29.7.10

Litir inniu san Irish Times

Madam, – Frank Feighan TD was recently appointed Fine Gael’s spokesperson for Gaeltacht affairs. This appointment raises one substantial issue. How does Fine Gael expect Frank Feighan to perform his duty as Gaeltacht spokesperson when he has very limited Irish?

He can’t communicate effectively with the thousands of children in the Gaelscoileanna. He can’t communicate effectively with any of the children who are currently learning Irish in the Gaeltacht. He can’t keep abreast of Gaeltacht affairs or comment on Gaeltacht affairs in Irish. He can’t articulate Fine Gael’s policy on the airwaves of Raidió na Gaeltachta, TG4 or RTÉ. How can he understand or promote Gaelic traditional arts or Irish-language literature?

There are plenty of excellent Irish-speakers in Fine Gael, e.g. Michael Noonan, Fergus O’Dowd, Dinny McGinley. When will Fine Gael appoint a Gaeltacht spokesperson who can communicate effectively in Irish? – Yours, etc,

PÁDRAIC BREATHNACH,LIAM CARSON, MICHAEL CRONIN, LOUIS DE PAOR,THEO DORGAN, DAN DWYER,RÓISÍN ELSAFTY, ALEX HIJMANS, ANNA HEUSSAFF,BIDDY JENKINSON, ANGUS LAMBKIN, AIFRIC MAC AODHA,PROINSIAS MAC A’ BHAIRD,IARLA MAC AODHA BHUÍ,EOGHAN MAC CORMAIC,TADHG MAC DHONNAGÁIN,DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE, SEOSAMH MAC MUIRÍ, ROBERT MCMILLEN,CLÁIR NÍ AONGHUSA, MUIREANN NÍ BHEAGLAOICH, ÓDÍ NÍ CHÉILLEACHAIR,CAITRÍONA NÍ CHLEIRCHÍN,DEIRDRE NÍ CHONGHAILE,MÁIRE NÍ CHUALÁIN, ÉILÍS NÍ DHUIBHNE, RÓISÍN NIC DHONNCHA, GRÁINNE NÍ GHILÍN,BLÁTHNAID NÍ GHRÉACHÁIN,TRACEY NÍ MHAONAIGH,CIARA NIC MHATHÚNA, GRÁINNE NÍ MHUIRÍ, LESA NÍ MHUNGHAILE, SÍLE NÍ SCANNLÁIN, BRENDA NÍ SHÚILLEABHÁIN, BRIAN Ó BROIN,AODH Ó CANAINN, MAIDHC Ó CATHAIL, ANTOINE Ó COILEÁIN, ÉANNA Ó CRÓINÍN, TADHG Ó DÚSHLÁINE, ÉAMON Ó HAOGÁIN, DONNCHA Ó HÉALLAITHE, SEÁN Ó FLAITHEARTA, MICHAEL BHARRY Ó FLATHARTA, TADHG Ó GEALBHÁIN, LILLIS Ó LAOIRE, CONCUBHAR Ó LIATHÁIN, PÁDRAIG Ó LIATHÁIN, MÍCHEÁL JOHNNY Ó MEACHAIR, MUIRIS Ó MEARA, GEARÓID Ó MÓRDHA, PEADAR Ó MUIRCHEARTAIGH, COLMÁN Ó RAGHALLAIGH, DARACH Ó SCOLAÍ, PEADAR Ó RIADA, MÍCHEÁL Ó RUAIRC, FEARGUS Ó SNODAIGH, GABRIEL ROSENSTOCK, ALAN TITLEY, GEARÓIDÍN UÍ LAIGHLÉIS, TREASA UÍ LORCÁIN, CLARE WALSH, JEANNINE WOODS.

27.7.10

Stádas na Litríochta Gaeilge

Cuireadh blag nua ar bun chun moltaí a fháil maidir le cur chun cinn na litríochta Gaeilge sa chathair (agus ar fud na tíre) agus stádas nua ‘Chathair Litríochta de chuid UNESCO’, bronnta ar Bhaile Átha Cliath. Má tá moladh nó moltaí dearfacha agat, tapaigh an deis seo chun do thuairimí a roinnt ar an mblag agus cuirfear na moltaí is fearr faoi bhráid Sheirbhís Leabharlainne na Comhairle Cathrach i Mí Mheán Fómhair.
Féach http://stadasnalitriochta.blogspot.com/

26.7.10

Baile Átha Cliath mar Chathair Litríochta de chuid UNESCO

Maidin inniu, d’fhógair Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Gerry Breen, in éineacht leis an Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, Máire Ní Ainifín T.D., gur roghnaíodh Baile Átha Cliath go hoifigiúil mar Chathair Litríochta de chuid UNESCO, ceann de cheithre chathair ar domhan a bhfuil an gradam seo acu. Tugann an gradam seo aitheantas do phróifíl chultúrtha Bhaile Átha Cliath agus dá stádas idirnáisiúnta mar chathair litríochta den scoth.
Bhí Aifric Mac Aodha, Laoise Ní Chomhraí agus Caitríona Ní Chléirchín i measc na scríbhneoirí a bhí i láthair ag an gceiliúradh ag Amharclann na Canála Móire inniu.
Tuilleadh eolais http://www.dublincityofliterature.ie/

23.7.10

Litir

A Chairde,

Téann focal le gaoth agus téann buille le cnámh. Ábhar maíte ag Fine Gael le fada an lá anois is ea an ‘bhá’ atá acu leis an nGaeilge. Ar eagla aon mhíthuisceana, áfach, b’fhéidir nár mhiste an focal sin ‘bá’ a thabhairt chun léire ábhairín faoi mar a réalaíodh í go cruthanta i bhFine Gael le déanaí. An mhí seo, cheap Enda Kenny an t-uasal Frank Feighan mar urlabhraí Gaeltachta an pháirtí. Tógann an ceapachán sin ceist an-bhunúsach, mar atá, conas is féidir le Frank Feighan feidhmiú mar urlabhraí Gaeltachta muna bhfuil urlabhra na Gaeltachta aige?

