30.3.08

Ná Déanaigí Dearmad Ar Chomórtas Scríbhneoireachta Mháirtín Uí Chadhain

Rialacha an Chomórtais

1. Roinn A - 17 go 40 bl.
Roinn B - Daltaí Iarbhunscoile

2. Ní ghlacfar ach le hábhar nár bhuaigh duais go dtí seo.
Ní mór don iomaitheoir an méid sin a dhearbhú.
Dícháileofar an té a sháraíonn é seo.

3. Is leor 3,000 focal ach féadfaidh na moltóirí aon saothar níos mó ná lú ná sin a chur san áireamh.

4. Caithfidh ainm cleite chomh maith le hainm an iomaitheora a bheith ar gach foirm iarratais.

5. Beidh gá le dearbhú aoise do Roinn A.

6. Glacfar le hiarratais ar ríomhphost, ar dhiosca nó mar chóip chrua. I gcás cóip chrua ní mór í a bheith clóscríofa.

7. Ní thabharfar na hiarratais ar ais.

8. Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí agus ní dhéanfar aon phlé ar bhreith na moltóirí.

9. Beidh sé de cheart ag Cló Iar-Chonnachta gearrscéalta a mbeidh caighdeán feiliúnach iontu a fhoilsiú.

10. Beidh sé de cheart ag Cló Iar-Chonnachta mionathruithe agus eagarthóireacht a dhéanamh ar na saothair sula gcuirtear i gcló iad.

11. Glacfar le hiarratais suas go dtí 1 Bealtaine 2008.


Tá an comórtas á riaradh ag an nGaelacadamh Teo agus tá gach eolas chomh maith le foirmeacha iarratais le fáil uathu ag 091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net.

An tOireachtas Liteartha

Foilsíodh clár na gcomórtas liteartha le déanaí. Tá súil againn go bhfuil na scríbhneoirí óga ag scríobh cheana féin!

Spriocdháta Iontrála: 1Iúil 2008
Gach eolas: Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Fón: +353 1 475 38 57 Facs:+353 1 475 87 67

24.3.08

Léirmheas ar "Bás Tobann" le hAnna Heussaff

Don té a bhfuil déanamh bleachtaireachta ann, nó fiú don té a bhfuil luí aige le drámaí pearsanta sochreidte, ní fearr comhairle a thabharfainn ná Bás Tobann le hAnna Heussaff a léamh. Úrscéal den chéad scoth atá i gceist, a chuimsíonn saol an teaghlaigh is saol na tuaithe araon, taobh istigh de chreatlach na coiriúlachta is na rúndiamhrachta.

Buailimid i dtús báire le hAoife agus Pat: beirt as Baile Átha Cliath a aistríonn go Béarra in iarthar na tíre in éineacht lena bpáistí, Sal agus Rónán. Gnó turasóireachta atá á bheartú ag na tuismitheoirí, agus dúshláin mhóra ag baint lena bhunú. De réir mar a mhéadaíonn ar líon na ndeacrachtaí leis an teach, leis na páistí agus leis na comharsana, áfach, feicimid coimhlintí ag bagairt ar ghrá pósta na beirte. Iriseoir is ea Aoife ó cheart, agus tuairimí láidre fórsúla aici faoi go leor rudaí dá réir. Go contrártha, is síochánta, socair an fear é Pat, agus is beag fonn a bhíonn air tacú le hAoife in am na troda. Toisc an uaignis a bhraitheann Aoife sa bhaile mar thoradh, tosaíonn sí ag géilleadh ina hintinn do gheasa fear eile a chastar uirthi.

Amhail is nach bhfuil cúrsaí casta a ndóthain faoi seo, áfach, cuireann Aoife suim i dtragóid a tharla sa cheantar sa bhliain 1986. Maraíodh múinteoir óg darb ainm Lelia Ní Dhubháin nuair a thit sí le faill i lár na hoíche, de réir na gcuntas ón uair sin. Tar éis dreas iniúchta, áfach, feictear d’Aoife nach raibh cúinsí a báis chomh simplí is a shílfeá; bhí lámh ag duine éigin ón bpobal i mbás anabaí an mhúinteora. Cuireann Aoife roimpi an fhírinne a nochtadh, d’ainneoin na gcontúirtí a tharraingíonn sí di féin ar deireadh thiar thall ...

