9.12.07

Child Soldier.


Nach thú atá ina dtíoránach fiochmhar
fearúil in airde, ar ardán adhmaid,
ag spreagadh an lobh. Súile fhiáin,
meangadh gáire duáilceach, díochrachta ort.
K47 thaithigh i do lámha, ar na sráideanna bagrach, maithe muintir na bailte, na bpeacaí éagóracha an léin. Laoch mór gháirsiúil i measc speabhraídí an compánaigh is an ár.
Boicín fríde d’aois, fag an bealach ar atá déanta, cairpéad sclártha dearg faoi.
K47 agus General J smaoiseach, lena hais.
Ón gcoill a scuabadh, deich mbliana ’s trí,
isteach ina bhfuad sciúrsáil oíche.

Betty. 2005 ©

6.12.07

Ceardlann scríbhneoireachta!

Ceardlann Scríbhneoireachta sa Phróis agus sa bhFilíocht leCathal Ó Searcaigh & Nuala Ní Dhomhnaill

Deireadh seachtaine iomlán.
11.00-16.00 Dé Sathairn, 15ú Nollaig, 2007
11.00-16.00 Dé Domhnaigh, 16ú Nollaig,2007.

Á reáchtáil ag Áras na Scríbhneoiríi gcomhar le Foras na Gaeilge.Tabharfar gach cabhair d'ábhar scríbhneoirí conas luí isteach le ceardna scríbhneoireachta. Cé go mbeifear ag díriú isteach ar obair atá arna bacáin beidh ar gach duine bheith sásta píosa nua scríbhneoireachtaa thriail i rith na deireadh seachtaine agus é a léamh amach oscomhair a comhghleacaithe.

Ní mór píosa samplach scríbhneoireachta a chur isteach le gach iarratas.

Ní ghearrfar aon táille as an gceardlann.

Cuir litir iarratais go dtí:Áras na Scríbhneoirí,19 Cearnóg Pháirnéil, BAC 1.

Fón;--(01)8721302

3.12.07

Grianghrafadóireacht.

An Fear


Ar do ghlúine, lámha ar do dhroim

stromptha le bhfaitíos,

sceoin i do shúile,

beirt ag seasamh os do chionn,

ag breathnú thar a nguaillí amach orm.



Feicim thú ó compoird,

cuan síochána mo cathaoir

níl mé in ann stop a chur leo, fógairt orthu

céard atá 'am, ach an pár seo,

cén maith duitse é aníos.



Suaimhneas ní bhfaighidh mé anocht,

ná amárach,

ná an bhliain seo chugainn.

Ó bhfaca mé thú ó bhuaic mo chathaoir

bhog bhreá.



Cá bhfhios céard a tharla duit,

‘shot gun’ le do chloigeann.

Níl againn ach do ghrianghraf í leabhar láin

leo.

Duairc i d'iomhá ghrábháilte i mo chuid

lámha.



An raibh paistí, beanchéile agat?

Ba deartháir nó mac thú?

Cá bhfios dom,

breathaim isteach ort,

i do shúile le trua is aiféala,

D’aghaidh dúchríoch ghreanta i mo intinn.


‘A Ghrá gheal, dún an leabhar sin,

Rachaimid ar siúl nó go dtí an bpictiúrlann,

Tá sé suas duit féin?’.

‘Ach féach air ….

‘An bhfuil tú ag teacht?’



Betty. 2005 ©

18.11.07

Betty Furlong

Is dóigh gurb é an chéad rud ar cheart dom a dhéanamh ná mé féin a chur in aithne daoibh… níl mé ar aon bealach go maith aige seo, ach cur suas liom ar feadh scaithimh le bhur dtoil!

Caithfidh mé a chinntiú –gur ainm cleite í Betty Furlong. Níl ‘sí’ i bhfad ar an bhfód ach an n-oiread liom féin mar fhile!

Ar bhealach tá súil ’am nach n-aimseofar a bpearsantacht trína bhfilíochta amháin ach le h-am ar an mbóthar nua seo atá beartaigh amach ’am ‘dí’ i dteannta le C.S.Ó.

Go mbeidh cairdeas de shaghas éigin eadrainn, le siúil ’amsa go bhfaighidh sibh sásaigh éigin ins an bhlag seo agus as an bhfilíocht, go mbeidh fonn oraibh filleadh arís is arís eile (Ní níl mé ag cur brú oraibh ná tada!).

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le C.S.Ó as ucht bun-chloch foirfe a leagan síos do mo leitheadas an Novice ceart, chun mo chuid filíochta atá ar shaghas, ‘shaky’ a chur faoi bhráid daoine eile.

Maidir le bhlag a rith gan fadhb sin scéal eile ’s brón orm riamh réidh má níl sé suas chun dáta!

Mise agus mo samhlaíocht amháin a Chairde, eochair na bhfilíochta seo a leanas… agus is mise amháin atá freagrach as ucht na botúin atá iontu (agus caithfidh mé admháil go bhfuil go leor, ach mar a ndeirtear i mBéarla ‘Don’t hold it against me’).

Bain sult is tairbhe as, go dtí aríst…

Betty 2007.