Cuireadh an cheist réasúnta seo chuig Vincent Gribben- 'Head of Internal Communication, Fine Gael' - le déanaí. Ba dhóigh le duine ar an dteideal réamhluaite go mbeadh ealaín na cumarsáide go paiteanta ag an t-uasal Gribben. Tá fabhbanna cumarsáide i bhFine Gael, faraor. Grinnigh an freagra ‘báúil’ a fuaireamar ar an gceist a sheolamar chuige i nGaeilge.

  1. Frank Feighan TD is not the first Deputy with responsibility for Gaeltacht Affairs with limited Irish. Síle De Valera served as Minister for the Gaeltacht with limited Irish.

Ní gá go mbeifeá i do ‘cheannasaí cumarsáide’ ionas go n-aithneofá go bhfuil freagra ‘báúil’ Gribben i mBéarla. Tá easpa rianúlachta i bhfreagra Gribben chomh maith. Nuair a ceapadh Síle De Valera mar aire Gaeltachta cháin Fine Gael an ceapachán sin go láidir. Bhí an ceart ar fad acu. Is léir anois, áfach, gur ‘bá’ aon uaire ab ea í sin ag Fine Gael. Mhínigh an t-uasal Gribben dúinn ansin:

2 Frank Feighan TD is take lessons in Irish to improve his communication skills in the language and is happy to do so.

Caithfear a admháil go dtéann teanntás Gribben ar an mBéarla thar cailc na cumarsáide san abairt seo. Ag deireadh na teachtaireachta, áfach, míníonn Gribben dúinn go bhfuil dáir suirí ar Frank Feighan agus go dteastaíonn uaidh siúl amach le Conradh na Gaeilge!!!

3 His discussions to date Conradh na Gaeilge have been cordial and constructive.

Abair ‘Bá’! Tá súil agam go n-éiríonn le Frank Feighan an cliúsaí sin Conradh na Gaeilge a mhealladh gan ró-mhoill.

Ní bhaineann an ceapachán seo le Frank Feighan per se ach le neamhiontas Fhine Gael i dtaca leis an nGaeilge agus an nGaeltacht trí chéile. Is é an neamhiontas sin a thug orthu urlabhraí Gaeltachta a cheapadh a labhróidh ar neamhchead do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge trí chéile. Tá an ceart is bunúsaí atá dlite do phobal na Gaeilge- saoirse cainte i nGaeilge -toirmiscthe orainn trí bhíthin an chinnithe seo. Tá ceist amháin againn. Cathain a dhéanfaidh Fine Gael leorghníomh sa bhfaillí seo?

‘Bá’? Focail mhóra ... mogaill fholmha.

Beannacht,

Pádraic Breathnach

Liam Carson

Theo Dorgan

Anna Heussaff

Biddy Jenkinson

Proinsias Mac a’ Bhaird

Seosamh Mac Muirí

Muireann Ní Bheaglaoich

Caitríona Ní Chleirchín

Deirdre Ní Chonghaile

Eibhlís Ní Dhuibhne

Gráinne Ní Ghilín

Síle Ní Scannláin

Brenda Ní Shúilleabháin

Aodh Ó Canainn

Lillis Ó Laoire

Muiris Ó Meara

Colmán Ó Raghallaigh

Mícheál Ó Ruairc

Feargus Ó Snodaigh

Gabriel Rosenstock

Alan Titley


22.7.10

An Gael ar Fud an Domhain!

Faoi dheireadh agus faoi dheoidh, tá an comhlacht Magcloud ábalta cóipeanna (ceann ar cheann) a sheoladh go duine ar bith ar fud an domhain! Mar sin, is féidir le haon duine ag a bhfuil ceangal leis an idirlíon An Gael a cheannach anois. Is féidir é a fháil ó www.litriocht.com freisin, agus níos mó ná cóip amháin a fháil uathusan.

Tá an t-eagrán nua á chur le chéile againn faoi láthair, agus beidh fáilte roimh do chuid scríbhneoireachta!

Seo an nasc le Magcloud: http://angael.magcloud.com/

20.7.10

Fine Gael agus an Ghaeilge

Sheol mé féin- Muiris Ó Meara - agus Gabriel Rosenstock, file, an ríomhphost atá ag bun an leathanaigh anseo go Fine Gael le déanaí. Tá an freagra a thug an t-uasal Vincent Gribbin ar an ríomhphost sin foilisthe agam anseo thíos leis. Gabhaim buíochas ó chroí le Vincent Gribbin as an dua a chaith sé leis an bhfreagra a sheol sé chugainn óir is réaladh glinn é freagra Gribbin ar an mbá sin a mhaíonn Fine Gael atá acu leis an nGaeilge agus an nGaeltacht trí chéile, dar linn. Easpa trédhearcachta a chastar leis an gcóras polaitíochta go mion minic sa tír seo ach níor chuir an t-Uasal Gribben fiacail ann. Tá moladh go cranna na spéire dlite do Vincent Gribben agus gabhaimid buíochas ó chroí leis.


Tá an teideal mórthaibhseach 'Head of Internal Communication' luaite le hainm Vincent Gribben sa chomhfhreagras a bhí againn leis. Teideal an-bhreá agus ní haon dóithín an Vincent Gribben seo arsa mise liom féin nuair a fuaireas an freagra uaidh. Bhí coinne agam go mbeadh ealaín na cumarsáide go paiteanta ag Vincent Gribben. Is léir, áfach, go bhfuil fadhbanna bunúsacha cumarsáide ag 'ceannasaí na cumarsáide inmheánaí' i bhFine Gael.


Breithnigh an ríomhphost a sheolamar go dtí ceannasaí na cumarsáide inmheánaí ar dtúis, a chairde.


