25.4.09

Caitríona Ní Chléircín, Aifric Mac Aodha agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh a léigh dánta aréir i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar chuid de chomórtas filíochta AN CHUAIRT 2009.

17.4.09

Agallamh na Míosa: Caitríona Ní Chléirchín

Is file agus léachtóir í Caitríona Ní Chléirchín agus cé go bhfuil sí óg, tá an-chuid scríofa aici ar an bhfilíocht sa Ghaeilge.

Cad as duit?
Is as baile fearainn darbh ainm Gort na Móna mé thart ar dhá mhíle ón sráidbhaile Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin. Tá Scairbh na gCaorach an-ghar don teorainn le contae Thír Eoghain.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Is iad na cuimhní is fearr agus is faide siar atá agam ná laethanta m’óige a chaitheamh ag éirí aníos faoin tuath agus ag súgradh le mo bheirt deirfiúracha. Sna cuimhní sin bhí an ghrian i gcónaí ag soilsiú is ní raibh buaireamh ar bith orainn. Bhí capall againn darbh ainm Star agus bhí an-spórt againn leis fosta.

Ar léigh tú mórán leabhar nó filíochta nuair a bhí tú i do ghirseach?
Léigh mé an chuid leabhair agus mé i mo ghirseach. Bhíodh mo Dhaid i gcónaí ag clamhsán liom toisc mo cheann a bheith sáite sna leabhair i gcónaí. Prós is mó a léigh mé an t-am sin; na claiscaicí ar fad agus bhí luí ar leith agam le banscríbhneoirí fiú ansin; Laura Ingalls Wilder, ‘Anne of Green Gables’, Jane Austen…Is cuimhin liom caoineadh i ndiaidh dom Black Beauty a léamh agus chaith mé samhradh iomlán ag léamh Les Misérables le Victor Hugo agus mé ceithre bliana déag d’aois. Thosaigh mé ag léamh filíochta agus mé thart ar a sé déag.

Cén chaoi ar chuir tú spéis sa scríbhneoireacht chruthaitheach?
Thosaigh mé le dialann a scríobh agus mé deich mbliana d’aois. Tá sé agam go fóill agus tá sé an-ghreannmhar! Bhí smaointí agus mothúcháin agam i gcónaí agus iad saghas rúnda ach bhí orm iad a bhreacadh síos i bhfoirm áirithe.

Céard é an dán is fearr, dar leat?
An-deacair a rá cén dán is mó a thaitníonn liom, taitníonn an méid sin liom, b’fhéidir ‘Leaba Shíoda’ le Nuala Ní Dhomhnaill nó ceann de na dánta grá sin ag Pablo Neruda ach ceapaim thar ceann ar bith an dán ‘Ceathrúintí Mháire Ní hOgáin’ le Máire Mhac an tSaoi.

Cé hé / hí an file is fearr leat agus cén fáth?
Arís tá sé an-deacair le rá, Cathal Ó Searcaigh is dóigh liom toisc an chanúint fhileata álainn atá aige.

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ag scríobh filíochta den chéad uair?
Ní mise an duine is fearr le comhairle a thabhairt ach mholfainn do dhaoine scríobh ón chroí agus an teanga a shaothrú ag an am céanna

Ar chaill tú do mhisneach riamh agus tú i mbun pinn?
Is iomaí uair a chaill mé misneach agus mé ag stánadh ar leathanach bán ach cosúil le hachan rud eile tógann tú sos agus tagann tú ar ais chuige.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid filíochta?
Mo phearsantacht féin? Is dócha go mbíonn muid ar fad dall ar ár bpearsantachtaí féin go pointe áirithe.

Is cosúil go bhfuil spéis agat i mbanfhilí Gaeilge. Céard atá speisialta fúthu?
Labhrann banfhilí faoi taithí na mban. Labhrann siad faoin ghrá, faoi chaidrimh, faoin phósadh, faoin phian, faoin aoibhneas, faoin mháithreachas, faoi bhreith anabaí agus faoin choimhlint ina saoil.Tugann siad guth don taithí baineann agus tá sé sin an-tábhachtach i mo bharúil.

