12.6.08

Feasta Meitheamh 08: Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loinsigh


Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh
Feasta, Meitheamh 2008, lgh. 4-5

Bhíomar go léir á mholadh …, ach bhí a mhalairt de scéal ann nuair a beireadh amuigh air agus gur bhain sé úsáid as ceann de na focail is coitianta sa Bhéarla.B’fhéidir gur chóir dó níos mó Gaeilge fós a úsáid, pé acu go poiblí nó go príobháideach.

Nach é Harold Wilson, nuair a bhí sé ina phríomhaire sa Bhreatain, a bhain úsáid as an nath úd, nath atá seanchaite go maith anois, faoi chomh fada de thréimhse í seachtain sa saol polaitíochta. Más seanchaite féin é tuigfidh Brian Cowen fírinne an natha cháiliúil. Cheana féin tá blaiseadh maith faighte aige den ghuagacht a bhaineann leis an saol sin. Bhíomar go léir á mholadh tar éis a chuid óráidíochta nuair a roghnaíodh é mar cheannaire ar Fhianna Fáil, ach bhí a mhalairt de scéal ann nuair a beireadh amuigh air agus gur bhain sé úsáid as ceann de na focail is coitianta sa Bhéarla.B’fhéidir gur chóir do níos mó Gaeilge fós a úsáid, pé acu go poiblí nó go príobháideach. Is iontach an méid drochchainte is féidir a úsáid i nGaeilge gan olc a chur ar aon duine. Ar chúis éigin, níl an mhíchuibhiúlacht chéanna ag baint leis i dteanga ársa ár sinsear. Béarfaidh gá níos tromchúisí air is dócha.I gcoitinne cuireadh fáilte roimh na hairí agus na hairí stáit nua, ach amháin go rabhthas ag gearán faoin líon mór airí stáit a ceapadh. Sa deireadh d’fhéadfaí a rá nár bhain na ceapacháin geit rómhór as aon duine ach amháin, b’fhéidir, i gcás Batt O’Keefe, an tAire nua Oideachais agus Eolaíochta. An raibh aon duine ann a luaigh a ainm leis an aireacht thábhachtach seo? Ní hionann sin agus a rá go bhfuil rian amhrais maidir lena chumas, ná lena oiriúnacht don bpost. Níl ann ach go ligtear daoine i ndearmad nuair a bhíonn siad timpeall le fada, agus nach santaíonn siad aird an phobail oiread agus a dheineann roinnt dá gcomhghleacaithe.Ach níl amhras ná gurb é seo an ceapachán ar a raibh ár bhfaire. Le tamall anois, seo an Roinn is mó ar fad a bhfuil gach géag agus gach aicme i ngluaiseacht na Gaeilge in earraid léi. Bíodh nach raibh aon duine ag súil leis, is in olcas a chuaigh cúrsaí nuair a bhí Máire Ní Ainiféin i bhfeighil na Roinne. Is maith is eol an chúis leis seo. Tá an t-easaontas agus an choimhlint a tharla de bharr gur eisíodh cearclán ag cur cosc leis an tumoideachas sna gaelscoileanna ar eolas go forleathan.Tá an cheist seo seanphléite anseo. Is leor a rá gur fhéach sé do go leor, a raibh dlúthbhaint acu le hoideachas, nach raibh aon bhonn saineolaíoch leis an gcinneadh. Mar bharr ar sin, bhí sé soiléir nach mbeifí sásta aon chineál taighde a dhéanamh a chabhródh le réiteach na faidhbe. Is féidir a bheith cinnte ón gcúlra atá aige, nach bhfuil an t-aire nuacheaptha dall ar an gceist seo.

Ní mór smaoineamh anois nach ionsaí é chleachtas an tumoideachais sna gaelscoileanna an t-aon fhadhb atá le réiteach maidir le hionad na Gaeilge sa chóras oideachais. Níl sé ach roinnt seachtainí ó foilsíodh tuarascáil dár teideal ‘Language Education Policy Profile for Ireland’. Seo tuarascáil a d’ullmhaigh Rannóg Polasaí Oideachais Chomhairle na hEorpa agus, murar miste leat, ár Roinn Oideachais agus Eolaíochta féin. De réir na tuarascála tá staid na Gaeilge sa chóras tubaisteach. Baineadh úsáid as téarmaí mar ‘gravely serious’ agus ‘approaching melt-down’ chun an drochstaid a léiriú.