'A chara' a bhí mar thús againn leis an dteachtaireacht seo. Maíonn Fine Gael go seasta go bhfuil 'bá' acu leis an nGaeilge agus samhlaíodh dom go mbeadh an beannú seo oiriúnach mar thús leis an dteachataireacht- entre amis, mar dhea. Sa chuid eile den dteachtaireacht bhí freagra réasúnta á lorg againn ar cheist réasunta, mar atá, conas is féidir le Frank Feighan feidhmiú mar urlabhraí Gaeltachta muna bhfuil an éadáil is bunúsaí atá riachtanach d'fhonn cúram an urlabhraithe sin a chur i gcrích aige?


Muna bhfuil urlabhra na ndaoine agat, feictear domsa nach féidir leat labhairt leis na daoine sin. Sa chás sin, feidhmíonn an t-urlabhraí go tíoránta óir caithfidh sé labhairt as féin beag beann ar aon chumarsáid fhódúil le muintir na Gaeltachta. Tá nóisean an urlabhraithe saobhaithe go hiomlán sa chás sin, dar liom.


Breithnigh anois an freagra a thug Vincent Gribben ar ár dteachtaireacht. Ní gá go mbeifeá i do 'cheannasaí cumarsáide' go n-aithneofá go bhfuil freagra Gribben i mBéarla. Sin é an chéad réaladh coincréideach a fuaireamarna ar an mbá sin a mhaíonn Fine Gael atá acu i leith na Gaeilge. Bá aimrid is ea í muna bhfuil Fine Gael sásta 'cumarsáid' ar an leibheál is bunúsaí .i. sa chás seo, trí mheán na Gaeilge.


Is léir go bhfuil deacrachtaí cumarsáide ag Fine Gael ach ná bímís ró-dhian ar Vincent Gribben .... Ní foláir dúinn acmhainn cumarsáide Vincent Gribben a ghrinniú i mBéarla leis óir tá an méid sin dlite do 'cheannasaí na cumarsáide inmheánaí', dar liom.


Breithnigh an teanntás atá ag Vincent Gribben ar an mBéarla agus ní foláir duit an cheist a chur chugat féin an mbeidh Vincent Gribben féin ag freastal ar ranganna Béarla gan ró-mhoill....



"Frank Feighan TD is take lessons in Irish" ??? Cad is brí le sin ?


(Seol bhur bhfreagraí ar chárta poist go dtí ceannáras Fhine Gael le bhur dtoil agus beidh ranganna Béarla in aisce don bhfreagra is fearr)



Frank Feighan TD is take lessons in Irish to improve his communication skills in the language and is happy to do so.



Ach b'fhéidir nach bhfuil an ceart agam in aon chor óir deir 'ceannasaí na cumarsáide inmheánaí' linn ansin go bhfuil fonn ar Frank Feighan siúl amach le Conradh na Gaeilge!!!!! N'fheadair an dtuigeann Conradh na Gaeilge go bhfuil Feighan ag suirí leo le déanaí ach sin a deir 'ceannasaí na cumarsáide inmheánaí' linn agus glacaim leis go bhfuil an ceart ag an Vincent Gribben sa chás seo.


His discussions to date Conradh na Gaeilge have been cordial and constructive.




Ba mhaith liomsa mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le 'ceannasaí na cumarsáide inmheánaí' Vincent Gribben óir is cinnte nár samhlaíodh dom riamh go raibh dáir suirí ar Frank Feighan agus tá súil agam go n-éiríonn leis an cliúsaí sin Conradh na Gaeilge a mhealladh gan ró-mhoill.


Maidir leis an gceist a d'ardaigh 'ceannasaí na cumarsáide inmheánaí' i dtaca le Síle De Valera, cháin Fine Gael an ceapachán sin go láidir ag an am agus bhí an ceart ar fad ag Fine Gael sin a dhéanamh. Is follas go bhfuil easpa rianúlachta i gceist anseo le polasaí Fhine Gael.


Frank Feighan TD is not the first Deputy with responsibility for Gaeltacht Affairs with limited Irish.

Síle De Valera served as Minister for the Gaeltacht with limited Irish.


Má bhí Fine Gael sásta Síle De Valera a cháineadh toisc nach raibh Gaeilge aici ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh anois ar cheapachán Frank Feighan. Baineann an ceapachán seo leis an mbá, mar dhea, atá léirithe ag Fine Gael i dtaca leis an nGaeilge agus le bundínit mhuintir na Gaeltachta. Ní foláir dom a aibhsiú nach bhfuil fadhb ar bith againn le Frank Feighan agus tá sé cloiste againn go bhfuil sé báigiúil leis an nGaeilge. Baineann an ceapachán seo le neamhiontas Fhine Gael i dtaca leis an nGaeilge trí chéile, neamhiontas a thug orthu uralabhraí Gaeltachta a cheapadh a labhraíonn ar neamhchead do mhuintir na Gaeltachta.




A Chara,


Ba mhór agam dá bhféadfá polasaí Fhine Gael i dtaca le ceapachán Frank Feighan a shoiléiriú dom. Tá an t-uasal Feighan ceaptha mar urlabhraí Gaeltachta ag Fine Gael le déanaí. Is ar éigean má tá Gaeilge ag an t-uasal Feighan. Dá réir sin, is ar éigean más fiú dúinn urlabhraí a thabhairt air óir baineann urlabhra le cumas teangan agus cumarsáide go bunúsach- éadáil nach bhfuil ag an t-uasal Feighan i nGaeilge.


Ar mhaithe le soiléire, ar mhiste leat a mhíniú dom an bhfuil sé beartaithe ag Fine Gael urlabhraí Gaeltachta a cheapadh atá inniúil in urlabhra na Gaeltachta gan ró-mhoill?




Beannacht,


Muiris Ó Meara





Muiris



Thank you for your email. Fine Gael is always happy to receive such communications.


