23.7.10

Litir

A Chairde,

Téann focal le gaoth agus téann buille le cnámh. Ábhar maíte ag Fine Gael le fada an lá anois is ea an ‘bhá’ atá acu leis an nGaeilge. Ar eagla aon mhíthuisceana, áfach, b’fhéidir nár mhiste an focal sin ‘bá’ a thabhairt chun léire ábhairín faoi mar a réalaíodh í go cruthanta i bhFine Gael le déanaí. An mhí seo, cheap Enda Kenny an t-uasal Frank Feighan mar urlabhraí Gaeltachta an pháirtí. Tógann an ceapachán sin ceist an-bhunúsach, mar atá, conas is féidir le Frank Feighan feidhmiú mar urlabhraí Gaeltachta muna bhfuil urlabhra na Gaeltachta aige?

Cuireadh an cheist réasúnta seo chuig Vincent Gribben- 'Head of Internal Communication, Fine Gael' - le déanaí. Ba dhóigh le duine ar an dteideal réamhluaite go mbeadh ealaín na cumarsáide go paiteanta ag an t-uasal Gribben. Tá fabhbanna cumarsáide i bhFine Gael, faraor. Grinnigh an freagra ‘báúil’ a fuaireamar ar an gceist a sheolamar chuige i nGaeilge.

  1. Frank Feighan TD is not the first Deputy with responsibility for Gaeltacht Affairs with limited Irish. Síle De Valera served as Minister for the Gaeltacht with limited Irish.

Ní gá go mbeifeá i do ‘cheannasaí cumarsáide’ ionas go n-aithneofá go bhfuil freagra ‘báúil’ Gribben i mBéarla. Tá easpa rianúlachta i bhfreagra Gribben chomh maith. Nuair a ceapadh Síle De Valera mar aire Gaeltachta cháin Fine Gael an ceapachán sin go láidir. Bhí an ceart ar fad acu. Is léir anois, áfach, gur ‘bá’ aon uaire ab ea í sin ag Fine Gael. Mhínigh an t-uasal Gribben dúinn ansin:

2 Frank Feighan TD is take lessons in Irish to improve his communication skills in the language and is happy to do so.

Caithfear a admháil go dtéann teanntás Gribben ar an mBéarla thar cailc na cumarsáide san abairt seo. Ag deireadh na teachtaireachta, áfach, míníonn Gribben dúinn go bhfuil dáir suirí ar Frank Feighan agus go dteastaíonn uaidh siúl amach le Conradh na Gaeilge!!!

3 His discussions to date Conradh na Gaeilge have been cordial and constructive.

Abair ‘Bá’! Tá súil agam go n-éiríonn le Frank Feighan an cliúsaí sin Conradh na Gaeilge a mhealladh gan ró-mhoill.

Ní bhaineann an ceapachán seo le Frank Feighan per se ach le neamhiontas Fhine Gael i dtaca leis an nGaeilge agus an nGaeltacht trí chéile. Is é an neamhiontas sin a thug orthu urlabhraí Gaeltachta a cheapadh a labhróidh ar neamhchead do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge trí chéile. Tá an ceart is bunúsaí atá dlite do phobal na Gaeilge- saoirse cainte i nGaeilge -toirmiscthe orainn trí bhíthin an chinnithe seo. Tá ceist amháin againn. Cathain a dhéanfaidh Fine Gael leorghníomh sa bhfaillí seo?

‘Bá’? Focail mhóra ... mogaill fholmha.

Beannacht,

Pádraic Breathnach

Liam Carson

Theo Dorgan

Anna Heussaff

Biddy Jenkinson

Proinsias Mac a’ Bhaird

Seosamh Mac Muirí

Muireann Ní Bheaglaoich

Caitríona Ní Chleirchín

Deirdre Ní Chonghaile

Eibhlís Ní Dhuibhne

Gráinne Ní Ghilín

Síle Ní Scannláin

Brenda Ní Shúilleabháin

Aodh Ó Canainn

Lillis Ó Laoire

Muiris Ó Meara

Colmán Ó Raghallaigh

Mícheál Ó Ruairc

Feargus Ó Snodaigh

Gabriel Rosenstock

Alan Titley


No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.