19.3.13

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg


Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, 
Baile Átha Cliath 9 
20-21 Meán Fómhair 2013

Le tamall anuas, tá níos mó béime á leagan ar litríocht agus ar chultúr na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí. Dá thoradh sin, tá forbairt mhór tagtha ar léann litríocht agus chultúr na n-óg go hidirnáisiúnta. Ach cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip? Tá sé mar aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach. 

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin: Filíocht, rannta, amhráin, greannáin agus comicí don óige;  an Ghaeilge agus eagraíochtaí cultúrtha don óige; an drámaíocht mar áis liteartha don óige; foilsitheoirí agus foilsitheoireacht; litríocht agus cultúr na n-óg i siollabais na Gaeilge sna hollscoileanna; an phiseog i litríocht Ghaeilge na n-óg; an Eoraip agus litríocht na Gaeilge; an teicneolaíocht i litríocht agus i gcultúr na n-óg.

Seol teideal an pháipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013. 
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com   

Riarthóirí na Comhdhála: Claire Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams.

9.3.13

An Gael - Nuacht

Tá mórán ábhair nua ar shuíomh idirlín An Gael.  Caith súil air!

Tá an t-eagrán is déanaí tar éis a bheith foilsithe - tá an t-innéacs de ar fáil, freisin.  Bíonn scríbhneoirí nua againn i gcónaí (agus bímid buíoch díobh!).

Tá radharc ar gach clúdach le feiscint ar an leathanach seo.

Agus tá láithreán againn anois ar Facebook.  Déan cairdeas linn!  Táimid ag cur ábhar spéisiúil ann mar gheall ar Seachtain na Gaeilge - agus bíonn ábhar suimiúil againn ansin i gcónaí, a bhaineann leis an iris agus dá mbíonn inti.