In response, I would make three points -


1 Frank Feighan TD is not the first Deputy with responsibility for Gaeltacht Affairs with limited Irish.

Síle De Valera served as Minister for the Gaeltacht with limited Irish.


2 Frank Feighan TD is take lessons in Irish to improve his communication skills in the language and is happy to do so.


3 His discussions to date Conradh na Gaeilge have been cordial and constructive.


Regards,




Vincent Gribbin
Head of Internal Communication
Fine Gael Headquarters
51 Uppr Mount St, Dublin 2
01-6198422


Vincent Gribbin
Head of Internal Communication
Fine Gael Headquarters
51 Uppr Mount St, Dublin 2
01-6198422

17.7.10

Crithloinnir: leabhar nua filíochta ó pheann Chaitríona Ní Chléirchín

Comhghairdeas ó chroí le Caitríona Ní Chléirchín, a bhfuil leabhar nua filíochta, Crithloinnir, curtha i gcló aici. Tá neart le rá ag filí agus ag criticeoirí faoin gcéad chnuasach ó pheann an fhile úir seo:

"Gach ní ag lonrú sa chnuasach seo ó pheann Chaitríona. Gach ní, gach casadh i bhfriotal friseáilte an fhile ag criostalú I bpaisean an ghrá. Gach focal, gach siolla roghnaithe go cúramach aici chun teannas na seirce a chruthú dúinn. Is cnuasach aislingeach é ina bhfuil claíomh rinneach na fírinne ag saighdeadh tríd. Is leabhar gleoite é ina bhfuil lasair, loinnir is l’amour ag sileadh thar chiumhais na leathanach ann."
- Rita Kelly

"Sa chuid is fearr de na dánta sa chéad chnuasach seo ag Caitríona Ní Chléirchín, tá guth leochailleach ag labhairt linn os íseal sa mheathsholas sin a bhfuil ‘cinnteachtaí néata’ an dorchadais ar thaobh amháin de, agus crithloinnir an chroí leonta nach féidir a mhúchadh ar an dtaobh eile."
- Louis de Paor

"Baineann mianach an tsíoda leis na dánta seo ó thosach deireadh, agus fós tá guth diongbháilte, barántúil ag Ní Chléirchín. Tá tiúineáil oscailte sna dánta seo, a ligeann isteach sinn ina gcroílár. Tá an file féin i láthair go hiomlán ina cuid filíochta, go séimh, paiseanta le húire bhanúil."
- Liam Ó Muirthile

"Is maith mar a fheileann an teideal Crithloinnir don chéad chnuasach filíochta seo le Caitríona Ní Chléirchín. Téann na dánta seo i bhfeidhm ar an intleacht agus ar an gcroí, agus cuidíonn an teanga shíodúil chéadfaíoch le sinn a sheoladh ar thuras fionnachtana agus féintuisceana ina bhfeidhmíonn an timpeallacht fhisiciúil mar ghné dhílis den teagmháil dhaonna. "
- Máirín Nic Eoin

Beidh Crithloinnir ar fáil sna siopaí leabhar go luath.

Seol an teachtaireacht seo go Fine Gael le do thoil: finegael@finegael.com

A Chara,

Ba mhór agam dá bhféadfá polasaí Fhine Gael i dtaca le ceapachán Frank Feighan a shoiléiriú dom. Tá an t-uasal Feighan ceaptha mar urlabhraí Gaeltachta ag Fine Gael le déanaí. Is ar éigean má tá Gaeilge ag an t-uasal Feighan. Dá réir sin, is ar éigean más fiú dúinn urlabhraí a thabhairt air óir baineann urlabhra le cumas teangan agus cumarsáide go bunúsach- éadáil nach bhfuil ag an t-uasal Feighan i nGaeilge.

Ar mhaithe le soiléire, ar mhiste leat a mhíniú dom an bhfuil sé beartaithe ag Fine Gael urlabhraí Gaeltachta a cheapadh atá inniúil in urlabhra na Gaeltachta gan ró-mhoill?



Beannacht.

1.7.10

Fuinneamh Úrnua

Fuinneamh Úrnua
agus
Slánú na Litríochta Gaeilge
Caitríona Ní Chléirchín
Ba é an file Michael Davitt an chéad duine le dúshlán a thabhairt don ghlúin óg in INNTI 15 (Nollaig 1996), an INNTI deireanach le teacht amach:

Is é mo dhóchas ...go dtiocfaidh glúin óg chun cinn ar cás leo saibhreas agus ceart na teanga seo...glúin nua filí ina measc a thabharfaidh ár ndúshlán-na, sean fhondúirí na seanfhocal is na gramadaí! Leis seo tugaimse bhur ndúshlánsa, á ábhar filí.

Tá an ghlúin nua filí sin ar an saol anois: Aifric Mac Aodha, Ailbhe Ní Ghearbhaigh, Simon Ó Faoláin, (Mé féin, Caitríona Ní Chléirchín), Ceaití Ní Bheildiúin, Muiris Ó Meara, Deirdre Ní Chonghaile, Scott de Buitléir agus daoine eile. Mar a deir mo chomhfhile Aifric Mac Aodha liom, tá faoi mar a bheadh lúb ar lár idir glúin INNTI agus fiú an dara glúin INNTI agus an dream óg atá ann anois.

Bhí fuinneamh úrnua le brath san aer ag seoladh Gabháil Syrinx, an chéad chnuasach ag an sárfhile Aifric Mac Aodha ar an 3 Meitheamh (2010) san eaglais Unitéireach, ar fhaiche Stiabhna, i mBaile Átha Cliath. Bhí a fhios ag a raibh i láthair gur ócáid stairiúil a bhí ann, go gcuimneofaí ar an ócaid shollúnta seo sna blianta le teacht. Thug an tOllamh Máire Ní Annracháin an-léargas ar an saibhreas dochreidte taobh thiar den leabhar seo, idir shaíocht an traidisiúin, shárcheardaíocht, úrnuaíocht agus phian doráite. Thug sí suntas don dóigh inár shéan an leabhar aon ghleoiteacht ach seachas sin go ndeachaigh sé i ngleic le géire an tsaoil. Is fiú i measc na péine, go raibh slánú le fáil.

