7.11.11

Féile Bheag Filíochta

A Chairde,

Beidh an Fhéile Bheag Filíochta ar siúl ar an mBuailtín, Co. Chiarraí ag an deireadh seachtaine. Beidh ceardlann filíochta ar bun ag Louis de Paor agus beidh seisiún taitneamhach maidhc oscailte ar siúl tráthnóna Dé Sathairn. Mholfainn an fhéile aoibhinn seo d'éinne ar spéis leo an fhilíocht.

Féach http://www.feilebheagfiliochta.com/

6.11.11

Saol an Mhadra Bháin: Leabhar nua do pháistí ó LeabhairCOMHAR

Cloiseann Ciara go bhfuil saol an mhadra bháin thart. Ach cén chaoi ar tharla sé sin? Nach raibh an madra bán breá sláintiúil go dtí le déanaí? Is léir go bhfuil na daoine fásta ag coinneáil rud éigin faoi rún maidir le bás an mhadra bháin. Beartaíonn Ciara a fháil amach céard atá ar siúl acu agus céard go díreach a rinne siad lena cara beag bán …
Tá an-dúil ag Ríona Nic Congáil sa scéalaíocht, sa tsamhlaíocht agus sa spraoi. Seo an tríú leabhar do pháistí óna peann.
Is maisitheoir agus ailtire í Criona Nangle. Is breá léi bheith ag tarraingt pictiúr de mhadraí beaga bána agus de thithe móra galánta.

3.11.11

Cúirt Fhilíochta ag an Oireachtas

Beidh cúirt fhilíochta faoi stiúir an éigis Ultaigh, Proinsias Mac a’ Bhaird, ar siúl ar Shatharn an Oireachtais, 5 Samhain, san Óstán Gleaneagle i gCill Airne ag 12.30p.m. Ócáid neamhfhoirmeálta shóisialta a bheidh ann a thabharfaidh seans d'fhilí a gcuid saothar a léamh agus a phlé i measc a gcomhfhilí. Fáilte roimh bhaird, filí agus ollaimh!

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh
Dé Sathairn, 19 Samhain 2011
10.30a.m. – 5.00p.m.


Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro.(Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille).
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an Satharn, 19 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.
Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe
teorainneofar a líon do dheichniúr.
N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 12 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.
Stiúrthóirí ceardlainne:
Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe.
Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí. feasta@eircom.net

Duais Cholmcille 2012

Béal Átha na mBuillí / Strokestown 2012
Beidh duaiseanna móra mílte(anacha) ar fáil arís in 2012 le haghaidh chomórtas idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin. 10 seachtain agaibh le dán nua Gaeilge nó Gaidhlige a chur ar fáil. Gach eolas ag
www.strokestownpoetry.org