4.8.10

Ceardlann do Scríbhneoirí úra i gConamara agus i mBaile Átha Cliath

Tá Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh éachtaí na scríbhneoirí ar fad a chuir peann ar phár don chomhlacht foilsitheoireachta le cúig bliana fichead anuas faoi láthair. Beidh an comhlacht ag díriú ar an gcéad ghlúin eile scríbhneoirí sna seachtainí amach romhainn áfach, nuair a bheidh ceardlanna á reáchtáil ag an gcomhlacht do scríbhneoirí úra i gConamara agus i mBaile Átha Cliath.
Beidh an chéad cheardlann ar siúl i gColáiste na Tríonóide Dé Sathairn, 18 Meán Fómhair agus is iad Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir an chomhlachta agus Mícheál Ó Ruairc a bheidh mar stiúrthóirí na ceardlainne. Tá an ceardlann seo á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile litríochta IMRAM agus oifig na Gaeilge san Ollscoil.
Anuas air sin, beidh Ó Conghaile agus Jackie Mac Donncha i láthair ag ceardlann eile a bheidh ar siúl i gConamara ar an 2 Deireadh Fómhair.
Beidh na ceardlanna seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí úra nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar na ceardlanna freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Aodh Ó Gallchóir roimh an 3 Meán Fómhair 2010.
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na ceardlanna ar fáil ó Aodh Ó Gallchóir, An tEagarthóir Cúnta, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Seol ríomhphost chuig aodh@cic.ie nó cuir glaoch ar (091) 593307.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.