25.5.08

Suíomh Idirlíon Tarlach

Tá suíomh nua ag Tarlach le dul leis an leabhar Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin:
www.agtaistealletarlach.com. Má tá aithne agaibh ar aon duine go mbeadh suim acu ann an bhféadfadh sibh é a sheoladh chucu. Go raibh maith agaibh.

22.5.08

Dánta

Ar Bhád ag Damhsa

Mise agus an fharraige
rinne muid damhsa inniu
os coinne Inis Caorach

gan eadrainn ach
urlár rince mo bháid.
Choinnigh mé léi

coiscéim ar choiscéim
an ghaoth dár dtionlacan
ag gabháil fhoinn aeraigh

agus ag casadh ceoil
le rithim na slioparnaí
is le dordán an innill.

Chuaigh faoileán thart
a stiúraigh an damhsa 
ag scairtigh amach na céimeanna

dár spreagadh lena ghlór.
Rinne mé luascadh léi
slioschéim agus léimt

chuaigh mé isteach is amach
suas agus síos, ag coinneáil 
ama le tonnaí a cos.

Ba é an damhsa ab' fhearr
a rinne mé le bliantaí,
is nuair a tháinig mé i dtír

d'amharc mé amach 
arís go fonnmhar ar mo 
leannán rúin is chaith mé póg

ina treo, sa dóigh is go mbeadh
cuimhne aici orm nuair
a tchífeadh sí arís ag céilí mé.



Ag ligint don Domhan teacht i dtaithí orm

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don chloch, scéal a huaignis
a insint domh.
Fosclóidh mé mo chroí di.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don aer, scéal a fhairsingeachta
a insint domh.
Séidfidh mé m'anáil air.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thbhairt
don uisce, scéal a dhoimhneachta
a insint domh.
Silfidh mé mo dheora leis.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don tine, scéal a loisceachta
a insint domh.
Cuirfidh mé mo lámh ionsuirthi.

19.5.08

Scríbhneoirí Faoi Chaibidil 2006.


Scribhneoirí faoi Chaibidil:

Is féidir éisteacht leis an tsraith seo ar an idirlíon i gcónaí agus i measc na n-ábhar a ndeintear scagadh orthu sa chlár seo tá

(1) Mairtín Ó Díreáin : Ár ré dhearóil agus an tOileán Thiar. Máirtín agus múnlaí na filíochta.

le hAlan Titley, Máire Ní Annracháin agus Eoghan Ó hAnluain

(2) Seán Ó Riordáin: le hAlan Titley, Seán Ó Coileáin, Louis de Paor.

(3) Pádraig Ó Conaire : le hAlan Titley, Pádraigín Riggs agus Seán Ó Siadhail.

(4) Pádraig Mac Piarais: Réabhlóidí ina shaol polaitiúil ach cad is féidir a rá faoina shaol cruthaíoch?

le hAlan Titley, Regina Uí Chollatáin agus Cathal Ó hÁinle.

(5) Seathrún Céitinn : "An féidir Athair an phróis a thabhairt air?"

le hAlan Titley, Daithí Ó hÓgáin agus Tadhg Ó Dúshláine.

(6) Máire Mhac an tSaoi: Cumadóir claisiceach canúnach ceannródaíoch.

le hAlan Titley agus Bríona Nic Dhiarmada.

(7) Peadar Ó Doirnín: Dearcadh dúshlánach ar dánta gairsiúla agus grámhara aduaidh.

le hAlan Titley, Lillis Ó Laoire agus Seosamh Watson.

(8) Seosamh Mac Grianna : An t-úrscéalaí Ultach, an gearrscéalí géarchúiseach agus an t-aistritheoir tuisceanach faoi athmheas.



le hAlan Titley, Pól Ó Muirí agus Fionntán de Brún.

(9) Brian Merriman: Cláríneach agus cailíní lena mianta collaíochta agus cleamhnais.

le hAlan Titley agus Liam P. Ó Murchú.




(10) Mícheál Ó Conghaile: An scríbhneoir comhaimseartha ag déanamh talamh slan de thalamh úr.

le hAlan Titley, Pádraig Breatnach agus Máire Ní Neachtain.