An bhfuil cnuasach filíochta á scríobh agat faoi láthair?
Tá mé ag iarraidh cnuasach a chur le chéile de dhánta atá scríofa agam le sé bliana anuas ach glacfaidh sé tamall.

Cad iad na mórthéamaí sa chnuasach sin?
Grá, pian an ghrá ar uaire, aoibhneas an grá, uaigneas, an faoiseamh a thugann an nádúr dom/dúinn ar fad.

An gcasann tú ceol?
Bím ag canadh anois is arís, is breá liom amhráin cosúil le ‘Jimmy Mo Mhíle Stór’ agus ‘Casadh an tSúgáin’ ach ní bhím ag canadh ach do chomhluadar beag sa bhaile nó sa ghaeltacht.

Ar bhaint tú triail as an aisteoireacht riamh?
Bím ag aisteoireacht achan lá. Is léachtóir mé!

Cá dtéann tú ar saoire?
Gleann Cholm Cille i dTír Chonaill achan samhradh ach is breá liom dul thar lear fosta go háirithe chuig an Fhrainc agus an Iodáil. Chaith mé bliain i Lyon na Fraince i ndiaidh na céime is bhí sé ar cheann de na blianta is fearr i mo shaol.

Tangle Twister, Loop the Loop nó Fat Frog?
Tangle Twister go cinnte!

Céard é an chéad rud a léann tú nuair a osclaíonn tú nuachtán?
An leathanach ar chúl leis na scannáin agus na drámaí atá ar siúl sna hamharclanna!

Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?
Thaitin siad liom, bhí múinteoirí iontach agam agus cairde den scoth.

Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?
Téim ag siúl agus ag snámh chun strus a mhaolú. Is breá liom siúil sna cnoic agus aer úr a fháil isteach sna scamhóga arís. Is aoibhinn liom am a chaitheamh amuigh faoin aeir agus cois farraige ag baint sult as áilleacht an nádúir agus am a chaitheamh le mo chairde fosta ag déanamh rudaí cultúrtha agus béiltí deas le fíon a bheith againn!

An Nuacht is Déanaí Faoi An Gael

Seo iad na húdair a bheidh in eagrán samhraidh 2009, go fóill:

Gearóid Ó Ceallaigh, seanchaí

Séamas Ó Neachtain, eagarthóir, file

Panu Höglund, scéalaí

Seán Ó Connor, scéalaí

Simon Ó Faoláin, file

Rút Ní Mhaolfhabhail, file

Seán Ó Coistealbha, file

Táthar ag súil le hábhar eile, atá fós ar na bacáin - tá duine ag scríobh i gCeanada, agus beirt nó triúr eile ag scríobh ar Inis Fada, síltear, agus bhí suim ag cúpla duine eile in Éirinn. Ach cad fútsa? Cad faoi do chairde? Ní bheidh an deis ann go deo daoibh bheith sa chéad eagrán nua!

Síltear anois go mbeidh An Gael lán-daite! Glacfar le healaíon agus léaráidí fós, más ealaíontóir thú.

Tá gá againn le dáileoirí in Éirinn agus ar fud an domhain. Síltear go mbeidh An Gael ar fáil ar an idirlíon sna Stáit, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe, go fóill.

Beidh an blag philo-celtic-help.blogspot.com ann mar áis don fhoghlaimeoir, a bheidh bunaithe ar ábhar na hirise. Plé as Béarla a bheidh ann, den chuid is mó.

Déanfar an suíomh www.angaelmagazine.com as an nua go luath, agus beidh gach eolas faoin iris ar fáil ansin ar ball.

Ar mhaith leat fógra a chur san iris? Beidh sé saor!

Déan teagmháil linn ag: angael ag optonline.net.

Seo treoracha dár scríbhneoirí.

9.4.09

Banfhilí cumasacha an chumainn!


