30.11.10

Léamh Trítheangach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach


*****De bharr na drochaimsire, beidh an léamh seo ar siúl ar an 13 Nollaig, ní ar an 7 Nollaig, mar a tugadh le fios roimhe seo*****

Le ceiliúradh a dhéanamh ar cheapadh Liam Uí Mhuirthile, Scríbhneoir Cónaithe don bhliain acadúil 2010-2011, tá míle fáilte romhat chuig:

Ailm, Beith, Coll – Léamh Trítheangach Filíochta
le Liam Ó Muirthile, le haistriúcháin le Gabriel Rosenstock.
*****
Pour fêter l’arrivée de Liam Ó Muirthile comme Écrivain Résident
pour l’année académique 2010-2011, on vous invite à l’événement suivant:

Ailm, Beith, Coll – Lecture de poèmes en trois langues
par Liam Ó Muirthile, avec des traductions par Gabriel Rosenstock.

*****
Áit: An Seomra Caidrimh, Coláiste Phádraig, Dé Luain 13 Nollaig ag 6.00pm.

Comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig

28.11.10

Leabhar nua ó Ríona Nic Congáil

Úna Ní Fhaircheallaigh
agus
an Fhís Útóipeach Ghaelach

Is saothar nuálaíoch é an leabhar seo, a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochana in Éirinn ó aimsir an fin de siècle ar aghaidh. Trí staidéar beathaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh, an bhean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na tréimhse sin, tugtar léargas úr ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge, agus déantar athléamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht úd, bíodh an litríocht, an spórt, cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscne i gceist. Léirítear tionchar smaointeachas an útóipeachais - a raibh borradh faoi sa naoú haois déag – ar lucht na hathbheochana agus déantar scagadh ar an gcineál útóipeachais, mar atá, an fhís útóipeach Ghaelach, a ghríosaigh leasaitheoirí sóisialta an náisiúnachais chultúrtha chun cúl a thabhairt le stair ghránna an naoú haois déag agus chun malairt todhchaí a shamhlú agus a chur chun cinn in Éirinn san fhichiú haois.

Ghnóthaigh an leabhar seo duais do shaothar próis in Oireachtas na Bliana 2010, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge.

17.11.10

Rún an Bhonnáin: leabhar nua Phroinsias Mhic a’ Bhaird

Tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Gunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?

Beidh an leabhar seo ar fáil sna siopaí roimh dheireadh na míosa seo.

Leabhar nua Phroinsias Mhic a’ Bhaird le seoladh

Ba mhór ag COMHAR agus LeabhairCOMHAR tú a bheith i láthair Dé Máirt, 30 Samhain ar 6:30in i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

nuair a sheolfaidh Cathal Goan, Uas.
na leabhair nua-fhoilsithe:

Rún an Bhonnáin (Proinsias Mac a' Bhaird), Guth Nua
Uachtaráin na hÉireann (Eithne Nic Eoin), Doras Feasa
Samhradh an Chéasta (Catherine Foley), Foghlaimeoir Fásta

agus nuair a sheolfar
COMHAR: Iris mhí na Nollag agus an dá shuíomh idirlín nua
www.iriscomhar.com agus www.leabhaircomhar.com

RSVP ag iriscomhar@gmail.com roimh an Aoine 26 Samhain

11.11.10

Lón le Gaeilge le Scríbhneoirí Úra UCD

Buaiteoirí Dhuaiseanna Liteartha an Oireachtais:
Caitríona Ní Chléirchín, Ríona Nic Congáil, Órla Ní Chuilleanáin, Eoghan Ó Murchadha.

Am: Déardaoin, 18 Samhain, 1.00pm
Áit: Seomra Machnaimh, Scoil Uí Chuinn, Belfield.
Costas: €2 do Shóláistí ar mhaithe le ‘Ciste um Leasa na Mac Léinn’/Student Welfare Fund
Á eagrú i gcomhar le Cumann Gaelach agus Cumann Liteartha na hOllscoile

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

29 Aibrean - 1 Bealtaine 2011

Tuilleadh eolais: www.strokestownpoetry.org