16.3.09

Fógra: Tá An Gael ag Lorg Ábhair



Cumann Carad na Gaeilge chun ár n-irisleabhar An Gael a athbhunú. Le cúnamh Dé, beidh an chéad eagrán nua ar fáil ag tús an tsamhraidh. (Tá An Gael - Breise! ann mar nuachtlitir le cúpla bliain anuas, ach fíor-irisleabhar ráithiúil a bheidh ann anois, maraon leis sin).

Má tá scéal, dán nó alt agat nach raibh i gcló go fóill, bheinn sásta súil a chaitheamh air agus tá seans ann go nglacfar é mar ábhar san iris seo. Is mise an t-eagarthóir. Seol ábhar go angael@optonline.net. Faraor, ag an bponc seo, ní féidir linn íoc as, ach tá seans ann go ndéanfar amhlaidh ar ball.

Iris ghinearálta idirnáisiúnta as Gaeilge a bheidh ann.

2 comments:

  1. What a lovely journal. Now, you want to publish and I want a copy! I also want to pay 5 times the cost for it as a gift to the magazine and, hopefully, others will MATCH my gift.

    Come on everyone, help out. Economic times do not require that we keep EVERYTHING tight! We have to maintain our "cultural" dignity no matter what!

    Keep up the good work as I KNOW you will do much better than a "fine" job!!

    Contact me at anyse1@mac.com

    ReplyDelete
  2. Treoireacha do scríbhneoirí An Gael


    Seo na cuspóirí atá agam mar eagarthóir, agus moltaí d’aon duine ar mhaith leis/léi scríobh dúinn – Séamas Ó Neachtain

    • Iris atá oiriúnach do gach léitheoir is ea í seo, fiú daoine óga. Mar sin, má bhíonn aon rud gáirsiúil ann, ní mór nach dtuigfeadh páiste é. B’fhearr a leithéid a sheachaint mar bhunphrionsabal.
    • Iris a bheidh measúil do gach éinne is ea í seo. Mar sin, más ábhar conspóideach atá idir lámha agat, ní mór duit a bheith cothrom agus gan mhaslaí, agus más féidir, an dá thaobh a mhíniú ar shlí nach gcuirfeadh isteach ar éinne. B’fhearr an chonspóid a sheachaint, má chuireann sé isteach ar dhaoine, ach níl aon chosc ar a leithéid, má dhéantar go béasach measúil é. Ní fhoilseofar aon rud díspeagach.
    • Ní iris acadúil í seo. Tá suim againn in ábhar ar bith, ach is lucht léite ginearálta atá i gceist, agus mar sin, ní mór go bhfuil stíl tarraingteach spraíúil ann.
    • Ní mór gur fíricí iad na fíricí a luaitear, dar ndóigh. Agus aon rud a mhaítear, ní mór gur mínítear é chun bunús a chur leis (gan a bheith leadránach).
    • Is leis na húdair féin a gcuid tuairimí, agus ní chuirfidh mé mo ladair isteach orthu sin. B’fhearr liom scéalta ná tuairimí, ámh.
    • Is fearr a bheith dearfach ná diúltach i gcónaí, más féidir.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.