Chuireas gaiste síos don fhrancach,
Ach níor chaipeas ann ach smólach.
(Aifric Mac Aodha, Gabháil Syrinx 2010)

Spéirfhile í Aifric Mac Aodha, agus ar nós an smólaigh sin sa ghaiste, canann sí i línte filíochta áta fite go dlúth, faoi iontas is uafás na beatha, is an bháis, sa spás sin idir beatha agus bás.

Tá idir íogaire agus chrógacht ag roinnt leis an gcéad chnuasach dánta seo ó fhile ar beag an fonn atá uirthi trioblóidí an tsaoil chomhaimseartha a shéanadh ná a sheachaint, ach ata lántsásta ag an am céanna brabach a bhaint as an gcíoradh ata déanta in imeacht na n-aoiseanna ar ghnéithe áirithe de chruachás cianársa an duine

: a deir an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith linn sa réamhrá.

Tá stíl snasta, chlasaiceach ag Mac Aodha ina bhfaigheann muid macallaí ó Mháire Mhac an tSaoi agus ó Sheán Ó Ríordáin. Baineann íogaire leis na dánta aici ina bhfaigheann muid meascán den bhuaireamh agus den dóchas, den scáil agus den solas. Sa dán “Focal Cosanta” cuirtear síos ar an traidisiún a bhí ann blaoscanna capaill a chur faoin úrlár damhsa tráth le cur le cumhacht an cheoil. D’fhéadfaí gur léiriú iad na blaoscanna seo ar an bhagairt a luíonn sna scáileanna ar an ghrá ar uaire:

Leagtaí blaoscanna each
faoi chúinní halla an damhsa tráth,
go mbainfí macalla as boinn na mbróg
(Aifric Mac Aodha, Gabháil Syrinx 2010)

Áilleacht osnadúrtha an ghrá a sháraíonn an bás a fhaigheann muid in “X-anna agus O-anna”, agus i ndánta eile dá cuid.

(II)
Réalta
D’inis a hathair di gur thit na réalta
Ón spéir anuas isteach sa phróca
A chóirigh sé ar licín a fuinneoige.
Inniu féin, ní bhainfeadh sí an barr de
Ar eagla go n-éalódh sí orthu.
(III)
Buaine
Mar shnáithín uainolla,
É i bhfostu i ndriseog:
Sin mar a mhairfidh a ghrá di.
(Aifric Mac Aodha, Gabháil Syrinx 2010)

Áilleacht bhriste-chroíach a bhaineann le sárshaothar ó pheann Aifric Mhic Aodha. Is furasta a aithint gur scoláire le seanGhaeilge í agus gur fíorealaíontóir í, atá réidh le “conablach an chait” a ithe mas gá sin.

Is léir go mbíonn cáilliúint ollmhór taobh thiar de chnuasach filíochta ar bith, ar bhealach, cibé acu bás athar, máthar, deireadh caidrimh nó fiú deireadh brionglóide. Is cinnte go ndéantar ceiliúradh ar aoibhneas na beatha agus feicfidh muid sin i saothar Ailbhe Ní Ghearbhuigh go háirithe. Tá áit ag an héadónachas san fhilíocht fosta: héadónachas, buairt ollmhór agus an eacstais sin a mbíonn an Dr Pádraig de Paor ag trácht air: is é sin ná go sáraítear an duine féin ag eacstais na beatha ar uaire: eacstais na collaíochta nó an bháis. Is fada an turas a bhíonn le déanamh ag file óg agus is dócha go nglacann sé thart ar dheich mbliana nó níos mó chun an chéad chnuasach a chur amach, ar bhealach.

Scríobh mé faoi thodhchaí na litríochta cheana in alt do Chomhar (Meitheamh 2010), ach fiú ó shin tá borradh agus bláthú tagtha ar thodhchaí na litríochta Gaeilge le seoladh leabhair Aifric. Luaigh mé gur shíl mé gur féidir linn a bheith dóchasach faoi thodhchaí na litríochta agus na scríbhneoireachta Gaeilge in ainneoin an lagtrá eacnamaíochta, in ainneoin cuinsí na haeráide in maireann muid inniu agus in ainneoin an scrios a dhéantar ar an teanga féin gach uile lá.

Gníomh dóchais atá san ealaín. Gníomh teiripe agus gníomh suilt é ar uaire fosta. Is é an t-ealaíontóir an duine a chuireann a d(h)óchas sa todhchaí nuair a chruthaíonn sé dán, dráma, pictiúir, úrscéal is cuma. Creideann sé/sí go mbeidh ann don ealaín sin i ndiaidh a b(h)áis agus nuair a smaoiníonn muid faoi: is dóchas craiceáilte é an dóchas seo san ealaín, sa teanga agus sa litríocht. Dóchas craiceáilte ach riachtanach san am céanna. Molann Gabriel Rosenstock an dóchas seo a bheith againn san aiste aige ‘The Future of Literature, Literature of the Future’.
Chuirfimis ár ndóchas ag snámh i mbáidíní teanga...faoi mar a rinne an mórfhile Nuala Ní Dhomhnaill.