Comhghairdeachas le Caitríona Ní Chléircín agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh, banfhilí an chumainn, óir tá siad beirt ar an ngearrliosta do chomórtas filíochta AN CHUAIRT 2009. Beidh an chraobh cheannais den chomórtas ar siúl in íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilgear an Aoine 24 Aibreán ag 8i.n.
Is iad seo a leanas na filí a bhain amach an gearrliosta agus a bheidh ag léamh a gcuid dánta ar an oíche:
1. Antain Mac Lochlainn - Cúlú
2. Ailbhe Ní Ghearbhuigh - Mac Leanna
3. Labhrás O Finneadha - Bás Mhaitias
4. Tadhg O Dúshláine - An Duais

5. Caitríona Ní Mhurchú - Ar an mBuailtín
6. Aifric Mac Aodha - Leithscéal
7. Catríona Ní Chleircín - Droim Searc
8. Rody Gormon - Duais

Beidh na filí clúiteacha Áine Ní Ghlinn, agus Aonghas Mac Neacail i láthair mar mholtóirí ar an oíche chun an cinneadh mór a dhéanamh agus an duais a bhronnadh ar an bhfile a scríobh an dán buacach. Foilseofar an dán buacach san irisleabhar Comhar agus i nuachtlitir na Comhdhála, ‘EOLAS’. Bígí ar fad ann!

8.4.09

Ealaín na Gaeltachta

Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta an tarna Seimineár poiblíochta d’earnáil na nEalaíon, dírithe orthu siúd atá ag obair in earnáil na n-ealaíon, a bheith á eagrú in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin ar an Satharn 25 Aibreán.

Tá sé i gceist trín gceardlann seo treoir a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí ealaíne agus iad ag déileáil leis na meáin cumarsáide. Déanfar cur síos ar na slite is fearr le caidreamh a chothú le hiriseoirí ar leith agus le lucht na meán trí cheile. Leagfar béim ar riachtanais áirithe na n-ealaíontóirí agus na ngrúpaí ealaíona a bheidh ag freastal ar an seimineár. Is deis iontach í seo d’eagrais ealaíne agus d’ealaíontóirí aonar cur lena scileanna margaíochta agus poiblíochta.

Is iad Natasha Fennell, Stiúrthóir ar Stillwater Communications, Tomás Hardiman, stiúrthóir ar a chomhlacht caidreamh poiblí féin, Parzival Productions agus Harry McGee, iriseoir leis an The Irish Times, na haoí chainteoirí.

Gearrfar táille €15 ar ealaíontóirí aonair agus €30 ar ghrúpa ealaíne. Ní mór áit a chur in áireamh roimh ré.

Déan teagmháil le hEibhlín de Paor chomh luath agus is féidir le háit a dheimhniú (066) 91 50100 nó e.depaor@udaras.ie

Cuireann ollscoileanna agus institiúití triú léibheál na tíre líon mór cúrsaí oideachais ar fáil i gach réimse de na healaíona gach bliain, idir chúrsaí cruthaitheachta agus cleachtais agus chúrsaí i mbainistíocht, polasaí agus riaracháin. Tá rogha leathan de cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha curtha ar fáil agus is féidir freastal ar chúrsaí ag gach leibheál den córas oideachais... ... Dioplóma, Ard-Dioplóma, Teastas, FETAC, BA, Máistireacht agus araile. Is ag an am seo den bhliain a fógraítear na cúrsaí triú léibheál agus a leagtar síos na spriocdhátaí. Tá eolas faoi na cúrsaí uilig le fáil ar aon suíomh idirlín amháin. Is ar suíomh idirlín Creative Careers atá fáil orthu ag http://www.creativecareers.ie/education_courses

7.4.09

Ard Diploma i Léiriú Teilifíse le Nemeton/WIT

Tá an spriocdháta d'áiteanna ar an gCúrsa Ard Diploma i Léiriú Teilifíse le Nemeton/WIT, ag druidim linn go tapaidh - 17 Aibreán.
Ná dearmad go bhfuil gach táille ar an gcúrsa seo clúdaithe.
Eolas breise:
http://www.nemeton.ie/nemeton/pages/english/training_education.html