircheanna’, which he mistranslates as ‘clogs’. This ghost word ‘uircheanna’, ‘clogs’, duly appears in the second edition of his dictionary (O’Rahilly 1942: 201).

Ba é an tAthair Micheál Ó hIcí, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, ba ghéire a cháin é. Dar leis, ní raibh cruth sásúil ar an bhfoclóir. Cháin sé cumas Gaeilge agus foclóireachta an Duinnínigh: ‘Vast numbers of words are missing or….. are not to be found where they should be’ (O’Hickey 1905: 66) agus ‘Not scientific lexicography but lexicography by rule of thumb’ (O’Hickey 1905: 71).

Ní raibh aon drogall ar an Duinníneach é féin a chosaint. Thug sé freagra réasúnta ar chuid de na pointí i dtaobh na bhfocal agus ansin tugann sé ‘a labyrinth of error and misrepresentation’ ar léirmheas Uí Icí (Ó Duinnín 1905: 138). Chosain Ó hIcí é féin, ar an ngnáthbhealach, le hionsaí bríomhar.

Go deimhin, is féidir foclóirí an Duinnínigh, go háirithe eagrán 1904, a lochtú ó thaobh theoiricí na foclóireachta, ach is gá staid léann na Gaeilge, an deis oibre a bhí aige, agus an t-achar a tugadh dó chun é a dhéanamh, a chur san áireamh. Is stór eolais é ar an teanga, ar an mbéaloideas, agus ar shaol an phobail. Is leabhar é ar bhain na glúnta ard-leas as mar bhíobla na Gaeilge ó thaobh na litríochta de. Ní raibh agus níl fós a shárú ann sa mhéid sin.

Rogha focal samplach ón bhfoclóir

· asclán, -áin, pl. id., m., a gusset, anything carried under the arm, a parcel; al. osclán, q.v.
· do-chonach, m., adversity, mischance, misfortune; smt. pron. dothnách
· forann, -ainn, m., Pharaoh, a Pharaoh or Egyptian monarch.
· maothlán, -áin, pl., id. m., cartilage; m. móna, louseworth or rattle

17.6.08

Scott de Buitléir: Filíocht

Rugadh Scott De Buitléir i 1988 i Londain Shasana ach tógadh é i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Cé gurbh é an Béarla a mháthairteanga, bhí spéis aige sa Ghaeilge ó bhí sé deich mbliana d’aois, spéis a mhúscail a mháthair agus a sheanathair ann. Léigh sé a chuid filíochta don chéad uair ag Féile Litríochta IMRAM i 2007 thar cheann Scríbhneoirí Óga na Gaeilge. Is as Gaeilge a scríobhann sé an chuid is mó dá chuid filíochta, ach corruair scríobhann sé i mBéarla nó i bhFraincis. Seo chugaibh dornán dánta ó láimh Scott agus táimid ag súil go mbeidh saothar Scott le feiscint anseo go minic sa todhcai.






Agus Mé i mBaile a'Bhóthair

Eitlíonn boladh na mara tríd an aeir
Agus mé i mBaile a'Bhóthair
A chuireann m'óige i gcuimhne orm
An t-am a bhí ina chóisir

Na báid ar a' bhfarraige, faoi lán seoil;
An Ghriain ag taitneamh go haoibhinn,
Cuireann sé ár gcéad Samhradh i gcuimhne orm
Nuair a bhí lá foirfe againn.

Bhí am ann, nuair a bhí 'chuile rud foirfe
Ach athraíodh é sin go léir;
Níl mo chuid dóchais chomh geal anois
Leis na réalta a bhí ann aréir.

Anois, agus mé ag fill’ abhaile
Agus an Ghriain ag dul ina luí
Braithim mé féin ag éirí fuar;
Cineál uaignis, ar shlí.







Is mac léinn le Gaeilge agus le Breathnais é Scott de Buitléir i gColáiste na hOllscoile , B.Á.C.



AthGhaelú

Ar bhus 130 ón gcathair go Cluain Tarbh
Shuígh bean síos lena páiste óg álainn fionn;
Thosaigh sí ag caint leis, is ag súgradh leis
Le focail boga suimhneacha Gaeilge

D’fhreagraigh sé, mar a dhéanann páistí,
Le focail fánacha ar nós ‘fón,’ ‘capall’ agus ‘bean’
Agus é ag iarraidh teangmháil a dhéanamh
Idir eisean agus an bheirt Sínigh taobh thiar dó

Bhain an máthair iarracht míniú dóibh
Gurb í an Ghaeilge a chéad teanga
Agus nach raibh Béarla foghlamtha aige go fóill,
Agus tar éis é sin a chloisteáil

Tháinig gáire mór ar m’aghaidh
Agus d’fhás dóchas im’ chroí
Mar b’í an máthair sin mo laoch nua
Mar thug sí onóir neamhluachmhar dá buachaill.

Ní raibh seans agam mo bhuíochas is áthas
A thaispeáint don bhean áirithe sin
Mar thuirling sí ag stopa roimh mo cheannsa
Ach d’fhág gáire an bhuachalla rian ionam fós.








Is láithreoir raidió é Scott freisin agus bhuaigh sé an comórtas raidió Réalt DJ i 2006. Bhíodh cláracha raidió leis ar Raidió na Life agus Spin 103.8 FM ach anois ta sé ag obair le Raidió RíRá.




