22.2.12

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012

Beidh an dara comhdháil ar litríocht agus ar chultúr na n-óg ar siúl i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an 23-24 Márta. I measc na gcainteoirí beidh Tadhg Mac Dhonnagáin, Éilís Ní Dhuibhne, Áine Ní Ghlinn, Andrew Whitson agus Meadhbh Ní Eadhra.
Seolfaidh Máire Nic Mhaoláin an leabhar Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (an chéad chnuasach aistí ar litríocht Ghaeilge na nÓg) foilsithe ag LeabhairCOMHAR. Beidh bricfeasta liteartha COMHAR ann freisin nuair a phléifidh na scríbhneoirí úra Órla Ní Chuilleanáin, Laoise Ní Chléirigh agus Seán Ó Dubhchon na leabhair do pháistí atá á scríobh acu.
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com/

11.2.12

Glaoch ar Iarratais: Gearrscéalta as Gaeilge

In Áras na Scríbhneoirí déantar tréaniarracht tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí ag gach céim forbartha agus iad ag foghlaim a gceirde. Dá réir sin, tá ríméad orthu ardán a chur ar fáil do The Lonely Voice: Short Story Introductions – ócáid mhíosúil dóibh siúd a dteastaíonn uathu gearrscéalta a scríobh anseo ag Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, B.Á.C 1. Is suim leo go háirithe ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí atá díreach tosnaithe ag scríobh agus nach raibh an deis acu go dtí seo a saothar a léamh go poiblí. Roghnaíonn aoi-mholtóir suas le 4 buaiteoir gach mí agus tabharfar cuireadh dóibh siúd a gcuid scéalta a léamh ag ócáid speisialta in Áras na Scríbhneoirí ar an Déardaoin dheireanach de gach mí.
Tá áthas orthu a fhógairt go mbeidh siad ag reachtáil ócáid speisialta de The Lonely Voice: Short Story Introductions ar 29 Márta san Áras trí mheán na Gaeilge. Má theastaíonn uait a bheith mar dhuine de na léitheoirí a bheidh páirteach san ócáid seo, seol an gearrscéal Gaeilge ar mhaith leat a léamh (uasmhéid de 2,500 focal agus gan níos mó ná gearrscéal amháin) agus nóta beathaisnéise gairid (scríofa sa 3ú pearsa) go dtí: thelonelyvoice@gmail.com.

Bíodh na nótaí beathaisnéise agus na scéalta scartha óna chéile agus déan deimhin de go bhfuil siad i bhformáid .doc. Níor cheart go mbeadh d’ainm le feiscint ar an scéal.