12.6.08

Raidió Na Life : Proinsias Mac a' Bhaird



Bígí ag éisteacht leis an gclár Fios Feasa ar Raidió na Life 106.4 anocht idir 8-9. Beidh Proinias Mac a' Bhaird, duine des na scríbhneoirí óga/úra ag déanamh cur síos ar an gcumann s'againne agus ar chúram na scríbhneoireachta trí chéile.


Is as oileán Árainn Mhór do Phroinsias ó dhúchas agus chaith sé 6 bliana ag obair i gColáiste Mhuire i mBaile Átha Cliath agus tá sé anois ag obair i nGaelcholáiste Leitir Ceanainn mar mhúinteoir Gaeilge.

Cá bhfios...seans go gcloisfimid dán nó dhó uaidh leis? Fios feasa 8-9 ar Raidió na Life 106.4.

2 comments:

  1. Tar éis dom an t-agallamh a chloisteáil, ceapaim go mbeadh Proinsias an-chumasach mar chraoltóir raidió!

    ReplyDelete
  2. Ardfhear a Phroinsias!!

    Bua na cainte agus na soiléireachta agat anuas ar bhua na scríbhneoireachta!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.