Bhí a lán eile sa tuarascáil seo nach féidir ach beagán plé a dhéanamh air sa cholún seo. Luadh go háirithe drochstaid na teanga sna coláistí oiliúna múinteoireachta. Ní raibh oiread Gaeilge ag go leor múinteoirí a chuirfeadh ar a gcumas í a mhúineadh. Bhí easpa comhoibrithe idir dreamanna a raibh baint acu leis an gceist agus mar sin de.Cuimhnigh go raibh an Roinn a mbaineann an ‘staid thubaisteach’ go dlúth léi páirteach i ndréachtadh na tuarascála seo. Is clos dúinn leis na blianta, fianaise starógach mar a thugann focal.ie ar ‘anecdotal evidence’, go raibh múineadh na Gaeilge in go leor de ghnáthscoileanna na tíre i ndroch-chaoi ar fad. Is dócha gur féidir a rá anois go bhfuil bonn eolaíoch leis an tuairim sin. Fiú go bhfuil sé faomhaithe ag ár Roinn Oideachais féin. Is aisteach nach raibh níos mó le clos faoin gceist seo. Ní fhaca féin ach litir amhain ar Foinse ón Dr. Ciarán Ó Coigligh ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, ag aontú go huile lena raibh sa tuarascáilIs maith is eol dúinn a bhfuil déanta ag na gaelscoileanna leis na blianta ar son na Gaeilge, ach go háirithe sa chóras oideachais. Gan amhras is diomailt ama agus fuinnimh dóibh a bheith ag strácáil leis an Roinn Oideachais faoin tumoideachas. Ach tá an dainséar ann freisin go ligfí i ndearmad an fhíor-dhrochstaid ina bhfuil múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne.

Deineadh tagairt sa cholún seo cheana do leabhar nua a tháinig amach dar teideal A New View of the Irish Language. Tá 20 aiste ann i mBéarla ag plé le gnéithe éagsúla de staid na Gaeilge i saol an lae inniu. Is fiú go mór an leabhar seo a léamh, ach ní hé ar aon chor go n-aontóidh gach duine le gach aiste nó le gach tuairim dá bhfuil luaite iontu. Tá aiste amháin Modern Irish Scholarship at Home and Abroad le Aidan Doyle nach miste a lua anseo, mar tá baint aige le hábhar. Molann sé go múinfí cúrsaí Gaeilge sna hollscoileanna feasta trí Bhéarla, mar a tharlaíonn le teangacha eile.


Tuigeann sé gur ionann seo agus éirí as athbheochan na teanga, ach dar leis nach bhfuil i gceist leis sin, pé ní, ach a bheith ag cloí le ‘outmoded form of romantic cultural nationalism’. Tá, dar leis, cúinge dearcadh, agus róbhéim ar thraidisiún amháin ina shaintréith den athbheochan ná fuil inghlactha i saol an lae inniu. Tá a lán le rá san alt faoi eitneachas, ach b’fhéidir go bhféadfaí a chur i leith an údair gur cineál de ghlanadh eitneach cultúrtha dá chuid féin atá á chraobhscaoileadh aige. Ní mór a rá nach bhfuil an dearcadh seo neamhchoitianta ar fad, bíodh nach cosúil ar aon chor go bhfuil sé inghlactha, ná coitianta, i measc an ghnáthphobail.


Is léir nach n-aontódh an Taoiseach nuathofa, Brian Cowen, leis an dearcadh seo ach oiread. Scéal eile ar fad sea céard a cheapfaí de laistigh den Roinn Oideachais, nó b’fhéidir sa státseirbhís i gcoitinne.