Fáinní an Ghrá

Bainim mo chuid fáinní díom,
Na cinn a thug tú dom mar bhronntanais;

- I -
An ceann Áiseach, ar dtús.
Ar thaobh amháin de, an focal láidir sin;
‘Eternity.’

Ba leatsa é an fáinne ar dtús,
Ach thug tú domsa é, agus muid ag éirí gearr
Lena chéile. Nach rómánsúil.

Ach is nimhneach an focal sin,
Mallacht de chineál éigin
Agus tú ag magadh fúm

Dar leatsa, tá intinn agam
A mbeadh níos compórdaigh i gceann mná;
Nílim cosúil leis an lad tipiciúil, faraor!

- II -
An dara cheann a bhainim díom
Ná an Claddagh.
Siombal an ghrá, de réir dealraimh.

Ina ainneoin fadhbanna,
Taispeánann tú an grá ’tá agat dom
Nuair a mbeadh taispeántas de dhíth orm

Déanann tú jóc, agus mise ar buile
Agus cuirfeadh sé gáire orm
I soicind amháin, briseann tú mo chuid feirge

Fiú agus an locht ormsa
Tógann tú mo leithscéal faoi mo bhotún;
Cé nár thúg mé aon cheann duit.

Anois agus mé lámhnocht,
Is féidir meá a fheiceáil inár gcaidreamh
Idir maitheas agus olc;

Ach an gciallaíonn sé sin
Go bhfuil muid go maith
Le chéile mar chúpla.



Fuacht na Gréine

Cosúil le saighdiúr, gortaithe ón gcogadh,
B’é teas na gréine an t-aon píosa faoisimh dom
Go dtí anois, agus é ag éirí fuar;
Cuimhím ar mo chuid pian aríst

Tuirseach, mar fear bocht aonair
Galar an insomnia air,
Tá fuinneamh íseal go leor ionam
Is mo chuid smaointe trína chéile

Tusa an Ghriain a bhíodh i lár na spéire, tráth,
Tusa an té a thugadh teas dom
Ach tusa an té a dhóigh mé freisin
Nuair nach rabhas chomh ciallmhar leat fhéin.

Tosaíonn an oíche, gan aon Ghealach anocht,
Agus mé liom fhéin gan aon teoir,
N’fheadar an féidir maireachtáil trí na hoíche
Go dtí go n-éiríonn tú arís im’ spéir

Más féidir leat an miorúilt sin a dhéanamh (aríst)
Níl ann ach ceist amháin eile;
I ndiaidh meanlae, tar éis an tréimhe is fearr,
An gheobhaidh mé bás leis an bhfuacht ‘tá le theacht?



Mná Chluain Tarbh, Mná Stepford

Bhuel, ar chuala tú an scannal?
Nár chuala tú an scéal?!
Bhí mí-ádh just uafásach
ag Máire ó Clontarf Square!

D'fhág a fear, chun éalú
Lena mhistress dlithiúil-ar-éigean;
Níl ach a h-iníon fágtha aici
Agus jab páirt-aimseartha beag.

Ach féach orainn in ao'chor, darling;
Nach bhfuil an t-ádh dearg linn?
Nach iontach é an saol, sweety,
Nach aoibhinn é gach lá?

Tá gach ceann dár mic
Ina imreoir láidir rugbaí;
Tá gach ceann dár n-iníonacha
Breá dathúil agus fionn.

Ainmneacha breatha Gaelacha orthu
Cé nach mbeadh focal Gaeilge acu;
Ach cad fiú í an teanga sin
Agus BESS[1] á dhéanamh ag mo mhac?

Agus muide speed-walking cois farraige,
Dath 'gréine' breá orainnse,
Beidh buidéal fíona báin sa chistin
Agus muid déanta lenár spórt.


[1] BESS = Business studies, Economics, and Social Science; cúrsa i gColáiste na Tríonóide a bhí cáiliúil le dream ‘uasal’ mo scoile.



Na Déithe
do Shomhairle Ó Meachair

An féidir bualadh le do ghrá geal roimh ré
Agus fanacht air, lá i ndiaidh lae
Go dtí go bhfuil sibhse beirt réidh
Is bhur saoil a chaitheamh lena chéile?

An bhfuil orainn fanacht, gan aon treoir
Go dtí go mbuailtear clog naofa éigin
A bhfógraíonn go bhfuil cead ag ár spioraid
Bualadh lena chéile faoi dhéire?

Ach cé leis an tsíoraíocht seo,
Is cén fáth nach bhfuil smacht againn uirthi
Nó nach bhfuil smacht againn féin ar ár saoil
ar chor ar bith? (Bhuel deirtear sin.)

Muna bhfuil ann ach turas stiúrtha -
An tréimhse seo ar an domhan,
Is féidir linn ’bheith ann, gan aon rud a dhéanamh,
Gan breathnú ar rud ar bith;

Ní dhéanfainn é sin, mar tugaim faoi ndeara
Nach síoraí é an saol
Is cara (de shórt) leis an Saol é an Bás
‘S buailfidh mé leis ar baill

Ach don nóiméad seo anois, glacaim leis
Go bhfuil an t-ádh dearg liom;
Cairde, Grá is Áthas agamsa
Na déithe is áille, dár liom.