Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge
Óstán Meadowlands, Trá Lí
Dé Sathairn, 2 Deireadh Fómhair 2010
10.00a.m. – 4.00p.m.

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí san Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, ar an Satharn, 2 Deireadh Fómhair: 10.00a.m. go dtí 4.00p.m.
Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorainneofar a líon do dheichniúr.
Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille.

N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile) a sheoladh go dtí:

feasta@eircom.net chun gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.
Stiúrthóirí ceardlainne:

Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí,
Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí &
Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

———◊———

Imeachtaí Éigse Fhilí Chiarraí, 1 agus 2 Deireadh Fómhair


• Aoine, 1 Deireadh Fómhair, 8p.m., Óstán Meadowlands,
Léacht ar logainmneacha cheantar Thrá Lí le Breándán Ó Cíobháin,
Seoladh leabhair le Pádraig Mac Fhearghusa ina dhiaidh.

• Satharn, 2 Deireadh Fómhair, 7.00.m., Turas Bus ón Óstán Meadowlands, Trá Lí, go dtí Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, mar a mbeidh oíche cheoil agus chaidrimh ag Óstán Cheann Sibéal.


(Ar ais i dTrá Lí ag 1.00a.m). Seolfaidh Breandán Mac Gearailt ‘Stádas na Gaeilge san Ardteist: Na Réasúin leis’ le Maolsheachlainn Ó Caollaí.

Éigse Fhilí Chiarraí

eagraithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí.


Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí. feasta@eircom.net

Nóirín Uí Dhálaigh, rúnaí Chraobh Thrá Lí. nodalaigh@hotmail.com


Leaba agus bricfeasta ar fáil ag an Óstán Meadowlands, ionad na ceardlainne scríbhneoireachta, ar 65 euro (seomra singil), 45 euro (i bpáirt). Fón: 066-7180444 www.meadowlandshotel.com