31.3.09

Dán: "Is Leatsa Mo Chroí"

Seo ceann de na dánta a léigh an file Scott De Buitléir amach le linn Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath i mí na Márta seo caite.

Is Leatsa Mo Chroí
Scott De Buitléir

Is leatsa mo chroí,
Is leatsa m’anam,
A mhairfidh go síoraí
Lenár ngrá a leanann
Ar aghaidh gan an t-am
Ná’n spás de dhíth air
Mar bhuail muid le chéile
Fadó sa spéir

Is tusa mo phrionsa
Is tusa mo rí
’S beidh mé dílis duitse
Go dtí go mbeidh mé im’ luí
Agus cónra im’ thimpeall
Is mo chairde faoi bhrón
Go léir sa teampall
Ag déanamh olagóin

Is tusa mo shaighdiúir
Is tusa m’fhear
Is tusa mo Thiarna
Chomh láidir le dair
Chomh huasal le hiarla
Ó na blianta fadó
Tá tusa in ann
Mé a chosaint gan stró

Is tusa mo laoch
Is tusa mo stór
Is tusa an té
Lena bhfuilim go mór
Is go hiomlán i ngrá
Ó do chonaic mé thú
Is mé leatsa anois
Ní rachfainn choíche amú.

Dracula as Gaeilge!


Mar chuid den fhéile “DUBLIN: ONE CITY, ONE BOOK,” tabharfaidh Sorcha de Brún caint ar an gcaoi ar aistríodh ‘Dracula’ go Gaeilge sa bhliain 1933. Beidh an chaint ar siúl i leabharlann na cathrach san ILAC Centre, BÁC 1 ó 6.30in ar aghaidh ar an Luan, 6 Aibreán. Fáilte roimh chách.
Tá imeachtaí éagsúla na féile seo le feiceáil ar: www.dublinonecityonebook.ie/


20.3.09

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Áit: Óstán Meadowlands, Trá Lí
Dáta: Luan Cásca, 13 Aibreán 2009
Am: 10.30a.m. – 5.00p.m.
Táille cláraithe: 20 euro, mic léinn 5 euro (tá lón san áireamh sa táille, 1.00p.m. – 2.15p.m.)
Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe a theorainneofar a líon do naonúr.
N.B. Cóipeanna den saothar atá le plé:
3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag: feasta@eircom.net i dtreo gur féidir é sheoladh thart ar gach duine a bheidh páirteach sa cheardlann len a léamh roimhré.
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart ar na rannpháirtithe tamall maith roimh lá na ceardlainne féin chomh maith.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí
feasta@eircom.net
(Le cúnamh ó Foras na Gaeilge)

16.3.09

Fógra: Tá An Gael ag Lorg Ábhair



Cumann Carad na Gaeilge chun ár n-irisleabhar An Gael a athbhunú. Le cúnamh Dé, beidh an chéad eagrán nua ar fáil ag tús an tsamhraidh. (Tá An Gael - Breise! ann mar nuachtlitir le cúpla bliain anuas, ach fíor-irisleabhar ráithiúil a bheidh ann anois, maraon leis sin).

Má tá scéal, dán nó alt agat nach raibh i gcló go fóill, bheinn sásta súil a chaitheamh air agus tá seans ann go nglacfar é mar ábhar san iris seo. Is mise an t-eagarthóir. Seol ábhar go angael@optonline.net. Faraor, ag an bponc seo, ní féidir linn íoc as, ach tá seans ann go ndéanfar amhlaidh ar ball.

Iris ghinearálta idirnáisiúnta as Gaeilge a bheidh ann.

Féile Idirnáisiúnta na Filíochta i mBaile Átha Cliath

DLR Filíocht Anois '09: DLR Poetry Now '09
26- 29 Márta 2009, The Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Beidh filí Éireannacha, Sasanacha, Meiriceánacha, Liotuánacha, Indiacha páirteach in imeachtaí na féile seo agus beidh ceardlanna filíochta, cainteanna, díospóireachtaí mar chuid lárnach den fhéile.
Tuilleadh eolais: www.poetrynow.ie/

5.3.09


Bhí an-oíche ag na scríbhneoirí úra aréir agus muid ag léamh san ILAC Centre i mBaile Átha Cliath. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na leabharlannaithe a thug deis cainte dúinn!
Ó chlé (ar chúl): Liam Mac Amhlaigh, Caitríona Ní Chléirchín, Majella McDonnell
(chun tosaigh) Ríona Nic Congáil, Laura Connick