9.3.08


Na scríbhneoirí óga ag glacadh páirte i Leabhar Power 2008!
Ar chúl: Eithne Ní Ghallchobhair, Laoise Ní Chomhraí,
Chun tosaigh: Scott de Buitléir, Ríona Nic Congáil

1 comment:

  1. Cuir peann le pár do Chomórtas Filíochta an Chuairt!!

    Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Filíochta le linn Cuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann. Is comórtas filíochta dhá-theangacha atá i gceist, agus is féidir le filí dánta nua-chumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na h-Albann a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith

    Níl aon táille iontrála i gceist don comórtas seo, agus níl aon srian maidir le hábhar, fad, téama nó stíl. Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, ach an ríomhphost a bheith seolta chuig sile@comhdhail.ie, roimh 23 Aibreán 2008. Roghnófar an ocht dán nua-chumtha is fearr i cibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a ndán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais i gClub De Burgo ar an 7 Bealtaine 2008. Roghnófar buaiteoir iomlán an chomórtais ar an oíche sin, agus beidh duais de do rogha ceardlann scríbhneoireachta ar luach nach mó na €500. Foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Meitheamh.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas seo, nó faoi imeachtaí An Chuairt, is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin ag 01 679 4780, sile@comhdhail.ie, nó ag an seoladh thíos

    Síle Ní Chatháin
    Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
    46 Sráid Chill Dara
    Baile Átha Cliath 2
    Teil: 01 679 47 80
    Facs: 01 679 02 14
    sile@comhdhail.ie
    www.gaelport.com

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.