27.10.12

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge
Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh
Satharn, 17 Samhain 2012, 10.30a.m. - 5.00p.m.
Stiúrthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí;
Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir,
agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.


I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí & Conradh na Gaeilge a eagraítear na ceardlanna seo atá ar siúl ó 1992. Is é is mó a bhíonn i gceist leo ná comhluadar agus aisfhreagra: léann na scríbhneoirí giotaí dá saothair féin agus faigheann siad aisfhreagra, bíodh sin ina cheist, ina mholadh feabhsaithe nó ina léiriú míthuisceana, óna gcomhscríbhneoirí. Ní léachtanna ar an mbealach cuí le foirm ar bith a scríobh a bhíonn i gceist, ach malartú tuiscintí ar an mbealach le saothar ar leith a thabhairt chun barr feabhais. 

• Tá fáilte roimh scríbhneoirí óga agus ­scríbhneoirí seanbhunaithe, agus go háirithe rompu san atá ag tabhairt faoin gceird don chéad uair. Féachtar chuige go bhfaigheann gach duine a sciar féin d’aird ón gcomhluadar i gcaitheamh an lae. 
• Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar shaothair a chéile, beidh líon na ­rannpháirtithe teoranta do 10 ar a mhéid. 
• N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 10 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.
• Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Clúdaíonn an táille sin an lón ag 1.00p.m. chomh maith
Eolas breise: feasta@eircom.net

Cúirt Filíochta i rith Oireachtas na Gaeilge



Eagrófar Cúirt Filíochta arís i mbliana i rith Oireachtas na Gaeilge a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn. Is i Seomra Glencar in Óstán an Mount Errigal a eagrófar é ag 1.00 ar an 3 Samhain. Mar is gnáth, ócáid neamhfhoirmeálta atá ann do dhaoine a bhfuil dúil acu san fhilíocht agus ar mhaith leo dán nó dhó a aithris + cúpla gloine fíona agus cuideachta den chéad scoth.
Anuraidh, bhí moladh ann go bhféadfaí na dántaí atá á léamh ag filí thaispeáint ar theilgeoir sonraí agus na filí i mbun aithrise. Cuirfear áiseanna ar fáil chuige sin i mbliana. Má tá dúil ag aon duine é sin a dhéanamh beidh na dánta de dhíth orm cúpla lá roimh ré.
Bheinn buíoch as tuairim a bheith agam faoi líon na bhfilí a bheidh i láthair. Má tá sé ar intinn agat a bheith i láthair ag an ócáid b'fhéidir go gcuirfeá scéal chugam roimh dheireadh na míosa seo.
Beannachtaí,
Proinsias Mac a' Bhaird (proinsias@arainnmhor.com)