4.9.13

Scríbhneoirí Úra in An Gael

eagrán nua de An Gael ar fáil. Bíonn gach eagrán ar fáil i gcló, agus bíonn leagan digiteach (pdf) de gach ceann ar fáil saor in aisce (i dteannta le ceannach an leagain chlóite agus freisin ina aonar). I measc na scríbhneoirí, tá duine 'nua' eile againn, Séamus Barra Ó Súilleabháin. File na sráide, ar dóigh, is ea é. Is féidir é a fheiscint ar Youtube, mar shampla. Chun gach a bhfuil ann a fheiscint, féach ar an innéacs. Agus seo leanas an achoimre atá ar magcloud:
eagarfhocal; Dánta le Séamus Barra Ó Súilleabháin; Rith Maith na Mná Maithe le Gearóid Ó Laoi; Dánta le Colin Ryan, Haidhcúnna le Séamas Ó Neachtain; Tine san Iúntlann caibidil 8 le Panu Petteri Höglund; Dánta le Eoin Dunford, SÓN a chuir i nGaeilge; Tarantas le Colin Ryan; Haiku Kala Ramesh, Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge; Haiku Jack Kerouac, Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge; Haiku agus Tanka K. Ramesh, Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge; Fonn an Phíobaire le Lugh D. De Paor; Ón Anallód (Wolf Tone Annual 1945, Glór an Athar Eoghan) ..
Seanchairde agus cairde nua a bhíonn i ngach eagrán, agus táthar ag súil go mbeidh níos mó "scríbhneoirí úra" againn as seo amach! Ná déan dearmad de go bhfuilimid ar Facebook - bíonn breis ábhair againn ansin ó am go ham - lean sinn!

20.8.13

Comórtas Liam Mhic Uistin sa Ghearrscéalaíocht 2013


Tá áthas ar Áras na Scríbhneoirí Comórtas Liam Mhic Uistin sa Ghearrscéalaíocht 2013 a fhógairt. Is scríbhneoir aitheanta é Liam Mac Uistin a bhfuil gaol fada aige le hÁras na Scríbhneoirí agus le Comhar na Scríbhneoirí agus tá an comórtas seo á sheoladh in ómós dó. Is do scríbhneoirí óga agus úra na Gaeilge an comórtas seo, sé sin scríbhneoirí nach bhfuil aon leabhar foilsithe acu go dtí seo. Níl aon táille ag baint le cur isteach ar an gcomórtas. Mícheál Ó Conghaile a dhéanfaidh moltóireacht ar an gcomórtas seo. Is é Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí a dhéanfaidh urraíocht ar Chomórtas Gearrscéalta Mhic Uistin.
Duaiseanna
An Chéad Duais - €500
An Dara Duais   - €250
Foilseofar na buaiteoirí san iris Feasta.
Ceisteanna chuig Aoife ag info@writerscentre.ie.

19.7.13

Tá An Gael ar Fáil Saor in Aisce!

Más mian leat An Gael a léamh gan aon airgead a chaitheamh, is féidir anois sin.  Faigh leagan digiteach de!  Tá gach eagrán ar fáil faoin am seo saor in aisce mar pdf nó leagan digiteach eile. 

Is fearr i gcló é, dar ndóigh, ach sé seo an dara rogha is fearr.  Más mian leat cóip chlóite a fháil, tá siad go léir fós ar fáil mar sin.

Más mian leat eolas faoin a bhfuil i ngach eagrán, bain feidhm as an innéacs atá againn.

5.6.13

An Gael - Eagrán 17 ar fáil!

Tá an t-eagrán úr ar fáil anseo (i gcló nó leagan digiteach), nó uainn ag www.angaelmagazine.com.  Mar is iondúil, tá ábhar spéisiúl ann - filíocht eile le Gabriel Rosenstock (aistriúcháin ar Hemant Divate), alt faoin eolaíocht le húdar úr Scott Oser, agus i bhfad níos mó.  Tá níos mó faoin teanga féin ná mar is iondúil san eagrán seo.  Agus grianghrafadóireacht le healaíontóirí nua, freisin. 

Bíonn gach eagrán ar fáil i gcónaí.  Bíonn eolas fúthu ar fáil ar an suíomh thuas, go háirithe san innéacs.

Le tamall anuas, tá gach eagarfhocal ar fáil saor in aisce ar an suíomh, freisin, agus cuirtear síos iontusan ar a bhfuil san eagrán chomh maith.

19.3.13

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg


Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, 
Baile Átha Cliath 9 
20-21 Meán Fómhair 2013

Le tamall anuas, tá níos mó béime á leagan ar litríocht agus ar chultúr na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí. Dá thoradh sin, tá forbairt mhór tagtha ar léann litríocht agus chultúr na n-óg go hidirnáisiúnta. Ach cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip? Tá sé mar aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach. 

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin: Filíocht, rannta, amhráin, greannáin agus comicí don óige;  an Ghaeilge agus eagraíochtaí cultúrtha don óige; an drámaíocht mar áis liteartha don óige; foilsitheoirí agus foilsitheoireacht; litríocht agus cultúr na n-óg i siollabais na Gaeilge sna hollscoileanna; an phiseog i litríocht Ghaeilge na n-óg; an Eoraip agus litríocht na Gaeilge; an teicneolaíocht i litríocht agus i gcultúr na n-óg.

Seol teideal an pháipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013. 
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com   

Riarthóirí na Comhdhála: Claire Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams.

9.3.13

An Gael - Nuacht

Tá mórán ábhair nua ar shuíomh idirlín An Gael.  Caith súil air!

Tá an t-eagrán is déanaí tar éis a bheith foilsithe - tá an t-innéacs de ar fáil, freisin.  Bíonn scríbhneoirí nua againn i gcónaí (agus bímid buíoch díobh!).

Tá radharc ar gach clúdach le feiscint ar an leathanach seo.

Agus tá láithreán againn anois ar Facebook.  Déan cairdeas linn!  Táimid ag cur ábhar spéisiúil ann mar gheall ar Seachtain na Gaeilge - agus bíonn ábhar suimiúil againn ansin i gcónaí, a bhaineann leis an iris agus dá mbíonn inti.