(11) An Litríocht Chráifeach: An Litríocht Chraifeach mar a bhí, mar atá agus mar a bhéas, b'fhéidir.

le hAlan Titley, Ciarán Mac Murchaidh agus Tadhg Ó Dúshlaine.

(12) Breandán Ó hEithir: Cuirtear saol agus scríbhinní ilghnéitheacha an Árannaigh idir chamánaibh.

le hAlan Titley, Caoilfionn Nic Pháidín agus Liam Mac an Iomaire.

(13) Máirtín Ó Cadhain.

le hAlan Titley, Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil.

18.5.08

Rince ar Phár: TG4



Tabharfaidh sraith nua Dovinia, RINCE AR PHÁR, cuireadh isteach i saol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríochta comhaimseartha agus cóiriú físiúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat.
Ná bac na clichés: tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge: seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin.
Ina measc siúd a bhéas ag glacadh páirt sa chlár:

Lyrikline.

http://www.lyrikline.org/

Bhraitheas go mb'fhéidir go mbeadh suim agaibh sa suíomh thuasluaite mar a bhfuil tarrac ar fhilíocht. Soláthraíonn lyrikline fóram fíorúil ar an idirlíon d'fhilí agus dá saothar filíochta. Is féidir leis an gcuairteoir a théann ag triall ar an suíomh seo filíocht a léamh sa bhunteanga (nó an t-aistriúchán) agus anuas ar sin, tig leis an gcuairteoir éisteacht leis na filí féin ag léamh a gcuid filíochta.

Anois dob é an rud a shamhlaíos a bhí suaithinseach fén suíomh seo ná gur féidir leis an gcuairteoir filíocht na Gaeilge a léamh nó éisteacht léi ar an suíomh
.i. Micheal Davitt, Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Greágóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh
Gabriel Rosenstock.





léamh nó éisteacht le filíocht na Briotáine .i. Antony Heulin, Bernez Tangi.

léamh nó éisteacht le filíocht na Breatnaise .i. Grahame Davies, Meirion MacIntyre Huws

léamh nó éisteacht le filíocht Ghaeilge na hAlban .i. Meg Bateman, Aonghas MacNeacail.

Anuas ar na teangacha Ceilteacha tá scata Éireann teangacha nach iad agus b'fhiú (dar liom) géabh a thabhairt faoin suíomh seo am éicint amach anseo.


9.5.08

Dánta


















An Chuairt 2008 ag Club Sult


Aisling

An óiche úd i mBarcellonetta
Shiúlamar Bealach na Bó Finne fé thrí,
Thit an lag ar an lug, guairnéan aoibhnis,
Bhréagnaigh boghaisín an réalt reatha Newton groí.

An oíche úd i mBarcellonetta,
Shiabhraigh te quiero, sí gaoithe trím chlí
Líon do shúil' le gile na meánmhuir'
Sheolas mo bháircín art' léinseach síoraí.

I ndíseart m'aigne chuireas an síol san
Is shileas gach deorchloch sa chuan,
Gur phóraigh ar a' gcarn bláithín fiabhrais
Macalla, do chumraíocht rúin.

Nuair a shíothlaigh uaim cuimhne na hoíche san,
Thiteas tréithlag im' chnap suan,
Im' dhúiseacht, cloisim do rosc catha cloíte,
Im' chodladh, lonraíonn do shúilibh bithbhuan.


Pósae

Ní cuimhin lem' cheann cipín,
ar éigean fanndhrithlín,
arbh iad Chipsticks do roghain bídh?

Mearnáil na cuimhne.

Sheasaigh cuimhne ar bhunsifín,
go gcuala m'athair ag gol it' bhroinn,
lasmuigh, gan bheith istigh.

Lá do phósta.

Cuimhneod choích' a sheanmháthrín
Nár mhairbh an chléir ionat féith a' ghrinn,
Caille mhara gan chuing bhréagchráifeach.

Pósadh gléigheal.


1.5.08

"An Chuairt"

Glacfaidh Muiris Ó Meara, ball den chumann, páirt i bhféile "An Chuairt" ar an 7 Bealtaine agus beidh filí na Gaeilge is na Gàidhlige páirteach ann, an Dr Tadhg Ó Dúshláine, Maletta Nic Phàil agus Bill Innes ina measc. Beidh an ócáid ar siúl i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ar a hocht a chlog. Saorchead isteach. Bígí ann!