11.11.07

Léirmheas ar "Shaoire" le Pádraig Standún

Úrscéal é seo a leanann na caidrimh achrannacha idir theaghlach nua-aimseartha a théann ar saoire chuig an gCréit. Feicimid tarlúintí na tréimhse ó thaobh na gcarachtar uilig de: Tomás, ollamh meánaosta atá díreach scartha óna bhean chéile, Rosemarie, a iníon atá ag druidim le deireadh na ndéaga agus Stephanie, a chailín.
Is saonta, oscailte an phearsantacht atá ag Rosemarie, agus feidhmíonn sí mar bharaiméadar ar a bhfuil de theannas sa scéal. Ní gan stró ar fad atá an gaol idir ise agus Stephanie, ach feicimid an nasc eatarthu ag daingniú de réir mar a thuigimid na cosúlachtaí idir an mbeirt. Cuirtear carachtair suimiúla eile in aithne dúinn – cara Rosemarie, Majella, agus an t-oibrí beáir, Yannis, mar shampla – ach is é féininiúchadh Thomáis an ghné is spéisiúla den scéal. Gluaiseann sé ó dhoilíos go domhaintuiscint go mall tomhaiste agus is breá taitneamhach an chaoi a atheagraíonn sé a chuid luachanna is a chuid tosaíochtaí ar deireadh thiar thall.
Mholfainn an t-úrscéal beoga seo do chách, mar pléann sé go críochnúil le pléisiúir agus le dúshláin an tsaoil i dtaca leis na hógánaigh is leis na tuismitheoirí de araon. Tá neart grinn le blaiseach ó thosach deireadh, agus cé go bhfuil an plota simplí a dhóthain, bogann imeachtaí an scéil ar aghaidh go mear. Rogha thar a bheith oiriúnach, mar fhocal scoir!

8.11.07

IMRAM 2007

Ghlac muid páirt i bhFéile Litríochta IMRAM i mbliana, le filíocht á léamh ag Muiris Ó Meara agus Scott De Buitléir, agus gearrscéal ó Majella McDonnell. Bhí an t-amhránaí Colm Ó Snodaigh ann fosta chun roinnt amhrán a sheinnt dúinn, chomh maith le píosaí óna leabhar féin. Buíochas mó le Ríona Nic Congail agus Liam Carson as ucht as seans iontach seo!
Ó Chlé: Muiris Ó Meara, Scott De Buitléir, Majella McDonnell, Ríona Nic Congail, Colm Ó Snodaigh

18.8.07

Iontráil tapaidh!

Dia dhaoibh, ní ach iontráil tapaidh seo chun mé féin a chur in aithne daoibh!

Scott De Buitléir is ainm domsa, is ceann de na 'contributors' mé i CSÓG. Is as Cluain Tarbh i mBleá Cliath dom. Tá an Ghaeilge agus an Bhreathnais á dhéanamh agam in UCD, ag dul isteach sa dara bhliain. Chomh maith leis sin, tá an-chuid dánta scríofa agam; an chuid is mó dóibh i nGaeilge.

Chomh maith le Ríona, beidh mé ag coimeád súil ar shuíomh an Chumainn, agus ag cur ailt leis ó ham go chéile.

Is féidir libh samplaí de mo chuid filíochta (agus níos mó) ar mo Bhlag a fheiceáil má chliceann tú anseo.

Go dtí an chéad uair eile,

Scott

4.8.07

10 Nod Don Scríbhneoir Óg!

1. Is fearr an taispeáint ná an insint i gcónaí.
2. Bíodh spéis ag baint le tús an scéil; is fíor-éasca an léitheoir a chailleadh ar leathanach a haon dá huireasa!
3. Déan do chuid scileanna clóscríbhneoireachta a fheabhsú. Seans go mbeidh tréimhse frustrachais i gceist i dtosach, ach ní haon dochar a dhéanfaidh sé duit mar scríbhneoir san fhadtéarma.
4. Téigh siar ar do chuid oibre arís, aís ... agus arís eile!
5. Seachain nathanna súchaite ar nós na plá.
6. Bíodh sonraí sainiúla fite isteach le do chuid scríbhneoireachta anseo is ansiúd. Tá sé sin ar cheann de na bealaí is fearr chun réalachas a chruthú in intinn an léitheora.
7. Más gearr an scéal, is rí-thábhachtach gach aon fhocal de.
8. Bí cinnte go bhfuil do chuid fíricí agus sonraí teicniúla cruinn. Muna bhfuil, ní fada a mhairfidh an domhan álainn samhlaíoch atá curtha ar an bhfód agat.
9. Ar ndóigh, is ó shamhlaíochtaí scóipiúla na scéalaithe a thagann an ficsean is fearr.
10. Ná bac le haon dearcadh diúltach a bhrúfar os do chomhair: cuir do pheann le pár agus lig srian leis!

13.7.07

A Chairde,

Tá mé ag iarraidh sibh a chur ar an eolas faoi chumann do scríbhneoirí óga na Gaeilge. Tá mé díreach i ndiaidh an cumann seo a bhunú ionas go mbeidh scríbhneoirí óga in ann aithne a chur ar a chéile agus misneach a thabhairt dá chéile agus iad ag scríobh.

Tá cumann den chineál seo sa Chatalóin agus chas mé le hUachtarán an chumainn sin le déanaí. Tá ag éirí go hiontach leis an gcumann ansin, agus tá súil agam go mbeidh an toradh céanna ag baint leis an gcumann s'againne.

Má tá spéis agaibh sa scríbhneoireacht, seol ríomhphost chugam ag scribhneoiri.oga@gmail.com nó déan teagmháil liom anseo!