Scéal beoga fuinniúil is ea é seo, a fhágann ar chiumhais ár gcathaoireacha muid go dtí an chaibidil dheireanach! Fiú más dochreidte an rud é go dtagann Aoife ar réiteach na ceiste is mó agus is conspóidí i bpobal Bhéarra tar éis díreach aistriú isteach sa cheantar, ní thig linn gan suim a chur sna blúirí fianaise a ligtear linn tríd síos. Is ealaíonta an chaoi a chuirtear tírdhreach álainn sceirdiúil Chonamara os ár gcomhair, agus ar bhealach, cuireann sé sin le truamhéil is le tragóid bhás na mná óig ónár dtaobh féin de.

Lena chois sin, pléitear le réimse mór ábhar a tharraingíonn ár spéis i gcaitheamh an scéil. Fear gorm ón Afraic Theas is ea Pat, agus tá greann éadrom san fháilte a chuireann baill den phobal beag traidisiúnta roimh a theacht. Ar an láimh eile, is féidir linn trua a ghlacadh don bheirt páiste, Sal agus Rónán, agus iad ag iarraidh socrú isteach ina scoileanna nua na mílte slí óna seanchairde i mBaile Átha Cliath. Seans, áfach, gurb í an ghné is fearr den phlota ná forbairt charachtar Aoife féin. Ardnósach agus pas beag mífhoighneach ag an tús, foghlaimíonn sí de réir a chéile go mbíonn gá i gcónaí le comhoibriú agus í ar thóir na fírinne. Carachtar mór láidir is ea í a athraíonn saolta a comharsan scun scan taobh istigh d’achar beag, ach is deas an rud é go n-athraíonn sise chomh maith. Aistear pearsanta atá i gceist ag deireadh an lae, agus is féidir linn uilig ionannú leis mar thoradh.

Mar bhuille scoir, bhain mé féin an-taitneamh go deo as an úrscéal seo, agus mholfainn do chuile dhuine ar spéis leo scéal maith eachtraíochta é a léamh. Chomh maith le léargas a fháil ar shaolta sochreidte na gcarachtar i mBéarra, is féidir an fhírinne laistiar de mharú uafar a aimsiú agus srian a ligean le do chuid instinní fiosracha. Is fiú an ceann seo a thriail gan amhras!

9.3.08



Muiris Ó Meara, Majella McDonnell, Alan Desmond agus Proinsias Mac a' Bhaird ag an Aonach Leabhar i mBaile Átha Cliath.

Na scríbhneoirí óga ag glacadh páirte i Leabhar Power 2008!
Ar chúl: Eithne Ní Ghallchobhair, Laoise Ní Chomhraí,
Chun tosaigh: Scott de Buitléir, Ríona Nic Congáil

5.3.08

Aonach Leabhar na seachtaine seo!

Chualamar ar fad trácht ar an ‘Frankfurt Book Fair’, ach tiocfaidh an ‘Dublin Book Festival’ ar an bhfód an tseachtain seo. Beidh Aonach Leabhar ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 7-9 Márta agus beidh cuid de na scríbhneoirí óga ag glacadh páirte ann.

Maidin Dé Sathairn ag a 10.30am, beidh Laoise Ní Chomhraí, Eithne Ní Ghallchobhair agus Ríona Nic Congáil ag léamh do pháistí.

Dé Domhnaigh ag a 4:30 pm, beidh Muiris Ó Meara, Majella McDonnell, Proinsias Mac a' Bhaird agus Alan Desmond ag léamh scéalta agus filíochta do dhaoine fásta.

Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, BÁC 2 agus is fiú breathnú ar: www.dublinbookfestival.com

Fáilte roimh chách!!!

Leabhar Power!

Tá Leabhar Power ar siúl arís i mbliana! Cuireann an feachtas bolscaireachta seo litríocht na nÓg chun cinn ar fud na tíre agus tá sé mar aidhm aige na páistí a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh.

Beidh scríbhneoirí ar nós Gabriel Rosenstock, Mícheál Ó Ruairc,Gabriel Fitzmaurice agus Laoise Ní Chomhraí (duine de na scríbhneoirí óga a scríobh Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin) ag glacadh páirte ann.

Is féidir eolas sa bhreis a fháil ó: www.leabharpower.com