Díreoidh mé anseo ar chúrsaí filíochta mar is é sin an réimse is mó a bhfuil spéis agus saineolas agam ann. Is cinnte go bhfuil scríbhneoirí próis agus iriseoirí úra den scoth againn faoi láthair fosta áfach: an gearrscéalaí an-chumasach Majella Mc Donnell, Ríona Nic Congáil a scríobhann litríocht do pháistí, Muiris Ó Meara ar scríbhneoir eisceachtúil agus fórsa cruthaitheach ollmhór é, Ruth Nic Giolla Iasachta ag scríobh scripteanna scannáin ar an taobh eile den domhain sa Nua-Shéalainn, Máirtín Coilféir, Liam Mac Amhlaigh a scríobhann, ailt, leabhair taighde, litríocht do dhaoine fásta cosúil le Teach na gcolúr agus Rachel Ní Fhionnáin a chleachtann an phrós-iriseoireacht, Eithne Ní Ghallachóir, Sorcha de Brún agus go leor eile. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil na teorainneacha idir an prós agus an fhilíocht agus an iriseoireacht a ndoiléiriu agus nach féidir linn an deighilt sin idir na seánraí a dhéanamh a thuilleadh agus gur rud maith é sin.

Sílim go gcaithfidh muidinne na scríbhneoirí úra a bheith buíoch de na scríbhneoirí a tháinig romhainn ó aimsir na hAthbheochana agus i bhfad roimhe sin. Streachail na daoine seo le cuinsí neamhfhabhracha, le bochtanas, le buaireamh agus le neamhchinnteacht. Nuair a chum Art Mac Cumhaigh ‘Úir-Chill an Chreagáin’ bhí a dhomhan féin ag titim as a chéile, é beo bocht gan todhchaí dóchasach roimhe féin ná roimh an tír féin. Is minic go dtagann an ealaín is fearr as an neamhchinnteacht sa todhchaí, as cúinsí neamhfhabhracha agus as crá croí.

Sa lá atá inniu ann, gabhann muid Scríbhneoirí úra agus óga na Gaeilge ár mbuíochas mór leis an Dr Ríona Nic Congáil, a chuir an cumann le chéile sa chéad áit i mí Iúil 2007, as an dua ollmhór atá caite aici leis an tsuíomh, leis na bloganna, leis na léamhanna a eagraíonn sí agus an eagarthóireacht fosta. Ceannródaí í Ríona Nic Congáil, a thaistil go Barcelona sa bhliain 2007 agus a fuair an smaoineamh ar an chumann s’againne a bhunú ó scríbhneoirí óga na Catalóinise. Tá éacht déanta aici ó shin leis an chumann agus le Comhar.

Léirigh sí a cumas eagarthóireachta san eagrán speisialta de Chomhar a tháinig amach i nDeireadh Fómhair 2009 leis na scríbhneoirí úra agus atá ar cheann de na heagráin is fearr le fada. Is mór an ábhar misnigh do scríbhneoirí óga deis a fháil a saothar a chur i gcló, agus a léamh amach go poiblí. Is éard a rinne Ríona ná gur chruthaigh sí gréasán tacaíochta agus teagmhála idir na scríbhneoirí úra ar fad, ionas nach gá dóibh i gcónaí fanacht sa seomra beag dorcha leo féin.

Dár ndóigh is scríbhneoir flúirseach cumasach í Ríona féin, a bhfuil duaiseanna buaite aici as an sárphrós a scríobhann sí. Bhuaigh An Túr Solais, duais an Oireachtais sa bhliain 2004. Tá An Leabhar Órga agus tá Smaointe ár Árainn tagtha amach le déanaí aici fosta. Tá todhchaí na litríochta Ghaeilge ag brath ar dhaoine cosúil le Ríona Nic Congail. Tá gá againn ní hamháin le scríbhneoirí próis, filí, drámadóirí ach tá gá fosta le heagarthóirí, foilsitheoirí agus léirmheastóirí.
Caithfidh muid na scríbhneoirí óga a bheith an-bhuíoch as an tacaíocht agus chabhair ó fhilí INNTI: Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill agus filí eile cosúil le Biddy Jenkinson agus Cathal Ó Searcaigh. Dár ndóigh is filí INNTI ar fad atá sa ghluin sin filí ar bhealach, sa chiall is leithne.

Baineann an-tábhacht le scéimeanna cosúil le scéim na n-oidí a reachtálann Foras na Gaeilge chun scribhneoirí úra a chur i dteagmháil le hoidí. Caitheann na filí seo an dua le ceardlanna filíochta ar fud na tíre. Is cuimhin liom freastal ar cheardlann le Nuala Ní Dhomhnaill agus le Cathal Ó Searcaigh Mí na Nollaig 2007 agus bhí siad iontach flaithiúil linn ar fad. Oide den scoth é Gabriel Rosenstock chomh maith, a rinne eagarthóireacht ar an chnuasach agam féin Crithloinnir, a bheas ag teacht amach go luath. Tugann Mícheál Ó Ruairc, Pádraig Mac Fhearghusa agus Pádraig Ó Snódaigh ceardlanna rialta fosta.

Is dream dóchasach agus dúshlánach na scríbhneoirí úra cé go ndúirt Máirín Nic Eoin linn ag seoladh Blaiseadh Pinn, go mbaineann dairíreacht linn. B’fhéidir go bhfuil baint ag an dáiríreacht seo le himeallú na litríochta agus le himeallú na filíochta trí chéile; “Poetry itself has become marginalized”, a deir Liam Ó Muirthile linn san aiste “Offshore on Land – Poetry in Irish Now” in A New view of the Irish Language:

If being a poet in Irish feels like living offshore on land, that feeling of offshoreness seems to be the undercurrent of a primary call: of journeying there in order to stay here.

Uaireanta is gá sult a bhaint as an imeall sin, as bheith amuigh ar an fhairsinge, i bhfad ón chladach. Chuala muid na scríbhneoirí úra an ghairm agus glaoch na murúcha, b’fhéidir.

Beocht, úire, sult agus pian a bhraitear i saothar Ailbhe Ní Ghearbhuigh, banfhile óg ciarraíoch ó Thrá Lí. Is cumasach mar a lúbann sí an teanga agus baineann tábhacht leis an dóigh a leagann sí amach a cuid dánta. Cluineann muid macallaí ar Rosenstock, eilimintí den chómhra nádúrtha agus den cheol béil chomh maith le hinsint ar thaisteal is ar thuras ina cuid filíochta.

