13.7.07

A Chairde,

Tá mé ag iarraidh sibh a chur ar an eolas faoi chumann do scríbhneoirí óga na Gaeilge. Tá mé díreach i ndiaidh an cumann seo a bhunú ionas go mbeidh scríbhneoirí óga in ann aithne a chur ar a chéile agus misneach a thabhairt dá chéile agus iad ag scríobh.

Tá cumann den chineál seo sa Chatalóin agus chas mé le hUachtarán an chumainn sin le déanaí. Tá ag éirí go hiontach leis an gcumann ansin, agus tá súil agam go mbeidh an toradh céanna ag baint leis an gcumann s'againne.

Má tá spéis agaibh sa scríbhneoireacht, seol ríomhphost chugam ag scribhneoiri.oga@gmail.com nó déan teagmháil liom anseo!