28.9.10
Scríbhneoirí Úra i measc na mBuaiteoirí ag Oireachtas Liteartha na Gaeilge 2010
Tá Seán Ó Dubhchon, Órla Ní Chuilleanáin agus Pádraig Mac Congáil sa ghrianghraf seo.
An Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht Ghaeilge na nÓg: Coláiste Phádraig, Droim Conrach, 8-9 Aibreán 2011
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu páipéar a léamh ar aon ghné den litríocht do dhaoine óga, teideal an pháipéir agus achoimre ar an ábhar a chur chuig an gCéad Chomhdháil ar Litríocht Ghaeilge na nÓg.
D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; Ceist an Aistriúcháin; Litríocht do Dhéagóirí; Litearthacht na n-Óg; Drámaí agus Dánta; Ilchultúrachas; Nuatheicneolaíocht agus an Litríocht; Náisiúnachas agus Trasnáisiúnachas; An Óige i Seánra na Beathaisnéise.
Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig
litriochtnanog@gmail.com roimh 5in ar an 20 Nollaig, 2010.
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com/
Riarthóir na Comhdhála: An Dr. Ríona Nic Congáil, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.
23.9.10
Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig 2010-2011
Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge ar an bpost mar Scríbhneoir Cónaithe don bhliain acadúil 2010-2011. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe ag obair i Roinn na Gaeilge sa Choláiste agus tabharfaidh sé/sí léachtaí, ranganna agus ceardlanna ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge. Chomh maith leis sin, cuirfidh an scríbhneoir le hobair Roinn an Oideachais, Roinn an Bhéarla, agus Léann Litríocht na bPáistí, de réir mar is cuí.
Tuilleadh eolais le fáil ag: www.spd.dcu.ie/vacancies
Níor mhór don iarratas a bheith istigh faoi: 12.00 meán lae ar an Aoine 8 Deireadh Fómhair 2010.
Oíche an Chultúir 2010
15.9.10
Óstán Meadowlands, Trá Lí
Dé Sathairn, 2 Deireadh Fómhair 2010
10.00a.m. – 4.00p.m.
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí san Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, ar an Satharn, 2 Deireadh Fómhair: 10.00a.m. go dtí 4.00p.m.
Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorainneofar a líon do dheichniúr.
Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille.
———◊———
Imeachtaí Éigse Fhilí Chiarraí, 1 agus 2 Deireadh Fómhair
• Aoine, 1 Deireadh Fómhair, 8p.m., Óstán Meadowlands,
Léacht ar logainmneacha cheantar Thrá Lí le Breándán Ó Cíobháin,
Seoladh leabhair le Pádraig Mac Fhearghusa ina dhiaidh.
• Satharn, 2 Deireadh Fómhair, 7.00.m., Turas Bus ón Óstán Meadowlands, Trá Lí, go dtí Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, mar a mbeidh oíche cheoil agus chaidrimh ag Óstán Cheann Sibéal.
(Ar ais i dTrá Lí ag 1.00a.m). Seolfaidh Breandán Mac Gearailt ‘Stádas na Gaeilge san Ardteist: Na Réasúin leis’ le Maolsheachlainn Ó Caollaí.
Éigse Fhilí Chiarraí
eagraithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí. feasta@eircom.net
Nóirín Uí Dhálaigh, rúnaí Chraobh Thrá Lí. nodalaigh@hotmail.com
Leaba agus bricfeasta ar fáil ag an Óstán Meadowlands, ionad na ceardlainne scríbhneoireachta, ar 65 euro (seomra singil), 45 euro (i bpáirt). Fón: 066-7180444 www.meadowlandshotel.com
10.9.10
An Gael - Fómhar 2010
- Eagarfhocal
- Mo Chapall, le Muiris Ó Bric
- Dánta le Séamas Ó Neachtain
- Oileán a'Cheo 2010, le Hilary Mhic Suibhne
- Dán le Vincent Hughes
- Ó Cheann Ceann na Breataine le Rothar le Gearóid Ó Laoi
- Dánta le Tim Quinlan
- Seanchas le Gearóid Ó Ceallaigh
- Fonn an Phíobaire le Lugh D. DePaor
- Miontuairiscí an Chumainn ó 1916,Deireadh scéil ó An Gael 1890, srl.
Beidh sé ar fáil ag www.litriocht.com luath go leor, freisin.
Mura bhfuil tú sna Stáit, i gCeanada nó sa Ríocht aontaithe, fan go bhfaighfidh siad iad (faoi cheann coicíse, déarfainn) agus ceannaigh uathusan é, mar tá postas an daor go dtí na tíortha eile ag magcloud.
5.9.10
3.9.10
1.9.10
COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra 2010
CLÁR
EAGARFHOCAL
Ríona Nic Congáil
WWW.EISPÉIREAS.COM
Muiris Ó Meara
OIDHREACHT DHOMHNACH NA FOLA
Pádraig Mac Congáil
AN GAEL: AN IRIS NUA IS SINE AR DOMHAN
Séamas Ó Neachtain
AN LUCHT FILEATA
Ríona Nic Congáil, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Caitríona Ní Chléirchín agus Proinsias Mac a’ Bhaird
FILÍOCHT
Caitríona Ní Chléirchín, Deirdre Ní Chonghaile, Doireann Ní Ghríofa, Proinsias Mac a’ Bhaird, agus Seán Ó Dubhchon.
LÉIRITHEOIR TEILIFÍSE MAORI
Ruth Nic Giolla Iasachta
AN COSANTÓIR
Beartla de Búrca
LÉIRMHEASEANNA AR LEABHAIR NUAFHOILSITHE NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA
Freda Ní Mhuileann, Michelle Ní Bhraonáin, Aifric Mac Aodha
Ar fáil anois!