Tháinig an cnuasach nua filíochta Péacadh amach le hAilbhe Ní Ghearbhuigh i 2008 (Coiscéim). Baineann nóiseán den bhláthú, den fhás den bheatha leis an teideal sin ‘Péacadh’ a chuireann síol a bheadh ag péacadh sa dorchadas i gcuimhne dúinn.

Ar cheann de na dánta is fearr léi, tá “Tionlacan” ina mbraitear úire agus beocht agus ceol.

Bhí téada úd na beatha
á dtarraingt agam
go teann
(Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Péacadh, 2008)

Léiríonn Ní Ghearbhuigh na dúshláin atá roimh an fhile óg ag scríobh as Gaeilge inniu sa dán “Laethanta lagmhisnigh”:

Admhaím corrlá
bím traochta
dá cosaint os comhair an tsaoil

Bím bréan de bheith fréamhaithe
cois leapan
na teangan éignithe
seo
ag guí biseach uirthi
á faire go cúramach
ag impí beatha inti arís.
(Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Péacadh, 2008)

Tá an t-ádh linne, banfhilí óga na Gaeilge, go bhfuil eisimleáir den scoth againn agus gur feidir linn comhrá lenár réamhtheachtaithe: Máire Mhac an tSaoi Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Áine Ní Ghlinn, Rita Kelly, Caitlín Maude, Celia de Fréine agus Bríd Ní Mhóráin.

Sa réamhrá a scríobh Nuala Ní Dhomhnaill do Sruth Teangacha le Gearóid Mac Lochlainn, ceistíonn sí an fhéidearthacht atá ann file óg a thraenáil isteach ag file atá níos sine “As if any real talent worth its salt would respond positively to the poisonous compliment of being ‘trained in’”, ach nach raibh Seán Ó Ríordáin mar oide ag file INNTI féin? Oide den scoth í Nuala féin a chabhraigh le léithéidi Dairena Ní Chinnéide cnuasach a thabhairt ar an saol.

Ní i gcónaí a réitíonn an dream óg leis na seanfhondúirí mar a chíonn muid sna rudaí a dúirt an Ríordánach faoi Davitt mar shampla “An filíocht nó gimic é seo...neosfaidh an aimsir”, agus é ag tabhairt amach faoi ‘Satánachas’ Rosenstock. Ní heol dom gur tharla aon titim amach rómhór idir na scríbhneoirí úra agus INNTI go fóill!

Cén t-ardán atá againn mar sin mar fhilí úra? Cén áit ar féidir filíocht as Gaeilge a chur i gcló? Is dóigh liom go bhfuil ardán maith go leor againn nuair a smaoinionn muid gur féidir ábhar a chur i gcló sna hirisí Comhar, Nua Aois, Poetry Ireland, An Guth, Cyphers, The SHOp, Irish Pages, Blianiris agus cinn eile ach ba bhreá an rud é iris tiomanta don fhilíocht Ghaeilge amháin mar a bhí in INNTI a fheiceáil.

Is é an t-ardán a bhí ag INNTI, ná an iris féin, ach leathnaigh sé amach ina ghluaiseacht agus bhí i bhfad níos mó ná iris ann sa deireadh. Bhain meanma na réabhlóide le INNTI, ach tá an ghlúin seo difriúil. Mar a dúirt an Searcach sa dán “Trasnú” is créatúirí cros-shíolraithe muid: “Tá muid leath reamhstairiúil agus leath postmodern..”.

Ar bhealach, thiocfadh linn a rá go bhfuil sé i bhfad níos fusa don fhile nó don scríbhneoir óg Gaeilge ábhar a fhoilsiú ná mar atá sé don fhile Béarla atá ag tosú amach. Tá foilsitheoirí an-chomhoibritheach, fáiltiúil agus díograiseach againn: Coiscéim, An Sagart agus Cois Life a thug deis dúinn ár saothar a chur i gcló in Blaiseadh Pinn a foilsíodh i 2008.

Bhí saothar ag an fhile óg Scott de Buitléir, agam féin Caitríona Ní Chléirchín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella Mc Donnell, Simon Ó Faoláin, Ailbhe Ní Ghearbhaigh agus ag Muiris Ó Meara agus bhí Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh mar eagarthóirí air.

Baineann paisean agus óige le dánta Scott de Buitléir mar a fheiceann muid sa dán “eitilt”, (foilsithe in Blaiseadh Pinn), dán ina bhfuil fiántas le brath.

Is tusa píolóta ar an eitleán seo;
Níl ionamsa ach paisinéir.
...cuir tús leis an inneall – away linne.
(Blaiseadh Pinn, 2008)

Is léir go bhfuil “an stuif ceart, an mianach áirithe sin” in Simon Ó Faoláin a d’fhoilsigh a chnuasach Anam Mhadra in 2008. Tá saibhreas as cuimse ag roinnt lena shaothar, seandálaíocht, stair, macallaí agus anam. Caíonn sé an bhearna idir dúlra, oidhreacht agus an cine daonna inniu. Mar a deir sé in ‘Annálacha Éagmaise’:

Tá rud caillte againn,
Múchta i bhfad thar imeall na spéire.
Ar nós guth an traona
Ní chluinfear aríst é.
(Simon Ó Faoláin, Anam Mhadra, 2008)

Braitear íogaire an-ghéar sa dán aige “Chun bheith id’fhear”, ina gcuireann sé síos ar an dóigh inár chéasaigh na buachaillí eile a bhí ina theannta loscainn, agus gur chuir sé seo isteach air go mór, gur fhág sé mar a bheadh “máchail” agus “bárthainn” air. Shíl na buachaillí eile go raibh sé seo greannmhar ach níorbh amhlaidh dó:

Bhraitheas déistín agus trua,
Is níor thuigeas an sásamh tógtha.
Ach tharais aon rud eile
Bhraitheas mácháil orm dá cheal
...
Braithim an bhárthainn ionam fós.
(Simon Ó Faoláin, Anam Mhadra, 2008)

Léiríonn Simon Ó Faoláin sárchumas friotail sa chnuasach seo, agus “an fhilíocht atá sa chaint féin i gCorca Dhuibhne”.