Tar éis ár ngnáth chamchuairt táimid ar ais ag an Taoiseach agus ceapachán na n-airí rialtais. Níl pléite go dtí seo ach an t-aon roinn amháin agus ceapadh Batt O’Keefe. Tá cúis mhaith leis sin. Mar atá léirithe, tá fadhbanna ollmhóra leis an Roinn sin ó thaobh na Gaeilge, agus ní féidir ach a rá go bhfuil sé riachtanach go gcuirfeadh gluaiseacht na Gaeilge é sin ina luí ar an Aire Oideachais, agus ar an Taoiseach féin, má thagann sé chuige sin. Cuireadh fáilte mhór roimh a raibh le rá le déanaí ag Brian Cowen faoin teanga. An dea-thoil úd arís, a mbíonn oiread sin cainte againn fúithi! An amhlaidh go mbímid ag brath rómhór uirthi? Tá sé riachtanach um an dtaca seo go gcuirfí bonn éigin tathagach faoin dea-thoil chéanna.Níl a lán is gá a rá anseo faoi na ceapacháin eile. I gcoitinne tá fáilte curtha rompu. Cé sinne go mbeimis ag dul in aghaidh na coitiantachta. Ní háibhéil a rá go bhfuilimid ag dréim le ré nua i saol polaitíochta na tíre, nó chun a bheith cruinn, ag tnúth le ré nach mbeidh iomrá ar bhinsí fiosraithe. Sa ré nua beidh ár bpolaiteoirí gan cháim, agus ní bheidh ábhar gearáin againn faoi chostas agus leadrán na mbinsí. Ní mór a admháil nach bhféadfaí cur suas le mí-iompar na bpolaiteoirí a thuilleadh. Sa mhéid sin ar a laghad, táimid faoi chomaoin ag na binsí.


Tá an reifreann ar Chonradh na Liospóine ar leac an dorais againn. Is aisteach nuair atá gach páirtí sa Dáil, seachas Sinn Féin, i bhfábhar an chonradh go bhfuil an oiread sin den phobal nach bhfuil sásta a rá an bhfuil siad ar a shon nó ina aghaidh. Tá amhras san aer, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an Aontais. Ba léir é sin nuair a dhiúltaigh na Francaigh agus na hOllannaigh don bhunreacht ar a bhfuil an conradh seo bunaithe. Anois ní bheidh an deis acu vótáil treo amháin nó eile. An bhfuil sé ceart ná ciallmhar gur mar sin a bheadh?


Tá sé soiléir dá mbeadh deis vótála ag pobail eile go mbeadh an t-amhras céanna i gceist. Ar chúrsaí stairiúla, bhíos i gcónaí i bhfábhar comhcheangail agus comhaontais idir thíortha na hEorpa, go raibh a leithéid riachtanach i dtreo nach dtarlódh cogaí tubaisteacha go deo arís mar a tharla sa chéad leath den chéad seo caite. Creidim san aontas Eorpach, ach ní chreidim i Stát Feidearálach na hEorpa. Ní bheadh a leithéid buan.An bhfuil na ceisteanna is tábhachtaí á bplé againn ar aon chor? Ní dócha go bhfuil ár neodracht i mbaol má ghlactar le Conradh na Liospóine, ná go mbrúfar ginmhilleadh orainn, ná go gcaillfimid smacht ar chúrsaí cánach. Ach measaim gur féidir agus gur cóir dúinn a bheith in amhras faoi cad atá i gceist sa bhfadtéarma ag lucht an mhaorlathais sa Bhruiséal. Tá soiléire riachtanach, trédhearcacht, sílim, an téarma a úsáidtear na laethanta seo. Cad chuige na conarthaí ar fad i ndáiríre? Cathain a bheidh an chéad cheann eile againn? Ba mhór an buntáiste dúinn sa tír seo an pháirt a ghlacamar sa bhfiontar mór seo san Eoraip. B’fhéidir nár mhiste go leanfadh sé sin, ach tá sé thar am stop a chur leis na hathruithe a bhfuiltear de shíor á mbrú orainn.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.