Guth úr as Árainn a fhaigheann muid i ndánta Deirdre Ní Chonghaile ar file an cheolmhar í. Ní nach ionadh toisc í bheith ina ceoltóir fosta. Seasann an dán “Lorg” a foilsíodh in Comhar amach go mór i ngeall ar an cheolmhaireacht sin.

Trí scoilt na súl faoi ghrian mhí Iuil
Feicim lorg dubh ar éadach do ghlúin,
..
Cuimhne i mo shúil ar an lá úd.
(Comhar Deireadh Fómhair 2009)

Deir sí níos faide ar aghaidh sa dán go bhfuil “lorg na haoise á bhronnadh ar an nglúin nua; na muirfhir ag saothrú na mbreac úr, is imní na mban i dtír amach romhainn.”

Baineann ceol iontach le guth cumhachtach Prionsias Mhic an Bhaird, file as Árainn Mhóir. Bhuaigh Prionsias an chéad duais i gcomórtas Uí Néill i mbliana, comórtas a reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbliana le Turas na bhFilí idir Eirinn agus Albain a cheiliúradh. Tá ceithre leabhar curtha i gcló ag Prionsiais cheana idir prós agus filíocht; Idir Beocht agus Beatha, An Tairiscint, Cogar san Fharraige agus Maggie Sailor agus Cailleach na Farraige. Scríbhneoir agus gearrscéalaí eiseachtúil é Muiris Ó Meara ar file é fosta, a bhfuil samhlaíocht thar na bearta aige.

Admhaím gurbh é an bhé agam féin ná colainn fir nó an dúlra, agus is í an Ghaeilge an teanga rúnda sin a labhrann mo chroí agus mo cholainn. Is í an Ghaeilge an teanga ar mhian liom mé féin a chur in iúl inti, ní mian liom caint faoin teanga féin, ach caint tríthi agus maireachtáil tríthí, achan mhothúchán a bhrath tríthí, achan chéadfá.

Tá an todhchaí ag brath ar an tacaíocht a bheas le fáil ag na scríbhneoirí úra, ar dheiseanna foilsitheoireachta, ar mhaoiniú agus ar mhisneach. Tá áit lárnach ag cúrsaí aistriúcháin sa cheist seo dár ndóigh. Luann Ailbhe Ní Ghearbhuigh an gá atá ann le haistriúcháin ag léamha: nach bhfuil aon dul as agus go mbíonn sé deacair aistriúcháin mhaithe a sholáthar. Níor mhaith linn go ndéanfaí neamhaird dinn.

Mar a deir Ríona Nic Congail san eagarfhocal, Comhar Deireadh Fómhair 2009:

Tá roth mór na scríbhneoireachta Gaelaí ag casadh agus tá deireadh leis na laethanta nuair a bhí ...an domhan amuigh...mar phríomhthobar na hinspioráide.

Is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra romhainn. Tá muid ag scríobh i dteanga mhionlaigh agus caithfidh muid a bheith reálaíoch. Tá an teanga seo faoi bhagairt, ach is grá linn í. Tá deis againn chun ár nguthanna a chur in iúl ach faoi mar ar léirígh Cathal Ó Searcaigh sa dán “Trasnú” : tá muid ag fí ar dtodhchaí as ár ndúchas..Ba mhaith linn ól as tobar an dúchais, pilleadh ar na foinsí, ach féachaint amach romhainn amuigh ansin sa saol mór atá lán d’iontas agus d’uafás.

Comhartha dóchais is ea an grá seo atá ag na scríbhneoirí óga don teanga agus don litríocht. Dar le Biddy Jenkinson sa dán “An Cogadh seo” : “Toibríonn dán sa ghrá, grá a bhreosla”. Is é an grá breosla na litríochta trí chéile, ach beidh gá le maoiniú , léitheoirí agus tacaíocht áfach. Ní thig linn gan aghaidh a thabhairt ar sheanfhadhb an airgid. Tá sé deacair maireachtáil, deacair do shlí bheatha a bhaint amach mar scríbhneoir Gaeilge.

Beidh muidinne agus an ghlúin a thagann inár ndiaidh ag brath, ar na polasaithe a chuirfear i bhfeidhm, agus ar fhoilsitheoirí an todhchaí. Beidh dáileadh na leabhar tábhachtach agus beidh géarghá le heagarthóirí agus le léirmheastóirí. Idir seo agus siúd, díreoidh muid ar an scríbhneoireacht féin!

Tá súil le Dia agam go gcoinneoidh muid ár n-úire agus ár n-aisling agus ár bhfís. Cuimhneoidh muid ar fhocail Uí Dhireáin “Coigil aithinne d’aislinge, scaradh léi is éag duit”. Cuimhneoidh muid fosta ar fhocla dodhearmadta Mhic Aodha sa dán “Briseadh an Bholcáin”:

Níor eitil an t-éan i ndiaidh a rubaill,
Níor thréig aon bheach coirceog,
Níor shiúil an leon fán gcathair mhór,
An chathair mhór, níor dódh

.............

Ná togtar orm é, m-óige –
Níor thuigeas bolcán thar tine.
Tá in am agam tosnú as an nua,
dul ag coraíocht leis an tonn tuile.
(Aifric Mac Aodha, Gabháil Syrinx 2010)
Léachtóir le Nua-Ghaeilge agus mac léinn dochtúireachta í Caitríona Ní Chléirchín i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Seolfar a leabhar filíochta nua, Crithloinnir, go luath.